Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tachtadh iad they choked
" Tachtadh iad nuair a shúigh na tinte an t-aer as an log staighre ina rabhadar.
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
á dtachtadh being choked
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 The Prevention of Terrorism Act 2000
" Go dtí le gairid, bhí siad le feiceáil ag máirseáil timpeall an cathrach in éide an UVF nó na nDúchrónach, ach i mbliana d'úsáid Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Clogherty, an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 (nó PTA) agus chuir sé in iúl dóibh go raibh cosc ar éide na n-eagraíochtaí paramíliteacha.
an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 The Freedom of Information Act 2000
" I bhformhór na gcásanna, cuireann an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 cosc ar na Gardaí aon eolas a thabhairt faoi chúlra duine gan cead d'fháil i dtosach ón duine féin.
an tAcht Ceartais Choiriúil The Criminal Justice Act
" Anuas air sin, deir an tuarascáil nach bhfuil an tAcht Ceartais Choiriúil, 1999 á chur i bhfeidhm i gceart.
a thachtadh to strangle
" Ach cheana féin tá imní ann go bhféadfadh easpa maoinithe féidearthachtaí an Choimisiúin a thachtadh.
An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit Offences Against the State Act
" Mar shampla, chomh fada agus a bhaineann sé le cearta sibhialta agus polaitiúla, deir an Coimisiún go mbeidh siad ag scrúdú reachtaíochta ar leith ar nós An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit 1939-1998 agus An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) féachaint an sáraíonn sé cearta daonna.
á thachtadh féin choking himself
" Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d'fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas.
thacht siad they strangled
" I mí na Samhna 2001, thacht siad Theys Eluay, cathaoirleach eagraíochta síochánta darb ainm Presidium Dewan Papua, a bhfuil an-tacaíocht aici i measc mhuintir Phapua Thiar.
á thachtadh being strangled
" An bhfuil deireadh leis an bhfealsúnacht a deir gur cheart go mbeadh an bua ag an duine/bhfoireann is fearr ach go mbeadh lá eile ag an bPaorach? An bhfuil airgead níos tábhachtaí ná sin ar fad? An bhfuil an spórt mar a thuigeamar é á thachtadh ag corparáidí agus ag lucht gnó agus ag fórsaí an mhargaidh? An bhfuil an spórt marbh? An cuma le héinne? Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
ag tachtadh na príomhchathrach choking the capital city
" D'fhéadfaí athrú as cuimse a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna móra struchtúrtha atá ag tachtadh na príomhchathrach agus ag bánú na tuaithe.
a thachtadh to choke
" Tá uisce an Yangtse trom le glár, agus deirtear go ndéanfaidh an glár seo innealra an damba a thachtadh.
gur thacht Joanne an leanbh that Joanne strangled the baby
" In ainneoin nach bhféadfadh an Paiteolaí Stáit, an Dr John Harbison, aon fhianaise a aimsiú maidir le conas a bhásaigh an leanbh a fuarthas ar an bhfeirm, dúirt an giúistís gur léir gur thacht Joanne an leanbh agus go raibh sé i gceist ag an teaghlach an leanbh a thabhairt chuig an Daingean agus é a chaitheamh isteach san fharraige, ach gur athraigh siad a n-aigne.
ag tachtadh ar an logainm céanna choking on that same place-name
" “B’fhéidir, agus ní móide,” arsa Balor leis, “Ach ní gach duine a bheadh ag tachtadh ar an logainm céanna gach uair a rinne sé iarracht an focal a fhuaimniú.
Go dtachta an diabhal Schillaci! May the devil strangle Schillaci!
" Nuair a dúisíodh é agus an comhluadar ag fágáil an tí le dul abhaile, d’oscail sé a shúile, d’ardaigh a chloigeann agus lig béic ard, thruamhéalach as: “Go dtachta an diabhal Schillaci!” Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
na smugaí á thachtadh the snots choking him
" “Cogar, a chara,” arsa Balor go comhcheilgeach, “cad é scéal airgead na Chéad Chomaoineach?” “Arú, a Bhaloir,” arsa Séimí, agus na smugaí á thachtadh le teann meisce agus mioscaise, “sin é an t-am ar thosaigh an chraic seo uilig.
gan aon duine a thachtadh. without strangling anyone.
" D’fhear nach bhfuil ábalta an teach a fhágáil gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, bhí iontas orm go bhfuair mé chomh fada sin i mo thuras gan tae, agus gan aon duine a thachtadh.
an tAcht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
go dtachtaí sé thú may it choke you
" Agus cad é an teachtaireacht atá aige do Biffo? “Caith leat, a chlabaire, agus go dtachtaí sé thú,” a deir sé, amhail agus nach raibh Biffo á thachtadh féin cheana féin ag Sweet Afton agus ag binb, gangaid agus ag aiféala.
tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc Prevention Against Terrorism Act
" Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d'éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "*It is beyond human forgiveness.
Bíonn an tAcht Teanga Searbh a language act is hard to take
" Bíonn an tAcht Teanga Searbh ============= I measc na bprionsabal a ríomhtar, tá an straitéis realpolitik go gcaithfear an fhírinne a cheilt ó am go chéile: *“politicians are obliged from time to time to conceal the full truth, to bend it and even distort it, where the interests of the bigger strategic goal demand it done.
Tachtar an Teachtaire choke the messenger
" Aird ar Fhaillí, Tachtar an Teachtaire ================ Beidh an dream úd atá tiománta ar Bhéarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta sásta go maith leis an chinneadh seo fosta.
bhí á dtachtadh was strangling them
" Filí INNTI, bhí cuid den fhuinneamh sin iontu, fonn orthu éalú ón meon gallda Victeoiriach a mhair rófhada in Éirinn agus a bhí á dtachtadh.
chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg which finished with a slow choking an múinteoir líofa san úrscéal the polished teacher in novel
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
an tAcht um Saoradh Faisnéise the freedom of information act
" Tá sé níos deacra fiú agus an tAcht um Saoradh Faisnéise ann.
an líofacht dhramadúil a thachtadh fé dheireadh would choke dramatic fluency eventually
" An ndéanfaidh an teilifís féin an líofacht dhramadúil a thachtadh fé dheireadh?
an tAcht um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Act
" Tá sé in am ag an Rialtas an tAcht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh níos cuimsithí, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, seachas a bheith ag iarraidh é a choilleadh.