Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ná teastaíonn sí uathu in aon chor that don't want it at all
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
gur theastaigh uaidh that he wanted
" Thosaigh siad ag dearadh suíomh gréasáin an bhliain dár gcionn nuair a chuir custaiméir dá gcuid in iúl dóibh gur theastaigh uaidh catalóg dá chuid earraí a chur ar an idirlíon.
gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil that he wanted to leave school
" " Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.
Teastaíonn ó gach duine everyone wants
" Teastaíonn ó gach duine a bheith cáiliúil agus Teastaíonn ó gach duine a bheith ar an teilifís.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin we wanted to cater for our own community
" Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt I want to be able to play it
" Nuair a phiocaim suas uirlis eile teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt ach ní theastaíonn uaim na blianta de chleachtadh a chur isteach chun foghlaim conas é a sheinnt i gceart! AÓF: An bhfuil an cansairtín deacair mar uirlis cheoil? AL: Deir a lán daoine é sin liom.
Theastódh míorúiltí móra big miracles would be needed
" Theastódh míorúiltí móra in 88 tír as seo go ceann 18 mí chun é a bhaint amach.
Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é he wanted to be buried in Ireland
" Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é sa chré mhuinteardha i gceantar Léim Uí Dhonnabháin in Iardheisceart Chorcaí, in éineacht lena athair agus a mháthair is na cosmhuintire ar fad a raibh an oiread sin scéalta aige mar gheall orthu.
a theastaíonn that is required
" An bhfuil aon rud go bhfuil aiféala ort nár bhain tú amach? (I nguth láidir dearfa) Níl! (Ag gáire anois faoina chinnteacht féin!) An bhfuil aon rud a theastaíonn uait a bhaint amach go fóill? Níl aon rud ar leith.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
córas nua tástála agus teastaithe a new system of testing and certification
" Córas Tástála Gaeilge ======= Faoi láthair, is é ceann de na tionscadail atá á fhorbairt faoi chúram Anna ná córas nua tástála agus teastaithe d'fhoglaimeoirí fásta Gaeilge.
go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine that a crowd of about 30,000 people is required
" Tá sé ráite go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine chun an costas a bhaineann le reáchtáil cluiche amháin i bPáirc an Chrócaigh a ghlanadh.
rud a theastaíonn which is needed
" Cinnteoidh sé sin go mbeidh ardchaighdeán aistriúcháin san obair a bheidh déanta, rud a theastaíonn mar, mar atá sé faoi láthair, is féidir le duine ar bith seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil.
a theastaíonn le méadú which is required for expansion
" Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an *critical mass* de réir a chéile a theastaíonn le méadú.
a theastaíonn le méadú which is required for expansion
" Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an *critical mass* de réir a chéile a theastaíonn le méadú.
má theastaíonn uaim tigh a cheannach if I want to buy a house
" Tá a fhios agam go mbeidh amach anseo, is dócha, má theastaíonn uaim tigh a cheannach agus táim ag dul a phósadh i mí Mheán Fómhair.
teastaíonn uainn go gcaillfidís we want them to lose
" Is breá linn a gcláracha teilifíse, a gclubanna sacair, a ngrúpaí ceoil, a dteanga, ach teastaíonn uainn go gcaillfidís na cluichí idirnáisiúnta! Ach ní muide amháin a bhfuil an dearcadh sin acu.
theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan Charlie wanted to show the world
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú that the self-confidence is fostered which a new state needs to blossom
" Ach ainneoin a lochtanna, creidim gurb é an t-aon Taoiseach, go dtí seo ar aon nós, a léirigh gur thuig sé gur trí chaighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú, in éineacht le mórtas cine an phobail a athmhúscailt, a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú.
a theastaigh uathu that they wanted
" An príomhrud a theastaigh uathu ná go bhfeicfimis na dea-rudaí a bhaineann leis an Afraic, agus go háirithe leis an tSaimbia.
níor theastaigh uaidh ach he only wanted to
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
nuair is géire a theastaíonn sí. when she's most needed.
" ) Gráinne: Mama! (*Gáire*) Do chuid beithígh-se! Peaitín: Deabhal fáil ar bith uirthi nuair is géire a theastaíonn sí.
theastódh uaidh he would want
" Dá mbeifeá ag siúl amach le Polannach nó pósta leis theastódh uaidh go ndéanfadh an bheirt agaibh gach rud le chéile, go rachadh sibh gach áit le chéile.
theastaigh uaidh cuidiú leosan he wanted to help them
" Bhí albam úr ag The Thrills chomh maith agus theastaigh uaidh cuidiú leosan chomh maith le cuidiú linne, agus bhí téama de dhíth air don eagrán a bhí le teacht.
a theastaigh uaim féin a chur in iúl. that I wanted to express myself.
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam? LMacM: "Johnny Seoighe", mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl.
dá dteastódh uait if you wanted to
" Bhíodh ort táillí a íoc san uair sin dá dteastódh uait freastal ar an meánscoil, agus ní bheadh sé d’acmhainn ag mo thuismitheoirí mé a chur chun na scoile sin murach an scoláireacht a bheith faighte agam.
theastaigh uaim I wanted to
" “Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil.
go dteastaíonn uathu that they would want
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
ar theastaigh uathu greim a fháil air, which they wanted to get a hold of
" Ba é an cineál deilbhín ar theastaigh uathu greim a fháil air, dar ndóigh, ná ceann darb ainm dó Oscar! I measc iad siúd a raibh údar maith acu sceitimíní a bheith orthu bhí Glen Hansard ó Bhaile Átha Cliath agus Marketa Irglova ó Phoblacht na Seice, a raibh ainmniúchán Oscar faighte acu dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán *Once.
níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, I didn't want to trouble poor Protestant teachers
" Anois, níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, agus mar sin, chinn mé ar na Bráithre Críostaí mar íospartaigh.
Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis I really wanted to be playing with him
" Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas mé go raibh mé maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin *ní raibh* mé maith go leor.
theastódh uaimse go gclúdófaí gach bomaite I would want that every moment be included
" Bhí mise róghar don chlár – theastódh uaimse go gclúdófaí gach bomaite; gach *nuance*, gach scéal, gach mothúchán, gach eachtra.
theastaíonn (is) needed
" Comóradh Ach cén sórt comóradh a theastaíonn? Níos luaithe i mbliana, fuair an saighdiúir Francach deiridh a throid sa Chéad Chogadh Domhanda, Lazare Ponticelli, bás in aois 110 bliain agus chaill an Fhrainc an ceangal díreach deireanach a bhí aici leis an gCogadh Mór.
theastaigh wanted
" An dream céanna ar theastaigh uathu na hionsaithe ar an Afganastáin agus an Iaráic a dhéanamh cheana, tá siad ag iarraidh an tSomáil a ionsaí anois.
theastaíonn is needed
" Is éacht ann féin é a laghad ama a theastaíonn chun na páipéir scrúdaithe a cheartú agus na torthaí a fhoilsiú.
Ar theastaigh uatha did they want
" Ar bharr gach cófra, i ngach seomra, bhí bábóga poircealláin ag stánadh orainn - an rabhamar ag cur isteach orthu? Súíle dorcha doimhne acu - an rabhadar crosta nár tugadh cuireadh dóibh chuig an bhféile? Ar theastaigh uatha go rachadh muid a chodladh le go bhfillfidís ar a gcuid spraoi? Breis agus 400 milliún albam díolta aige le linn a shaoil.
theastaigh uaithi she wanted
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
Theastaigh ó wanted
" Cén fáth mar sin ar cuireadh go Gaelscoileanna iad? “Theastaigh ó mo thuismitheoirí go bhfoghlaimeoimis an Ghaeilge, leag siad an-bhéim ar an dúchas.
Theastaíonn needed
" Suaimhneas a Theastaíonn Agus sin mar a fheiceann daoine na ballaí inniu.
theastaigh wanted
" org/wiki/Abbey_Street) Chuireas eagar ar dtús ar an gcleas – chaitheas méid áirithe ama ar gach guta agus ansin dhírigh mé ar pé amhrán nó ornáidíocht ar theastaigh uaim a fhoghlaim nó a chleachtadh.
Teastaíonn ó (gov.) wants
" pdf) ) Teastaíonn ó rialtas na Céinia stop a chur leis an dochar atá á dhéanamh don Fhoraois trí na háitritheoirí go léir a athlonnú in áiteanna eile lasmuigh den Fhoraois.
theastaigh uaim I wanted
" - theastaigh uaim é a dhéanamh i gcónaí.
má theastaíonn uait if you wish to
" Mar san, tá daoine muinteartha liom timpeall na háite agus tá sé go deas chomh maith, fiú amháin sa gheimhreadh, má theastaíonn uait dul amach oíche Dé Luain, bíonn cúpla duine thart.
theastaigh wanted
" ece) Chreid go leor ar an eite chlé é in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurbh ó lucht Iosrael a theastaigh an cogadh.
theastaigh was needed
" Ó bunaíodh Gaeltarra Éireann, os cionn 40 bliain ó shin, glacadh leis gur theastaigh eagras stáit faoi leith chun forbairt geilleagair, cultúir agus sóisialta na gceantracha Gaeltachta a chur chun cinn.
theastaíonn go géar really needed
theastódh would need
" Leis an sprioc sin a bhaint amach, theastódh méadú de 5.
Ní theastaigh uaim I didn’t wish
" Ní theastaigh uaim mo chlann a thógaint i Meiriceá, ní raibh rudaí go maith ann an uair sin.
theastaigh uaim I wanted
" Bhí suim agam i stair na hÉireann, roghnaigh mé stair chomhaimseartha na hÉireann mar ábhar tráchtais MA is theastaigh uaim an Ghaeilge a fhoghlaim chun na hainmneacha go léir a bhí á léamh agam a thuiscint.
líon a theastódh number which would be needed
" Ar ndóigh, níor leor an méad sin don uachtaránacht, ach d’éirigh leí oiread vótaí a scuabadh ó na hiarrthóirí eile a d'fhág nár éirigh le duine ar bith acu breis is 50% de na vótaí a fháil – an líon a theastódh chun an toghchán a bhuachaint sa chéad bhabhta vótála.
Is éard a theastóidh what shall be needed
" Súil ar 2014 ======= Is éard a theastóidh ó Marina Silva a dhéanamh anois ná tógáil ar a ‘bua’ gan choinne agus na daoine a thug vóta di an uair seo toisc nár thaitin Dilma Rousseff leo a mhealladh i dtreo shoiscéal na Glaise don chéad toghchán uachtaránachta eile, in 2014.
Theastaigh ó wanted
" Theastaigh ó Enda Kenny go gcuirfí plé ar an nGaeilge ar leataobh don lá.
theastaigh needed
" Mhol sé dom dul go Baile Átha Cliath chun caint le Máirtín Ó Murchú, mar theastaigh taighde ar na canúintí in Árainn ó Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn BhÁC.
theastaigh uaithi she wanted
" Dúirt sí go raibh sí bréan de bheith ag fanacht lena hathair agus gur theastaigh uaithi dul abhaile.
theastaíonn is needed
" An Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag leithéidí Thaispeántas an Eolaí Óig a theastaíonn.
theastaigh uathu they wished
" Is éard a thug ann iad, bhí siad ag iarraidh roinn oideachais dá gcuid féin agus córas scolaíochta a chur ar bun agus theastaigh uathu an scéala a iniúchadh leis an Aire Oideachais abhus.
Theastaigh uainn uile we all needed
" Theastaigh uainn uile a bheith amuigh ar na fánaí sciála an chéad rud an mhaidin dár gcionn.
a dteastaíonn ceann uaidh who wants one
" Ní hé go bhfuil siopaí gunnaí chomh flúirseach feiceálach ann agus atá sna Stáit Aontaithe, ach tá fáil sách éasca ar arm tine ag duine a dteastaíonn ceann uaidh.
má theastaíonn uait if you wish
" Sin má theastaíonn uait gunna a cheannach go dleathach.
Teastaíonn are needed
" Teastaíonn misneach agus tuiscint thar mar a theastaigh cheana.
theastaigh was needed
" Faoin am a mbeidh an leanbh nuabheirthe tuairim is ceithre bliana déag d'aois, beidh an inchinn réitithe le rianta de lioganna don chuid eile dá shaol agus ní theastóidh an réimse leathan lioganna do fhoghlaim teangacha is a theastaigh ón naíonán.
Theastaigh needed to be
" Chun go bhféadfaí athrú agus rath a chur ar staid na hiomána sa phríomhchathair, d’áitigh an mheitheal go raibh na ráitis bhunúsacha seo a leanas lárnach don treoirphlean nó ‘blueprint’: - Theastaigh féiniúlacht shoiléir a chruthú don iomáint i mB.
a dteastaíonn uaidh who wishes
" Ní bhíonn de rogha ag an té a dteastaíonn uaidh Béarla ceart a fhoghlaim ach cúrsa a dhéanamh ag ceann de na forais teanga phríobháideacha atá á mbunú i ngach uile cheard.
theastaigh uaim I wanted
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
a dteastaíonn cabhair uaidh who needs assistance
" Cuirimid ár gcuid éadaí i mboscaí bailiúcháin agus sna málaí a chuirtear tríd an doras againn agus bímid ag súil go ndéanfaidh an bronntanas maitheas do dhuine éigin a dteastaíonn cabhair uaidh.
theastaigh uaidh he wanted
" Dúirt sé nach raibh críoch ann nuair a chríochnaigh Baile an Droichid na blianta ó shin, go bhféadfaí scéal a leanstan agus gur theastaigh uaidh roinnt eagrán eile de Bhaile an Droichid a scríobh agus deireadh a chur leis, go mbeadh finale ann agus go mbeadh deireadh le Baile an Droichid.
Theastaigh uaim I wanted
" Theastaigh uaim i gcás Sapkota go mbeadh Béarla agus Gaeilge sa leabhar.
theastaigh needed
" Mheas mé gurbh fhiú amharc ar chúrsa ÙLPAN agus is é seo an chéad am a eagraíodh cúrsa ÙLPAN i bPoblacht na hÉireann! Cúrsa ÙLPAN ===== **SMM: Cad é atá in ÙLPAN?** AW: Thosaigh sé in Iosrael i ndiaidh an Dara Cogaidh nuair a tháinig an draoi daoine as gach cearn ar domhan agus gur theastaigh aon teanga amháin laistigh den arm go háirithe agus é a dhéanamh go beo.
theastaigh le needed
" Is cosúil gurb é an intinn a bhí ag an Donnabhánach go gcaithfeadh daoine an Ghaeilge a scaoileadh uathu le háit a dhéanamh don Bhéarla, an teanga a theastaigh le dul chun cinn a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe! Trí dhiúltú do na logainmneacha a bhí ar bhéal na ndaoine, rinne an Donnabhánach a chuid féin, chun caidhp an bháis a bhualadh ar an nGaeilge sa gcuid mhór den tír ina raibh an Ghaeilge in uachtar roimh an Drochshaol.
theastaigh an cimín sléibhe mountain commons were needed
" Chaithidís cuid den gheimhreadh ar na taltaí ísle, ach sa samhradh theastaigh an cimín sléibhe ó na beithí.
theastaigh an tumoideachas uaidh he wanted full immersion education
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
a theastaíonn uainn go práinneach is what we need immediately
" Idirspleáchas na samhlaíochta agus an réasúin faoi réir ag fíoreitic uilíoch a theastaíonn uainn go práinneach.
teastaíonn leasú ceart a real reform is needed
" Ach leis an cheist a shocrú teastaíonn leasú ceart – ó bun go barr – ón rialtas áitiúil.
Teastaíonn ón wishes
" Teastaíonn ón nGiollánach nascanna a dhéanamh idir saíocht na hÉireann agus cultúir ilghnéitheacha an domhain ina aiste, “Litríocht náisiúnta, aontaí idirnáisiúnta, oidhreacht dhomhanda”.
a dteastaíonn uathu bheith ina who wish to be
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
theastaigh uaidh freastal ar he wanted to serve
" Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile.
a dteastaíonn uathu who wish
" Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil constaicí á gcruthú do dhaoine sa Bhreatain, idir shaoránaigh is inimircigh, a dteastaíonn uathu baill teaghlaigh, nach as an Aontas Eorpach iad, a thabhairt chun cónaí sa Ríocht Aontaithe.
Theastaigh ón wanted to
" Theastaigh ón mBeilg rachmas mianrach Katanga a dhíleá, ach b’fhuraist an rud é sin a dhéanamh dá gcoinneodh an cúige sin a stádas neamhspleách mar phoblacht nua.
is anois a theastaigh sé níos mó ná ariamh it’s needed now more than ever
" Na Gaeilgeoirí móra, tá go leor acu imithe uainn, ar bhrí na fírinne, ach an méid againn a bhí fágthaí; is anois a theastaigh sé níos mó ná ariamh, go mbeadh glór thuaisceart Chontae Mhaigh Eo le clons i nGaeilge.
an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil the type of violence he wished to describe
" B’shin an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil le Krishnan.
teastaíonn uathu they want to
" Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú.
Theastaigh uainn we wanted
" Theastaigh uainn gach saghas duine a thabhairt linn, Gaeilgeoirí san áireamh, ach gnáthphobal na hÉireann go háirithe, daoine cosúil liom féin a raibh Gaeilge na scoile acu, droch-Ghaeilge scoile dáiríre.
a dteastaíonn uathu who wish
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach a massive marketing campaign is needed
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
Theastaigh wanted
" Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó.
Ní theastódh ach Bille it’d only take a bill
" Vóta a Thabhairt do Gach Saoránach ================ Ní theastódh ach Bille a chur tríd an Oireachtas leis an vóta a thabhairt do gach saoránach fásta i roghnú an tSeanaid, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu nó cén tír ar domhan a bhfuil siad lonnaithe ann.
Theastaigh uaim é a thabhairt I wanted to bring him
"Theastaigh uaim é a thabhairt abhaile liom, ach ní raibh a bhean chéile róshásta leis an smaoineamh sin.
ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta who wanted to demonstrate peacefully
" Fínéagar ==== Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
Tuarascáil Neamhspléach a Theastaíonn an independent report is needed
" Mura gceapann an státchóras go bhfuil an sprioc 250,000 ‘indéanta’, nár cheart sprioc atá ‘indéanta’ a chur ina áit? Tuarascáil Neamhspléach a Theastaíonn ============== Ní mhaith liom a bheith diúltach faoin Straitéis ach, leis an bhfírinne a inseacht, is beag dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas maidir le feidhmiú na Straitéise.
Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre parents wanted
" Is í seo Tír na hÓige! Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin.
teastaíonn sa gcóras earcaíochta the recruiting system shall need
" Le sin a bhaint amach, teastaíonn sa gcóras earcaíochta amach anseo ‘gníomh athchothromaithe’, mar atá ráite ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga.
a dteastaíonn uathu who want to
" Is ríléir, mar sin, go ndéanann an oíche freastal ar an dá chineál pobail sin, go háirithe do Ghaeilgeoirí nó do Ghaeil atá aerach agus a dteastaíonn uathu an dá bhéascna a thabhairt le chéile in aon oíche amháin.
nár theastaigh uaim aon mhallacht a chur orainn féin I didn’t want to curse ourselves
" An raibh mórán ullmhúcháin déanta agat don óráid roimhré?** DÓC: Ní raibh mar nár theastaigh uaim aon mhallacht a chur orainn féin mar bhí caillte ag an nGaeltacht i bPáirc an Chrócaigh leathbhliain roimhe sin.
Theastódh gné dhearfach imshaoil a positive environmental aspect is needed
" Theastódh gné dhearfach imshaoil lena gcuidiú siúd a fháil agus theastódh gné chúitimh le muintir bhaint na móna a bheith ar aon bhord amháin faoina mbeadh le déanamh.
Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin courageous deeds of that sort are needed
" ) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt céim eile chun tosaigh.
nár theastaigh an phoiblíocht the publicity wasn’t needed
" Agus cé go gceapann roinnt daoine gur seift mhargaíochta a bhí ann go príomha, deir sé go neamhchas gur 'timpiste' a bhí ann agus nár theastaigh an phoiblíocht ar an ábhar go mbíodh na cúrsaí lán i gcónaí ar aon nós.
ní theastódh na heagraíochtaí seo ar fad all these organizations wouldn't be needed
" Déarfadh siad, lig don rialtas agus don chóras oideachais a bheith ag marú na Gaeilge, ní cháinfidh muid iad, mar dá mba rud é go raibh sí á múineadh ceart agus á cur i láthair ceart ní theastódh na heagraíochtaí seo ar fad.
Theastaigh were needed
" Theastaigh portráidí de na Giofóga (na Roma) ó Mhengele agus ní raibh sé sásta go raibh an córas grianghrafadóireachta dubh agus bán sách maith dá thurgnaimh aisteacha.
Theastaigh sé in aois he died at the age of
" Annals of the Irish Harpers) Theastaigh sé in aois 69, sa bhliain 1863 agus cuireadh é i seanreilig Charraig Mhachaire Róis leis an mhéid seo scríofa mar feartlaoi os a chionn: *Here lieth the Body of Patrick Byrne, Harper to H.