Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tallainne talent
" Agus déanann siad ar fad an iarracht chéanna! I ndeireadh na dála is í an cheist mhór atá á cur ná an bhfuil íocaíocht tuillte ag na himreoirí sin agus ar cheart dóibh bheith gairmiúil agus a gcuid fuinnimh agus tallainne go léir a chaitheamh leis an mbua atá tugtha ag Dia dóibh.
thallann talent
" D'éirigh mé tuirseach róluath den pheann agus lig mé mo thallann le sruth.
bua na haisteoireachta acting talent
" Tá sé sásta a rá amach go neamhbhalbh go bhfuil cuid de na haisteoirí sa chlár nach bhfuil bua na haisteoireachta acu.
bua talent
" Ach mar sin, tá Caisleán na mBrianach go buacach le feiceáil ar bharr an aird go dtí an lá atá inniu ann.
tallann talent
" Ar na láidreachtaí, dar liom, tá tallann, samhlaíocht, díograis agus fuinneamh na foirne - is iontach an méid agus an réimse rudaí a dhéanann siad; tá an t-ádh linn chomh maith go bhfuil daoine iontacha againn mar chomhfhreagraithe nó a mbíonn páirt rialta acu sna cláracha.
buanna talents
" Tá na buanna agus na cáilíochtaí uilig aici, a deir sí go neafaiseach lom, ach gan sotal ar bith, chun tabhairt faoin obair seo.
buanna talents
" Ba é Conall agus Deborah Stockdale, fíodóir Meiriceánach atá ina cónaí sa Ghleann le fada, an bheirt a thug faoi deara go raibh gá le grúpa ealaíne chun leas a bhaint as na buanna seo.
tallann ar leith special talent
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad that a novelist with no talent whatsoever would write
" Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
tallainne talent
" Bhí súil Peter Reid i gcónaí ar an Eircom League ag cuartú tallainne eile mar seo agus tá cúig Éireannach déag eile ag Sunderland.
buanna áirithe certain talents
"buanna áirithe ag gach duine agus tuigeann daoine céard iad na buanna sin.
bua na cumadóireachta talent for writing
" Lance, mar shampla, níl bua na cumadóireachta aige - cumann sé roinnt amhrán, ach píosaí ceoil, ní hé sin a rud.
na mbuanna iontacha a bhí acu a chur faoi cheilt to hide their great talents
" Chonaic mé roinnt acu ag iarraidh na mbuanna iontacha a bhí acu a chur faoi cheilt mar nach raibh siad ag iarraidh seasamh amach," a deir Denise.
bua na cainte talent for speaking
" Bhí, agus tá i gcónaí, bua na cainte ag Seán agus chabhraigh sé sin go mór leis ag an tús chun na himreoirí a thabhairt leis.
mhórbhuanna great talents
" Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.
bhuanna pearsanta personal talents
" Is éard atá i gceist leis seo go praiticiúil, dar leis, ná gur ceart don duine feidhmiú de réir a bhuanna pearsanta féin agus na buanna san a fhorbairt an méid agus is féidir.
buanna talents
" Is léir go dtuigeann sé a chuid buanna féin agus go bhfuil sé istigh leis féin.
bua ar leith special talent
" Maidir le Michelle, aithnítear go forleathan cheana féin go bhfuil bua ar leith aici.
leis an tallann atá aici a fhorbairt to develop the talent that she has
" Tuigeann sí go bhfuil ceird na filíochta aici, ach deir sí go bhfuil aiféala uirthi anois nár oibrigh sí níos crua leis an tallann atá aici a fhorbairt.
tallann úr a fhorbairt to develop new talent
" Níl mórán deiseanna ann tallann úr a fhorbairt.
féith na garraíodóireachta talent for gardening
" Is as an Ghearmáin é agus tá féith na garraíodóireachta ann.
buanna speisialta special talents
" Aithníonn Vermeer go bhfuil buanna speisialta ag an chailín, a fuair sí ó bheith ag cuidiú lena hathair (péintéir tíle a chaill radharc na súl), a chuireann ar a cumas rudaí a fheiceáil lena súile féin.
talainn talent
" Ba chur amú ama agus airgid agus talainn é sin.
buanna talents
" Cad iad na buanna a bhí acu a raibh meas agat orthu? Dílseacht, ní hamháin don dúchas ach don luach atá i ndaoine óga, coinsias a bheith acu a ndícheall a dhéanamh chun cuidiú le daoine eile; flaithiúlacht agus éifeachtacht.
bua talent
" Cad iad na buanna a bhí acu a raibh meas agat orthu? Dílseacht, ní hamháin don dúchas ach don luach atá i ndaoine óga, coinsias a bheith acu a ndícheall a dhéanamh chun cuidiú le daoine eile; flaithiúlacht agus éifeachtacht.
bua talent
" "Athrú cultúir mór a bhí ann - slua mór buachaillí agus iad ar fad ag bataráil a chéile.
féith an cheoil talent for music
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
bua ar leith a special talent
" Ba léir go raibh bua ar leith ag John nuair a chas sé ag ceolchoirm cheantrach an bhliain dár gcionn.
thalann talent
" Mar theist ar an obair sin agus ar thalann na ndornálaithe, níor chaill an cumann aon chraobhbhabhta le 19 mbliana anuas sa ghrád Idirmheánach.
tallann chruthaitheach creative talent
" Bhain sí úsáid as a tallann chruthaitheach scór bliain ina dhiaidh sin, le linn di a bheith i mbun scríobh Mo Leabhar ABC, leabhar oideachasúil do pháistí atá ag cur eolais ar litreacha na haibítre.
tallann ar leith special talent
" Togha na filíochta agus an cheoil Éireannaigh agus Albanaigh, deis casadh le daoine a bhfuil tallann ar leith acu, agus deis feiscint cé chomh beo is atá teanga agus traidisiúin ár gcol ceathracha Ceilteacha.
tallann talent
" Teastaíonn uaim gach tallann, gach páiste le smaoineamh nua, gach duine a bhfuil spéis aige, fiú, a bhogadh i dtreo na n-ealaíon.
tallann talent
" Is léir fosta gur fear é atá sásta lena ghairm bheatha, cé go maíonn sé go modhúil nach bhfuil “cumas speisialta nó tallann aige”.
buanna ar leith special talents
" Aithníodh agus é ina pháiste go raibh buanna ar leith aige san ealaín agus cuireadh chuig Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath é nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d’aois.
a gcuid tallainne féin their own talent
" Beckham agus araile i bPáirc an Chrócaigh is a chuirtear rompu féin is dóigh liom go mbeidh siad ag súil le níos mó ná cupán tae agus cúpla ceapaire tar éis dóibh a gcuid tallainne féin a léiriú os comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh.
cur amú thallann na n-aistritheoirí a waste of the translators' talent
" "Ní hamháin gur cur amú airgid é seo,” a deir Donncha, “ach is cur amú thallann na n-aistritheoirí atá freisin ann.
tallann talent
" (f) Chun seans a thabhairt do dhaoine a dtallann agus a gcruthaitheacht féin a aimsiú agus a fhorbairt agus seans a thabhairt dóibh cur lena gcuid scileanna trí cheardlanna oiliúna a eagrú dóibh, sa gcaoi is go mbeidh seans níos fearr acu obair fhiúntach a fháil sa gceantar.
thallann talent
" Is ardán é do thallann óg na cathrach.
bua talent
" Bhí (Heinrich) Wagner ann freisin agus bhí Breandán Ó buachalla ann ar feadh tamaill agus mise ansin.
buanna speisialta special talent
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
bua na péintéireachta talent for painting
" Ní haon ionadh é nach bhfuil ach céatadán beag cat ann a bhfuil bua na péintéireachta acu agus más rud é nach bhfuil bua na scuaibe ag do mhogaí féin, ná bíodh aon lagmhisneach ort.
buanna ar leith special talents
" Cinnte bhí buanna ar leith ag daoine áirithe sa ghrúpa ach ní thar moladh beirte a bhíomar i ndáiríre agus, mar sin, níor shroicheamar babhtaí ceannais leithéidí Shlógadh, mar ba dhual do ghrúpaí ceoil na scoile.
bua millteanach great talent
" Léiríonn an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo an bua millteanach a bhí ag an ealaíontóir teasaí a dhear é, agus is fiú go mór am a chaitheamh ansin chun meabhrú air.
bua na scríbhneoireachta talent for writing
" Deir sé nach raibh bua na scríbhneoireachta aige sna blianta tosaigh sin, áfach.
bhua talent
" Fiú amháin, tar éis dó a bheith bainteach le foireann bhuach Cheanada sna Cluichí Oilimpeacha ceithre bliana ó shin, bhíodar ann a d’amharc air mar stiúrthóir in ainm amháin.
bua na cumarsáide a talent for communication
" Bíonn bua na cumarsáide ag an pháiste dátheangach i mbealach speisialta, ní bhíonn moill air/uirthi modhanna éagsúla a oibriú amach chun fadhbanna a réiteach sa seomra ranga nó sa chlós.
de bharr na tallainne a bhí aige because of the talent he had
" Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
do thallann óg na cathrach for the young talent of the city
" Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig sé ar an bhfód, tá forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, tá daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus tá ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.
a lán buanna a lot of talent
"a lán buanna ag an fhoireann; is ceoltóir é Stefan, mar shampla, is bean fuála í Margaret, a dhéanann cultacha stairiúla agus is réalteolaí é Mike.
d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí of the variety of the talent of the artists
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
bua talent
" Ní bhíodh mórán teagmhála agam le buachaillí agus méar scoil agus rinne mé mo dhícheall maidir le hobair scoile".
bua na líníochta a talent for drawing
" Cé go raibh bua na líníochta aige, bhí postanna éagsúla aige i dtús a shaoil; chaith sé seal ag obair mar bhaincéir, cuir i gcás, mar scríbhneoir drámaí agus mar dhornálaí amaitéarach.
ag cothú tallann cheoil áitiúil. developing local music talent.
" Thosaigh sé ionad ceoil, The Flying Picket, san ionad do lucht dífhostaithe i lár na cathrach sna 1980í, áit a ndearna sé sárobair ag cothú tallann cheoil áitiúil.
neart tallainne ceoil áitiúil plenty of local musical talent
" "Tá neart tallainne ceoil áitiúil ann faoi láthair agus cuireann muid chun cinn é ar shuímh ghréasáin mar (www.
cúthail faoi mo thallann féin shy about my own talent
" Bhí mé cúthail faoi mo thallann féin agus scríbhneoirí mar Patricia Grace, Keri Hulme (a bhuaigh Duais Booker) agus Apirana Taylor ag saothrú leo.
bua nádúrtha natural talent
" Bhí bua nádúrtha ag Rembrandt ó thaobh na péintéireachta de agus d’éirigh go maith leis go luath ina shaol.
an bua a bhí agam the talent that I had
" Ón lá sin amach bhí greim ag an amhránaíocht orm! I ndáiríre, is dóigh liom gur blianta tábhachtacha iad na blianta a chaithimid sa bhunscoil agus bhí an t-ádh liom go raibh múinteoir ann a chonaic an bua a bhí agam agus chabhraigh sé sin go mór.
tallann talent
" Is léir go bhfuil misneach agus dóchas ar leith acu, go gcreideann siad iontu féin agus an tallann atá acu.
an bua seo this talent
" (Déantar an bua seo a bhí aige a chomóradh i ndán Laidine a scríobh manach de chuid na hÉireann síos ag Reichenau ar Loch Constance timpeall na bliana 750.
buanna intleachtacha intellectual talents
" Agus má bhí buanna intleachtacha acu, bhí míbhuntáistí eile acu – d’imir an croí a thionchar féin ar an cheann.
bua fíorthábhachtach amháin one very important talent
" Deirim sin toisc gur léirigh siad ina gcuid cluichí i mbliana go bhfuil bua fíorthábhachtach amháin acu agus is é sin tuiscint ar conas cluiche a bhuachaint agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra.
an tallann áitiúil the local talent
" Dhéanadh siad a gcuid scannán, ach ní bhaineadh siad úsáid as an tallann áitiúil ó thaobh aisteoirí nó foirne.
tallann shuntasach significant talent
" Is cinnte go bhfuil tallann shuntasach ag baint leis an fhear ciúin cúthail seo Shaun Greenhalgh, agus b'fhéidir i ndeireadh na dála nár cuireadh tús leis an tionscal ar mhaithe leis an airgead.
a dtallann their talent
" Gan an cúnamh luachmhar sin, céard atá ceoltóirí agus bannaí óga a dhéanamh? B’fhéidir ag déanamh a gcuid ceoil agus a dtallann níos cúinge chun go mbeadh siad feiliúnach do *Pop Idol*, *X-Factor*, nó cláracha uafásacha, frithealaíne eile mar iad.
tallann talent
" Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
ar bhuanna ealaíne duine ar leith the artists talents of a particular person
" Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
tallann ceoil. musical talent
" Tugann muid popcheol tráchtála dóibh agus smaoiníonn siad go bhfuil rud éigin rúndiamhrach ag baint le tallann ceoil.
shíl seisean go mbeadh mianach ionam he thought that I would have a facility/talent
" Bhí aithne agam ar an bhfear a bhí ina bhun agus shíl seisean go mbeadh mianach ionam ó thaobh na fuirseoireachta de.
bhíothas sa tóir ar thallann úr new talent was being sought
" Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál *shit*!” Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain.
an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, how important it is to bring on new talent
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
bua na haisteoireachta a talent for acting
" Tugadh faoi deara ag an triail, áfach, go raibh bua na haisteoireachta aici agus d’éirigh léi post a fháil mar aisteoir sa tsraith.
as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí. in his talent as a musician to play with him publicly
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
Bhí féith sa chailín seo This girl had talent
" Bhí féith sa chailín seo agus bhí sí go maith ag bogadh, ach tá pléisiúr ar leith ag baint le bheith ag amharc ar dhamhsóir lúfar, caol, matánach, láidir (maith dom an tuairim seo – ná scaoil mé!).
na buanna seo these talents
" Dála Michael O’Leary agus Ryanair, is dócha, cé nach dtaitneodh an chomparáid sin leis, táim cinnte! Céard iad na tréithe a bhaineann leis, dar leis, a chuireann ar a chumas feachtais a reáchtáil go héifeachtach? “Bhuel, measaim go bhfuil na buanna seo ag gach duine ach iad a mhúscailt iontu féin.
bua na scéalaíochta a talent for storytelling
" Bhí bua na scéalaíochta aige agus is é mo thuairim nach raibh a shárú ann.
bua atá ina bhuntáiste do lántosaí. a talent which is an advantage for a full forward.
" Imreoir maith foirne, bua atá ina bhuntáiste do lántosaí.
Ní de bharr tallainne amháin It is not by talent alone
" Ní de bharr tallainne amháin a bhuaitear duaiseanna agus craobhacha sa spórt, ach trí obair chrua agus uaireanta fada an chloig caite i mbun cleachtaidh agus traenála.
tallann ar leith a special talent
" Ba charachtar conspóideach é Johnson áfach, a raibh féinmhuinín, aigne agus tallann ar leith aige nár thaitin le cuid mhór de mhuintir gheal Mheiriceá ar an ábhar go mba ghormach é.
tallann thar barr tons of talent
" Ba fhimíneach den chéad scoth é, ach bhí tallann thar barr aige mar chraoltóir agus chuireamar suas le gach rud toisc go raibh sé chomh maith sin mar chraoltóir.
tallann talent
" De réir a chéile, tháinig an scéal amach faoin tallann a bhí ag Séamus agus rinne sé CD aonar 'The Road to Glenlough' chomh maith le 'The Brass Fiddle' le Con Ó Caiside, Vincent Mac Ailín agus Proinsias Ó Beirn.
seó tallainne talent show
" ‘Bhí imní orm go mbeadh an togra ina chinéal seó tallainne, ní hionann is léiriú éirime, mar sin, níl mé ag dul a bheith ag ceol nó ag damhsa – a mhalairt ar fad.
léiriú éirime a display of talent
" ‘Bhí imní orm go mbeadh an togra ina chinéal seó tallainne, ní hionann is léiriú éirime, mar sin, níl mé ag dul a bheith ag ceol nó ag damhsa – a mhalairt ar fad.
oiread éirime so much talent
" Cuid de fhoirne na Príomhshraithe, is beag Sasanach a bhíonn ag imirt leo, de bharr oiread éirime ón iasacht atá ceannaithe ag na clubanna.
neart tallainne plenty of talent
" Bhí an ceart agam mar sin – neart tallainne (’s é sin – dóighiúlacht!) mar gheall ar mhaireachtáil shláintiúil.
buanna talents
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
tallann talent
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
tallainne of talent
" Chomh maith lena n-easpa tallainne a ghlóiriú as cuimse, bíonn na hirisí is na nuachtáin breac le pictiúir áille díobh chuile lá.
an-éirim great talent
" Cén fáth nach n-éireodh linn fostaíocht a chur ar fáil trí Ghaeilge amach anseo? Bhí an-éirim in Ben Yehuda agus meas dá réir air.
bua talent
" In ainneoin nach raibh bua speisialta aici ó thaobh na líníochta de, bhí sí an-tugtha don líníocht mar chailín óg agus thosaigh sí ag tarraingt teimpléad do thaipéisí.
a oiread sin tallainne so much talent
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
a thalann his talent
" Má tá na clubanna santach, an iontas ar bith é gur éirigh na himreoirí santach chomh maith? De réir na dtuairiscí ar na nuachtáin, d’éirigh le Wayne Rooney an pionna a chur i *Manchester United*, an club a cheannaigh a thalann ó *Everton*.
tallainne talent
" Is tubaiste é chomh maith don phobal Giúdach a chomhthoghadh ag na Síónaigh lena chuid fuinnimh, tallainne agus dóchais a chur amú ar thionscadal nár chóir dóibh glacadh mar chúram orthu féin sa chéad áit, agus *“whose only chance of success lay in obliterating the hopes of another people.
tallann talent
" Is iad Pat ‘The Chief’ O Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir, an ‘tallann’ sa scannán.
bua péintéireachta painting talent
" Bhí móthúcháin agus leochailleacht ag baint lena shaothar chomh maith le bua péintéireachta a d’fhorbair sé ar feadh breis is trí scór blianta.
an-bhua a great gift, talent
" Bhí an-bhua ag an bhean a bhí i mbun na scoile.
tallainne talent
" - Bhí, ag an am céanna, neart cur chuige, tallainne agus acmhainní a bhféadfaí tarraingt astu ar fáil sa chontae.
cur amú tallainne a waste of talent
" Dar le fear na sráide gur tubaiste a bhí os a chomhair: cur amú tallainne, ídiú sárchumas peile, diomailt bua ó Dhia cothaithe ag ragairne agus ragús.
bhuanna talents
" “Suígh síos, a uncail Bhriain,” ar siad, “beimid leat nuair a chríochnós Glee!” Níl dochar ar bith sa tsraith teilifíse seo, a chuireann síos ar bhuanna agus ar theipeanna bhaill an chlub siamsaíochta agus múinteoirí na scoile.
tallann eisceachtúil peile an exceptional football talent
" Ba léir do chách go raibh tallann eisceachtúil peile aige ach, ní ar fhoireann shinsir Átha Cliath a thug Jim aghaidh, ach ar Astráil na gréine agus na *Melbourne Demons*.
tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais L.’s literary talents arose from a feeling of absence
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.