Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
téamh domhanda global warming
" Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda leis an scéal agus dá bharr sin go bhfuil El Niño ag tarlú níos minice agus níos treise ná mar bhíodh.
téamh domhanda global warming
" Sin diúltú náireach SAM do Phrótócal Kyoto, comhaontú idirnáisiúnta a d'eascair as Rio a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic le truailliú an aeir (agus tús pianmhar a chur leis an obair chun téamh domhanda a stopadh).
ag téamh heating
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
á théamh being heated
" Beidh an t-aer faoi á théamh ag an ngrian agus á shú isteach i mbun an túir.
Ní thiocfaí a téamh she couldn't be warmed up
" Ní thiocfaí a téamh, samhradh nó geimhreadh.
téamh domhanda global warming
" Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin.
téamh heating
" Tá leaca pábhála ar an urlár - agus téamh fúthu! - agus tá teallach mór oscailte ann, agus branra dubh ar a gcrochtaí na potaí cócaireachta.
théamh suas warming up
" Nuair a bhí foireann Átha Cliath ag imirt agus ag traenáil sna 70í, thraenáil siad an-dian ar fad, ach ní raibh aon eolas ná tuiscint acu ar 'théamh suas' i gceart, na meatáin a shíneadh i gceart, deochanna cearta agus bia ceart a thógáil, 'téamh síos', folcadh oighir a ghlacadh agus mar sin de.
a théamh to warm
" Arsa Isabella: “I seomra óstáin, is féidir iarann a chur bunoscionn agus an t-inneall caife a chur air leis an chaife a théamh.
téamh domhanda global warming
" Inneall gan truailliú nach gcuireann leis an téamh domhanda – slí chun neamhspleáchas ón ola a bhaint amach? Nach iontach an rud é? Is cinnte gurb ea, ach is gá an cheist a chur: cad as a dtagann an hidrigin seo? Bhuel, más réiteach idéalach atá muid a lorg, is as “fuinneamh malartach” (fuinneamh “glan” as an ghaoth nó as hidrileictreachas) a dhéanfar an hidrigin (scoiltear uisce (H2O) go leictreach chun hidrigin agus ocsaigin a tháirgeadh).
an téamh domhanda global warming
" Cinnte, má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha (cé acu Tesla Roadsters nó mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda.
téamh domhanda global warming
" Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda.
in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, despite global warming and the increase in oil prices,
" Ach, in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, tá an líon aerlinéar ar domhan agus líon na bpaisinéirí ag méadú gach uile bhliain.
an téamh domhanda global warming
" Ba ghnách linn dul go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo, ach mar gheall ar an téamh domhanda níl oiread oighir sa tír sin is a bhí deich mbliana ó shin.
don téamh lárnach, for central heating,
" Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach, tá béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós.
téamh domhanda, global warming,
" Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic.
an-chuidiú do théamh domhanda, a lot of help to global warming,
" Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre.
téamh domhanda global warming
" Osna! Creideann Sammy nach n-imríonn CO2 tionchar rómhór ar an chomhshaol – agus mar sin, nár cheart dúinn béim a leagan air – agus gur miotas atá sa téamh domhanda; gur rud timthriallach é.
faoi théamh domhanda about global warming
" I rith na comhdhála, labhair Strong faoi théamh domhanda agus faoi nithe eile a bhí ina mbagairt don chomhshaol.
téamh domhanda global warming
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
théamh an domhain global warming
" Go bunúsach is cliseadh ar an mhargadh í gach fadhb a bhaineann leis an chomhshaol: idir scriosadh na bhforaoisí báistí agus théamh an domhain.
téamh domhanda global warming
" Le téamh domhanda, níor tharla seo agus b'éigean dúinn dul síos, ó thuaidh, go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo.
téamh an domhain global warming
" Nach bhfuil pluais bhreá bhrocach aige gan leictreachas, gan ghas, gan ola, gan rud ar bith ann a chuirfeadh le téamh an domhain ná a bhainfeadh de shláinte an phobail.
théamh to heat
" Is ar an mBord Gáis a bhí sé ag brath chun an teach a théamh.
téimh lárnaigh of central heating
" Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.
téimh dhomhanda of global warming
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
téimh lárnaigh central heating
" Anseo sa bhaile, is lú an líon leoraithe ola i mbun seachadadh ola an téimh lárnaigh fosta.
á théamh being heated
" Cé go raibh acmhainní an Artaigh séalaithe faoi oighearchlúideacha troma tiubha leis na mílte bliain, tá an réigiún anois á théamh, agus an t-oighear céanna ag leá dá réir.
téamh suas warm up
" Tháinig na himreoirí ar an bpáirc thart ar 20 noiméad roimh thús an chluiche le téamh suas.
téamh an Earraigh spring warmth
" Caitheann cuid doíbh an t-am seo mar eithne nó pupa agus nochtfaidh sé amach ina fheithid nua ar an mbruach le téamh an Earraigh.
ag téamh heating
" Bíodh go bhfuil sé an-deacair é a chreidiúint faoi láthair, fiú amháin, méadaíonn an teocht chomh maith, agus bíonn an chréafóg ag téamh timpeall orainn.
ag téamh warming up
téamh domhanda global warming
" Tháinig díle an lá dár gcionn ach ní cionn is go raibh bandia poblachtánach nó dia Sasanach míshásta ach mar thoradh ar an téamh domhanda is dócha.
ag téamh ina chur i láthair warming up in its presentation
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
ag téamh suas warming up
" ” Tuigeann líon mór na bProtastúanch a bhfuil suim acu sa Ghaeilge go bhfuil an teanga fite fuaite i stair na cathrach agus tá teach fuar na Gaeilge – má bhí sé riamh ann – ag téamh suas.
an tsráid á téamh the street being warmed
" An ghrian ag éirí níos airde sa spéir anois agus an tsráid á téamh ag solas na maidine.
téamh domhanda global warming
" Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn dá laghad ar Rialtas na hÉireann ná ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb.
téamh heating up
" Tá gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.