Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtaca le costas de as regards cost
" Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.
crann taca pillar, champion
" Na laethanta seo, shílfeá go mbeadh sé dodhéanta a bheith mar dhlúthchara de chuid Uachtáran na Stát Aontaithe - tír atá ina crann taca ag Iosrael - agus ag an am céanna a bheith ar thaobh daoine bochta atá faoi ansmacht.
i dtaca leis in regard to
" Ach tá ceist an-bhunúsach ar fad le cur i dtaca leis an ábhar seo.
crann taca pillar, support
" Cad é atá fágtha anois do na mílte duine gan oideachas gan cheird ar an dá thaobh den phobal? Is é an leas sóisialta an crann taca is tábhachtaí dóibh.
phríomhchrainn taca main pillars
" Féachtar ar Celtic go minic mar cheann de phríomhchrainn taca an chultúir Éireannaigh-Chaitlicigh in Albain ach chomh maith leis sin chabhraigh an club le Caitlicigh a bheith níos rannpháirtí agus níos gníomhaí sa tsochaí.
um an dtaca seo by now
" Tá Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
taca support
" Is mór an taca fosta an choláiste Gaeilge leis an Ghaeilge a chaomhnú.
i dtaca le beartais taighde as regards research policies
" Tá freagracht ar Aonad na Gaeilge i dtaca le beartais taighde ar an nGaeilge san oideachas agus ar an nGaeilge mar mheán teagaisc agus taighde a thionscnamh agus a stiúradh i gcomhar le comhghleacaithe san Ollscoil.
Taca an ama sin around that time
" Taca an ama sin, bhí athruithe móra ag titim amach in oirthear na hEorpa agus bhí an Banc Domhanda ag tabhairt tacaíochta do na tíortha a bhí ag imeacht ón seanchóras cumannach go córas eacnamaíochta an mhargaidh.
i dtaca le as regards
" Níl clú ar Lanarkshire in Albain i dtaca le labhairt na Gàidhlig - is í an Albainis teanga an cheantair go huile is go hiomlán.
um an dtaca seo by now
" Tá an tseanbhliain caite go maith um an dtaca seo agus tá eachtraí spóirt na bliana 2003 díbeartha go dtí na tuairiscí staire agus curtha i dtaisce i bhfillteáin ríomhairí.
a thaca a chur leis an bhalla to support himself against the wall
" " Rinne an máistir Ó Duibhir iarracht a thaca a chur leis an bhalla ach, cibé a tháinig air, baineadh truisle beag as.
ag ligean a taca le balla leaning against a wall
" Ach, mar a dúirt sí lá amháin, agus í ag ligean a taca le balla i nGaillimh agus scíth á tógáil aici le faoiseamh a thabhairt dá cosa spuaiceacha, ní raibh an dara rogha aici: "Should I sleep the sleep of death, with my head pillowed against this wall, no matter.
thaca support
" Tá cuid mhaith acu ansin mar thaca ag balcóiní.
lig mé mo thaca leis na ráillí I leaned against the railing
" Stop mé, agus lig mé mo thaca leis na ráillí, tuirse an domhain orm - ag breathnú amach ar na scamaill scallta a bhí ar crochadh mar a bheadh fuil agus claíomh ann os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh.
an crann taca support
" Is é réimeas Theach Saud an crann taca is mó atá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá sa domhan Ioslamach, ach an t-am sin ba é an *Shah *an cara ba mhó a bhí ag an Teach Bán ann.
seirbhísí taca support services
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
Rinne Eilís taca le Cormac Eilís supported herself on Cormac
" " Rinne Eilís taca le Cormac agus bhain siad doras tosaigh an tí amach taobh istigh de chúpla bomaite.
i dtaca leis an chuideachta seo as regards this company
" Is é an t-aon aiféala atá ar Bhalor i dtaca leis an chuideachta seo nach raibh sé ábalta níos mó airgid a chur isteach ann (a bhuí sin le heagarthóir *Beo ar Éigean*, Éamonn Flúirsín Ó Doornail).
bliain is an taca seo this time last year
" Tugaim faoi deara go bhfuil an comórtas leis an chomhshaol a scrios ag leanstan ar aghaidh, in ainneoin an ailt a scríobh mé do *Beo!* bliain is an taca seo (eagrán 41).
i dtaca leis an Ghaeilge as regards the Irish language
" Nach bhfuil sibh cúngaigeantach i dtaca leis an Ghaeilge?” “Shíl mé go raibh tusa níos tuisceanaí ná sin, a Bhaloir cháidh,” a d’fhreagair Súoráiste.
an taca seo bliana this time of year
" Ón tús, áfach, bhí sé soiléir go raibh níos mó den ghnáth-theannas a bhíonn ag baint le cluichí sinsearacha idirchontae an taca seo bliana le brath ar an imirt idir Tír Eoghain agus Áth Cliath, ach ba bheag a cheapas, ná éinne eile is dóigh, gur sórt seamlais d’ócáid spóirt a nochtfaí os comhair na gceamaraí agus an tsaoil mhóir.
um an dtaca seo by now
" Maidir leis an dara ceann, is gearr, muna bhfuil sé déanta um an dtaca seo, go n-ainmneofar cé (is dóigh gur fear a bheas ann) bheas mar Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta an Chumainn Lúthchleas Gael.
i dtaca le pleananna forbartha as regards development plans
" Dar leis go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh comhpháirtíocht láidir idir an pobal, an Roinn agus an tÚdarás i dtaca le pleananna forbartha as seo amach.
i dtaca leis na Sé Chontae as regards the Six Counties
" Luaigh Collins an “chothromaíocht bhréagach” atá á cothú le fada an lá ag na meáin chumarsáide i dtaca leis na Sé Chontae.
ba thaca a bheadh ann it would support
" Dá bhféadfaí an díbhinn atá ar fáil anois mar thoradh ar fhorbairt tionscal teangabhunaithe a roinnt níos cothroime idir Gaeltachtaí na tíre, ba thaca a bheadh ann do pholasaí díláraithe an rialtais agus d’fhorbairt chothrom na nGaeltachtaí san am chéanna.
mar chrann taca na craoibhe as a pillar for the branch
" Bhí Michael mar chrann taca na craoibhe i gcónaí.
an fhonnadóireacht taca, the backing vocals,
" ” Níor bhuail siad leis an amhránaí Natacha Atlas, a rinne an fhonnadóireacht taca, mar shampla, ach is léir go bhfuil Spillane an-tógtha leis “an bhanríon Éigipteach” seo.
i dtaca leis an dá bhó sin. as regards those two cows.
" Éist liom go cúramach anois agus míneoidh mé duit polaitíocht na hÉireann i dtaca leis an dá bhó sin.
i gceannas um an dtaca sin in charge by then
" D’oibrigh an plean i 1976 agus arís i 1977 (cé nach raibh Ó hIfearnáin i gceannas um an dtaca sin ach Antaine Ó hEanchaí, an captaen).
ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla on stricter standards as regards fuel consumption
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
ar chosa taca on stilts
" Tá an teach ina sheasamh ar chosa taca agus tá díon cuartha air.
um an dtaca seo at this point
" Nó sin a chloisim ó chairde mar gur mó an taithí atá agam ar Éireannaigh um an dtaca seo agus tuigim sa chás sin go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; bíonn am ag an mbuachaill dá chairde agus déanann an cailín roinnt aimsire a mheilt i dteannta a cairde chomh maith.
i dtaca le polasaithe a athrú with regard to the changing of policies
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
i dtaca le seirbhísí áirithe ar líne as regards certain online services
" **"Monetization"** Bíonn an-chuid cainte mar gheall ar *"monetization"* i dtaca le seirbhísí áirithe ar líne na laethanta seo.
i dtaca le seirbhísí áirithe ar líne with regard to some on-line services
" **"Monetization"** Bíonn an-chuid cainte mar gheall ar *"monetization"* i dtaca le seirbhísí áirithe ar líne na laethanta seo.
mar chrann taca as a support
" Bhí sé mar ábhar sóláis agus mar chrann taca ag muintir na hÉireann riamh anall.
crann taca support
" Cé is moite den teaghlach, is é an t-oideachas an crann taca is tábhachtaí ó thaobh inmharthanacht na teanga de.
i dtaca le táirgeadh feola. as regards beef production.
" Is léir cén fáth a raibh feirmeoirí na hÉireann ag tógáil raice faoin sárú atá déanta ag feirmeoirí mairteola na Brasaíle ar an gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgeadh feola.
Chuir sí a cosa i dtaca fosta she dug her heels in to
" Chuir sí a cosa i dtaca fosta maidir leis an chur is cúiteamh a bhí ar siúl faoin chaighdeán Gaeilge a bheadh de dhíth leis an choinníoll teanga a chomhlíonadh.
i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, as regards Ireland's image abroad,
" Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de.
mar thaca dó as support for him
" In earrach na bliana 2002 d’iarr sé orm dul go hÉirinn ina theannta mar thaca dó agus é ag tabhairt cártaí Aifrinn a mhic dá ghaolta.
ar an fhoireann taca on the reserve team
" Barry Andrews:** Ógánach (tá sé 41 bliain d’aois!) atá ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann mar gheall ar rudaí maithe a bheith déanta aige le bliain anuas, cé nach raibh sé ar an fhoireann taca fiú.
i dtaca leis with regard to
" In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?*Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.
i dtaca le Stádas an Teifigh on the Status of Refugees
" Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
i dtaca le with regard to
" Sular cuireadh tús leis na Cluichí, bhí cur agus cúiteamh go leor faoi chionta na Síneach i réimse éagsúla: cearta daonna, an Tibéid, cúrsaí comhshaoil agus easpa trédhearcachta i dtaca le hiasachtaí a tugadh do thíortha Afracacha mar an tSúdáin agus Angóla.
Um an dtaca sin at this time
"Um an dtaca sin, níorbh iad bagairtí na sárchumhachtaí amháin a bhí ina n-údar imní do mhuintir na hÉireann.
Um an dtaca sin at that time
" Um an dtaca sin, chonacthas do lucht bunaithe na heagraíochta go raibh suim choitianta sa rince céilí ag dul i léig diaidh ar ndiaidh agus nach raibh an oiread sin deiseanna ag grúpaí éagsúla castáil lena chéile chun na rincí a chleachtadh.
i dtaca leis in regard to
" Tá muintir na tíre i gcoitinne ar aon intinn leis na rialtais i dtaca leis an gcur chuige seo, de réir dealraimh.
Taca an ama seo about this time
" Taca an ama seo céad bliain ó shin, bhuaigh Jack Johnson Craobh an Domhain sa dornálaíocht, an chéad fhear de chuid an chine ghoirm a bhain an gaisce sin amach.
ag cur a gcosa i dtaca becoming defensive
" Cheana féin tá na ceardchumainn ag cur a gcosa i dtaca agus ag maíomh go bhfuil seirbhís phoiblí na hÉireann ar cheann de na cinn is lú agus is éifeachtaí san Aontas Eorpach.
i dtaca le as to/ in reference to
" Chuir Kevin Rudd lena fhocal i dtaca le fadhb na díthreabhachta ag an gcruinniú COAG, mar i measc na ngnéithe a bheidh airgead sa bhreis ar fáil dó, tá tithe sóisialta inacmhainne dóibh siúd atá gan foscadh agus gan dídean faoi láthair.
bliain is an taca seo a year ago
" A ghlanmhalairt de thuairim Bhí iontas orm bliain is an taca seo, mar sin, nuair a léigh mé 'Irish , Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish, 1800-1939' leis an Ollamh John Belcham, Ollscoil Learphoill.
chosa taca stilts
" Tá an t-óstán ar chrosbhealach gnóthach agus thart fá 100 méadar ar shiúl, tá mórbhealach ar chosa taca a bhíonn plódaithe i dtólamh le gluaisteáin agus le leoraithe ag gearradh suas is anuas.
um an dtaca sin by that time
" Cuireadh tús le ceiliúradh ar 26 Eanáir go luath i stair na nEorpach san Astráil agus tugadh ‘Anniversary Day’ air um an dtaca sin.
i dtaca le in regard to
" Tá díospóireacht ar siúl san Astráil ó shin i leith i dtaca le dáta an lae náisiúnta.
i dtaca le as to
" Scannán a fhiosraíonn téamaí míchompórdacha na beatha - aonaracht, an coimhthíos, an grá agus sléacht, i dtaca le soineantacht agus a cailliúint.
I dtaca leis as to
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
i dtaca le as to, in respect of
" Is tír í an Astráil atá fothaithe ar an inimirce agus is iomaí díospóireacht pholaitiúil chorraithe a rinneadh ann le seasca bliain anuas i dtaca le beartais inimirce an dá phríomhpháirtí – an Páirtí Liobrálach agus Páirtí an Lucht Oibre.
i dtaca le as to
" Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir.
um an dtaca sin this time of year
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
chrann taca staunch support
" Eagarthóir: Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir na mBéimeann, nó is tusa atá mar chrann taca ag Beo! agus fanfaidh tú ag bun an leathanaigh mar is dual do thaca teann, bail ó Dhia ort mar laoch de chuid litríocht na hÉireann agus mar thaca ag Beo! Balor: Cén dia é sin a bhfuil tú ag guí a bhaile orm? Tá súil agam gur Crom Dubh atá i gceist agat.
I dtaca le as to
" Cén dóigh in ainm Dé an dtiocfadh leat trí chéad cara a bheith agat nuair a deirtear gur chóir a bheith ábalta an líon cairde atá agat a chuntas ar láimh amháin? I dtaca le pictiúirí de – seo an rud is mó a chuir iontas orm.
i dtaca le as to
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht a thabhairt dó, agus cé go raibh siad as dáta i dtaca le teideal an fhir, mhaithfí sin dóibh, nó is fada a bhí siad ag tacú leis mar aire: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Gaeltacht Milwaukee Níor thuig mé cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
chrann taca support
" ’ Ach tá gaol iontach eatarthu beirt, agus beidh tuistí Bhurt, a mhaireann sa chomharsanacht, mar chrann taca acu.
i dtaca leis as to
" Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh.
i dtaca leis in regards to
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
i dtaca leis in regards to
" Ba léir gur mheas na húdaráis sa dá thír go raibh ábhar ceiliúrtha ann, ach ba ríléir go raibh cúiseanna buartha – fiú náire - ann freisin i dtaca leis an méid a tharla sa Tíomór Thoir, ní hamháin deich mbliana ó shin ach le 34 bliain anuas.
i dtaca le pertaining to
" Tá scéalta go leor eile sa bhéaloideas logánta i dtaca le Corn Melbourne.
um an dtaca seo by now
" Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.
i dtaca leis in regard to
" Ba léir ón tús go raibh deighilt i measc an fhreasúra i dtaca leis an idirbheartú.
i dtaca le in regards to
" Paisean chomh maith, i dtaca le fuinneamh, crógacht agus pearsanacht mhór nár cheil sé ar a chairde ná ar a phobal.
Bliain is an taca seo this time last year
" Bliain is an taca seo chuala mé agus Neill Kelly go raibh an Kinder Downfall reoite.
i dtaca le in regards to
" Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse.
i dTaca le in relation to
" Bodhaire Uí Laoire i dTaca le Mac Cárthaigh Ach d’imigh sin agus tháinig seo.
thaca support
" Murar féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht a bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhunchloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga? Is é sin, gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thaca i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht mar acmhainn daonnachta nó mar thobar saíochta ann féin? An Bhuíon Bheag Chinniúnach Is dóigh liom féin gur beag seans anois atá ag an Ghaeilge mar theanga phobail.
taca míochaine medical aid
" Ní hann do bhonneagar stáit a chuirfeadh taca míochaine ar fáil, gan trácht ar thacaíocht aigneolaíoch.
i dtaca leis as to
" Agus i dtaca leis na heaspaig sin, déanfaidh siad siúd mar a deirim fosta, nó ní Dermo Martino is ainm domsa.
i dtaca le as to
" Tá plé ar siúl san Astráil i dtaca le daonra na tíre beagnach ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788.
i dtaca le over, because of
" D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint.
i dtaca le in regards to
" *“How do you like your steak, sir?”* a d’fhiafraigh an lucht freastail de arís agus arís eile, ach ba é an freagra céanna a bhí ag Balor gach aon uair: *“Hanging over the side of the plate,* mura miste leat, a dhuine chóir, agus déan deifir, maith an fear!” Ba é an dá mhar an chéile é i dtaca leis an bheoir: *“Would you like a pitcher of beer for the table, sir?”* “Níl tart ar bith ar an tábla le hais an tarta atá ormsa, a húirín.
I dtaca leis in regards to
" I dtaca leis an gheilleagar, bhí an toradh céanna ag rialtas Lynch is a bhí ag rialtas Ahern: chuir siad an tír ar bhealach chun na tubaiste.
i dtaca leis as to
" Bhail, i dtaca leis na gléasanna frithghiniúna sin (na gléasanna friggin’ Úna, mar ba ghnách le Balor a thabhairt orthu sna seanlaethanta fadó) – na gléasanna a dtugtar coiscíní orthu – tá an Pápa i ndiaidh an doras a oscailt rud beag.
i dtaca leis towards
" Anois atá rialtas mionlaigh san Astráil, áfach, níl aon agó ach go bhfuil ar an rialtas náisiúnta a bheith níos freagraí don pharlaimint as a gcuid cinneadh, an dúnghaois i dtaca leis an gcogadh san Afganastáin san áireamh.
i dtaca leis in regards to
" ) Tá beartas sóisialta amháin, ámh, is é sin an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, go mór i mbéal an phobail ar na mallaibh, agus is léir nach bhfuil an Astráil chun tosaigh ar thíortha forbartha áirithe eile i dtaca leis an mbeartas seo.
i dtaca lena in regards to
" Ciallaíonn an friotal maslach seo go mbíonn cineál féinmheas ísleachta ag muintir iarchoilíneachta i dtaca lena saíocht féin, le hais saíocht a máthairthíre ach go háirithe.
i dtaca lenár bhféiníomhá regarding our self-image
" Is léir gur chothaigh an dámhachtain Astrálach na Bliana díospóireachtaí i dtaca lenár bhféiníomhá thar na blianta, uaireanta díospóireachtaí imreasacha.
thaca support
" Éiríonn na géaga tosaigh níos tibhe mar thaca don Loscann nuair a bheireann sé greim ar an mbaineannach.
i dtaca le in regard to
" Cén cúram atá ort ar na saolta seo i dtaca le gnóthaí an CLG?** A.
i dtaca leis in relation to
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
thit na crainn taca the supports fell
" Le linn na réabhlóide seo, thit na crainn taca a bhí ag Fianna Fáil, ceann i ndiaidh an chinn eile.
chrann taca support
" Ní raibh ach aon chrann taca amháin nár athraíodh as a riocht, mar a bhí, an lucht gnó.
chrainn taca supports
" Tá béasaí, meas agus stádus sóisialta mar chrainn taca don teanga seo.
i dtaca leis in regards to
" Tá deighilt i measc mhuintir na hAstráile i dtaca leis an gCeallach, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 5, Meán Fómhair 2001).
i dtaca le when it comes to
" Tarlaíonn sé chomh humhal éasca ar fud an domhain, domhnach is dálach, ó cheann ceann na bliana agus chomh feiceálach gur minic a shamhlaítear do thuismitheoir gasúr atá ag foghlaim dhá theanga, nó breis, gur múscán uiliteach é inchinn an ghasúir i dtaca le foghlaim teanga/cha.
i dtaca leis in regards to
" Cad tuige go bhfuil tú ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?” “Ní bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, tá an bheirt againn ar chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, cé go bhfuil rud beag níos mó cumhachta ag Liam ná mar atá agam féin.
i dtaca le regarding
" Tá beartas coinneála éigeantach i bhfeidhm (ar bonn tacaíochta dépháirtí) le beagnach fiche bliain anuas i dtaca le daoine atá sa tír gan chead, ach tá deighilt ghéar idir na páirtithe maidir leis an dóigh a gcaitear leis na daoine seo tar éis a ngabhála.
i dtaca le regarding
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
abhus um an dtaca sin here at that time
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
leath-thaca láir centre half back
" An té atá roghnaithe mar leath-thaca láir, tá sé buartha toisc nach bhfuil taithí aige ar imirt san ionad sin.