Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caighdeán na múinteoireachta the standard of teaching
"caighdeán na múinteoireachta fós an-íseal, áfach, agus níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí go ceann i bhfad.
ciall cheannaithe the teachings of experience
" Cumas seinnte agus cumas cumadóireachta atá le cloisteáil ar an albam seo agus ciall cheannaithe, taithí agus tuiscint ar an gceol agus ar an mbrí a bhaineann leis.
caighdeán na múinteoireachta the standard of teaching
" Beo!: Cén chaoi a raibh caighdeán na múinteoireachta agus tú ag freastal ar chúrsaí Gaeilge? AH: Ar an mheán bhí an caighdeán ceart go leor ós rud é gur institiúidí proifisiúnta iad na háiteanna ar fad a ndearna mé cúrsaí Gaeilge iontu.
oiliúint eagraithe organized teaching
" Ní raibh aon traenáil nó oiliúint eagraithe i gceist ach oiread, ach gach duine ag foghlaim na scileanna óna chéile agus ó imreoirí níos sine.
chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht he decided to return to teaching
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
dianmhúinteoireacht intensive teaching
" "Bhíos ceaptha le bheith im léachtóir le Nua-Ghaeilge ach dianmhúinteoireacht a bhí ar bun agam ag leibhéal an cheardteastais.
Bhíos féin ag múineadh Gaeilge I myself was teaching Irish
" Bhíos féin ag múineadh Gaeilge thar lear agus go minic bhíodh sé deacair ag mic léinn teacht ar mhúinteoir; agus go minic nuair a thagadh, d'imíodh an múinteoir sin tar éis tréimhse agus bhíodh sé deacair duine eile a aimsiú.
chlár teagaisc teaching programme
" Fuair mé taithí éigin ar chúrsaí oideachais ar an dóigh sin agus scríobh mé mo chlár teagaisc féin.
cur chuige múinteoireachta faoi leith a special teaching approach
"cur chuige múinteoireachta faoi leith ag Tomás.
teagasc teaching
" Rinneadh an teagasc go léir as Gaeilge, agus rinneamar ár seacht ndicheall gan Béarla a labhairt, fiú amháin nuair a bhíomar sa teach tábhairne.
ag múineadh na feadóige stáin teaching the tin whistle
" Nuair a bhí mé óg bhí cónaí ar Fidelma agus Mick O'Brien ceithre theach uaim agus thosaigh Fidelma ag múineadh na feadóige stáin do na páistí ar an mbóthar agus san eastát tithíochta, agus dúirt mo mháthair liom féin agus le mo bheirt deartháireacha go raibh orainn dul chuici.
ábhar teagaisc teaching material
" Ceann de na cúraimí atá ar Aled ná áiseanna agus ábhar teagaisc a fhorbairt do lucht foghlamtha teangacha.
cáilíocht mhúinteoireachta teaching qualification
" Cé go raibh cáilíocht mhúinteoireachta aige, deir sé nach raibh cuma ná caoi ar a chuid teagaisc sna blianta tosaigh sin.
taighde múinteoireachta teaching research
" ábhar ECDL, taighde múinteoireachta, etc.
modhanna teagaisc teaching methods
" com)) go bhfuil sé "thar barr i measc modhanna teagaisc an lae inniu" agus, cé nach n-aontódh gach aon duine leis an ráiteas sin, is cinnte go bhfuil a lán rudaí úsáideacha in EasyReader.
gur éirigh sé as an mhúinteoireacht until he retired from teaching
" Bhí sé ansin gur éirigh sé as an mhúinteoireacht i 1986.
ag teagasc na fidle teaching fiddle
" D'fhás a ranganna ceoil ina dhiaidh sin agus bhí sé ag teagasc na fidle do pháistí ó na trí pharóiste in iarthuaisceart Thír Chonaill go dtí gur leag taom tinnis é roinnt míonna ó shin.
an mhúinteoireacht teaching
" " Seal i Sasana ======= Chinn Anna ar an mhúinteoireacht a fhágáil ina diaidh agus roinnt blianta a chaitheamh i Sasana ar mhaithe le taithí úr a fháil agus "eispéireas cultúrtha" a bheith aici.
áiseanna múinteoireachta teaching facilities
" Faigheann muid tacaíocht freisin ón gCumann Gaelach, a sholáthraíonn seomra ranga agus áiseanna múinteoireachta dúinn.
ag teagasc na nglantosaitheoirí teaching the beginners
" Chomh maith leis sin, bunaíodh bunrang úr chóir a bheith gach bliain le tamall anuas agus, le cúpla bliain anois, tá mac léinn atá san ardrang, Brús Ó Ciannaith, ag teagasc na nglantosaitheoirí.
á múineadh teaching her
" " Bhíodh a hathair á múineadh le linn na samhraí fosta - i gColáiste Chonnacht, coláiste samhraidh sa Spidéal.
forbairt áiseanna teagaisc the development of teaching resources
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
neart taithí múinteoireachta plenty of teaching experience
" " Má Nuad ======= Tar éis dhá iarchéim a bhaint amach sa Fhrainc (agus neart taithí múinteoireachta a fháil ansin) agus roinnt mhaith blianta a chaitheamh ag múineadh teangacha sa Cheardcholáiste Réigiúnach i Leitir Ceanainn, bhí Anna réidh le glacadh leis an bpost in Ionad na dTeangacha i Má Nuad nuair a rinneadh é a thairiscint di i 1994.
á teagasc teaching it
" Thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge i 1945, ag foghlaim na teanga é féin i dtús ama agus ansin á teagasc do dhaoine óga agus aosta.
áiseanna cearta múinteoireachta proper teaching facilities
" Faraor, ní fhaigheann na múinteoirí pá maith agus ní bhíonn áiseanna cearta múinteoireachta acu.
ag teagasc na bhfonn teaching the tunes
" Ag Píobairí Ard Mhacha, bíonn muid i gcónaí ag iarraidh cur in iúl do na hoirfidigh, mura dtéann siad chuig na coirmeacha, mura dtugann siad tacaíocht dóibh, cad é is fiú bheith ag teagasc na bhfonn do pháistí agus do dhaoine óga.
an gléas oiliúna the teaching tool
" Ón am sin amach ba í an litríocht an gléas oiliúna *par excellence* le luachanna agus fiúntais an náisiúin a sheachadadh ó ghlúin go glúin; leis an ghlúin óg a oiliúint ionas go neartófaí na luachanna agus na fiúntais chéanna, agus an náisiún féin dá thoradh sin (lgh 1-7).
pacáistí d’áiseanna teagaisc packages of teaching materials
" Bronnfar pacáistí d’áiseanna teagaisc, urraithe ag Gael Linn, ar an dá choiste is fearr a dhéanfaidh úsáid na Gaeilge a chothú.
áiseanna cearta múinteoireachta proper teaching facilities
" Faraor, ní fhaigheann na múinteoirí pá maith agus ní bhíonn áiseanna cearta múinteoireachta acu.
an gléas oiliúna the teaching tool
" Ón am sin amach ba í an litríocht an gléas oiliúna *par excellence* le luachanna agus fiúntais an náisiúin a sheachadadh ó ghlúin go glúin; leis an ghlúin óg a oiliúint ionas go neartófaí na luachanna agus na fiúntais chéanna, agus an náisiún féin dá thoradh sin (lgh 1-7).
acmhainní teagaisc teaching materials
" Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin.
acmhainní teagaisc teaching materials
" Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin.
áis foghlamtha teaching aid
" “I gceann cúig bliana, ba mhaith liom go mbeadh ainm Raidió na Life aitheanta i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath, idir óg agus aosta, go mbeadh a fhios ag an tsaol mór faoi agus go mbeadh sé in úsáid sna scoileanna mar áis foghlamtha.
dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna the more teaching changes, the more it stays the same
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
modhanna cruthaitheacha múinteoireachta creative teaching methods
" Cuireann sí spéis ionainn agus tá modhanna cruthaitheacha múinteoireachta aici.
caighdeán múinteoireachta standard of teaching
" Bhí cuid acu ar fheabhas, ach ní nach ionadh, baineann éagsúlacht leis an gcaighdeán múinteoireachta i gcás mionteanga.
ag múineadh adhmadóireachta teaching woodwork
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
de cheal acmhainní cuí múinteoireachta because of a lack of appropriate teaching resources
" Léiríonn an suirbhé go bhfuil meath tagtha ar chaighdeán na Gaeilge sa 103 bunscoil Ghaeltachta, de cheal acmhainní cuí múinteoireachta, b’fhéidir.
á teagasc teaching it
" Chuir sé an cheist an raibh an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an infheistíocht mhór atá déanta sa Ghaeilge agus as an mhéid ama a chaitear á teagasc.
oiliúint teaching
" D’fhéadfadh €500 milliún de chaiteachas a bheith i gceist gach bliain agus meastar go bhfaigheann an gnáthdhalta thart ar 1,500 uair an chloig d’oiliúint sa teanga óna chéad lá sna naíonáin bheaga go dtí go mbaintear ceann scríbe amach san Ardteist.
mo mhodh múinteoireachta féin my own method of teaching
" An amharcann tú ar an amhránaíocht mar acmhainn thábhachtach ranga? SNíR: Is amhránaí mé agus, dár ndóigh, is dócha go bhfuil baint ag mo stíl agus mo mhodh múinteoireachta féin leis an chúlra sin sa cheol.
ag machnamh ar bhunteagasc na heaglaise thinking of the basic teachings of the church
" Ach má spreag scannán Neil Jordan muid chun gach ar fhoghlaim muid faoi dhúnmharú Mhíchíl Uí Choileáin i mBéal na mBláth a cheistiú, cuireann *The Da Vinci Code* sinn ag machnamh ar bhunteagasc na heaglaise agus an méid a múineadh dúinn roimhe seo.
níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise more vocal defending the teachings of the church
" Is beag duine a bhí níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise ná an tEaspag Eamon Casey agus an tAthair Michael Cleary.
obair theagaisc, aistriúcháin agus chomhairleoireachta teaching, translation and consultancy work
" Bhí obair theagaisc, aistriúcháin agus chomhairleoireachta ar siúl aige, agus é ag múineadh na Gaeilge istigh san ardoifig i rith an lae.
an chéad phost múinteoireachta the first teaching job
" ” B’in an chéad phost múinteoireachta a bhí aici le linn a cuid taistil – roimhe sin bhí sí ag obair sa teilidhíol.
i seomra na foirne teagaisc in the teaching staff's room
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
ganntanas mór acmhainní teagaisc a great shortage of teaching resources
" Le linn na mblianta sa scoil sin, thosaigh sé ag scríobh téacsleabhar Gaeilge de bhrí go raibh ganntanas mór acmhainní teagaisc ann.
comhaltacht mhúinteoireachta teaching fellowship
" Go hádhúil, d’éirigh le Risteard comhaltacht mhúinteoireachta a fháil ón Roinn Oideachais leis an MA a dhéanamh.
an caighdeán teagaisc the standard of teaching
" Iadsan a shuigh ag an chomhdháil an lá uilig, ní ródhearfach a bhí siad ar a mbealach abhaile! Ceann de na hábhair a pléadh ar an lá ná an caighdeán teagaisc i gcás na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta agus glacadh go forleathan leis an tuairim go raibh deacrachtaí agus dúshláin mhóra sa réimse sin.
scileanna múinteoireachta a fhoghlaim to learn teaching skills
" Tugann sé deis do na hamhránaithe traidisiúnta scileanna múinteoireachta a fhoghlaim agus tugann sé deis do na múinteoirí an amhránaíocht a shealbhú.
as trinsí an teagaisc from the teaching trenches
" Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú teaching was improving
" Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin.
ag teagasc teaching
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
teanga teagaisc. the teaching medium.
" Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus is í an Ghaeilge an teanga teagaisc.
faoi theagasc an Bhéarla about the teaching of English
" Is cor úr é seo sa díospóireacht faoi theagasc an Bhéarla i ranganna naíonán de chuid scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
íosmhéid ama teagaisc minimum amount of teaching time
" Tugann an curaclam le fios gur treoirlínte atá ann, a mholann íosmhéid ama teagaisc d’ábhair ar leith.
ag múineadh. teaching
" Blianta fada ina dhiaidh sin, chuir mé aithne air arís agus a mhac, Pádraig, ag tosú amach mar dhalta i gColáiste Eoin, an scoil ina bhfuil mé féin ag múineadh.
ag múineadh na feadóige stáin teaching the tin whistle
" Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn.
ag múineadh go páirtaimseartha teaching on a part-time basis
" Bhíodh Liam ag múineadh go páirtaimseartha i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nuair a bhí Tomás de Bhaldraithe ina ollamh agus nuair a ceapadh an scoláire mór le rá Breandán Ó Buachalla in áit de Bhaldraithe, thairg sé post do Liam mar stiúrthóir ar an Teanglann.
ceist theanga teagaisc question of the teaching language
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
a gcuid ábhar teagaisc féin their own teaching material
" Is féidir le múinteoirí atá ag obair le foghlaimeoirí fásta leas a bhaint as siollabais teg chun cúrsaí Gaeilge atá céimnithe a chur ar bun – rud atá déanta ag roinnt eagraíochtaí cheana – agus a gcuid ábhar teagaisc féin a scríobh.
forbairt acmhainní teagaisc, the development of teaching resources,
" Tá Gaelchultúr anois ag díriú isteach ar nideoga ar leith: forbairt acmhainní teagaisc, cuir i gcás, agus seirbhísí a chur ar fáil atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
ag múineadh na réalteolaíochta teaching astronomy
" Bhí seisean ag múineadh na réalteolaíochta i Sasana.
áiseanna teagaisc teaching facilities
" Plean eile a bhí ag Gael Linn agus ar thug an eagraíocht faoi le díograis ná dhá scannán 16mm a dhéanamh – ceann ar an iománaíocht agus an ceann eile ar an bpeil – agus go mbeidís in úsáid i scoileanna mar áiseanna teagaisc.
ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh counters Jewish teaching
" Is 'ailse' é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta (Féach www.
ag teagasc teaching
" Níl aon fhear ag teagasc insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann anois.
múineadh teaching
" Agus bhí mé ag múineadh ar chúrsa Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara an chuid eile den am.
dteagasc teaching
" Tá muid ag súil le dul chun cinn i dteagasc na Gaeilge sa Bhreatain tar éis cruinniú suntasach a d'eagraigh Glór na nGael i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair.
múineadh teaching
" Cé go bhfuil grúpaí ar fud na tíre ag múineadh na Gaeilge, ní bhíonn mórán teagmhála againn lena chéile.
teagasc teaching
" Níl an Sunset cóngarach do lár na cathrach, atá ar chúinne thoir-thuaidh na leithinse, ach tá ceannstáisiún líne tram ann, Zú San Francisco, agus, ar ndóigh, Lárionad Cultúrtha na hÉireann, ina raibh mé ag teagasc Gaeilge don Deireadh Seachtaine.
ag teagasc teaching
" Sula bhfuair sé an post sa Bhruiséil, bhí an tIodálach ag teagasc Léann Iosrael (ábhar a bunaíodh go príomha le híomhá Iosrael a chur chun cinn, dar le Mearsheimer agus Walt) ag Ollscoil Oxford tar éis céim dochtúra a fháil san Ollscoil Eabhrach in Iarúsailéim.
mhúineadh teaching
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
ábhar teagaisc teaching materials
" Agus bhíomar ag cíoradh na ceiste seo: conas is féidir é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil fágtha agat ach dornán beag cainteoirí, nuair nach bhfuil ar do chumas cúrsaí ollscoile a chur ar bun a thabharfadh líofacht do dhaoine sa teanga ná faic mar sin, nuair nach bhfuil aon chóras scríbhneoireachta nó múinteoirí proifisiúnta ná ábhar teagaisc ag go leor de na teangacha seo? Agus sular tionóladh an chomhdháil sin, fiú, tháinig duine amháin, Karuk eile, ar an smaoineamh gur chóir Clár na Máistrí agus na bPrintíseach a bhunú.
ag teagasc teaching
" Níorbh aon ionadh gurbh é an saol acadúil a bhí i ndán don bhuachaill óg, agus a mháthair ina dochtúir leighis, chomh maith le huncailí ag teagasc matamaitice dó.
baill foirne múinteoireachta teaching staff members
" ” Na 7 gCumhacht Eisiach - Aimsigh riachtanas oideachais an phobail mhionlaigh - Caith maoiniú poiblí ar threorú agus ar scoileanna - Earcú agus stiúradh baill foirne múinteoireachta - Ainmniúchán agus stiúradh baill riaracháin - Beartaigh an curaclam - Breitheanna a chur i gcrích, treoir a thabhairt agus seirbhísí eile - Lonnú scoileanna mionlaigh a shocrú Dar leis an Dr.
mhúineadh teaching
" Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh.
teagasc na hiomána teaching hurling
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
ag teagasc teaching
" Bhí beirt mar seo (Déaglán agus Daithí) nuair a bhí mé ag teagasc ar cúrsa eachtraíochta lasmuigh i 2005 i gcoláiste anseo.
Múineadh Teangacha Iasachta foreign language teaching
" Tá mé ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Elms in Iarthar Massachussets mar chuid den chlár Fulbright, Cúntóirí Múineadh Teangacha Iasachta.
ag teagasc teaching
" Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i Mí na Samhna 1993 agus bhí mé ag teagasc na hIodáilise ag an am.
theagasc na fealsúnachta teaching of philosophy
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
i dteagasc in the teachings
" Cé go mbeadh sé deacair a leithéid a fháil i dteagasc Íosa, is cuma sa diabhal leis na “Críostaithe” seo, óir ní Íosa ach Iosrael a adhraíonn siad.
am teagaisc teaching time
" Tá réiteach simplí ar sin: fad na scoilbhliana a mhéadú beagán sa gcaoi is nach gcaillfí aon am teagaisc.
cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom his teaching methods help me
" Is é an ghné is mó den chluiche a bhfuil ar Dhaithí feabhas a chur air dar leis, gné na hintinne: “tá aigneolaí spóirt ar fáil do lucht spóirt an choláiste agus cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom a bheith ar mo shuaimhneas agus roghanna maithe a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne le linn cluiche”.
ag teagasc teaching
" Bhí fear óg as Dún na nGall ag teagasc.
oideachas na teicneolaíochta the teaching of technology
" Críochnaigh mé m’alt deiridh ar thaobh aibhéise de shaghas inar chuir mé tús le ceist mhór i leith oideachas na teicneolaíochta.
tchí tú i modhanna teagaisc do you see in teaching methods
" **SÓC: Cén t-athrú a tchí tú i modhanna teagaisc agus iompair sa seomra ranga ón uair a thosaigh tú i ’61 agus gur éirigh tú as i ’94?** MMGE: Tháinig athruithe ar bhéasaí na bpáistí agus ar an oiliúint a fuair múinteoirí, bealaí nua le teagasc.
ag teagasc teaching
" Cé gur trí mheán an Bhéarla don chuid is mó a bhí sí ag teagasc, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa go raibh sé de cheart ag an Roinn a leithéid de cháilíocht a éileamh cionn is go raibh sé mar aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga náisiúnta agus mar chéad teanga an Stáit.
teagaisc teaching
" Múscailt an tSamhraidh ========= Beidh leath d'airgead an Redadeg (timpeall €60,000) ag dul chuig Diwan, agus an leath eile chuig réimse tionscadal a roghnaíodh ag 'kuzul ar re fur' (comhairle na ngaoiseach), comhairle speisialta eagraithe ag foireann an Redadeg le daoine ón earnáil cultúrtha nó teagaisc.
cáilíochtaí múinteoireachta ar bith any teaching qualifications
" Inár gcás, is minic daoine ag múineadh na Gaeilge nach bhfuil cáilíochtaí múinteoireachta ar bith acu.
ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh concentrating on teaching problems
" Le tamall anuas tá Coimisiún Fulbright, faoi stiúir Colleen Dube in Éirinn, ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus ag lorg réitigh dóibh.
Múinteoireacht Mheasartha mediocre teaching
" Múinteoireacht Mheasartha ============= An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin.
modhanna múinteoireachta éagsúla various teaching methods
" Chiallaigh sin go raibh ranganna á múineadh i Meiriceá ar leibhéil éagsúla, le modhanna múinteoireachta éagsúla, nó gan cruth ar bith orthu.
theagasc na Gaeilge the teaching of Irish
" Tá sé chomh maith agam an diallait a chur ar an each chóir, áfach, agus a admháil gur deineadh brachán bocht de theagasc na Gaeilge sa chóras scolaíochta ó bhunú an stáit i leith.
ag múineadh teaching
" Chuaigh mé ar scoil gar do Ghlaschú nuair a bhí mé seacht mbliana déag ar feadh leath bliana agus bhí fear as Barraidh ag múineadh ansin.
theagasc dom teaching me
" Thosaigh sé, Alan Mac ’ille Mhoire, ar bheagán Gaeilge a theagasc dom.
thagann tú anall ag teagasc you come over here teaching
" Cé chomh minic is a thagann tú anall ag teagasc?** AW: Is é seo an tríú iarraidh dom mar fhear teagaisc.
ag múineadh teaching
" Tá Séamus McSherry as Béal Feirste ag múineadh Gaeilge i gceantar Toronto le tamall fada anois, agus idir an dá linn tá Allyson agus Michelle Reid, deirfiúracha óga as Toronto, ar bord mar fhoghlaimeoirí ardleibhéal agus gníomhairí, chomh maith le Pádraig de Róiste, dlíodóir óg a d’fhás suas i dToronto agus i mBaile Átha Cliath.
mhúineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais the teaching of Irish in the educational system
" Bhí sé le rá ag Dinny Mc Ginley sa Dáil, le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta, go gcaitheann an Roinn Oideachais €500 milliún in aghaidh na bliana ar mhúineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais.