Pota Focal Intergaelic
súm | scum | slum | srum | suc
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lab deas a nice sum
" Ach is lab deas é mar thús, agus táimid dóchasach go mbeidh cás láidir againn le leanúint leis an obair, agus le méadú airgid a fháil nuair a bheidh an chéad trí bliana curtha dínn againn.
méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint huge sums of money driving them
" Ach tá Éire beag agus tá an CLG in iomaíocht le fórsaí móra idirnáisiúnta agus dúchasacha a bhfuil méideanna ollmhóra airgid á dtiomáint.
conamar airgid meagre sum of money
" Rud i bhfad níos suntasaí, níos spéisiúla, níos spreagthaí go mór ná conamar airgid a fuair Laoch na Litríochta.
suim ollmhór airgid a large sum of money
" Ach más fíor sin, cén fáth go bhfuil dualgas dleathúil ar 250,000 tionónta sa stát seo, sin an ceathrú cuid de thionóntaí an stáit, cíos talún a íoc sa lá atá inniu ann? Muna ndéantar reachtaíocht an stáit seo maidir le húinéireacht talún a leasú go tapaidh ní hamháin go bhfuil fadhbanna móra i ndán do go leor tionóntaí eile sa stát, ach tá gach seans ann go mbeidh ar an stát suim ollmhór airgid a íoc amach as an státchiste freisin.
an fhíorshuim the true sum
" De réir cáipéisí oifgiúla de chuid MI5, níor íoc siad ach £10,000 leis ach creidtear an fhíorshuim a bheith i bhfad níos mó ná sin.
suimeanna sums
" Sin é é mar sin - neart airgid le caitheamh ar an infrastructúr in oirthear na hEorpa, suimeanna eile ar fáil chun córas taistil an mhaorlathais sa mBruiséil a choinneáil ar an gcaighdeán is airde, ach gan pingin a bheith ar fáil chun feabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.
suimeanna móra airgid large sums of money
" Ní rún é gur chaith an iris *Magill *go leor ama ag cosaint scéalta dá gcuid sna cúirteanna thar na blianta agus go minic go raibh orthu suimeanna móra airgid a íoc amach.
mhionshuim minor sum
" Bhí an mionsonra áirithe sin iontach costasach: chaill sé amach ar mhionshuim de leathmhilliún punt siocair an miondearmad sin.
mhionshuim minor sum
" Bhí an mionsonra áirithe sin iontach costasach: chaill sé amach ar mhionshuim de leathmhilliún punt siocair an miondearmad sin.
caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin. she must have earned a nice sum of money for herself.
" Agus an leabhar sin, *Mary McAleese: the Outsider* ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu nuair a foilsíodh é i 1999, caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
suim airgid a sum of money
" Tháinig Marie Claire go hÉirinn ón gCósta Eabhair in 2002 i ndiaidh di suim airgid a íoc le húinéir báid.
suim airgid a sum of money
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
slám a large sum
" Ní hionadh é sin agus Meicsicigh iad suas le caoga faoin gcéad den 12 milliún ‘inimirceach neamhdhleathach’ a áirítear a bheith i SAM agus slám airgid nach beag á chur abhaile acu in aghaidh na bliana.
airgead ollmhór large sum of money
" Ceannaíodh na cearta chun na cluichí ón Premier League a thaispeáint ar a stáisiún nua saitilíte, ar airgead ollmhór, a dáileadh amach ar chlubanna na Príomhshraithe.
bhunairgead capital sum
" I gcionn trí chéad bliain beidh Éire fós ag iarraidh an t-ús a íoc ar ais gan trácht ar aon chuid den bhunairgead.
shuimíonn sum up
" Dúirt sé go bhfuil croíluachanna ann a shuimíonn an CLG agus go dtugann sé féin tacaíocht agus dílseacht do na luachanna sin i gcónaí.
Baineadh cnapanna mór airgid large sums of money were taken
" Baineadh cnapanna mór airgid dínn le deireanas agus seoladh amach as an tír an chuid is mó de chuig daoine anaithnide.
cnapshuimeanna lump sums
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
achoimre chumasach ar an éagóir úd a capable summing up of that injustice
" ” Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: *“He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin.
suim airgid nach beag a considerable sum of money
" Maíonn an Coimisiún Eorpach go gcosnóidh an Córas seo €244 milliún idir 2014 is 2020, suim airgid nach beag in aimsir seo na déine.
carn mór airgid caite a great sum of money spent
" Mar bharr ar an sparán teann a caitheadh le poiblíocht, tá carn mór airgid caite ar fhógraí gránna, feiceálacha, ar mhuin mhairc a chéile, agus tá siad go forleathan san iarthar anois.
le cnap mór airgid with a large sum of money
" An cheist is mó a chuireann imní ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag ullmhú le haghaidh na béaltrialach: céard a dhéanfadh duine le cnap mór airgid? Ach a mhalairt ar fad atá ann do Patrick Clarke, ní haon údar imní í an cheist seo dó mar tá ceathrú milliún euro bainte aige mar airgead duaise ag imirt cártaí.
an chnap airgid the lump sum
" Tá iníon óg aige agus is é an plean is mó atá aige leis an chnap airgid atá buaite ná a dóthain airgid a sholáthar di ionas go mbeidh deis níos fearr aici dul chun cinn sa tsaol ná mar a bhí aige féin.
fágadh sláimín airgid a small sum of money was left
" Ina dhiaidh sin go léir, ní thuigeann an pobal gur bhuail carr é go dona ina óige, ba ar éigean a tháinig sé beo as agus fágadh sláimín airgid i gcuntas dó nuair a thiocfadh sé in inmhe.
toisc gur ghlac mé le cnapshuim because I took a lump sum
" Tá sé i gcló ó shin ach ní fhaighim aon phingin as toisc gur ghlac mé le cnapshuim ag an tús.