Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teocht temperature
" Bhí na coinníollacha ar fad atá riachtanach ar fáil - teocht ard, taise íseal, gaoth láidir agus dalladh breosla.
teocht warmth
" I ndiaidh uair an chloig iontach pléisiúrtha a chaitheamh ina gcuideachta, shiúil mé amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt neamhairde ar an bháisteach mar go raibh teocht Mheicsiceo agus a bpearsantachta liom go fóill.
teocht temperature
" Bhí ar na ceoltóirí a bheith ag obair istigh i halla mór a raibh gálaí gaoithe ag séideadh fríd, agus an teocht taobh amuigh cúig chéim déag faoin reophoinnte.
theocht temperature
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
teocht temperature
"teocht measartha anseo, agus bíonn báisteach ann go minic ó Dheireadh Fómhair go Meitheamh.
i dteocht an-ard in a very high temperature
" Caithfidh an fhoireann na boilg a oibriú i dteocht an-ard.
teocht temperature
" Tháinig tús le mo thréimhse ansin in aerfort idirnáisiúnta Kotoka in Accra ag meán oíche agus an teocht 32 céim celsius taobh amuigh.
teocht temperature
" Tháinig tús le mo thréimhse ansin in aerfort idirnáisiúnta Kotoka in Accra ag meán oíche agus an teocht 32 céim celsius taobh amuigh.
teocht temperature
" Chuiremar críoch leis an lá le snámh san fharraige i bPiran, rud a bhí iontach tar éis lá a chaitheamh sa teas (bhí teocht 36 céim celsius ann an lá sin).
teocht temperature
" Cé go raibh an teocht i bhfad faoin reophointe, chaith Emil uair an chloig roimh an mbéile ag dul isteach agus amach doras cúil an tí, agus faoi dheireadh rug mo chaidéis orm.
dá n-ardódh an teocht if the temperature were to increase
" Bheadh baol tholgadh maláire, mar shampla, ar 60 milliún duine san Afraic dá dtiocfadh ardú 2ºC ar an teocht agus chaillfí trí mhilliún duine breise de bharr easpa cothaithe dá n-ardódh an teocht trí chéim.
le héifeacht an athrú teochta. with the effect of temperature change.
" Deir Tuarascáil Stern go gcaithfí idir 5-20% d’Olltáirgeacht Intíre (GDP) an domhain ar dhul i ngleic le héifeacht an athrú teochta.
an teocht ard high temperature
" Ceapaimse go bhfuil an ghrian agus an teocht ard i measc na gcúiseanna go dtaitníonn an Astráil chomh mór sin leis na hÉireannaigh.
an teocht the temperature
" Bíonn an teocht idir 36 agus 41 céim Celsius iontu, rud a bhíonn an-áisiúil don turasóir tuirseach i bhfuacht an gheimhridh.
an teocht ag ísliú, the temperature falling,
" Tá claisceadal na nduilleog ag tosú, an teocht ag ísliú, tinte á lasadh in athuair.
bhí teocht ní ba theo le brath san aer there was a warmer temperature to be felt in the air
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
teocht temperature
" Bhí an teocht idir 25 agus 30 céim Celsius – a dhath ní ba theo, agus bheadh sé róthe domhsa.
teocht mhaith chodlata a good sleeping temperature
" Agus mé ag dul a luí, bhí teocht mhaith chodlata i gceist – ní raibh ag teastáil ach braillín i mo mhullach nó blaincéad éadrom.
teocht temperature
" Bhí an teocht suas go 47 céim Celsius in áiteanna ar an lá sin féin, bhí an taise an-íseal agus d’éirigh an ghaoth ní ba láidre san iarnóin.
teocht temperature
" Titeann an teocht an-domhain faoin reophointe in oirthear na Polainne, fagaim, go fiú i rith an lae.
teochta temperature
" Níl sé a dhath ach cúig chéad ciliméadar ar shiúl ón mhol thuaidh, ach cosúil linn féin, coinníonn Sruth na Murascaille an áit breá sócúlach ó thaobh teochta.
theocht temperature
" Bhí an lá gruama go maith – níos mó cosúil le lá geimhridh le hamharc air, ach ní raibh sé fuar, agus cinnte ní raibh caill ar theocht an uisce.
ardú teochta temperature rise
" Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta sa réimse 2°C go 7°C ann leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.
teocht na colainne body temperature
" Bíonn cuma mharbh air, le buille an chroí chomh mall le seachtain fliuch agus titfidh teocht na colainne níos ísle chomh maith.
teochtaí arda high temperatures
" ” Cuireann an tuarascáil i gcuimhne dúinn nárbh iad na teochtaí arda le linn Lúnasa 2003 a ba chúis le bás breis agus 8,000 duine i bPáras agus ar fud na Fraince ach toisc gur fágadh na daoine seo leo féin.
teocht temperature
" Go pearsanta, níl aon ghrá mór agam do na siopalanna seo, ach tá gá leo in áiteanna le haeráid ‘mhór-roinneach’ cosúil le Minneapolis, inar féidir leis an teocht titim chomh híseal le -30 Celsius sa gheimhreadh agus éirí chomh hard le 40 Celsius sa samhradh.
teocht temperature
" Agus Fianna Fáil ag tabhairt tacaíochta do Brian Cowen (roimh dóibh é a aistarraingt go gairid ina dhiaidh), nocht Eagras Mheitéareolaíochta an Domhain gurbh é 2010 an bhliain ba theo dár taifeadadh riamh, agus go bhfuil treocht fhadtéarmach shoiléir le feiceáil, agus teocht an domhain ag dul in airde an t-am ar fad.
teocht temperature
" Bíodh go bhfuil sé an-deacair é a chreidiúint faoi láthair, fiú amháin, méadaíonn an teocht chomh maith, agus bíonn an chréafóg ag téamh timpeall orainn.
Titfidh an teocht the temperature falls
" Caocháin na Dúluachra ============= Titfidh an teocht i bhfad faoin reophointe sa gheimreadh scaití ach ní gá duit dul ós cionn talún.
teocht temperature
" ) Faoin am seo bhí teocht na háite ardaithe ó minus a cúig go dtí thart ar minus a dó.
teocht temperature
" Cuirtear neart eolais ar fáil, ní hamháin faoin teocht, ach faoin ngaoth, bogthaise, uaireanta gréine agus neart eile.
an teocht íslithe the temperature lower
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
teocht temperature
" ’ Meán Fómhair go Bealtaine an t-am is fearr do shiúlóirí sa Spáinn; bíonn an teocht idir 13 agus 18 gcéim agus bíonn an spéir gorm agus grianmhar an cuid is mó den am.
teocht, bogthaise, solas temperature, moisture, light
" Seo uirlis le Pi mar ‘intinn’ aige a léann stáid planda ar leith (teocht, bogthaise, solas) agus a scairdeann uisce ar an lus dá réir.
teocht damanta the damned heat
" Tá rogha gach bia agus togha gach dí anseo! “I rith an gheimhridh, téim ag clársciáil ag an deireadh seachtaine go minic agus i rith an tsamhraidh caithim an deireadh seachtaine amuigh sa gcathair ag clamhsán faoin teocht damanta de ghnáth!” Is léir go bhfuil tallann ar leith in Muireann ach cad é mar a fheiceann sí í féin i gceann 5 bliana? Níl tuairim aici! “Cúig bliana ó shin bhog mo bhuachaill ag an am go Nua-Eabhrac ar feadh sé mhí – anois tá muid pósta agus ag cur fúinn anseo go fóill.