Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
modhanna táirgthe production methods
" Ach ní hamháin go bhfuil méadú tagtha ar tháirgeadh - tá feabhas mór tagtha ar an gcaighdeán freisin de bharr taighde chúramaigh ar chúrsaí talún, aeráide agus modhanna táirgthe.
lucht táirgthe arm arms manufacturers
" Tá an lucht táirgthe arm is mó ar domhan san Aontas.
a gcostais táirgthe a laghdú to lower their production costs
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
luach an táirgthe the value of production
" I gcaitheamh na nóchaidí, bhí luach an táirgthe ag méadú breis is 10% in aghaidh na bliana.
scéimeanna táirgthe fostaíochta job production schemes
" ” “Nuair a thagann sé go cúrsaí forbartha tionsclaíochta in Alt 10, ní hé amháin go leagann sé amach go bhfuil scéimeanna táirgthe fostaíochta le cur chun cinn, ach leagann sé amach an chaoi a bhfuil sé sin le déanamh.
táirgthe production
" Tá a fhios ag gach duine mar sin céard a tharlaíonn nuair a phléascann píopa ola agus ar ndóigh, tá an ceann seo níos measa mar is píopa táirgthe é.
cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe high production cost(s) were blamed
" Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.
ionad mór táirgthe scannán a large film production centre
" Cá bhfágfaimid Bollywood na hIodáile nó Ard Mór Chille Mhantáin? Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc isteach i scéal Ard Mór na hIodáile, ionad mór táirgthe scannán san am atá thart.