Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ruball amuigh ar a thóin shirt-tail hanging out
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
ruball amuigh ar a thóin shirt-tail hanging out
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
Tabhair an tóin isteach aici Bring the rear end in
" Tabhair an tóin isteach aici anois nó beidh muid anseo go deo na ndeor," ar seisean.
srón go tóin bumper to bumper
" " "Pisreogach?" arsa Cian agus ba ansin a chonaic sé an trácht, srón go tóin, ar an phríomhbhóthar.
Chuaigh a mbád go tóin poill Their ship sank
" Chuaigh a mbád go tóin poill agus iad ar an mbealach ón Indinéis go dtí an Astráil ag lorg tearmainn.
fuarfaidh a thóin his backside will become cold
" Cúram an rí … ======= An té a bhíonn ina shuí, fuarfaidh a thóin.
a rachaidh go tóin poill which will sink
" Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse.
tóin choiteann common backside
" Is iad na dochtúirí is cúis leis an phian sa tóin choiteann chultúrtha náisiúnta atá dá síorfhulaingt ag muintir na hÉireann.
nach raibh giodal ina thóin when he wasn't vain/self-conceited
" Ní fhaca sí an lá ariamh nach raibh giodal ina thóin.
go bhfuil an saol ina shuí ar a thóin agat that everything is going your way
" "Anois, a rún," ar seisean, "is dócha go síleann tú go bhfuil an saol ina shuí ar a thóin agat anois.
go rachadh sé go tóin poill that it would collapse
" Bhí deacrachtaí airgid ag an chomhlacht ag an am agus bhí imní ar na hoibrithe go rachadh sé go tóin poill.
Suas a thóin brown-nosing
" "Suas a thóin má tá a fhios agamsa a dhath," arsa Aisling léi féin.
tóin an tí the gable-end
" Nuair a bhí sé ag tabhairt thart ceann chabhsa an tí d'amharc sé sa scáthán agus chonaic sé a mháthair ina seasamh ag tóin an tí agus a bhocsa lóin ina lámh aici.
Shíl mé gur thit an tóin as an spéir I thought the world had ended
" Shíl mé gur thit an tóin as an spéir leis an bhúireach a bhí ort," arsa Seán agus thiontaigh sé ar a shála agus suas an staighre leis arís.
Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán she had just sat down
" Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán nuair a scairt an fáilteoir, "Sin tú, a Fiona.
a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill that the stately ship sank
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
D'imigh an lá a dtéifinn an tóin agat gone is the day I'd thrash your behind
" B'ansin a tháinig cuid focla Uí Dhuibhir chuige: "D'imigh an lá a dtéifinn an tóin agat.
cuirtear bád iascaigh go tóin poill a trawler is sunk
" Aibreán 2016: géaraíonn ar an gcoimhlint idir iascairí na Spáinne agus iascairí na Portaingéile, agus cuirtear bád iascaigh go tóin poill.
fá choinne a dtóin a scríobadh to scratch their backsides
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
ag bladar fríd a dtóin talking through their ass
" Tá Feargus Finnicky Finlay, a iar-shaoiste Ruairí Ropaigh Uí Chuinn, agus Gerrymander Adams ar a mbealach go Féile na bhFéasóg i gCúba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don réabhlóid atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó a raibh siad uilig fós ábalta bheith ag bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é.
tóin tamhanda Bhalor Balor's huge back-side
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
soithigh gan tóin bottomless vessels
" Ní haon Ghlas Ghaibhleann é an státchiste ar féidir airgead a shíorbhleán uaidh agus a chur isteach i soithigh gan tóin ar nós Aer Lingus.
suigh ar do thóin sit on your arse (said with exasperation)
" " "Órú, suigh ar do thóin.
déanann a thóin a thochas scratches his ass
" Tá sé *leath bealaigh *nuair a stadann sé, amharcann sé thart, sánn ordóg amháin isteach ina bhéal, déanann a thóin a thochas leis an ordóg eile, agus cuireann sé ceist air féin: “An ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag teacht *anuas*? Nó an ag dul *síos *an staighre a bhí mé nó ag teacht *aníos*? An *thuas *a bhí mé nó *thíos*, nó an *leath bealaigh *a bhí mé an t-am uilig? Nó an san áit seo atá mé ar chor ar bith?” Níl cuimhne aige.
Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí. You're always giving off.
"Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí.
Caithfidh sé gur stróic tú an tóin glan as. You must have gone all out.
" “A Aonghuis, cad é mar a chuir tú isteach an Nollaig? Caithfidh sé gur stróic tú an tóin glan as.
do thóin a chur amach to give out stink
" ” “Is beag an mhaith a dhéanfaidh sé duit do thóin a chur amach,” arsa Máire.
thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol. the bottom totally fell out of his life.
" Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol.
agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas and many cheeks will be rubbed and many asses scratched
" Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigeann a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta.
tharraing an tóin as rithim an phíosa which pulled the ass out of the rhythm of the piece
" Ceol iomlán nua den chuid is mó a bhí ann agus polca amháin a tharraing an tóin as rithim an phíosa chomh minic sin gur cheap mé nach raibh ann don cheol.
an tóin tite as geilleagar na tíre, the bottom fallen from the country's economy,
" Faraor, is mó is dóichí go gcríochnóidh téarma an Uasail Bush leis an Meánoirthear faoi thine, an tóin tite as geilleagar na tíre, agus go mbeidh sé ar dhuine de na huachtaráin is lú a raibh gean air riamh.
ar thóineanna ramhra, on fat backsides,
" Is breá liomsa iad a fheiceáil taobh amuigh, in ionad iad a bheith sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí ar thóineanna ramhra, go háirithe agus muid i ré ina bhfuil fadhb an mhurtaill ag méadú de shíor i measc na hóige.
a las an tine faoi thóin na mórghrúdairí Meiriceánacha. which lit a fire under the asses of the big American brewers.
" Gan dabht, ba é teacht na n-ollghrúdlanna Guinness (ar a dtugtar anois Diageo, ar ndóigh) agus Interbrew (ar a dtugtar InBev anois) sna nóchaidí a las an tine faoi thóin na mórghrúdairí Meiriceánacha.
tóineanna arses
" Chuirfeadh an bheirt acu May Mac Ránais agus Hiúdaí Ó Dónaill i gcuimhne duit agus iad i mbun lúibín – an bheirt acu ag briseadh a dtóineanna ag gáire ag jócannaí a chéile.
an tóin dingthe amach the bum stuck, wedged, out
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
thit an tóin as it fell apart
" Bhuel, eisíodh é i mí na Samhna agus tá mé an-sásta leis!Blianta ó shin a chuaigh mé ina bhun den chéad uair, ach thit an tóin as nuair a d’aistrigh an léiritheoir a rabhas ag obair leis chun na hAstráile.
mo thóin! my arse
" Lourdes, mo thóin! Fatima, mo thóin! Cnoc Mhuire, mo thóin! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair nach gcuireadh múinteoirí na hÉireann spéis ag an am seo den bhliain ach sna crosóga Bhríde agus sa Charghas; sna plúiríní sneachta agus sa ghlóthach fhroig; sa tuiseal ginideach agus sa mhodh coinníollach; agus in aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir.
trína tóin, through her ass,
" Is maith leis fosta nach gcuireann sé isteach ná amach uirthi nuair a bhíonn sí ag caint trína tóin, nó nuair a bhíonn a fhios ag an domhan mór gur trína tóin a bhíonn sí ag caint.
ina suí ar a dtóineanna ramhara sitting on their fat backsides
" Ach is trua é gur baolach go mbeidh lucht leanúna spóirt na tíre seo ina suí ar a dtóineanna ramhara ag breathnú orthu ar a scáileáin leathana.
go tóin poill sinking
" Ní hamháin go bhfuil geilleagar na hÉireann á tharraingt go tóin poill ag fórsaí móra domhanda, ach is cosúil go bhfuil mórlochtanna ar bhonnstrúchtúr an gheilleagair intíre.
go tóin poill sink
" Tá daoine ag rá, fiú dá mbeadh cúpla Euro acu le cur i dtaisce, cá gcuirfidís é, mar nach féidir a bheith cinnte an rachaidh ceann de na bancanna Éireannacha go tóin poill mar a tharla do Fannie May, Freddie Mac agus Lehman! Tá an scéal i bhfad níos measa do dhaoine a raibh sé beartaithe acu dul ar pinsean go luath.
an tóin ag titim as going to the dogs
"an tóin ag titim as geilleagar na hÉireann chomh tapaidh is nach féidir leis na heacnamaithe na figiúirí a mheas chomh gasta is atá an scéal ag athrú.
thit an tóin as ansin then the arse fell out of it
" agus thit an tóin as ansin!” Saol an taistil An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, saol an taistil agus saol an bhaile.
thit an tóin as the bottom fell out
" Nuair ba léir i 2008 nach raibh sa chuid is mó de na hidirbheartanna ach airgead samhailteach, thit an tóin as an tionscal, agus thit an domhan airgeadais leis.
go tóin poill to the bottom
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
leath-thóin singularis, semi-arse
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
go tóin poill to the bottom
" Chuaigh an bád go tóin poill agus b’éigean do long an Chabhlaigh na paisinéirí a tharrtháil as an bhfarraige.
dul go tóin poill going to the bottom
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
thóineanna arses
" ’ Shíl Bradfield go raibh tréithe Lucian Freud le feiceáil i saothar Saville agus gurbh íorónta an rud é go raibh na hollmhargaidh céanna sásta pictiúir de thóineanna agus de ghunnaí a thaispeáint ach go raibh siad ag coinneáil na bpictiúr seo faoi cheilt.
tóin tite bottom fallen
" Tá an tóin tite as an tír.
thit an tóin as collapsed
" Ansin, thit an tóin as an fhógraíocht (foinse mór airgeadais ag nuachtáin) de bharr an mheathlaithe.
dtóin ghallda foreign arse
" Thig le Standard and Poors a ngrádú maslach ar Éirinn a shá suas ina dtóin ghallda agus .
i dtóin in the bottom
" Ar an láimh eile, beidh preasráiteas an mhíchruinnis a foilsíodh sa nuachtán sactha isteach i dtóin an bhosca bhruscair an lá dar gcionn.
dtitfeadh an tóin as the bottom would fall out of
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
tóin bottom
" Thit an tóin as an chóras idirnáisiúnta airgeadais agus bhuail suaitheadh uafásach na geilleagair mhóra dhomhanda.
tóin bottom
" Léiríonn taighde de chuid Fáilte Ireland go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
thóin ass
" com/watch?v=nuZEsHja7Js&feature=related) Anois, cad é is féidir le Balor a rá faoina chara, an Tánaiste Máire Ní Chlochráin, agus a meancóg (mo thóin!) faoi na Glasraí sa Chomhaontas Glas.
tite ar a thóin gone to the dogs
" Bhí páirteanna ann agus cheapas go raibh an rud tite ar a thóin ar fad.
thóin bottom
" Tráthnóna, agus mo thóin dubh le brú diallaite, d'fhilleas ar Lárionad na nÉireannach i dTír an Fhuinidh arís chun cúrsa Gaeilge a theagasc.
tóineanna a thochas arses scratched
" Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigne a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta agus na Gaeilge Gaelaí sa Ghaeltacht.
tóin poill rock bottom
" Ráig a Bhuaileann Pobail An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl.
tóin titim as collapse, fall apart
" Má fhaightear amach go bhfuil peacaí marfacha ar anam an DUP, thiocfadh leis an tóin titim as an pháirtí.
thit an tóin as fell on its face
" Faoi cheann bliana, áfach, thit an tóin as an mhíorúilt cheilteach ar fad.
tóin poill bottom of the sea
" Sheol Margaret Thatcher, príomhaire na Breataine ag an am, loingeas na tíre sin isteach san Atlantach Theas agus cuireadh an chuid ba mhó de chabhlach na hAirgintíne go tóin poill.
thit an tóin as the bottom fell out of
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
Thit an tóin as the bottom fell out
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
onóir’ tóin-in-airde arse-wise honour
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
go tóin poill to the bottom
" com> Chuaigh an Lusitania go tóin poill 7ú Mí Bealtaine 1915, cóngarach de Cionn tSáile, Corcaigh, nuair a bhuail toirpéad Gearmánach é.
go tóin poill to the bottom of the sea
" Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh ============== Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut.
cuireadh go tóin poill was sunk
" I dtús *Twelfth Night* de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í.
nach dtitfidh an tóin as the arse won’t fall out of
" Creideann mórchuid na ndaoine go fóill nach dtitfidh an tóin as an €uró, as an dollar, an yen, ná as aon airgeadra 'láidir' eile.
i dtóin in the back
" Ní gá ach cuimhneamh ar Willie Corduff, gléasta ina gheansaí olla agus a bhuataisí rubair, é ina shuí i dtóin an veain ag ól tae agus ag ithe brioscaí é ag cinntiú nach bhfuil dearmad á dhéanamh ag na mná ar na fir eile a dteastódh cupán tae uathu freisin.
mo thóin le gaoth my arse to the wind
" Chuaigh mé ó thuaidh mar sin, ag Allt Coire Pitridh, suas Creag Pitridh (924m) agus bhí cóir ghaoithe liom, nó bhí mo thóin le gaoth an lá uilig!
An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh the outsider gets the blame for everything
" An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh! ======================= Maidir leis an Fhrainc, is léir gur mó an spéis atá ag Nicholas Sarkozy in olltoghchán na bliana seo chugainn (a bhfuil sé i mbaol a chaillte) ná mar atá aige i réiteach ar bith a fháil ar mhórfhadhbanna na hEorpa.
agus an tóin tite as an saol while the world is in the doldrums
" Tapaigh do Dheis ========== Is mór an trua nach mbeidh an deis ag chuile duine óg dul ag an ollscoil anois agus an tóin tite as an saol.
An Tóin Tite plummeted
" An Tóin Tite as Geilleagar na hÁite =================== Bhíodh Ailt an Chorráin ag brath ar dhá rud: an t-iascach agus an turasóireacht.
tóin arse
" Bhí an chuid deiridh den ráiteas doiléir, ach d’éirigh le Balor focail ar nós hoover agus tóin agus sáigh a aithint.
thit an tóin as it imploded
" Ní raibh ann ach borradh amhantrach agus thit an tóin as sa bhliain 2000 nuair a theip ar chuid mhór cuideachtaí idirlín.
thóin théagartha thathagach strong solid arse
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire chun cúpla seachtain a chaitheamh ann ar a shuaimhneas, a bholg biata blonagach le grian gheal dheireadh an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla lena thaobh, agus scaifte péas armtha ina seasamh i bhfáinne thart air chun mná óga áille na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
tóin tite as collapsed
" Lúbadh béal, drad, is an iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi.
tóin an umair into the pits
" An mionlach atá ag cruthú go maith i dtólamh, tuigeann siad an droch-chaoi atá fágtha ag lucht an fhíor-rachmais ar an domhan agus tuigid siad gur go tóin an umair a rachas gach geilleagar mura dtaga teicneolaíocht úrnua ar an saol a chuirfeas borradh céadtach faoin saol.
thit an tóin as bottom fell out of
" Nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fiche bliain ó shin cheap aos eagna an Iarthair go raibh sé ionann is cinnte go leathnódh an córas caipitleachais a bhí acu ar fud an domhain agus go scaipfí an daonlathas dá réir.
bholg agus ina thóin belly and in his hole
" “Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.
Tóin ar an talamh arse down
" Suigh síos más é do thoil é! Tóin ar an talamh! Lúb na cosa!” Leis sin, shuigh sé síos.
d’imigh go tóin poill sunk
" Tá oidhreacht an Titanic fite fuaite anois in oidhreacht Halifax mar is ann a cuireadh an líon is mó de choirp íospháirtithe soithí na mícháile a d’imigh go tóin poill céad bliain ó shin.
thit an tóin as the bottom fell out of it
" I ndiaidh a bhfuil fulaingthe ag an oiread sin daoine ar mhargadh na dtithe in Éirinn nuair a thit an tóin as, ní rud cuibhiúil é a bheith ag déanamh mórtais as an mhéid a chaith tú ar theach.
tóin in airde upside down
" Cé chomh contráilte is féidir le Donald Clarke a bheith ó am go cheile? Fuair sé an ceann seo iomlán amscaí, ciotarúnta, cúthaileach agus tóin in airde.
Níl ceann nó tóin leis there’s no make nor shape to
" Níl ceann nó tóin leis na hargóintí seo i ndáiríre.
thit tóin in airde i ngrá léi fell head over heels in love with her
" I mBleá Cliath a chuir Máire aithne cheart ar Ruairí Brugha, aon mhac Chathal Brugha, a thit tóin in airde i ngrá léi, ní nach ionadh.
má tá an tóin le titim as if the arse is about to fall out of
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
go tóin poill anseo sank
" Sa bhliain 1975, cailleadh seisear nuair a chuaigh an ‘Evelyn Marie’ go tóin poill anseo agus cailleadh cúigear eile nuair a tharla an rud céanna, sa cheantar céanna, don ‘Carraig Úna’ bliain cruinn baileach ina dhiaidh sin.
Seoladh síos go tóin a’ tí sinn we were sent down to the end of the house
" Seoladh síos go tóin a’ tí sinn.
bris a chuirfidh an saol tóin-in-airde orthu beirt a breakdown which shall put both their lives upside down
" Aithníonn sí a sleamhnú i dtreo na heasláinte tubaistigh, bris a chuirfidh an saol tóin-in-airde orthu beirt.
Thitfeadh an tóin as the bottom would fall out of
" Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith.
an tóin thinn one’s sore arse
" Is fiú iad beirt an tóin thinn a théann leis an dá uair a chloig go leith féachana.
gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha that the bottom fell out of the countries economies
" Ní léir domsa gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha ina labhraítear na teangacha sin nó gur cuireadh beatha othair i mbaol dá bharr.
a tharraing formhór na cathrach ársa seo go tóin poill which sunk most of this ancient
" Baineann Treme le sáinn New Orleans i ndiaidh na speirlinge uafasaí, Katrina, a tharraing formhór na cathrach ársa seo go tóin poill i 2005, agus níl deifir ar bith ar Simon tubaiste na cathrach a léiriú dúinn.
Nuair a thit an tóin as when the bottom fell out of
" An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar ================= Nuair a thit an tóin as an chóras dhomhanda airgeadais sa bhliain 2008, cuireadh ceisteanna bunúsacha faoi chruth, faoi struchtúr, agus faoi chothroime an chórais chaipitlíoch ar fad.
dhaoine a bheith ag déanamh tóin dá mbéal people speaking crudely
" I ndáiríre, ba chuma faoi dhaoine a bheith ag déanamh tóin dá mbéal ar na téipeanna.
tóin le talamh the low of stature
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.