Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an nóis taistil the custom of travelling
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
ghléas taistil means of transport
" Tá na busanna an-sean agus is minic a úsáidtear seanleoraithe, fiú amháin, mar ghléas taistil.
an Lucht Taistil the Travellers
" Chuile sheans freisin go dteipfeadh ar an Lucht Taistil cuóta a bhaint amach.
compántas taistil drámaíochta travelling drama company
" " Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais.
an lucht taistil the Travellers
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
an lucht taistil Travellers
" Beidh an lucht taistil ar thaobh an bhealaigh mhóir agus beidh liosta feithimh na n-ospidéal níos faide ná riamh.
don Lucht Taistil for Travellers
" Dá mbeadh fíorspéis ag an Taoiseach sna moltaí a rinneadh bheadh sé tar éis ainmniúchán a thabhairt do leithéid Kathryn Sinnott, a sheas don Dáil agus don Seanad le haird a tharraingt ar an easpa tacaíochta atá ar fáil do dhaoine míchumasacha, nó do Rosaleen McDonagh a sheas ar son cearta don Lucht Taistil.
sraith alt taistil a series of travel articles
" Bhuail mé an bóthar ar an 10 Iúil, agus an plean a bhí agam ná sraith alt taistil a scríobh don *Irish Post*, nuachtán an phobail Éireannaigh thall sa Bhreatain.
láithreoir cláracha taistil the presenter of travel programmes
" com na laethanta seo - ach cad iad na difríochtaí atá idir na seirbhísí sin agus córais ar nós Microsoft Outlook? Agus cén fáth a roghnófá ceann amháin thar ceann eile? Baineann Manchán Magan, láithreoir cláracha taistil a bhíonn le feiscint ar TG4, úsáid as seoladh ríomhphoist ag ireland.
ghníomhaireacht taistil travel agency
" Má dhéanann duine turas *puttan *a thairiscint duit agus tú ar saoire i gcathair san Iodáil, ná bí ag ceapadh go bhfuil sé ag obair do ghníomhaireacht taistil.
modhanna taistil means of transport
" Phléigh muid cúrsaí taistil - na modhanna taistil ab fhearr linn, an saghas lóistín a thaitin linn, agus na háiteanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orainn.
litríocht taistil travel literature
" Tacaíocht don taighde agus teagasc trí Ghaeilge: Ar na tionscadail mhaoinithe ag an Údarás um Ard-Oideachas i mbliana tá obair thaighde ar an litríocht taistil i nGaeilge, scríobh ilmheáin, Gaeilge ghairmiúil do mhic léinn an oideachais agus sochtheangeolaíocht.
an Lucht Taistil the Travellers
" Tá Paddy in éadan seicteachais agus idirdhealú sa bhaile, agus tá taispeántas breá dearfach ann faoi stair agus chultúr an Lucht Taistil.
gníomhairí taistil travel agents
" Más mian leat cuairt a thabhairt ar an Iordáin, is féidir le gníomhairí taistil saoire a shocrú duit féin go pearsanta - ní théann grúpaí ann as an tír seo.
leabhar taistil travel book
" Má osclaíonn tú leabhar taistil ar bith, chífidh tú go dtarraingeofar pictiúr meallach duit den Bholaiv mar cheann scríbe.
deiseanna taistil iontacha great travel opportunities
" Cé go raibh deiseanna taistil iontacha agam le mo chairde Seiceacha ar fud na tíre, tá an Ghaeilge ag tabhairt na deise céanna dom, creid é nó ná creid.
socruithe taistil travel arrangements
" Bhí líon mór cúraimí ar Jane - socruithe taistil a dhéanamh do a lán daoine, mar shampla.
tréimhse taistil a period of travel
" " Bhí tréimhse taistil ag Pauline agus í ag fás aníos - bhog sí féin agus a máthair ó Chiarraí go Tír Chonaill go Baile Átha Cliath agus go háiteanna eile i Sasana.
den lucht taistil of the travelling community
" Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil do Johnny Delaney, buachaill den lucht taistil, 15 bliana d'aois, a mharaigh beirt déagóirí in ionsaí ciníoch anuraidh.
gníomhaire taistil travel agent
" Thaitin sé leo deis a bheith acu labhairt le gníomhaire taistil a bhí in ann comhairle a thabhairt dóibh faoina dturas, agus ní raibh muinín acu i slándáil cúrsaí tráchtála ar an idirlíon.
naisc thaistil travel links
" Chomh maith leis sin, is féidir eolas a fháil ar shuímh na n-aerfort iad féin agus ó na naisc thaistil atá acu.
a ngléas taistil féin their own means of transport
" Ba chuma i gcás na ndaoine a raibh carranna acu, ach bhí na sluaite seandaoine, máithreacha le gasúir óga agus daoine eile ann nach raibh a ngléas taistil féin acu, nach raibh in ann siúl go dtí an príomhbhóthar (má bhí seirbhís ann dóibh ansin) agus a bhí fágtha ar an trá thirim, scoite amach ón saol.
neart taistil plenty of travel
" " neart taistil ======= Ó Dheireadh Fómhair 1995 go Meán Fómhair 1996 a bhí O'Hara lonnaithe i Regensburg, agus rinne sé neart taistil agus é ansin.
mhodh taistil means of transport
" Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra "gealaí" ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med*! D'éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í.
thaistilíomar we travelled
" Agus gan focal Béarla le cloisteáil nó le feiceáil san áit! Ar ais sa bhus linn arís (bhí an mionbhus mar a bheadh baile nua againn i rith na seachtaine), agus thaistilíomar 60 míle síos go deisceart na Hearadh, agus trasna na farraige linn go hEilean Bhearnaraigh.
gníomhaireacht taistil travel agency
" Éireannach ab ea an t-úinéir, fear mór gnó a raibh gníomhaireacht taistil aige freisin ar bhain sé usáid aisti chun ceoltóirí óga as a thír dhúchais a thabhairt go Bostún, agus chun blaiseadh maith den cheol a thabhairt freisin do na daoine agus iad ag ithe a gcuid *boxty *agus a *mixed Irish grill platters*.
deiseanna taistil agus oibre travel and work opportunities
" Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre.
an Lucht Taistil Éireannach the Irish Travellers
" Thosaigh an trioblóid nuair a bhí scéal i nuachtán áitiúil faoin phost atá aici, ag obair leis an Lucht Taistil Éireannach i Learpholl.
deiseanna taistil agus oibre travel and work opportunities
" Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre.
córais taistil transport systems
" Tá tithe níos fearr ag daoine, uisce sna tithe, córais taistil acu agus tá fonn ar dhaoine fanacht sa mbaile.
deiseanna taistil agus oibre travel and work opportunities
" Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre.
fadhb taistil travel problem
" Bheadh comhoibriú trasteorann ann go fírinneach agus tá an dá áit chomh gar sin dá chéile nach mbeadh fadhb taistil ag duine ar bith.
a thaistilíonn who travel
" Tá caife agus siopa ansin, agus scannán a léiríonn scéal drámatúil faoi bheirt pháistí a thaistilíonn tríd an am ón Aois Mhéisiliteach go dtí ré theacht na Críostaíochta.
Treoraí Taistil Ama Time Travel Guide
" Is “Treoraí Taistil Ama” í Karen, a mhíníonn na sean-nósanna do chuairteoirí.
gníomhaire taistil travel agent
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
Léiriú taistil travelling production
" Léiriú taistil de chuid Amharclann Náisiúnta Shasana a bhí ann.
gníomhaire taistil travel agent
" Yolanta is ainm dom agus is gníomhaire taistil mé.
coinníollacha taistil conditions of travel
" Fiú, bhí na coinníollacha taistil scríofa i nGaeilge ar thaobh amháin de thicéid Bus Éireann, rud a chuir ionadh orm.
thaistil mé I travelled
" Ina dhiaidh sin, thaistil mé go cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.
thaistil mé I travelled
" Ina dhiaidh sin, thaistil mé go cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.
i gcomhair taistil for travel
" Beidh tuarastal de bhreis is $20,000 (€12,500) sa mí acu agus costais bhreise i gcomhair taistil ar fud an toghlaigh.
shuímh ghréasáin taistil travel websites
" Is iomaí díospóireacht a bhíonn ar siúl mar gheall orthu, go háirithe ar shuímh ghréasáin taistil mar Lonely Planet ((www.
thaistil sé he travelled
" Ansin thaistil sé trasna na hAlban agus bhain sé clú agus cáil amach mar mhisinéir.
mórán taistil a dhéanamh. to do much travelling.
" ***AÓF: An bhfuil i gceist agaibh a bheith ag taisteal thart agus ag seinm in áiteachaí eile amach anseo?*** CNicG: Táimid go léir ar an ollscoil faoi láthair agus, mar sin, níl aon am againn mórán taistil a dhéanamh.
na ceoltóirí taistil the travelling musicians
" Tá an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
nuair a thaistil daoine go minic when people travelled regularly
" Ach sa seanam, nuair a thaistil daoine go minic ar an fharraige, bhí sé measartha éasca é a shroicheadh ó Éirinn agus neart áiteanna eile – níos éasca ná mar atá sé anois, muna bhfuil do bhád féin agat.
ó chomhlacht taistil. from a travel company.
" Fuair mé amach go bhfuil sé i bhfad níos saoire dhá thicéad a fháil, ceann amháin ag an phort do na báid agus ceann eile ar an bhus, ná ticéad amháin don turas iomlán a cheannach ó chomhlacht taistil.
thaistil sí ó cheann ceann na tíre she travelled from one end of the country to the other
" Bhí sí tráth i lámha duine de bhanna ceoil an Gharda Síochána, ar feadh blianta, agus ina theannta thaistil sí ó cheann ceann na tíre agus bhí sí leis nuair a sheinn sé i ngach halla paróiste agus ag gach féile is fleadh in Éirinn.
níos mó taistil more travel
" Do bharúil, cad é atá i ndán do Rough Magic maidir le léiriúcháin nua, taisteal agus mar sin de?*** *** Ba mhaith le Rough Magic níos mó taistil a dhéanamh in Éirinn agus thar lear.
mar mhodh taistil cathrach, as an urban mode of transport,
" Mar gheall ar chomh tapa is atá an rothar mar mhodh taistil cathrach, thug an chathair suntas dó le tamall anois, agus ó 2004 amach, is féidir rothaíocht timpeall imlíne oileán Manhattan (32 mhíle ar fhad) ar raon rothar darb ainm an Manhattan Greenway, gan ach cúig mhíle nó mar sin a chaitheamh ar shráideanna.
an Lucht Taistil; the Travellers;
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo. that their ancestors stuck to this efficient mode of transport.
" Tá an t­-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
Cúpla uair taistil A couple of hours travel
" ** ** Tongariro Cúpla uair taistil síos an bóthar agus tá tú ag Tongariro, ar sliabh mór maorga é.
gur thaistil siad an domhan ar luamh, that they travelled the world by yacht,
" Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach.
fonn taistil a desire to travel
" Nuair a thaispeántar eitleán atá trí thine ar gach clár nuachta, ní bhíonn fonn taistil ar dhaoine.
Thaistil sí go gach cearn den tír She travelled to every corner of the country
" Thaistil sí go gach cearn den tír agus chuir agallamh ar dhaoine spéisiúla faoin saol a bhí caite acu.
éilimh ar chostais taistil, travel cost claims,
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
mo chuid taistil my travel
" Cionn is go raibh mo chuid fostóirí ag íoc as an turas, bhí mé ag iarraidh mo chuid taistil ar fad a bheith chomh compordach is a thiocfadh leis a bheith – agus an buiséad taistil uilig a úsáid! Agus na cathracha seo chomh gar dá chéile, ní bheadh ciall ar bith le heitleán a ghlacadh.
socruithe taistil travel arrangements
" Bhí an turas go Manainn déanta agam cúpla babhta cheana ar an eitleán ach ó tharla seirbhís báid as Baile Átha Cliath a bheith ann sa samhradh, agus mise a bheith ag cuimhneamh ar an lorg carbóin a d’fhágfainn i mo dhiaidh, shocraíos dul i dteagmháil leis an Isle of Man Steam Packet chun na socruithe taistil a dhéanamh.
Is beag suíomh taistil few travel sites
" Is beag suíomh taistil nach bhfuil nasctha le GoogleMaps.
ceart chun taistil right to travel
" Ba iad ginmhilleadh agus an ceart chun taistil na ceisteanna móra a bhí i gceist agus mé i m’fhochéimí.
mhodh taistil a means of transport
" Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
Saol an taistil a life of travel
" agus thit an tóin as ansin!” Saol an taistil An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, Saol an taistil agus saol an bhaile.
Cead Taistil travel permit
"Cead Taistil Deir Ging go ndearnadh ionsaí, ní ar bonneagar na sceimhle ach ar bonneagar geilleagar Ghaza.
thaistil travel
" I dtíortha eile, bíonn tionscail bheaga bunaithe ar a leithéid de chosáin, idir lóistín, bheatha, thaistil, lucht aistriú málaí srl.
taistil travel
" Is Meiriceánach í a dhéanann an-chuid taistil ina cuid oibre le comhlacht mór idirnáisiúnta teicneolaíochta – nach méanar di! Thug mé faoi deara giolc áthais uaithi lá amháin ag rá go raibh Foursquare tagtha go Baile Átha Cliath.
taispeántas taistil travel exhibition
" Is taispeántas taistil é Endurance: *Shackleton’s Antarctic Adventure*, atá eagraithe ag *The American Museum of Natural History*, Nua-Eabhrac, agus tá sé le feiceáil anseo i Learpholl, don chéad uair sa Bhreatain, go dtí Feabhra 27 2011.
thaistil sé he travelled
" Mar sin, thaistil sé as Southampton go Cherbourg agus d’fhág sé an Titanic ag Cóbh.
sonraí taistil travel details
" - (b)“Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”: cuir seastán rothair os comhair an tsiopa agus cuir scáthanna fearthainne ar fáil dóibh siúd atá ag siúl chuig carr nó cabhraigh leo a gcuid earraí a iompar a fhad leis an gcarr agus bí cinnte go gcuireann tú eolas chucu faoi na háiteanna is fearr agus is saoire le páirceáil sa cheantar: cruthaigh mapa ar Googlemaps le sonraí taistil iomlána air agus clóigh amach léarscáil bhrandáilte agus coinnigh ar an gcabhantair iad.
thaistil tú you traveled
" Má bhí tú ag iarraidh rud a cheannach le déanaí in Éirinn, seans maith gur shiúil tú isteach go lár na cathrach, nó b'fhéidir gur thaistil tú ar an bhus.
thaistil sé it travelled
" Tar éis dó duais an scannán faisnéise is fearr ag an bhféile a bhuachan thaistil sé go Toronto Ceanada, áit ar ghlacadh leis go fáiltiúil.
cléireach taistil travel assistant
" Bhí líon áirithe mílte le taisteal mar chuid den phacáiste a bhí againn agus mhol an cléireach taistil dúinn cuairt a thabhairt ar na hOileáin Mhic Cùga ar an mbealach ón Nua-Shéalainn go Taihítí.
thaistil travelled
" " An Leadóg Idirnáisiúnta agus Nicaragua ================== Bhí Caitríona i gcónaí maith ag an leadóg, ag imirt d'Éirinn sa *Confederation Cup*, agus mar imreoir proifisiúnta, thaistil sí an domhan.
laethanta taistil travelling days
" Tugtar ‘journées rouges/noires’ ar na laethanta taistil sin, ag brath ar cé chomh trom is a bhíonn an trácht.
thaistil mé I travelled
" Ar rothar a bhí mé an chéad uair a thaistil mé siar bóthar Chois Fharraige.
thaistil sé he travelled
" Is cinnte gurbh éigean do Bharack Obama ceann a thaispeáint chun clóichead a fháil i 1967, nuair a thaistil sé lena thuismitheoirí go dtí an Indinéis, agus i 1981, nuair a thaistil sé ansin arís, agus ar aghaidh chun na hIndia agus na Pacastáine an bhliain chéanna.
idir thuarastal agus chostais taistil salaries and travel costs included
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
filí taistil travelling poets
" Ar ndóigh is féidir na filí taistil, leithéidí Raiftearaí, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Mícheál Mac Suibhne sa naoú haois déag á áireamh ina measc freisin.
tionscal an taistil the travel industry
" I measc na ngothaí eile atá athruithe tá tionscal an taistil, tionscal na fógraíochta, tionscal na teilifíse, agus tionscal na baincéireachta.
chóir thaistil a means of transport
" Tá súil agam nach raibh aon timpist nó géarchéim leighis an mhaidin sin i Samarkhand agus an t-otharcarr gafa againne mar chóir thaistil.
fonn taistil a wander lust
dhialann taistil travel account, diary
" Ach, abair liom mar gheall ar Shéamus Ennis, agus ‘Mise an fear Ceoil’, an leabhar inar chur tú a dhialann taistil ó 1942 go dtí 1946 faoi bhráid an phobail.
chomhlacht taistil travel company
" Tógadh i longchlós Harland agus Wolff i mBéal Feirste í don chomhlacht taistil White Star Line agus ba é an soitheach gaile paisinéara ba mhó ar an domhan é ag an am, rud a spreag suim ollmhór idirnáisiúnta ann.
thaistil travelled
" Tá litreacha agus cártaí poist ó gach cearn den domhan ó thaistil mo mháthair baiste an-chuid mar go mba fostaí le hAer Lingus í.
mo chuid taistil my travel(s)
" Chaith mé coicís i mbaile feirme darb ainm Dachbar i gceantar Samarkand sa Úisbéicisteáin le linn mo chuid taistil san Áise.
Thaistil travelled
" Thaistil Elisabeth Merceron, Uachtarán Div Yezh Brest (cumann tuismitheoirí na scoileanna dhátheangacha) chuig an agóid lena beirt iníonacha, Bleuenn (7) agus Maï (5).
comhlachtaí taistil travel companies
" Is féidir leis na comhlachtaí taistil na coigilitis chéanna a dhéanamh freisin.
Thaistil sé fud fad na tíre sin he travelled all of that country
" Thaistil sé fud fad na tíre sin agus ba mhinic 6000 míle in aghaidh na seachtaine á chur de aige agus súil á coimeád aige ar a chuid gnólachtaí.
cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh communications and travel (were) disrupted
" Leis an gcorraíl a bhí san Eoraip sna tríochaidí, cuireadh cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh.
a lán taistil déanta had done a lot of travelling
" Aontaím léi, ár ndóigh, ach bhí sé go maith an tuairim chéanna a chloisteáil ó bhean a raibh a lán taistil déanta aici ar fud an domhain.
cead taistil right to travel
" Mar a mheabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála: Tá cead taistil ag aon saoránach Éireannach ar bhun a phas Éireannnaigh.
cur go mór lena árachas taistil add on big time to his travel insurance
" B’éigean do Bhalor bocht cur go mór lena árachas taistil nuair a chuala lucht an árachais cén áit a raibh a thriall.
Thaistil siad an t-achar fada they travelled the long journey
" Thaistil siad an t-achar fada ó na Stáit Aontaithe le bheith ina n-adhmholtóirí agus ina n-iompróirí brat bróin ar a shochraid.
bhain sé feidhm as a bharantás taistil he used his travel warrant
" Níor chuir Seirbhís Náisiúnta stad le ceol Sheáin, mar bhain sé feidhm as a bharantás taistil ón RAF le dul ar ais go Co.
chead taistil travel permit
" “Nuair a d’fhága mé an scoil bhí fonn bóthair orm ach ní raibh aon chead taistil againn.
cathaoir rotha an modh taistil atá aige his mode of transport is the wheelchair
" Tá sé gar don chéad anois agus cathaoir rotha an modh taistil atá aige anois.
a thaistil iomlán an bhealaigh who travelled the whole way
" Bhí aoi thar a bheith speisialta ag an teacht le chéile ar an bhaile sin, fear a thaistil iomlán an bhealaigh ó Washington DC le bheith lena mhuintir agus lena shinsir chun bliain an *Gathering* a cheiliúradh ina gcomhluadar.
thaistil sé go forleathan he travelled widely
" Tar éis do Cheiro roinnt blianta a chaitheamh ag cur faoi i Londain – sa tréimhse chéanna thaistil sé go forleathan ar fud an domhain - thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe mar ar fhan sé ar feadh a shaoil.
is é i mbun taistil as he travels
" Bíonn daoine, coimhthígh, ag faire amach dó is é i mbun taistil, rud nach dtarlaíodh nuair a bhí radharc na súl aige.
deis taistil dúinn an opportunity to travel
" Ag an am céanna, áfach, tugann an diabhal géarchéime in Éirinn deis taistil dúinn mar cuireann sí iachall orainn dul thar lear ar thóir na hoibre agus an deis chun aithne a chur ar chultúr iomlán éagsúil lenár gcultúr féin.