Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Théidís ag seilg agus ag iascaireacht they used to go hunting and fishing
" Théidís ag seilg agus ag iascaireacht fá choinne bia, agus bhailídís torthaí agus cnónna.
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú the person whom the party is expected to nominate will not be nominated
" Ligfear do Callely rith arís agus ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.
théimis amach ag imirt we used to go out playing
" Dá mbeadh an lá go deas, théimis amach ag imirt.
teacht níos gaire don té a bhfuil sé ag labhairt leis get closer to the person he is talking to
" ” Creidim go láidir gurb é an bua is mó atá ag an bhfísiriseoireacht ná go ligeann sí don iriseoir teacht níos gaire don té a bhfuil sé ag labhairt leis sa chaoi is go bhfaighidh sé agallamh níos nádúrtha – rud a fhágann gur cur chuige í atá an-oiriúnach do chláracha faisnéise ina ndéantar scéalta pearsanta a insint ach go háirithe.
chuaigh ag meabhrú got to pondering
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
théadh an Rí ag spaisteoireacht the King used to go strolling
" Nuair a théadh an Rí ag spaisteoireacht cois farraige tráthnóna, chuirtí Martha Panchici suas staighre leis na seomraí a ghlanadh.
don té a bhí ag teacht ina choinne to the person from the other side
" Bhí dhá sciúine ann, agus san áit a raibh cumar an dá shraith, chaithfeadh duine amháin géilleadh don té a bhí ag teacht ina choinne.
ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart demonstrating last Thursday
" Lá Breithe Bhanlacha Chorn na Breataine ============ Cú Chulainn: B’fhéidir gur thug tú faoi deara nach raibh muid ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart, a Bhaloir? Thug cinnte.
an té a bhí ag sluaisteáil stroighine the person who was shoveling cement
" Óir samhlaím gur beag an tairbhe a bhain an té a bhí ag sluaisteáil stroighine ar láithreáin thógála Bhóthar Holloway as an trí véarsa de *The Lake Isle of Inisfree* nó an soinéad Shakepeareach a d'fhoghlaim sé de ghlanmheabhair ach chomh beag.
don té atá ag santú síochána for one who really wants to see peace
" Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht.
don té atá ag cuartú gnáthléine nó bríste for a person looking your common gardener shirt or trousers
" Is fíor go bhfuil an-chuid éadaí uasmhargaidh ar fáil sna siopaí móra, ach don té atá ag cuartú gnáthléine nó bríste ní raibh costas éadaí chomh híseal riamh ná mar atá sé inniu.
go háirithe don té a bhí ag iarraidh particularly for a person who was trying
" Déanann de Paor cur síos ar smaointí Uí Chadhain anseo: ‘Níorbh aon mhúnla eiseamláireach é saothar na mBlascaodach ach go háirithe don té a bhí ag iarraidh tomadh faoi chraiceann an duine i bpoll guairnéain na haigne…’ B’ionann an leabhar is tábhachtaí dar chum Ó Cadhain, Cré na Cille, le hionsaí ar an dtraidisiún seo.
an té a mbíonn tú ag plé leis of the person you’re dealing with
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.
ag an té a sheachnaíos for a person who doesnt’ watch
" Comharthaí Tráchta in Éirinn ============= Is díol spéise iad na comharthaí teanga in Éirinn toisc gurb iad an léiriú is feiceálaí den Ghaeilge sa tír, abair, ag an té a sheachnaíos TG4.
ag an té a mheabhrós orthu for those who consider them
" Is ábhar spéise don turasóir iad seo mar go mbíonn ainmneacha mionghnéithe de dhúlra agus de dhreach na tíre le feiceáil orthu ag an té a mheabhrós orthu.
rachainn ag obair dóibh go deonach I’d work voluntary for them
" Chuaigh mé isteach go Comhar agus dúirt mé leo go rachainn ag obair dóibh go deonach.
a rachadh ag obair who’d work
" D’inis sé domh go raibh scéim FÁS ag teacht aníos ag cuartú daoine le dul isteach a rachadh ag obair san Acadamh.
an té is mó atá ag béiceach agus ag búireach the one who shouts and roars most
" Tá saoirse cainte ar cheann de bhunchlocha an idirlín, ach ag am céanna, tá an baol ann go múchfadh an t-imeaglú seo aon iarracht díospóireacht a chur ar bun ar aon ábhar, rud a chiallódh go n-éireodh leis an té is mó atá ag béiceach agus ag búireach.
chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil she went enquiring
" Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.