Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
claonadh tendency
" Cheana féin tá claonadh áirithe ann laochra a dhéanamh den dream ar bhithiúnaigh roimhe seo iad, agus vice versa.
claonadh tendency
" Bhí an claonadh seo aige féin tráth ach deir sé go bhfuil ceacht foghlamtha aige.
claonadh tendency
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
féith an chiníochais tendency to racism
" Ba léir don rialtas gur mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán i mí na Samhna.
claonadh tendency
" Deir sí, áfach, go raibh an claonadh ann sna caogaidí fiú an Ghaeilge agus an Béarla a mheascadh agus gur minic a deireadh daoine rudaí mar "Táim ag *cycl*áil ar mo *bhicycle*".
Claonadh iontach neamhghnách a very unusual tendency
" Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
claonadh tendency
" Ar feadh i bhfad, choimeád pócaí folmha agus ansmacht na hEaglaise Caitlicí srian ar ár gclaonadh chun ólacháin.
claonadh láidir strong tendency
" "Níl sé faiseanta an corp a léiriú ar bhealach traidisiúnta; tá claonadh láidir ann faoi láthair é a dhéanamh teibí.
claonadh chun foréigin tendency towards violence
" Tá fianaise ann go méadaíonn *crack *an claonadh chun foréigin i ndaoine.
claonadh tendency
" Thiocfadh leat a rá go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen.
claonadh tendency
" De bharr gurb iad cúinsí oidhreachtúla agus aistí bia ón am a chuaigh thart is cúis le raimhre go minic, agus de bharr go dteipeann ar 95-98% d'aistí bia thar trí bliana, tá an méid seo le rá ag an NAAFA: "Tá sé ag éirí soiléir gur fearr do dhaoine a bhfuil claonadh acu a bheith ramhar fanacht ag meáchan trom, ach seasmhach, agus díriú ar aclaíocht phearsanta in áit na tanaíochta.
claonadh tendency
"claonadh ag na Gréagaigh a bheith chomh mór céanna in aghaidh coinbhinsiúin agus chomh fáilteach is atá na hÉireannaigh, ach b'fhearr daoibh teacht anseo go bhfeice sibh féin na cosúlachtaí sin.
féith an chiníochais tendency to be racist
" Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson, léirigh sí go bhfuil féith an chiníochais beo bríomhar san Astráil go fóill agus go mbeidh.
chlaonadh tendency
" Tá an dream atá i gcoinne an dlí nua ag rá gur sampla eile é den chlaonadh atá ag an stát a bheith ag iarraidh smacht róláidir a fháil ar shaol an tsaoránaigh.
claonadh tendency
" " Measann Lillis go bhfuil claonadh róláidir ann a bheith ag brú na Gaeilge ar dhaoine sa tír seo agus go bhfuil an-díobháil déanta ag an chur chuige sin.
claonadh tendency
" Níl aon dabht freisin ach go bhfuil claonadh sa CLG cur i gcoinne brú de shaghas ar bith.
féith na suime a tendency to take an interest in things
" Tá chuile bhláth, chuile chuileog ina eachtra duit má tá féith na suime ionat.
claonadh tendency
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
claonadh tendency
" Chreid Nixon é féin gur "tragóid uafásach" a bhí i dTuaisceart Éireann, agus go raibh claonadh ag rialtas na Breataine, "in ainneoin a ndea-thréithe go léir, cúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn.
claonadh tendency
" Dúirt an Grúpa Campbell-Bewley, úinéirí na gcaifí, nach raibh na suímh stairiúla i dtiúin níos mó le dearcadh an phobail, ainneoin go ndearnadh athchóiriú costasach orthu le blianta beaga anuas, agus go raibh claonadh ag custaiméirí an lae inniu dul chuig caifí atá níos lú agus níos pearsanta.
claonadh chun coiriúlachta a tendency towards criminality
" In arm ar bith, bíonn i gcónaí daoine le claonadh chun coiriúlachta agus nuair a chríochnaíonn cogadh agus iad díomhaoin is minic go ngéilltear don chlaonadh seo.
chlaonadh tendency
" Sampla suntasach den chlaonadh seo is ea *Ghostship *(1998) a rinneadh in ómós do na longa solais agus a gcuid criúnna, a shaothraigh go crua ar feadh na mblianta ar chóstaí na hÉireann.
claonadh tendency
" Dá bharr sin, beidh claonadh ag go leor daoine ó dheas, ó thuaidh agus sa Bhreatain, polaiteoirí ina measc, a gcúl a thabhairt leis na Sé Chontae, agus tá an baol ann nach ndéanfar na geallúintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta do náisiúnaithe na Sé Chontae a chomhlíonadh.
claonadh tendency
" Thar aon rud eile, is é an claonadh thar na blianta ag údaráis stáit seasamh le fianaise an Gharda Síochána, fiú ar uairibh agus fios ag gach mac máthar é a bheith bréagach (mar a tharla i "gCás Leanaí Chiarraí" i 1985), a chruthaigh an cultúr neamhfhreagrach sa Gharda Síochána.
claonadh tendency
" Ar ndóigh, nuair a smaoiníonn daoine ar an teileachomaitéireacht, tá an claonadh acu díriú ar na rudaí dearfacha ar fad.
claontaí cumannacha communist tendencies
" Na “claontaí cumannacha” is mó a chuir as dó: “The people of Ireland can form their own association without any help from Moscow,” arsa WT sa Chaisleán Riabhach.
claontaí faisisteacha fascist tendencies
" Bhí claontaí faisisteacha iontu, macalla na haoise.
leis an chlaonadh náisiúnta with the national tendency
" (Mar a tharlaíonn sé, ba chlár a rinneadh faoi bhean as Conamara – Caitlín Maude – a bhí i gceist leis an aon eisceacht amháin!) Tá caithréim Chonamara sna duaiseanna cumarsáide ag teacht leis an chlaonadh náisiúnta ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.
claonadh tendency
" Bíonn claonadh ag an phobal vóta a chaitheamh in aghaidh rialtais reatha go háirithe ceann atá ann rófhada.
claonadh osréalaíoch surreal tendency
" Bhí claonadh osréalaíoch go minic i saothar luath Freud agus léiríodh sé daoine agus plandaí ar bhealaí neamhghnácha.
an claonadh the tendency
" Bhí an claonadh aici glacadh le beagnach gach tairiscint agus dá bharr sin bhí sí páirteach i gclár nó dhó nach bhfuil sí róbhródúil astu anois.
chlaonadh tendency
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
luiteamas tendency
" Is dóigh gur sciath thar lorg dó féin atá ina luiteamas scríobh faoin dúlra áfach.
gclaonadh tendency
" Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
claonadh chun foréigin tendency towards violence
" Eachtra ab ea é a tharraing aird na tíre sna laethanta a lean Domhnach na náire, lá a thug léargas dúinn uair amháin eile ar aghaidh de chuid CLG a thagann chun cinn rómhinic agus is é sin, an claonadh chun foréigin agus na hainrialach ar an bpáirc agus ar an gclaí.
claonadh tendency
" Le haon chaitheamh amháin, ní fios cén toradh a bheadh ann, ach le himeacht aimsire éiríonn sé soiléir go bhfuil claonadh ann.
treochtaí tendencies
" In alt ó *Smashing Magazine* ina bhfuil cur síos ar na treochtaí is dea-chleachtais i ndearadh suíomhanna do pháistí, is léir gurb ionann iad seo is na treochtaí i mbratfhógraíocht.
treocht is déanaí latest tendency
" - (d)“Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” Bí cinnte go bhfuil a fhios ag do chustaiméirí go bhfuil ar a laghad smaointí úra le fáil sa siopa gach lá, bídís ina smaointí faoi conas béile ar leith a chur le chéile, nó an treocht is déanaí a chaitheamh, nó achoimre den phlé ar líne faoi tháirge nua atá ar fáil.
gclaonadh tendency
" Tá líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas.
claonadh tendency
" Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas.
claonadh tendency
" Is léir gur faoi phobal Gaeilge Mheiriceá Thuaidh atá sé, an claonadh seo a stopadh.
an chlaonadh choimeádach conservative tendency
" Tá aird tarraingthe fosta ar an chlaonadh choimeádach atá ag an rialtas ó thaobh dúnghaoise de, ar nós dlíthe crua smachtúla in éadan homaighnéasach, dlíthe a dtacaíonn an Eaglais Cheartchreidmheach go mór leo.
claonadh tendency
" ” Cothú an Mhisnigh ========= Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint.
na claontaí éalárnacha sin ionam those peripheral tendencies of mine
" Maithfidh lucht leanta ‘Kino’ na claontaí éalárnacha sin ionam.
tá claonadh ann there’s a tendency
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
claonadh a tendency
" Léiríonn sé go raibh athrú dearcaidh maidir le hobair na n-eagras ag 62% den bpobal ó thit oilbhéim An Clinic Lárnach Íocshláinteach amach agus go raibh claonadh ag 55% den bpobal gan síntiúis a thabhairt de dheasca na conspóide.
den gclaonadh chun comhraic of the tendency to do battle
" Na Fo-Ghiolcairí ===== Níl i scéal Bates ach blaisín amháin den gclaonadh chun comhraic atá ag borradh ar líne agus go minic ní bhíonn ach maslaí suaracha le feiceáil sna hargóintí is teasaí.