Pota Focal Intergaelic
tar | thigh | thin | thing | this | thug
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
má thig liom if I can
" Am ar bith a fheicim anois é, goidim é má thig liom.
a thig salach which contradicts
" Is beag an seans, mar sin, go mbeidh cruinnithe idir baill Shinn Féin agus an UDA sa todhchaí, rud a thig salach ar thuairimí lucht scríofa "Common Sense" a mhaígh gur shíl an pobal Protastúnach nár leor é *No *a rá.
dheamhan má thig liom smaointiú I'll be damned if I can remember
" "Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad," arsa Bróna.
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn to coax them with us as best we can
" Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
Má thig an tuar fán tairngreacht if the prediction comes through
" Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d'aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.
ní thig an aclaíocht domhsa cibé exercise doesn't suit me anyway
" "Órú, ní thig an aclaíocht domhsa cibé.
thig linn a bheith dóchasach we can be optimistic
" Sin ráite, tá Rann na Feirste níos Gaelaí ná mar a bhí tá 15 bliana ó shin agus, má mhaireann an biseach, thig linn a bheith dóchasach.
thig leat do scíste a ligean you can relax
" I ndiaidh do ranga, thig leat do scíste a ligean agus gloine fíona nó cupán caife a bheith agat agus tú ag amharc ar an ealaín agus ar na hearraí lámhdhéanta atá ar díol acu.
thig leat you can
" Muna mian leat sin a dhéanamh, thig leat dánta a scríobh duit féin agus gan iad a fhoilsiú.
thig leis an cheol the music can
" Guthanna ceoil, nó ceol ar bith, thig leis an cheol a dhul suas agus thig leis an cheol a dhul síos.
thig libh a chur ina luí oraibh féin you can convince yourselves
" Ar an dóigh sin thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó is léir don domhan is a mháthair go gcuireann an t-alt sin mearbhall ar gach duine a léann é.
A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt As far away from this place as you can take me
" "A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt, a mhic," arsa Deirdre agus léim sí isteach.
Thig liom toirt tí a fheiceáil I can see the shape of a house
" Thig liom toirt tí a fheiceáil uaim sa dorchadas.
Is ar éigean a thig leat an cosán a dhéanamh amach you can barely make out the path
" Is ar éigean a thig leat an cosán a dhéanamh amach tríd an abar agus an fásra.
Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith. No-one can accuse us of narrow-mindedness
" Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith.
Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh? How can that be so?
" “Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh?” a d’fhiafraigh mé dó.
ní thig leis he's not able to
" Níl an Tíogar i dtaithí ar ghabháil abhaile gan rud inteacht ina ghlaic – corn, nó cúpla milliún dollar – is é an dá mhar an chéile dó sin é nó ní thig leis a chuid corn nó a chuid milliún a chuntas.
ní thig le duine ar bith an taoide a stopadh. no one can stop the tide.
" Gan dabht, tá an saol i gcónaí ag athrú agus ní thig le duine ar bith an taoide a stopadh.
ní thig le híospartach a bheith cinnte a victim can't be sure
" Anois ní thig le híospartach a bheith cinnte cé hé nó cé hí an maistín.
ní thig liomsa é a dhéanamh le duine ar bith eile I can't do it with anyone else
" Sílim go bhfuil na guthanna iontach gar dá chéile agus tarlaíonn rud inteacht idir an bheirt againn; ní thig liomsa é a dhéanamh le duine ar bith eile agus ní thig léise é a dhéanamh le duine ar bith eile ach oiread.
Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois a newspaper can be printed in many different locations now
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
Ní thig leo they can't
" Ní thig leo asamhlú a dhéanamh agus Ní thig leo na constaicí a shárú ar chúiseanna éagsúla.
Ní thig a shéanadh it can't be denied
" Ní thig a shéanadh go bhfuil buiséad Holyrood i ndiaidh dúbailt ó am a tionólta i 1999 ach maíonn na hAlbanaigh nach méadú as cuimse é seo le hais áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe.
thig libh é a mhaíomh you could claim
" Agus, a chairde, thig libh é a mhaíomh le clanna bhur gclann, gur anseo a chuala sibh ar dtús é: tá na zheimers abhus.
ní thig leo a dhath a dhéanamh they can't do anything
" Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm *apparatchik* ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
ní thig leo an fhírinne a cheilt: they cannot hide the truth
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
Thig linn we may
" Thig linn a bheith réasúnta cinnte de go gcaillfear lear mór postanna an mhí seo agus go mbeidh ráta dífhostaíochta na hÉireann os cionn 10% roimh dheireadh na bliana.
thig an t-am thart the time comes around
" Buailfidh taom den díomá thú nuair a thig an t-am thart a mbeidh tú ag réiteach le gabháil chun an bhaile, mar ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfaidh tú leis an am saor sa lá ar ais sa bhaile.
thig aníos arise
" Ina dhiaidh sin arís, tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad.
ní thig liom I can't
" “Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!” Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
thig liom I can
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
thig de dheasca comes about due to
" Tá easpa an daonlathais áitiúil ag feidhmiú sna toghcháin, easpa a thig de dheasca cumhacht na bpáirtithe móra a bhrúnn a dtoil anuas ar na daoine, dá n-ainneoin.
Thig liom I can
" Thig liom é a shamhlú anois; beidh gach duine i ngach baile agus sráidbhaile in Éirinn cláraithe mar bhall d’Fhianna Fáil.
ní thig le cannot
" Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
thig linn we may
" pdf) Le feancadh a bhaint as an seanfhocal, ‘an té a rinne an t-am, rinne sé greadadh cineálacha de’, mar ‘chineálacha ama’, thig linn a rá feasta.
Thig a bheith cinnte one may be assured
" Thig a bheith cinnte de mar sin go mbeidh iomaíocht fhíochmhar ann idir an dá nuachtán úra do líon teoranta fógraí.
Ní thig a thuar one can't foretell
" Ní thig a thuar cad é mar a éireoidh le Foinse sna míonna amach romhainn siocair nár tugadh faoina leithéid de fhiontar ariamh cheana.
Thig le can
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
Ní thig a shéanadh it can't be denied
" Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
Thig linn we can
" Thig linn an bhrí iomlán a chur in iúl leis an fhocal trí litir sin: an grá.
Ní thig leat you can’t
" Ní thig leat an duine eile a chluinstean.
ní thig a shéanadh it can’t be denied
" Cuma cén dearcadh atá agat faoi ról Bhlair in ionramh na hIaráice, ní thig a shéanadh gur píosa scríbhneoieachta den chéad scoth é seo a bhféadfadh a bheith mar lámhleabhar dóibh siúd atá ag lorg na síochána ar fud na cruinne.
Thig linn we can
" Thig linn an suaitheadh intinne a fhágáil faoi na glúine atá fós le teacht ar an saol.
a thig leis he can
" Caitheann an bleachtfhéileacán an-chuid ama i Meiriceá Thuaidh agus i gCeanada le linn an tSamhraidh, ach a luaithe agus a thig leis roimh an bhfuacht, crochfaidh an cine ar fad na heiteoga go Meicsiceo.
lucht minic a thig frequenters
" Tá na coinnle lasta sna séipéil fosta ag lucht minic a thig agus, go háirithe, ag lucht minic nach dtig.
thig libh you can
" Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh.
Nuair a thig an chuach when the cuckoo lands
"Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin.
ní thig leo they can't
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
Thig leo they can
" ” **Balor: “Comhaontú Pháirc an Chrócaigh atá i gceist agam! Ní bheidh múinteoirí ná gardaí ná altraí in innimh maireachtáil ar aon cheathrú den tuarastal beag laghdaithe atá acu faoi láthair!”** Enda: “Thig leo dul thar lear más maith leo.
thig leis he can
" Is féidir le gasúr breith air ar urlár stroighne nó ar an mbóthar nuair nach mbíonn deis rith i bhfolach ag an earc, ach más earc sléibhe é, is laghairt ó cheart é agus thig leis an t-eireaball a theilgean uaidh má bheirtear air agus éalú leis.
thig leat a rá you may say
" "Níl ann ach comhartha" thig leat a rá, mar is fíorbheagán an méid Albannach le Gaeilge, go mór mór in aice leis an teorainn, ach do shléibhteoirí is comhartha maith é mar sna Garbhchríocha tá beagnach gach logainm i nGaeilge, cuid mhaith acu ag cur síos ar an tírdhreach - rud atá iontach feidhmiúil má bhíonn tú ag lorg, cuirim i gcás, Cnoc Fada.
gur thig leat that you can
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
a thig liom as I can
" Téim síos chomh minic agus a thig liom.
a thig leat one can
" Níl mórán áiteacha a thig leat é sin a dhéanamh.
thig an duine nuabheirthe ar an saol newly born human comes into the world
" Nuair a thig an duine nuabheirthe ar an saol, bíonn an chuid is mó dá inchinn liog-rianaithe do ghné thábhachtach amháin.
thig leis a bheith chomh dearfach he can be so positive
" Níl a fhios agam ó Neamh go hÁrainn caide mar a thig leis a bheith chomh dearfach deimhneach faoi gach rud.
ní thig liom I can’t
" **MDH: An bhfuil gnéithe éagsúla den teanga a chuireann níos mó dua ort ná gnéithe eile?** CL: Níor mhaith liom a admháil i ndiaidh domh 17 bliain a chaitheamh leis an teanga agus cosúil le mo dhaltaí Iodáilise féin, tá a fhios agam go bhfuil modh foshuiteach ann ach ní thig liom é a úsáid.
ní thig le rud ar bith nothing can
" ‘Is cuma cad a tharlaíonn,’ a scríobh sé ina bhlag, ‘ní thig le rud ar bith stad a chur le roth na staire, a éilíonn saoirse agus daonlathas’.
Ní thig linn we can’t
" Ní thig linn a mhaíomh a thuilleadh nach n-aithníonn Uachtarán Mheiriceá a Erse óna elbow.
thig le daoine a gcearta a chosaint people can defend their rights
" Is trí na seirbhísí dlí a thig le daoine a gcearta a chosaint agus cothrom na Féinne a fháil.
thig buannachd mhór as it can reap great dividends
" Aig a'cheann thall, thig buannachd mhór as," a deir sé.
Thig linn we can
" Thig linn an ceann seo a úsáid má shileann tú go mbeidh sé nios fearr.
Ní thig liom dul san áit sin I won’t go into that now
" **SÓC: An mbeidh an lá ann a mbeidh na comórtais a reáchtáil i gceann de na cathracha seo?** MMGE: Ní thig liom dul san áit sin; sa tsaol seo níor chóir duit rud ar bith a fhágáil amuigh.
Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo man is not an island
" Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo.
thig talamh slán a dhéanamh you can rest assured
" Ach chomh cinnte is atá mé go bhfuil deireadh leis an phlean mar a bhí, thig talamh slán a dhéanamh de fosta, nach n-éireodh éinne as a phost de bharr an phrácáis seo.
ní thig a shéanadh it can’t be denied
" Bíodh sin mar atá, ní thig a shéanadh gur choinnigh na monarchana beocht sna ceantair sin, trína chinntiú nach raibh ar bhunadh na háite dul ar imirce.
nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as isn’t it wonderful how it can be used
" Seachas sin ar fad, nach iontach an uirlis í an balbhú; agus nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as.
ní thig liom an milleán a chur orthu as I can’t blame them for
" Ach dá olcas an dá leabhar úd, ní thig liom an milleán a chur orthu as gach aon síocóis atá buailte orm! Lena chois sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an ghráin agam ar theanga ná ar litríocht an Bhéarla dá bharr.
ní thig leis duine a bhearradh oiread it can’t shave a person as much as
" - iii) Bearradóir so-iompair Logik, ní thig leis duine a bhearradh oiread is aon uair amháin, rud a chiallaíonn gur bhréagán a cheannaigh tú seachas gaireas do bhearrtha.
Ní thig liom méar a leagan air I can’t pin it down
" Ní thig liom méar a leagan air, ach tá rud éigin acu.
Ní thig leat you can’t
" ” “Ní thig leat mé a mhealladh, a Angela.
Ní thig a shéanadh it can’t be denied
" Ní thig a shéanadh ach gur chuidigh na deontais éagsúla úd le go leor de bhunadh na Gaeltachta i gcaitheamh na mblianta agus go bhfuil dornán de rathúnais an tsaoil acu dá dheasca.
thig liom a rá go neamhbhalbh I can honestly say
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
Ar an rud is lú thig a rá go cinnte the least that can be definitely said
" Ar an rud is lú thig a rá go cinnte, nach bhfuair Maolra Seoighe triail chothrom.
Ceisteanne minic a thig OAQ
" De réir an CMT (Ceisteanne minic a thig) tá neart ceoil nach bhfuil ar fáil uathu, toisc nach bhfuil ceadúnas faighte acu don cheol sin.
Ní thig le héinne a shéanadh no one can deny
" Ní thig le héinne a shéanadh gur beag toradh a bhíonn le feiceáil ar an 14 bliana a chaitheann scoláirí na tíre ag foghlaim na teanga.
má thig leat if you can
" An obair seo go léir i gCuan an Inbhir, ar thug sé an Béarla céim eile chun cinn ar an nGaeilg, meas tú, i gceantar Iorrais?** PÓMurchú: An bhfuil a fios agat cén milleán a chuirfinnse ar an bhforbairt, má thig leat forbairt a thabhairt air, a tháinig ar an mBéarla anseobh in Iorras? Mar a deir siad, ’siad na meáin chumarsáide is ciontaí le seo, stáisiúin raidió agus graithí craoltóireachta nach bhfuil tuiscint acu ar an teangaidh.
Thig leis can
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin how can they benefit from that wealth
" An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?** Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
thig leis they may
" Tá siad blocach, tá an pailéad srianta go maith ach is cuma don imreoir mar má shocraíonn sé nó sí ar teaichín deich n-urlár le díon tuí a chruthú, thig leis.
a thapúla is a thig leat as quickly as you can
" Déantar altán mar seo gan téadaí de ghnáth –‘soloing’ a thugtar air - agus mar sin caithfidh tú a bheith curamach gan titim! Má thiteann tú, caithfidh tú cosc a chur faoin siúl le do phiocóid oighir a thapúla is a thig leat le do bhás a sheachaint.
Thig leo they can
" Thig leo a gcuid páistí a thabhairt ar cuairt chuig uaigh Santa, i gContae an Chabháin.
thig liom a rá leat go neamhbhalbh I can tell in a forthright manner
" Ach thig liom a rá leat go neamhbhalbh, agus mé ag caint faoi thuarastal lom, go bhfuil mé fós faoi bhun an mhilliúin, a Bhaloir.
thig le lucht eagraithe an dúshláin the challenge organizers can
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
ní thig a shéanadh it can’t be denied
" Cé nach dócha go mbeadh ceachtar páirtí buíoch de, ní thig a shéanadh gur dócha go mbeidh 'Rialtas Náisiúnta' idir Fine Gael agus Fianna Fáil mar cheann de na roghanna a bheidh tráchtairí polaitíochta ag scríobh faoi sna blianta beaga amach romhainn.
Thig libh ye can
" Thig libh bhur gcártaí creidmheasa a thabhairt dom agus na huimhreacha rúnda aitheantais a scríobh síos ar ghiota páipéir.
thig leis breith ort it can catch you
" Mura bhfuil tú cúramach, thig leis breith ort, do chur faoi smacht agus ní fheicfidh tú an an domhan taobh amuigh choíche arís i ndiaidh don dorchadas teannadh isteach ort.
nuair a thig leis treabhadh ar aghaidh when he can plough ahead
" Ní fear é John Owen Brennan a ghlacann le maslaí; agus ní fear é a sheasann siar nuair a thig leis treabhadh ar aghaidh.
Ní thig liom fanacht I can’t wait
" Ní thig liom fanacht go dtí 2018.
Ní thig a shéanadh it can’t be denied
" Ní thig a shéanadh nár éirigh le haon nuachtán Gaeilge ariamh sciar mór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhealladh le hiad a léamh.
Ní thig linn maireachtáil ar bhonn tráchtála we can’t survive on a commercial basis
" Ní thig linn maireachtáil ar bhonn tráchtála gan fóirdheontas.
Ní thig liom I can’t
" Cén dearcadh atá ag Úna? "Ní thig liom teoiric ghinearálta a thairiscint," ar sí.
Má thig leis teacht ar if he can find
" Má thig leis teacht ar cheann ar bith acu a bhfuil blas beorach air, bhuel is fearr é ná Balor ó thaobh an taighde de.
a thig linn which we can
" Tharla scaifte áirithe den mhuintir dílseach /aontachtach a bheith múscailte le spéis sa Ghaeilg, ba cheart agus ba mhithid don chuid eile againn cuidiú leo ar aon bhealach a thig linn.
ní thig lena hiníon codladh her daughter can’t sleep
" I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an *Union Jack* a bhaint anuas cionn is go ndéanann sé trup sa ghaoth istoíche agus ní thig lena hiníon codladh mar gheall air.
ní thig leis he can’t
" Cé go bhfuil sé doirte di, ní thig leis sin a dhéanamh.
Ní thig a shéanadh it can’t be denied
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
Ní thig leis an Fhrainc France can’t
" Ní thig leis an Fhrainc dul i ngleic leis na fadhbanna móra atá aice mar thír.
thig linn a bheith we can be
" thig linn a bheith chomh maith céanna leis sin.