Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá laghad sinn even though we are small in number
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
siúd is go even though
" Bhain mé amach céim sa léann Gearmánach in Ollscoil Sualainnise na Fionlainne, Åbo Akademi, atá lonnaithe sa chathair seo, ach siúd is go bhfuil Sualainnis ó dhúchas ag m'athair, arb as an chósta dó, níor tharraing mise an teanga sin orm ach ar scoil.
cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor even though I became ill, right enough
" D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
dá fheabhas é good though it might be
" "Ach is cuma cén t-aistriúchán a dheintear, dá fheabhas é, tá sé ciotrúnta, tá sé bacach, níl sé dílis.
dá fheabhas iad excellent though they may be
" Má chreideann sé gurb ionann státseirbhísigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha - dá fheabhas iad - agus “an pobal náisiúnach”, tá dul amú air.
dá fhadálacht é slow though it was
" Tá cibé a iarradh orthu curtha i gcrích acu – dá fhadálacht é.
agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, and though I didn't warm to them for a while,
" I ngach teach bhí aisteoir éigin a raibh scéal suimiúil le n-insint aige nó aici faoin saol mar a bhí, agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, d'éirigh leo teacht timpeall orm lena mblúirí beaga staire.
Cé nár fheil an cur chuige sin dom agus mé óg Even though that approach did not suit me when I was young
" Cé nár fheil an cur chuige sin dom agus mé óg, d'fheil sé go maith dom nuair a bhí mé in Newark.
cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair Even though you can see the scene again
" Sa deireadh, d'éirigh leo an scéal a mharú, cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair ar YouTube, agus cuireadh an lacha ar fionraí chluiche amháin.
cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló even though they didn't mention before the article was published
" Ní raibh siad sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil dom, cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló go mb'fhéidir go mbeadh sé conspóideach – níorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu tar éis dóibh an t-alt a léamh.
cé go gcuirfeadh a chuid loighce mearbhall ar dhuine uaireanta. even though his logic would confuse a person at times
" Easpa loighceIs léir gur fear fíoréirimiúil é Myers, cé go gcuirfeadh a chuid loighce mearbhall ar dhuine uaireanta.
cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach even though I don't concede that it is essential
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, even though there was great demand for their music
" Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir sé go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa.
cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta. even though they were not familiar with traditional music
" ” Tugadh cuireadh do cheoltóirí éagsúla, leithéidí an racghiotáraí Declan Sinnott agus an dordghiotáraí Eoghan O’Neill, a bheith páirteach in Moving Hearts, cé nach raibh cur amach ar bith acu ar an cheol traidisiúnta.
cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, even though the turf of Ireland is in my blood
" no problem!” * Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.
Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, Even though it is far away in our minds
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
amhail is as though
" Thuairiscigh Amnesty go raibh fórsaí na hAetóipe ag marú daoine amhail is nach raibh iontu ach tréad gabhar.
giodh though
" Fuil Fiamhain giodh iad is fearr d'folaibh uaisle na hÉireann, mar bhíd réaltana um ré lán, a n-éantogha is sé Seaán.
amhail is as though
" Í i gcaidreamh míshásúil, ó chéad amharc an cheamara, le fear óg a chaitheann léi amhail is dá mba soitheach dá chuid drúise í.
amhail is as though
" Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in ann “cúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras.
amhail is as though
" Bhain cuid mhaith den bhruscar le tionscal na hiascaireachta: seantéada, cáblaí agus eangachaí is mó a bhí ann ach bhí cuid mhaith bruscar tí ann chomh maith, caite ar an gcladadh amhail is go raibh lucht a chaite ag súil go réiteodh an taoille fadhbanna dramhaíle na Rosann.
amhail is as though
" Labhraíonn daoine faoi shaol an duine gan dídean amhail is a bheadh gach eolas acu ar an scéal.
amhail is go ndallfaí iad as though it would blind them
" Tá a n-aird siúd, an eite chlé, dírithe gach áit eile seachas ar Libia amhail is go ndallfaí iad ach spléachadh ina leith an seal gairid.
amhail is as though
" Comharthaí an Bháis: ========= Tá comharthaí an bháis chuile áit anois: i roinnt de na siopaí is le gnúsacht a fhreagraítear mé nuair a labhraím Gaeilge; sna ollmhargaí áitiúla cloisim freastalaithe meánaosta ag labhairt Béarla le seandaoine nár chleacht Béarla riamh cé go labhrann siad Gaeilge liomsa agus le corrchancrán eile ar nós mé féin; tá roinnt de na foirne peile sa gceantar á dtraenáil trí Bhéarla, amhail is nach bhféadfaí duine le Gaeilge a fháil.
amhal dá mba fhíric na staire as though it were historical fact
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór who doesn’t look at all as though
" “Ólann tusa Santo Daime?” a d’fhiafraigh mé d’úinéir an ionaid aclaíochta, nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór go mbacfadh sé le rud a bhfuil blas an nua-aoiseachais air.
amhail is gur as though
" An mhaidin dár gcionn, tá soiléire neamhghnách ar an saol, amhail is gur baineadh díom spéaclóirí gréine a bhí orm i ngan fhios dom féin.
mar a bheadh cumhacht as though a force were
" Mothaím troime ag teacht orm, mar a bheadh cumhacht do mo choinneáil i mo shuí sa chathaoir.
mar a bheadh uisce faoi thalamh ann as though in a conspiracy
" “Is cuimhin liom gur smuigleáladh an ceirnín Seán South of Garryowen isteach sa teach agus cúpla fear cruinn thart ar sheanghramafón ag éisteacht leis mar a bheadh uisce faoi thalamh ann.
dá mba mise a chuir na hurchair ann as though I shot him
" Beidh siad ag amharc go hamhrasach orm, dá mba mise a chuir na hurchair ann agus é ag tiomáint chun a chuid oibre.
tá gach aon dealramh ar an scéal gurb it really appears as though
" Déarfadh Comhairle Chontae Dhún na nGall nach bhfuil siad ach ag iarraidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a shaothrú, ach tá gach aon dealramh ar an scéal gurb é an t-airgead an chloch is mó ar a bpaidrín.
beagnach amhail is almost as though
" Thosaigh Lehane le luas mall tomhasta ar dtús, beagnach amhail is gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta.
amhail is gur cosaint é sin as though it’s a defense
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
a chaith le bunreacht fé mar who treated the constitution as though
" Droim láimhe, fiú i ngan fhios dó féin, a thugann sé go minic do rabhadh cáiliúil Edmund Burke, an fealsamh polaitiúil a cháin na dlíodóirí a chaith le bunreacht fé mar *“the Penates of an Englishman”* ab ea é.
Níl an chosúlacht ar an scéal it doesn’t appear as though
" Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread.
gur cosúil gur leanadh ar an chaoi seo it seems as though this has continued
" ie/en/statistics/crimeandjustice) Thug alt le déanaí ar an Irish Times (28 Meith 2013) le fios gur cosúil gur leanadh ar an chaoi seo mar gur tháinig titim eile ar líon na gcoireanna le linn an chéad ráithe i mbliana.
Cheap mé go raibh sí doscriosta I though her (to be) invincible
" Cheap mé go raibh sí doscriosta.
bíodh is go bhfuil sé i Manchain even though it’s in Manchester
" Molaim an iarsmalann sacair do chách, bíodh is go bhfuil sé i Manchain!
bhí an chuma ar an scéal it looked as though
" San ionad adhfhuafar sin a d’eagraigh sé oícheanta taibhsiúla go rialta, é i mbun turgnamh le soilse, guthanna/fuaimeanna agus maisithe stáitse éagsúla; mhair na seónna sin ar feadh sé bliana agus ní nach ionadh, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Robertson in ann taibhsí na marbh a thabhairt ar ais ar an saol agus dul i mbun cainte arís os comhair lucht féachana.