Pota Focal Intergaelic
tár | ar | atar | tair | tar-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa chruth go dtig linn so that we can
" Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní; Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
thar an tairseach over the threshold
" D'fháiltíodh isteach thar an tairseach iad.
nach dtig a iomrá 'fhad le Balor without word of it reaching Balor
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti that we can all be proud of
" Caithfidh muid fanacht go dtí go bhfógrófar cé hé/hí an stiúrthóir nua le fáil amach cad é atá i ndán d'Áras Nua-Ealaíne na hÉireann amach anseo, ach tá McGonagle ag fágáil dánlainne ina dhiaidh a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti.
ag fanacht thar fhad na fáilte overstaying my welcome
" Ach nuair a rinne seanbhean mhór mhantach iarracht mé a mhealladh chun a leapa, bhraith mé go raibh mé ag fanacht thar fhad na fáilte.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
mura dtig leis an dá rialtas unless the two governments can
" Creidim go bhfuil am an-chontúirteach romhainn mura dtig leis an dá rialtas coinín a tharraingt amach as an hata.
Tar éis an tsaoil after all
" Tar éis an tsaoil, nach í aidhm an CLG an cluiche a scaipeadh ar fud na tíre agus an t-aos óg a spreagadh chun í a imirt, nó an ea? *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh.
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil she could barely lift her head with the embarrassment
" " "Rita," arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
ó tháinig an tseachtain since the beginning of the week
" Tá tú ag tarraingt na gcos ó tháinig an tseachtain.
tar éis titim amach after happening
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar he nearly vomited
" Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar nuair a chonaic sé an píosa feola a bhí folaithe ag cúl an chuisneora, ann ach go raibh sé beo.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh that he could have slept soundly
" Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
an dtig leat neamhiontas a dhéanamh can you ignore
" Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht? Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
Tháinig sé crua ar Chian It was difficult for Cian
" Tháinig sé crua ar Chian soc an chairr a fheiceáil, chan amháin a bheith ag caint ar chúlú thart an coirneál.
thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh I could have laughed my fill
" An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh ach go bé gur ag cur scrúdú ort a bhí mé.
thar a bheith sásta very pleased
" Tá sé thar a bheith sásta gur chuir Foras na Gaeilge in iúl ag deireadh mhí Eanáir go raibh siad toilteanach a bheith mar phríomhurra ar an bhféile.
thiocfainn isteach air I'd get used to it
" Dá mbeinn tar éis dul ann agus mé fiche éigin bliain, thiocfainn isteach air.
a tháinig i dtreis as a stuaim féin self-made
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
ag cur thar maoil overflowing
" Dúirt sé go magúil cúpla uair go raibh sé chun na hamhráin chiúine a chasadh ag tús na ceolchoirme mar go raibh sé cinnte de go mbeadh an áit ag cur thar maoil le daoine roimh dheireadh na hoíche.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é that they would give it back to me
" Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
ag dul thar bráid passing by
" Is féidir liom luí sa leaba san oíche agus nuair a chloisim carr nó trucail ag dul thar bráid, bíonn a fhios agam cé leis an fheithicil.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an bus ag cur thar maoil le daoine mar go raibh sé tar éis a sé tráthnona.
Má thagann an crú ar an tairne when it comes to the test
" Tá a fhios acu sin achan rud!" "Nach Eorpaigh muid ar fad anois," a mhaígh an tEorpach Mór, Fat the Cóp, agus é ag iarraidh teacht i gcabhair ar na créatúirí cráite:" Má thagann an crú ar an tairne déanfaidh muid cinnte go gcruthófar spás fá choinne nócha duine eile i ngoirt phrátaí na hAlban.
ag dul thar bráid passing by
" Theith siad lena n-anam, ach bhain Balor barrthuisle as Ó Peann Luaidhe agus chuir an milleán ar dhuine neamhurchóideach den mhuintir ghorm a bhí ag dul thar bráid.
go dtí go dtig athrú air sin until that changes
" Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne i mbaol.
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
thar fóir over the top
" Níl aon dabht ach go ndeachaigh na Gardaí thar fóir lena mbataí ar an 6 Bealtaine 2002 ag an léirsiú i mBaile Átha Cliath.
thar lá ar bith eile of all days
" Ní raibh fonn air a dhul i gcoinne a mháthar inniu thar lá ar bith eile.
tar éis an tsaoil after all
" Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
thar barr excellent
" Measann sé go raibh Dave Fanning thar barr mar láithreoir tráth ach go bhfuil an splanc caillte aige, gur agallaimh is mó a bhíonn aige ar an chlár anois, agus go bhfuil an chuma ar an scéal nach gceannaíonn sé mórán ceoil nua.
tar éis a mbuailte after being defeated
" Rud eile ná go raibh briseadh deas cúpla seachtain chun traenála agus pleanála ag an gClár, ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh tar éis a mbuailte ach b'éigean d'Áth Cliath, do Loch Garman, don Mhí agus d'Uíbh Fhailí dul chun páirce arís sé lá tar éis dóibh cluiche a chailleadh.
thiocfadh liom codladh liom I could sleep on
" "An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom codladh liom," arsa Ruth.
má thig liom if I can
" Am ar bith a fheicim anois é, goidim é má thig liom.
a thig salach which contradicts
" Is beag an seans, mar sin, go mbeidh cruinnithe idir baill Shinn Féin agus an UDA sa todhchaí, rud a thig salach ar thuairimí lucht scríofa "Common Sense" a mhaígh gur shíl an pobal Protastúnach nár leor é *No *a rá.
dheamhan má thig liom smaointiú I'll be damned if I can remember
" "Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad," arsa Bróna.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis as fast as he possibly could
" Amach le Frank chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis agus suas leis ar stól na cistine.
Nach réidh a tháinig an bhréag leat doesn't lying comes easy to you
" Bhris an gáire ar Frank ach char dhúirt Bróna ach "Nach réidh a tháinig an bhréag leat," agus shuigh sí isteach sa tacsaí.
thar a bheith gnóthach most busy
" " Albam ======= Tá sé beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha.
nuair a tháinig sé i méadaíocht when he grew up
" isteach sa FDNY nuair a tháinig sé i méadaíocht, agus rinne beirt dá mhic amhlaidh; chuaigh duine acu, Bill Bresnan, amach ar pinsean i mí Iúil 2001.
tig siad they come
" Gach mí Iúil, cuir i gcás, bíonn cúrsa siúil ann do mhúinteoirí bunscoile agus tig siad as gach páirt den tír anseo.
ag dul thar fóir going overboard
" Bhí a lán Éireannach agus ceardchumannaithe ón cheantar ar an pharáid ach bhí an-fhoighid acu leis na póilíní, in ainneoin iad a bheith ag dul thar fóir leis an smachtú.
go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach that we take advantage of European money
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
Tagaim féin leis an tuairim seo I agree with this opinion
nach dtiocfadh léi a athrach a iarraidh she couldn't ask for any better
" Bhí torthaí na scrúduithe chomh maith sin nach dtiocfadh léi a athrach a iarraidh agus bheadh sí ábalta a dhul ar a rogha ollscoil anois.
thar an cheasaigh overboard/over the top
" Nuair a chonaic a hathair na deora bhí a fhios aige go raibh sé ag dul rud beag thar an cheasaigh.
thar a bheith dearfach extremely positive
" " Is duine thar a bheith dearfach í Gearóidín agus nuair a d'fhiafraigh mé di ar chuir sé isteach uirthi nach raibh an meas céanna ar an scéalaíocht agus ar an amhránaíocht ina ceantar dúchais, ní raibh sí sásta a bheith cáinteach.
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn to coax them with us as best we can
" Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
tar éis do na buamaí pléascadh after the bombs had exploded
" Bhí a bhformhór dóite go dona de bharr na tine a bhí sa Sari tar éis do na buamaí pléascadh.
ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa they couldn't tell a bar of music from a bar of soap
" Cuid mhór acu ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa, nó céim damhsa thar chéim sa Ghaeilge Ársa.
Má thig an tuar fán tairngreacht if the prediction comes through
" Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d'aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.
Thar lá ar bith eile of all the days
" "Thar lá ar bith eile," arsa Nóirín léi féin.
go dtí go dtig biseach ort until you get better
" "An bhfuil tú cinnte nár mhaith leat a dhul suas chun an bhaile cúpla lá go dtí go dtig biseach ort? Chan ag dul ar chúl sceiche atá mé nuair a deirim nach bhfuil a fhios ag mná óga an lae inniu cad é an dóigh le haire a thabhairt d'fhear.
thar sáile abroad
" Ní raibh aon rogha ag daoine ach imeacht thar sáile.
thagadh deartháireacha m'athar anuas my father's brothers used to come down
" "Oícheanta áirithe thagadh deartháireacha m'athar anuas ó na Bronx.
thar lear abroad
" Tá go leor thar lear chomh maith.
ag dul thar fóir going overboard
" Agus todhchaí an PSNI á plé faoi láthair, tá iarrachtaí a cheannasaíochta an milleán uilig a chur ar na poblachtánaigh ag dul thar fóir.
nach dtángthas ar a dhath dá bharr where nothing was found as a result of it
" An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
thar lear abroad
" I dTiobrad Árann agus sna contaetha láidre eile imrítear iománaíocht gach Domhnach i rith an tsamhraidh agus peil sa gheimhreadh don spórt! Ach i mBaile Átha Cliath is beag iomáint a imrítear sa samhradh, mar bíonn mic léinn thar lear agus daoine ar saoire.
atá tar éis mórán a bhaint amach who has achieved a lot
" Is fear é Mícheál Ó Grádaigh atá tar éis mórán a bhaint amach i gcúrsaí iomána i rith a shaoil ach tá an díocas céanna ann is a bhí riamh.
Ní thiocfadh liom a bheith gaibhte I couldn't be bothered
" Ní thiocfadh liom a bheith gaibhte ag treabhadh fríd seo.
tar éis dise bailiú léi after she had left
" Nuair a chuaigh a chailín go Tír na mBascach ar feadh bliana chun Spáinnis a fhoghlaim, chuaigh Hector léi, ach d'fhan sé ansin trí bliana tar éis dise bailiú léi.
thar sáile abroad
" Téann tú thar sáile agus bíonn teanga ag gach aon náisiún eile.
ag dul thar fóir overboard
" Chuala mé féin (agus go leor iriseoirí eile) roinnt mhaith daoine ag rá go raibh sé deas go rabhthas ag cuimhneamh ar dhuine ab ansa leo a cailleadh, ach go rabhthas ag dul thar fóir leis an chlúdach.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh I could do the same myself
" Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
tháinig mé isteach air I became used to it
" Tá an córas in Éirinn difriúil ón cheann atá sna Stáit Aontaithe, ach tháinig mé isteach air ar deireadh.
thar barr excellent
" Thug Mary ceardlann amhránaíochta sean-nóis cúpla mí ó shin agus d'éirigh thar barr leis an ócáid.
thar a bheith sásta very pleased indeed
" Bhí gach áit sa rang lán agus bhí daoine thar a bheith sásta leis an imeacht.
nuair a thagann an chrú dtín dtairne when it comes to the test
" Bhí tráth, nach fada ó shin é, a raibh daoine sa pharóiste nach raibh aon Bhéarla acu ach anois tá formhór na n-áitreabhach sa pharóiste dátheangach agus nuair a thagann an chrú dtín dtairne is é an Béarla is fearr leis an ndream óg a labhairt.
Tar éis an tsaoil after all
" (Tar éis an tsaoil, as chuile euro a fuair muid ón Eoraip, chaill muid a chomhionann is dhá euro i luach an éisc a thóg iascairí eile i bhfarraigí na hÉireann ó chuaigh muid isteach sa gComhphobal 30 bliain ó shin.
An dtig linn can we ...?
" An dtig linn cur suas le fiche bliain eile den choimhlint seo? *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
ní thig an aclaíocht domhsa cibé exercise doesn't suit me anyway
" "Órú, ní thig an aclaíocht domhsa cibé.
thar aon rud eile above all is
" Tógann an scríbhneoireacht, thar aon rud eile, tógann sé an-chuid ama.
thar cionn great
" "Bhí na daoine thar cionn," a deir Doherty, ag tagairt do na léachtóirí agus don fhoireann eile a dhéanann Clár Staidéir Idirnáisiúnta Notre Dame a reáchtáil as an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus as Coláiste na Tríonóide.
thar barr excellent
" D'fhógair Federico Trillo, Aire Cosanta na Spáinne agus ball mór le rá d'Opus Dei, i ndiaidh dó a bheith ag taisteal i héileacaptar ar fud chósta Galicia, go raibh "cuma deas glan ar na tránna" agus go raibh "an radharc thar barr".
a thagann sna sála orthu which follows them
" Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach a thagann sna sála orthu.
tháinig mé isteach air I became used to it
" Tá an córas in Éirinn difriúil ón cheann atá sna Stáit Aontaithe, ach tháinig mé isteach air ar deireadh.
thar barr excellent
" Thug Mary ceardlann amhránaíochta sean-nóis cúpla mí ó shin agus d'éirigh thar barr leis an ócáid.
thar a bheith sásta very pleased indeed
" Bhí gach áit sa rang lán agus bhí daoine thar a bheith sásta leis an imeacht.
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe they couldn't agree on which way the wind was blowing
" An lá ab fhearr a bhí siad ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
thiocfadh leat a rá you could say
" Níor chaith Seán ach cúpla lá ar an scoil ach thiocfadh leat a rá go raibh sé ar Ollscoil sa bhaile.
thig linn a bheith dóchasach we can be optimistic
" Sin ráite, tá Rann na Feirste níos Gaelaí ná mar a bhí tá 15 bliana ó shin agus, má mhaireann an biseach, thig linn a bheith dóchasach.
tar éis an tsaoil after all
" Bhíodar, tar éis an tsaoil, ag cloí réabhlóide laistigh den impireacht.
tar éis an scéal seo a bhréagnú after denying this story
" Go dtí seo níl Ambasáid na Breataine tar éis an scéal seo a bhréagnú.
ag dul thar fóir overboard
" Is é bun agus barr an scéil go bhfuil muinín caillte ag daoine as Meiriceá agus go síltear go bhfuil Bush ag dul thar fóir, i gcomparáid le stuamacht an té ar tháinig sé mar chomharba air, Bill Clinton.
b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay perhaps Hay's prediction will come true
" Má bhíonn sé drámatúil mar ghníomh, b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay.
cneasú thar ghoimh a pretence/a scab on an unhealed wound
" Ní bheadh sa tseal beag suaimhnis seo ach cneasú thar ghoimh.
thar barr excellently
" Dá n-éireodh thar barr leat mar mhúinteoir, bheadh a fhios agat nach labharfaidís aon fhocal Gaeilge go deo arís.
go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo that this threat will abate
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht as we grow up
" Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
thar lear abroad
" D'athraigh an áit go mór ó d'fhág mé í, agus bhí athruithe móra tagtha orm féin, mar a bhéifeá ag súil, tar éis tréimhse fhada thar lear.
tar éis an tsaoil after all
" Agus cá bhfios nach dtarlóidh sé sin mar, tar éis an tsaoil, nach é iontas agus díol spéise cúrsaí spóirt ná go dtarlaíonn an toradh gan choinne agus an t-éacht glórmhar nuair nach mbíonn súil againn leo.
thar lear abroad
" Mar sin féin, bím ag súil go mór le teacht abhaile freisin! AÓF: Cad é an rud is mó a mhothaíonn tú uait nuair a bhíonn tú i bhfad ó bhaile? OMD: Bím ag smaoineamh faoi na seisiúin iontacha nach féidir liom a bheith páirteach iontu in Éirinn, agus freisin bím croíbhriste gan comhluadar mo chailín! AÓF: Nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol, cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire? OMD: Tá an-suim agam sa pholaitíocht agus i gcúrsaí reatha sa tír seo agus thar lear.
do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh for the generations that will follow us
" Tá praiseach déanta ag George Bush agus ag Tony Blair maidir leis an Iaráic; an fhadhb is mó ná go mbeidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí, ní hamháin dúinne ach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua who will take most advantage of the new markets
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
Tig na samplaí seo these examples come
" Tig na samplaí seo as tuarascáil a d'ullmhaigh Coimisiún na gCeart Daonna ó thuaidh ar thraenáil an PSNI maidir le cearta daonna.
dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi she took as deep a breath as she could
" Nuair a d'oscail doras an ardaitheora, dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi, ag dúil go dtabharfadh sin rud beag uchtaigh di.
thar barr excellent
" " Deir Áine go raibh an cúrsa Gaeilge san ollscoil, a bhí á reáchtáil ag an tAthair Colmán Ó hUallacháin, thar barr, go raibh sé "éagsúil ar fad agus nua-aimseartha".