Pota Focal Intergaelic
ale | stale | table | tae | alt
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scéal nach bhfuil mórán dealraimh air a most improbable tale
" "Is é sin, fhad is a bhí sé (Collins) beo …" Leis an chasadh spraíúil seo, cuireann McEvoy - a bhog ó Bhaile Átha Cliath go Nua-Eabhrac lena thuismitheoirí nuair a bhí sé trí bliana go leith - tús le scéal nach bhfuil mórán dealraimh air.
finscéalaíochta legendary tales
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
a ruball féin its own tale
" Ainmhí é siúd a itheann a ruball féin.
scéalta draíochtúla magical tales
" Dúirt muid amhráin sa rang - rud nach ndéanann Sasanaigh go minic - agus léigh muid scéalta draíochtúla ón bhéaloideas.
scéalta uafáis tales of horror
" I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh.
scéala úr iontais an amazing new tale
"scéala úr iontais é seo, ach is breá liom an t-idirlíon.
scéalaí the teller of the tale
" Thuig an té a chreid an scéal agus thuig an scéalaí féin nár chreid éinne eile dá raibh i láthair a raibh cloiste againn.
scéal iontais wonder tale
" B’fhearr liom a chlos gur tugadh daoine os comhair cúirte is gur fritheadh ina n-éadan agus nach ndéanfaí aon scéal iontais ar na meáin de.
scéaltaí tales
" Athcraoladh an tsárshraith raidió 'Glórtha ón Gorta' le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar *'Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939*' le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom.
Bíonn Ciúin Ciontach silence tells its own tale
" Bíonn Ciúin Ciontach Tá an DUP féin iontach ciúin faoin scéal, ach tá saol pearsanta duine dá bhfeisirí i mbéal an phobail fosta.
cor sa scéal a turn in the tale
" Léirigh an tuarascáil NILS thuasluaite, ámh, go bhfuil cor sa scéal a mheasaim go bhfuil i bhfad níos tábhachtaí ná aon togra rialtais.
inste scannáin tale/delivery of a film line
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
fabhalscéal legendary tale
"fabhalscéal ag La Fontaine, An Criogar agus an Seangán1, ina bhfeictear an criogar ar cuairt chuig an seangán ag tús an fhómhair ag lorg cúnaimh go dtí go mbeidh an drochshéasúr thart.
Mionscéalta nuachta small trifling tales
scéalta dúrúnta the secret tales
" Bhí spéis aige a bheith ag tochailt níos doimhne ná sin, le go scaoilfeadh sé saor lena chuid scuaba péinte na scéalta dúrúnta a bhí faoi cheilt sa tírdhreach.
ag spalpadh a scéil yapping his tale
" Imirt an Dráimh ag an Mámh =============== Go tobann bhí an fothaispeántas i lár an aonaigh, le Trump ag spalpadh a scéil ar gach clár teilifíse a ghlacfadh leis.
ina gcuid scéalta in their tales
" Ba liosta le háireamh na scribhneoirí a d’úsáid carachtair ón Lucht Siúil ina gcuid scéalta agus drámaí.
scéalta scaoill tales of panic
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
a scéal báite ag their tale drowned out by
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
d’inseoidís scéal cráite they’d recite a tale of desparation
" ‘Dá mbeadh scéal ag na clártha, d’inseoidís scéal cráite.
scéal ainghnímh tale of evil deed
" Ní luafar, áfach, gur chreid an dream sin gach scéal ainghnímh ón mbuíon chéanna roimh an “idirghabháil dhaonnúil” ar mhaithe leis na daoine sin a chosaint.
seanchais cois tine tales by the fireside
" Chuala mé neart scéalaíochta agus seanchais cois tine ó mo mhuintir agus ó na comharsana.
scéal aisteach strange tale
" Thosaigh scéal aisteach Frank Buckley mar a thosaigh scéalta a lán daoine ag an am, nuair a cheannaigh sé teach ar €365,000.
a bheith ag cumadh scéalta to be composing tales
" Tá an chuma air gur maith le daoine a bheith ag cumadh scéalta.
Scéal coscrach a heart wrenching tale
" Scéal coscrach atá ann, cinnte, ach tá greann dorcha agus íoróin ann fosta.
Scéal iontach a wonderful tale
" Scéal iontach ó dhuine de mhórúdair leabhar do dhaoine óga.
na scéalta laochais hero tales
" Scéalta faoi dhíbeartaigh, smuigléirí agus dreamanna imeallacha ar nós na chéad Chríostaithe ag lorg tearmainn is ea a bhformhór; is féidir iad a áireamh i measc na scéalta laochais chomh maith.
an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar the piteous tale greatly affected
" Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe.
cén drochscéal ar what dark tale
" Cá bhfios cén drochscéal ar Barack Obama atá á choinneáil siar le foilsiú roimh lá an toghcháin? Ní bheidh sé thart go mbeidh sé thart.
bunaithe ar gach scéal based on every tale
" Cnoc Muaidhe ===== "Baineann ábhar na n-amhrán atá ar Clocks leis an taithí saoil as ar fáisceadh iad ach ní raibh mé iarraidh amhráin a scríobh agus iad bunaithe ar gach scéal i mo cheap sinsir.
na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís the idiots who swallow their tale of fear
" A bhuíochas de thionscal na ngunnaí agus de na hamadáin a shlogann siar a theachtaireachtaí faitís, braitheann gach Meiriceánach anois gur thargaid é sa teach agus ar scoil.
na scéalta uafáis the tales of woe
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
a sceith ar which told the tale on
" Ní hiad na crúba thíos faoi a sceith ar Bheelzebub i scannán an Mheirceánaigh, áfach.
scéalta faoi laochra as Éirinn heroic tales of Ireland
" Anois, bím ag léamh scéalta faoi laochra as Éirinn le mo pháistí san oíche.
scéal éirimiúil searbhasach a lively and caustic tale
" Fearg, agus náire fiú, a chothaigh cáineadh den chineál sin i mbrollaigh daoine cosúil le Donn Piatt, Gaeilgeoir de leathbhunadh Meiriceánach a scríobh scéal éirimiúil searbhasach, “Na Néalladóirí”, (.
a ndearnadh cur síos ar a scéal léin whose tale of woe was described
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
Níl sa dá scéal seo ach blaiseadh beag these two tales are just a small foretaste of
" *Harvest of Empire* ======= Níl sa dá scéal seo ach blaiseadh beag den chur síos a dhéantar sa scannán faisnéise Harvest of Empire ar roinnt de na cúiseanna leis an imirce ó Mheiriceá Laidineach go dtí na Stáit Aontaithe.
sheanscéalta na nGréigeach the old Grecian tales
" Chuireadar snas nua-aimseartha mar shampla ar sheanscéalta na nGréigeach - chromadar fé Medea i 2009 le medEia ar an urlár b’uachtaraí i Halla an Chontae.
Scéal fada ar an easpa a long tale of being in want
" Cén chaoi a bhfuil an scéal maidir le foclóir maith Béarla-Gaeilge in Éirinn? Scéal fada ar an easpa! Níl aon mheas ar fhoclóir Gaeilge ach rud atá i bhfad as dáta.
Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo sad were the tales of these men
" Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo agus bhain siad craitheadh as achan duine a chuala iad.
an méid scéalta atá fós gan insint the amount of tales still untold
" Léiríonn leabhar úr a dhéanann cur síos ar an bhaint a bhí ag imirceoirí as Éirinn le díormaí coiriúlachta i nGlaschú an méid scéalta atá fós gan insint sa leagan oifigiúil de stair na tíre seo.
den fhinscéal of the fiction(al tale)
" Is cuid den stair an chuid eile den fhinscéal.
Insítear scéal cáiliúil amháin faoi one famous tale is told of him
" Insítear scéal cáiliúil amháin faoi, agus cinnte, is foinse ár dtraidisiúin féin faoin Nollaig é.
Is maith an scéalaí an aimsir time tells a tale
" Is maith an scéalaí an aimsir: bhí an ceart againn.
Fear cíortha na fulaingthe móire the man who teases out the tales of immense suffering
" Fear cíortha na fulaingthe móire.
Fuair an scéal an ceann is fearr air he was overcome by the tale
" Fuair an scéal an ceann is fearr air.
Scéal grinn aigneolaíoch a funny psychological tale
" Scéal grinn aigneolaíoch atá déanta aige, scannán an chomhchaidrimh.
scéilín nó eachtra cumhachtach luaite a small tale or a powerful incident mentioned
" An bhfuil scéilín nó eachtra cumhachtach luaite leis an amhrán áirithe sin? An bhfuil mothúcháin dhoimhne le brath ann? Na mothúcháin chéanna sin a chur trasna ar an lucht éisteachta – sin is amhrán ann i mo thuairimse.
Goilleann uafás an scéil orm the horror of the tale upsets me
" ’* Goilleann uafás an scéil orm.
cé a mhair leis an scéal a aithris who lived to tell the tale
" An cheist atá ann: má báthadh an slua, cé a mhair leis an scéal a aithris? Tá an freagra i seanchas na háite.
scéalta s’againne our tales
" Roghnaigh siad scéalta s’againne, Tricia, mé féin agus Bridget Breathnach.
scéal a bheatha his life’s tale
" Eachtra Thomáis Uí Chaiside is ainm do scéal a bheatha, rud a scríobh sé tuairim agus 1740.
scéal na Rómáine atá á chíoradh anseo the tale of Romania (is) being told here
" Is é scéal na Rómáine atá á chíoradh anseo, conas a thagann tír scriosta chuici féin arís agus fulaingt dho-inste na mblianta a chur di ag an am céanna.
Chríochnaigh sé le scéal grinn he wrapped up with a funny tale
" Chríochnaigh sé le scéal grinn a chuir an slua mór sa seomra ag gáirí.
fhinscéalaíocht romantic, legendary tales
" Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid.
Scéal forálach a cautionary tale
" Scéal forálach faoi bheith ag iarraidh do bheatha a thabhairt i dtír mar cheoltóir in Fuerteventura, le Colm Ó Snodaigh.
scéalta againne our tales
" An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt.
scéalta na ndaoine the tales of people
" Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil athrú ag teacht ar dhearcadh mhuintir na Sé Chontae mar gheall ar nochtú fhírinne roinnt de scéalta na ndaoine a maraíodh agus roinnt de scéalta na ndaoine atá ar marthain!
athchóiriú den scéal an adaption of the tale
" Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre.
scéal tubaisteach the terrible tale
" Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.
scéal tubaisteach tragic tale
" Chaith Brian Ó Broin súil ar roinnt fíricí de scéal tubaisteach Trayvon Martin.
Bhuail splanc fiannaíochta a fit of fenian tales hit
" Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh nó is i mbun taighde a bhí sé ar an áis ríomhaireachta, nó an áis tochmhairc, Tinder.
seanscéalta laochais old heroic tales
" ‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.
de laochas na litríochta agus an bhéaloidis of heroic tale in literature and in folklore
" Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.