Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú that all the photos taken on that day couldn't be depended upon to prove the truth
" Chruthaigh an taithí sin, dar leis, nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú.
Rinne Diarmaid trua don mháthair Diarmaid took pity on the mother
" Rinne Diarmaid trua don mháthair agus thairg sé cuidiú léi a cuid málaí a thabhairt ón bhus.
seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh to take off on Sunday morning
" Le fírinne, bímse in éad leo sin a bhfuil sé d'acmhainn agus de shaoirse acu seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh (nó, níos fearr fós, maidin Dé Sathairn) agus aghaidh a thabhairt seachtain i ndiaidh seachtaine i rith an tsamhraidh ar cheann de mhórionaid Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre.
go ndearna an freastalaí grá Dé air until the waiter took pity on him
" Shuigh sé siar bomaite ag stánadh ar an rud go dtí go ndearna an freastalaí grá Dé air; tháinig seisean anall agus thug sé buille láidir don chaora idir an dá chluas agus scoilt an blaosc.
rinne duine acu grá Dé one of them took pity on her
" Sa deireadh rinne duine acu grá Dé agus lig sé isteach iad.
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh taking in everything that was going on
" Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.
a rinne cion fir ar son na síochána who took a stand on behalf of peace
" Fear cróga Críostaí a bhí in Hume a rinne cion fir ar son na síochána in Éirinn.
teacht i dtír take advantage, capitalise on
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
a ghabháil uirthi féin. to take on
" Mura bhfuil go leor saineolais nó taithí ar fáil i dtír atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh – má tharlaíonn timpiste in aerspás tíre bige, cuir i gcás – is féidir le tír eile a bhfuil baint aici leis an tionóisc freagracht an imscrúdaithe a ghabháil uirthi féin.
teacht roimh take on, overcome
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta taking care of those who arrive on visits
" I mbun a dhualgas arís atá sé, ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta, ar mhaithe leis an tír.
a tarraingíodh is a roinneadh ar which were taken and shared on
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
léiríonn gach pobalbhreith ar an ábhar all polls taken on the subject show
" Fuarchúis an Phobail ========= Cé go bhfuil ceist na mbád neamhúdaraithe ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitiúla, léiríonn gach pobalbhreith ar an ábhar go bhfuil bunáite mhuintir na hAstráile patuar faoin gceist.
Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh no matter what take you have on the census
" Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh, is léir go mbeidh náisiúnaithe mar chuid den réiteach ó thuaidh.
tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh she takes on a war criminal
" Fad is atá sí lonnaithe ann, tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh agus ar mhangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile.
a fuair greim docht ar aigne na hÉireann which took a firm grip on the Irish psyche
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
fós le gabháil i bhfeidhm ar yet to take effect on
" Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide.
dul sa bhfiontar le tuairim to take a chance on a opinion
" Is mó mar spórt é dul sa bhfiontar le tuairim agus fanacht go dtiocfadh nó nach dtiocfaidh an tuar ar an tairngreacht.
an cúram orthu féin took on the duty themselves
" I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
aghaidh a thabhairt ar cheannaireacht to take on the (responsibility of) leadership
" Athrú Treo ===== Ghlac Ignatieff leis an gcuireadh imeacht ó Harvard, suíochán parlaiminte a bhuachaint i dToronto agus aghaidh a thabhairt ar cheannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh agus 24 Sussex Drive a bhaint amach sula bhfad.