Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
téama ar leith in particular theme
" Taispéantas oscailte atá i gceist, rud a chiallaíonn nach mbíonn téama ar leith ann bliain ar bith.
théama na Páise the theme of the Passion
" Dhá bhliain ó shin, d'fhreastail mé ar mhórshiúl ar théama na Páise, a chuaigh ó ionad Raytheon go dtí lár na cathrach.
téama nua a chothú to promote a new theme
" Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht.
an dúrud téamaí an awful lot of themes
" In imeacht bliana cuirtear an dúrud téamaí, agus saothar an dúrud scríbhneoirí, i mo láthair sa *London Review of Books*; scríbhneoirí is téamaí nach gcasfaí dom de ghnáth taobh amuigh de shainfhoilseacháin an luchta léinn.
an dúrud téamaí an awful lot of themes
" In imeacht bliana cuirtear an dúrud téamaí, agus saothar an dúrud scríbhneoirí, i mo láthair sa *London Review of Books*; scríbhneoirí is téamaí nach gcasfaí dom de ghnáth taobh amuigh de shainfhoilseacháin an luchta léinn.
téama na cogaíochta the theme of war
" Osclóidh an fhéile leis an gcéad léiriú riamh de dhráma Ghearóid Mhic Umfraidh, Geasa, ina bpléitear téama na cogaíochta.
téamaí spioradálta spiritual themes
" Scríobhadh leabhar acadúil fiú ar chomh coitianta is a bhí téamaí spioradálta ann.
stór focal ag baint le téamaí nua vocabulary to do with new themes
" Déanaim iarracht meascán maith de stór focal ag baint le téamaí nua agus pointí gramadaí a theagasc, agus sleachta as na nuachtáin nó as dán le Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh a léamh gach lá.
téama níos spioradálta a more spiritual theme
" Beidh téama níos spioradálta i gceist an mhaidin dár gcionn nuair a reáchtálfar imeachtaí machnamhacha ón dá thír.
na téamaí a chíor Mac Grianna the themes Mac Grianna examined
" Feicimid sa sliocht beag féin na téamaí a chíor Mac Grianna ina chuid gearrscéalta agus ina chuid úrscéalta.
ar théamaí poblachtánacha on republican themes
" Tá clú ar Danny Devenny as an saothar dá chuid ar théamaí poblachtánacha atá le feiceáil thart ar iarthar agus tuaisceart Bhéal Feirste ach an iarraidh seo tá gné eile dá shaol – a mhórdhúil i gceol na Beatles – á léiriú aige.
téama lárnach central theme
" Deir sé go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal.
téama theme
" Is é téama Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath i mbliana ná “*always the bridesmaid, never the bride*”, téama atá tráthúil agus oiriúnach um an dtaca seo mar gheall ar go bhfuiltear ag diúltú go fóill comhionannas pósta a thabhairt don phobal aerach.
théama a theme
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
ag cloí le téama keeping in theme
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
téamaí na carthanachta the theme of charity
" Do thagair Lincoln do Salmanna 19:9 agus 42:2 ina aitheasc féin agus téamaí na carthanachta, na freagrachta agus na faoistine á míniú aige tar éis Chogadh na gCarad.
téamaí atá luaite ag themes mentioned by
" ’* Tá an dinnseanchas beo beathach sa lá atá inniu ann agus tá an cinneadh ar atógail Bheairice Girdwood i dtuaisceart Bhéal Feirste ar maos leis na téamaí atá luaite ag Ní Dhomhnaill.
dtéama theme
" Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
téamaí tíriúla rural themes
" Bhí dúil mhór ag an aicme gnó nua seo i bpictiúir a léirigh a saibhreas agus a stádas féin ach bhí spéis acu fosta i bpictiúir le téamaí tíriúla chomh maith le portráidí, saothar neamhbheo, pictiúir genre agus thírdhreacha.
Cloímis le téama let’s stick to the theme
" Cén fáth? Toisc go gcreideann a bpáistí ann! An tátal? Creideann gach duine i nDaidí na Nollag siúd is nach gcreideann éinne ann! Sampla eile? Cloímis le téama na Nollag.
téama an thírghrá á chíoradh teasing out the theme of patriotism
" Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
téamaí bunúsacha uilíocha basic universal themes
" Cé go mbaineann leabhar corraitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, go hoifigiúil le téamaí bunúsacha uilíocha - pá, ocras laethúil, cairdeas, uaigneas agus dóchas- d’éirigh leis téamaí níos teibí fós a iniúchadh freisin.
Ba é téama na léachta the theme of the lecture was
" Ba é téama na léachta an Euro agus Geilleagar na hÉireann agus na Gaeltachta ach go háirithe.
téama na mairtíreachta this theme of martyrdom
" Thógtaí teampaill chiorclacha den chineál seo go speisialta mar ionaid ómóis mairtíreach agus is ar téama na mairtíreachta atá formhór ealaín na heaglaise seo bunaithe.
téamaí thuasluaite above themes
" Tá na téamaí thuasluaite cíortha aige i scannáin ar nós Benny’s Video agus Das Weisse Band (An Ribín Bán) agus Caché (I bhFolach), scannáin inar thug sé dúshlán an dearcaidh iar-nua-aoisigh liobrálaigh sin, an meon coibhneasta atá le sonrú inniu ar fud na sochaí agus ar gach gné den saol comhaimseartha.
an téama chéanna a bhreacadh wrote the same theme
" ’ Ní léir ar chuir an Cadhnach aon spéis i scríbhneoireacht Hubert Butler, ach rinne Butler an téama chéanna a bhreacadh ina aiste ‘Little K’, aiste a dhéanann mionscagadh ar smaointí na n-údarás Caitliceacha Rómhánacha i leith bhás páistí agus a mhaíonn fé dheireadh ‘*for the essence of law is impartiality and detachment, and those who are detached cannot judge the depth of love and the urgency of despair*’.
dtéamaí ollmhóra massive themes
" Fear na dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltíre nó an nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna.
théamaí uilíocha universal themes
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
théama leanúnach a continual theme
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.