Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bheartas policy, tactics
" Gan amhras, bhí freagairt an rialtais i Londain an-lag ag tús na géarchéime, i gcomparáid le rialtas na hÉireann, ach níl an chúis deacair a thuiscint nuair a amharcann tú siar ar bheartas an Campaign for the Countryside: ag cur béime ar fhiach sionnach mar shampla, in ionad na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí beaga.
na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta the same stifle and delay tactics
" D'fhéadfaí a rá go bhfuil ceannairí na heaglaise ag úsáid na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta i gcás VOTF is a d'úsáid siad nuair a tháinig na scannail ghnéis chun cinn.
an lámh láidir strong-arm tactics
" Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
taicticí tactics
" Rud eile ná go gcaithfear freisin taicticí agus pleananna agus treoracha bainisteoirí a cheistiú agus a scrúdú nuair is léir go bhfuil nasc le tabhairt faoi deara idir modhanna imeartha foirne agus imreoirí agus minicíocht na gcártaí buí agus dearga agus ciceanna saora ina gcoinne le linn cluichí.
troid bunaithe ar thaicticí a fight based on tactics
" Nil duine ar bith ag dúil le *ko* ach le troid bunaithe ar thaicticí agus an poblachtánachas agus an t-aontachas i ndeabhaidh pholaitíochta.
faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach about the rough, brutal tactics of the Australians
" Mearbhall na nAstrálach An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta.
bearta scanraithe scare tactics
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
moilleadóireacht delay(ing) tactics
" Chleacht sé moilleadóireacht ón tús: ag bunú Coimisiún na Gaeltachta le moltaí a dhéanamh, coistí le staidéar a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún, staidéar eile le tíocht aníos le critéir teangeolaíoch agus coiste eile fós le breathnú ar na moltaí ón staidéar sin.
is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann the police tactics are the greatest problem
" Ó na mórshiúlta atá feicthe agam sa chathair, is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann.
nó ar a ngabháltais sa treallchogaíocht or on their holdings with guerrilla tactics
" Beagnach gach uair a dhéanadh an mhuintir dhúchais ionsaí ar choilínigh nó ar a ngabháltais sa treallchogaíocht, d’eagraítí díorma agartha le díoltas a bhaint amach, díoltas a bhíodh as compás agus neamhairdiúil den chuid ba mhó.
i bhfianaise na moilleadóireachta in light of the delay tactics
" Ag Sracadh in Aghaidh Moille =========== Níl mé dóchasach, áfach, go bhfaighfidh mé freagra gasta ón Oifig sin i bhfianaise na moilleadóireachta in achomharc atá déanta ag mo chomhghleacaí, Áine Lally, i leith eolas eile a dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta a thabhairt di faoin phróiseas cheapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta.
ar chleachtais tréandíola about the hard-sell tactics
" Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.