Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taidhleoireacht diplomacy
" Tá súil aici go bhfuil taidhleoireacht ar siúl aici sa ról seo, ag cur a teanga agus cás a teanga chun cinn.
taidhleoireachta diplomacy
" Ní hamháin gur choimeád polasaí neodrachta na hÉireann thar na blianta an tír agus a saoránaigh slán ó ionsaí ach chiallaigh sé freisin go raibh ar chumas na tíre ról tábhachtach taidhleoireachta a imirt i bpolaitíocht an domhain.
a ghnáth-thaidhleoireacht his usual diplomacy
" Dar le Michael O'Leary agus a ghnáth-thaidhleoireacht, thosódh Ryanair réimse leathan bealaí nua ó Bhaile Átha Cliath dá mbeadh áiseanna níos saoire ar fáil acu.
fuinneamh taidhleoireachta diplomatic energy
" Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim.
chomh luath agus a theip ar thaidhleoireacht as soon as diplomacy failed
" Ba é a moladh, mar shampla, ná fórsaí míleata a úsáid chomh luath agus a theip ar thaidhleoireacht.
scileanna maithe taidhleoireachta good skills of diplomacy
" Léirigh sé scileanna maithe taidhleoireachta nuair a chuir sé brú ar CLG Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí eile ar bhonn sealadach.
scileanna taidhleoireachta diplomacy
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
scileanna taidhleoireachta diplomacy skills
" ***Míbhuntáistí:*** Pearsantacht bhorb agus ghrod aige agus is cinnte nach mbeidh scileanna taidhleoireachta Ahern aige agus é i mbun cainteanna leis na pairtnéirí sóisialta.
scileanna iontacha taidhleoireachta wonderful diplomacy skills
" Measaim go bhfuil an-jab á dhéanamh ag Máire Mhic Ghiolla Íosa agus is minic a bhíonn orm gar a iarraidh uirthi – tá scileanna iontacha taidhleoireachta aici.
taidhleoireacht shnasta polished diplomacy
" I saol na polaitíochta Eorpaí, is tábhachtaí ar fad an taidhleoireacht shnasta ná an neart vótála.
thaidhleoireachta dhea-bhéasacha good mannered diplomacy
" Tugann an Astráil cabhair éagsúil dóibh agus don chuid is mó, bíonn caidrimh thaidhleoireachta dhea-bhéasacha i gceist.
bheartas taidhleoireachta diplomatic plan
" Ach an dtabharfaidh sé faoina gcomhnascadh? Gan a bheith chomh héifeachtach céanna mar Aire Tuaithe agus mar ghlór an iarthair agus teipthe ar a bheartas taidhleoireachta i dtaobh conspóid phíobán gáis na Coiribe a réiteach.
taidhleoireachta ambassadorial
" Cuireadh an tuilleamh coigríche seo i mbaol ar na mallaibh, ámh, mar gheall ar fhadhbanna áirithe leis an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Astráil agus an India.
taidhleoireacht diplomacy
" Agus is cóir cuimhneamh go ndeir oifigigh na tíre seo a oibríonn sa Bhruiséil go bhfuil an caipiteal polaitiúil agus an taidhleoireacht chumasach i bhfad níos tábhachtaí na meáchan na vótaí.
lucht taidhleoireachta ambassadorial staff
" I measc na dtíortha ‘ardriosca’, mar a thugann lucht taidhleoireachta orthu, áirítear anois an tSúdáin, an Nígir agus an Ailgéir ar Mhór-Roinn na hAfraice, Veiniséala agus an Cholóim i Meiriceá Theas.
saol rúnda na taidhleoireachta the secret world of diplomacy
" De ghnáth bíonn an t-imeartas polaitíochta á imirt ag tíortha an domhain faoi cheilt uainn, ach tugann an sceitheadh is déanaí ó WikiLeaks sracfhéachaint dúinn ar conas a fheidhmíonn saol rúnda na taidhleoireachta.
foireann taidhleoireachta diplomatic staff
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
plámás na taidhleoireachta speaking in diplomatic terms
" Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.
lucht taidhleoireachta diplomats
" Cé gur mhínigh ambasadóirí agus lucht taidhleoireachta dóibh go soiléir gurbh é an Irish Star a chuir na pictiúir i gcló, creideann siad fós gurbh é An Réalt, cumann paidreoireachta de chuid Léigiúin Mhuire a rinne an beart náireach.
a chuid éachtaí taidhleoireachta his diplomatic feats
" Bhain sé an cháil sin amach fé dheireadh, ach cáil ab ea é a bhí bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta in ionad a bheith bunaithe ar a chuid éachtaí taidhleoireachta.
stádas taidhleoireachta diplomatic status
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
an ndébhríochas taidhleoireachta the ambiguity of diplomacy
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
cheap na ridirí taidhleoireachta the diplomatic knights
" Mar a deir beirt chorpán i gCré na Cille de chuid Mháirtín Uí Chadhain, cheap na ridirí taidhleoireachta gur “lánchumhachtóirí” iad, ach cheap daoine eile go "ndeachaigh siad thar a n-údaráis" nuair a shíníodar an conradh céanna.
caidreamh taidhleoireachta diplomatic relations
" Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin.
ach nósmhaireacht taidhleoireachta just a diplomatic protocol
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
ionadaithe taidhleoireachta diplomatic representatives
" Tugadh – agus tugtar fós – an teideal ‘Ard-Choimisinéir’ ar ionadaithe taidhleoireachta de chuid bhallstáit an Chomhlathais.
trí mheáin taidhleoireachta by diplomatic means
" Rinne na rialtais éagsúla náisiúnta gearráin oifigiúla trí mheáin taidhleoireachta, ach ba dhóigh liom nach raibh i gceist leis an bhfreagairt seo ach an gotha, an rialtas ag cur na gcaorach thar an abhainn.