Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lán de bheocht full of life
" Bíonn an tÁras Pobail lán de bheocht i rith na bliana.
beocht liveliness
" Tugann aer úr na spéire agus spreagadh na farraige beocht agus ritheadh fola duit a spreagann chun machnaimh tú.
bheocht spirit
" Nuair a thugann tú cuairt ar Bhóthar na bhFál agus nuair a shiúlann tú isteach sa Chultúrlann, spreagann an fuinneamh agus an bheocht atá le feiceáil gach áit go mór tú.
beocht life
" "Ní miste dúinn scúp inteacht a fháil le beocht a chur ar ais sa nuachtán seo.
beocht life
" Shíl mé gurbh fhéidir beocht a chur ann in athuair - rud a chreid bunaitheoirí an nuachtáin fosta - agus go bhféadfaimis nuachtán laethúil a dhéanamh de arís.
beochta life
" Cibé cad é is cúis leis na daoine seo a bheith ag múineadh nó ag foghlaim na Gaeilge taobh amuigh d'Éirinn, is cinnte go bhfuil siad ag cur beochta sa teanga thar lear, agus go bhfuil siad ag spreagadh suime i ndaoine eile.
bheocht liveliness
" Bhí sé tábhachtach dúinn an fhuaim chéanna agus an bheocht chéanna a bheith againn is a bhíonn againn agus muid ag casadh beo.
bheocht liveliness
" " Is bean spraíúil, lán de bheocht í Pauline Bewick, agus saoirse na seascaidí fós le feiceáil ina súile.
beochta liveliness
" Rinne muid suirbhé ar na mallaibh ar labhairt na Gaeilge sa bhaile, agus thaispeáin sé gurb iad an naíscoil agus an bhunscoil innill na beochta maidir leis an Ghaeilge i nDún Pádraig.
beocht life
" **Béim agus brí:** Cén chaoi a gcoinníonn muid beo bríomhar í mar sin? Conas a chuirtear an *umf *sin isteach inti? Bhuel, tá nótaí áirid i dtiún ar bith a thugann brí agus beocht dó.
beocht liveliness
" ) Rinne Dáithí cur i láthair breá ar a chuid filíochta - léigh sé dánta faoi Chill Stiuthín, Cearbhall Ó Dálaigh agus seanchapall truamhéalach - agus chuir Colm beocht iontach san oíche lena bhosca ceoil, go háirithe leis an bhfonn "Nóiméid Ghoidte".
beocht liveliness
" “Bhraith mé go raibh beocht agus craic agus spraoi ag baint le muintir Chonamara nach mbíonn ag baint le lucht na Gaeilge go hiondúil.
beocht, liveliness,
" Níl sé brónach mar phíosa ach lán le spleodar, le brí, le beocht, le damhsa, le cinnteacht, le dath, le ceol.
chun beochta to life
" Tugann an scannán an stair chun beochta agus in amanna tá sé ar nós bheith ag breathnú ar an nuacht.
bheocht vibrancy
" Tá an bheocht a shíleas a bheith in Ailt an Chorráin, an uair dheireanach dom ann, imithe i léig go mór.
bheocht imníoch nervous energy
" In ainneoin an easpa aitheantais a fuair sí lena linn, breathnaítear uirthi inniu mar dhuine de na healaíontóirí réalaíocha is mó i Meiriceá agus baineann an t-aitheantas seo go mór lena portráidi, atá lán de bheocht imníoch agus de chomhbhá le staid an duine.
beocht agus beatha life and vigour
" Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo ná é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.
beocht vibrancy
" Ach ní furaist an rud é tarraingt agus beocht Milch a bhlaiseadh gan féachaint ar a chuid táirgí drámaíochta críochnaithe.
chun beochta to life
" Tugann sárléaráidí Steve Simpson an t-iomlán chun beochta.
chun beochta to life
" Tugann sárléaráidí Steve Simpson an t-iomlán chun beochta.
beocht vitality
" Éadan agus Bunchloch na Gaeilge: TG4 & RnaG =============== **SMM: Cén t-athrú, meas tú, a rinne bunú TG4 (TnaG ag an am) sa tír?** CÓC: Cheap mé gurb é an rud is mó a rinne TG4, ná gur thug siad éadan agus beocht don Ghaeilge.
beocht life
" Bíodh sin mar atá, ní thig a shéanadh gur choinnigh na monarchana beocht sna ceantair sin, trína chinntiú nach raibh ar bhunadh na háite dul ar imirce.
beocht vibrancy
" Cruthaíonn na heagrais seo fostaíocht agus cuireann siad beocht sna ceantair Ghaeltachta agus is ceart a bheith buíoch as an tacaíocht.
a bheocht it’s vigour
" Is é bua leabhar Charr ná a bheocht.
le teann grinn agus beochta with fun and energy
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
mórán beochta much life
" Níl mórán beochta sa roth féin.
beocht a instealladh sa to inject a bith of life into
" Ní dhéanfadh Tinder mórán maitheasa do Ghráinne, dá mbeadh an áis sin aici agus í ar an saol, ach tá sé ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo beocht a instealladh sa saol rómánsúil acu féin.
ilghnéitheacht agus saibhreas agus beocht a variety, wealth and life
"ilghnéitheacht agus saibhreas agus beocht sa cheol a sheinntear inniu a bhí in easnamh b’fhéidir san am atá thart.
a mbeocht their vitality
" An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht.
tuilleadh beochta sa díospóireacht more life into the debate
" Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach tá súil agam go gcuirfidh ábhar an ailt seo tuilleadh beochta sa díospóireacht agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh feiceálacht na teanga ar chosáin agus ar cholbha bhóithre na tíre.
brí agus beocht na cathrach the buzz of city life
" Bíonn neart ar siúl i gcónaí agus is breá le bean Indreabháin brí agus beocht na cathrach.
beocht, fuinneamh agus misneach vivality, energy and courage
" Chois Fharraige 1974 ========= Bhí beocht, fuinneamh agus misneach i gCois Fharraige dhá scór bliain ó shin.
fírinne agus beocht ag baint le truth and life pertaining to
" Dúirt Giacometti, agus é ag caint leis an léirmheastóir David Sylvester gur rud neamhdheontach a bhí ina mhodh oibre agus gur mheas sé féin go raibh fírinne agus beocht ag baint le comhréireanna caola a chuid dealbh nár mhothaigh sé nuair a d'amharc sé ar dhealbhóireacht chlasaiceach.
bhí beocht san aisling the vision was alive
" Díograiseoirí Gaeilge a chuir INNIU ar bun i 1943, nuair a bhí beocht san aisling faoi Éire Shaor agus Éire Ghaelach.
bheocht life
" Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh.
rinne sé iontas den bheocht he was amazed at the vibrancy
" Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.