Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sheachadadh síos trísna glúintibh to transmit through the generations
" Tá deacrachtaí móra ann an teanga a chaomhnú agus a sheachadadh síos trísna glúintibh.
Rachadh sé fríot it would go right through you, i.e. it was very loud
Isteach ar an fhuinneog came in the window (note 'ar' not 'fríd'); 'isteach fríd an fhuinneog nó doras' literally means 'through', as in breaking through the window or door.
" Isteach ar an fhuinneog a tháinig sé, is cosúil, agus chan anuas an simléir agus bhí ocras ar dóigh air fosta, nó níor fhág sé grabhróg den bhia a fágadh fána choinne ina dhiaidh," arsa Máire agus aoibh an gháire uirthi.
ag postdíol selling through the post
" I ndáiríre, is beag difear atá idir a bheith ag díol ar an idirlíon agus a bheith ag postdíol go díreach trí chatalóg sheanaimseartha.
a bhiseoidh le himeacht aimsire which will improve through time
" Tá croífhoireann curtha le chéile atá maith agus a bhiseoidh le himeacht aimsire.
Má thig an tuar fán tairngreacht if the prediction comes through
" Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d'aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.
lúbra sráideanna chroílár na cathrach through the maze of downtown streets
" Ach níl cead ag Collins foréigean a úsáid, agus é ag déanamh a shlí trí lúbra sráideanna chroílár na cathrach, agus ag bualadh le carachtair a bhfuil níos mó datha ag baint leo ná mar atá le fáil i bpictiúr de chuid Jackson Pollock.
trína shéanas through the gap in his upper front teeth
" "Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas.
trí mhéan na healaíne through the medium of art
" Is é an rud atá i gcoiteann acu ná nach bhfuil aon rud eile acu ina saol seachas an cíocras seo chun iad féin a chur in iúl trí mhéan na healaíne.
ag séideadh aníos tríothu blowing up through them
" Bíonn an fharraige ag séideadh aníos tríothu sa gheimhreadh.
trí chumhacht an spioraid chruthaithigh through the spirit of the creative spirit
" "Ní gá dúinn a bheith inár dtomhaltóirí - is féidir linn ár nglór a chur i bhfeidhm trí chumhacht an spioraid chruthaithigh .
le teann faitís through fear
" Ní léiríonn an rialtas mórán suime i gcearta na nIarácach atá san Astráil a d'fhág an Iaráic le teann faitís roimh réimeas Saddam.
le teann imní through sheer worry
" Thuig sé láithreach an t-aon phíosa nuachta a shásódh Ó Doornail: agallamh eisiach le Sodom Ó hOisín i mBagdad! Agus thuig sé an dóigh le é a fháil: bréagriocht a chur air féin! Ach cén bréagriocht? Chuaigh sé ag meabhrú os cionn na tine - tine gháis - nó bhí an mhóin ar fad ite aige le teann imní.
trí mheán an idirlín through the medium of the Internet
" net nuair a bhunaigh sibh é? Ranganna Gaeilge labhartha a chur ar fáil trí mheán an idirlín a thabharfadh cabhair do dhaltaí ar fud an domhain chun an Ghaeilge a labhairt, agus san am céanna an ceangal a dhéanamh idir na foghlaimeoirí agus lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht i slí is go bhfaigheadh siad spreagadh chun leanúint ar aghaidh á labhairt agus á tabhairt dá gclann.
tríd an idirlíon through the Internet
" D'fhiafraigh mé de faoin "chóras gréasáin teicneolaíochta eolais" agus dúirt sé nach raibh i gceist ach córas le hearraí a dhíol tríd an idirlíon.
dhéanfadh sí méaradradh ar iris she'd flick through a magazine
" Bhí an bhean bhocht ina suí ansin ag amharc uaithi agus anois agus arís dhéanfadh sí méaradradh ar iris a bhí ina suí ar thábla roimpi.
chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge it would create a demand for services through Irish
" Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
ina raibh na páistí á dtógáil le Gaeilge in which the children were being reared through Irish
" I dtrátha an ama chéanna, bhog clann Ghearóid go Cill Uaigh ar imeall iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh Clann Mhic Ainmhire ina gcónaí, ceann de na chéad teaghlaigh ina raibh na páistí á dtógáil le Gaeilge.
fríd na sluaite through the crowds
" "I only have the *cúpla focal*," ar seisean, "And that's both of them!" Shiúil mé liom ar aghaidh fríd na sluaite, mé ag déanamh iontais de na daoine a bhí gléasta mar leipreacháin agus de na seamróga a bhí ag fás amach as cloigne gach aon darna duine.
trí chluichí dúshláin through challenge matches
" Scoite amach ======= Fadhb eile atá ag foirne Uladh ná go bhfuil siad scoite amach ó na contaetha láidre iomána a bhféadfadh siad bheith ag foghlaim uathu trí chluichí dúshláin, idir chlub agus chontae, dá mbeidís níos congaraí dóibh.
chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta to promote the language through drama
" Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta.
fríd m'athair through my father
" Thóg mé liom traidisiún na hamhránaíochta béil sa cheantar seo fríd m'athair.
fríd an scaifte through the crowd
" Bhí an Ghrúdlann ag maíomh gur bronnadh an chéad duais sa damhsa ar an sean-nós air, agus nach raibh sé ach ag siúl suas fríd an scaifte go dtí an beár ag an am.
trí bheartais shíochánta agus dhaonlathacha amháin through peaceful and democratic policies only
" Ansin, bhí ráiteas Gerry Adams ann gurb é an dóigh amháin leis an fhadhb a réiteach ná trí bheartais shíochánta agus dhaonlathacha amháin.
an cháil cheannlínteach the fame through headlines
" An rud is mó a chuirfeadh éadóchas ar dhuine ná an cháil cheannlínteach a ghnóthaíonn na scriosadóirí dóibh féin as cruthaitheacht daoine eile a dhíspeagadh, cáil atá bunaithe ar an chruthaitheacht sin nach leo féin í.
trí obair dhian through hard work
" Is mian leo é sin a dhéanamh seachas a bheith ag iarraidh post maith a fháil trí obair dhian agus, ag an am céanna, a lán ama a chaitheamh i mbun traenála i lár an gheimhridh agus i mbun taistil ar fud na tíre chun cluichí a imirt, ag filleadh déanach oíche Dhomhnaigh agus ag éirí go moch maidin Dé Luain chun lá oibre a dhéanamh.
ag rásaíocht tré chuisle racing through veins
" Ardaíonn an súlach sna cnámha agus téann an fhuil ag rásaíocht tré chuisle.
as mioscais through malice
" Cad é do mheas ar an vótáil leictreonach? Measaim gur cheart dul sa treo sin ach a bheith chomh deimhin is is féidir nach rachadh an córas as a riocht cé acu de thaisme nó as mioscais a tharlódh sé sin.
trí Shéadchomhartha Náisiúnta through a National Monument
" Chuir an Chúirt Uachtarach stop leis an tógáil arís tar éis na Nollag, ag rá nach féidir leis an Aire bóthar a fhógairt trí Shéadchomhartha Náisiúnta a bhfuil a aireacht féin freagrach as.
ag léimnigh fríd a intinn jumping through his mind
" Deir John go mbíonn an ceol ag léimnigh fríd a intinn i gcónaí, go mbíonn sé go síoraí ag smaointiú ar phort amháin nó ar phort eile.
Shiortaigh Máire fríd a raibh sa phrios Máire rummaged through everything in the press
" " Shiortaigh Máire fríd a raibh sa phrios agus chaith sí cúpla ball éadaigh ar an leaba.
tríothu through them
" Bhí trí gheata oscailte agus 10,000 duine ag iarraidh dul tríothu.
ag bladar fríd a dtóin talking through their ass
" Tá Feargus Finnicky Finlay, a iar-shaoiste Ruairí Ropaigh Uí Chuinn, agus Gerrymander Adams ar a mbealach go Féile na bhFéasóg i gCúba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don réabhlóid atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó a raibh siad uilig fós ábalta bheith ag bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é.
trí mheán an damhsa through the medium of dance
" Tá cur síos ina fhíseán siúd, *Un Ballo in Maschera (A Masked Ball)*, ar "fheallmharú an Rí Gustav II trí mheán an damhsa.
trí chomhtharlúint iomlán through a total coincidence
" Féach ar an bhfoirgneamh," a deir sé, agus muid, trí chomhtharlúint iomlán, ag tiomáint thart leis.
trí chlár fairsing through a wide programme
" Is é atá geallta ag Corcaigh 2005 ná spiorad Chorcaí agus spiorad na hÉireann agus na hEorpa a chur in iúl trí chlár fairsing d'imeachtaí éagsúla spéisiúla, agus beidh ealaíontóirí de gach cineál ansin ina mílte ó gach cearn den tír agus den mhór-roinn le bheith páirteach sna himeachtaí sin.
trí mheán na hIodáilise through the medium of Italian
" Bhuel, le cúpla mí anuas anois tá mé ag iarraidh na rudaí sin uilig a dhéanamh trí mheán na hIodáilise.
beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam I'll have to search through all the stuff we have with us
" Nach bhfuil bróga siúil leat?" "Tá," ar sise, "ach beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam lena bhfáil.
trí mheán an idirlín through the medium of the internet
" Ar an dóigh chéanna, ba cheart go mbeadh duine i Lyon na Fraince in ann a theacht trí mheán an idirlín ar an eolas gurbh ionann bunús ainm a bhaile dúchais féin agus an t-ainm Dún Lúiche i dTír Chonaill.
tríd an dorchadas through the darkness
" Chonaic mé a choiscéimeanna ag an droim ar a cúig a chlog agus lean mé ar aghaidh tríd an dorchadas.
trí mheán an Bhéarla through the medium of English
" Cé gur bhain siad seo leis an nGaeilge ach go háirithe, foilsíodh iad trí mheán an Bhéarla den chuid is mó.
tríothu through them
" Pollta go smior ar mhaithe leis an uisce agus an ghaoth a ligean tríothu.
trí chomhtarlúint iomlán through a total coincidence
" Mar sin, conas a tharla sé gur chaith sé na blianta ag obair le Gael Linn - an t-eagras Gaeilge is tábhachtaí sa tír ag an am? “Tharla sin trí chomhtarlúint iomlán,” a deir sé.
trí chleachtach through practice
" “D’fhoghlaim mé mo Ghaeilge go léir trí chleachtach.
agus dúirt fríd an ghal and he said through the smoke
" Ansin tharraing Balor Fáidh píopa beag cailce amach as a phóca agus las ina láthair é agus dúirt fríd an ghal: "Caithigí é seo!" "An gcaithfidh muid?" a d’fhiafraigh an bheirt eile d’aonghuth.
tríothu through them
" Pollta go smior ar mhaithe leis an uisce agus an ghaoth a ligean tríothu.
a chraolfadh as Gaeilge which would broadcast through Irish
" ” D'eascair feachtas láidir as craoladh Ros Muc chun stáisiún teilifíse a chraolfadh as Gaeilge a bhunú.
trí ghairdíní na gcomharsan through the neighbours' gardens
" D’imrímis cluichí eile freisin – iománaíocht, peil, cruicéad – agus bhíodh rásaí capall againn gan chapaill trí ghairdíní na gcomharsan! Seans maith go raibh fios maith ag mo mháthair gur ag imirt sacair a bhíomar, ach rinne sí cinnte de go raibh a meon féin ar an ábhar soiléir dúinne, meon agus dearcadh a bhí coitianta i measc cuid áirithe de mhuintir Baile Átha Cliath a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse agus a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola.
tríothu through them
" Pollta go smior ar mhaithe leis an uisce agus an ghaoth a ligean tríothu.
tríd an Tollán through the Tunnel
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
ag scaladh tríothu bursting through them
" Bhí an ghrian ag scaladh tríothu.
fríd na callairí through the speakers
" Bhí Leamh ina sheasamh ar ardán, slua iomadúil ag stánadh air agus slua níos iomadúla fós ag éisteacht le chuile fhocal as a bhéal fríd na callairí.
trí shléibhte fiáine seasca through wild barren mountains
" Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan.
tríd an Tollán through the Tunnel
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
ag scaladh tríothu bursting through them
" Bhí an ghrian ag scaladh tríothu.
trí mhéan na n-ealaíon through the medium of the arts
" Bhí an t-am ann le scrúdú a dhéanamh as an nua ar an ghaol a mhair agus a mhaireann idir Albain agus Éire trí mhéan na n-ealaíon.
fríd ghloine dhorcha through a dark glass
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor the increase of human productivity through cheap energy
" Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoi “mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor” in aois na tionsclaíochta.
Trí ghníomhartha polaitiúla amháin through political actions only
" Trí ghníomhartha polaitiúla amháin atá na poblachtánaigh ag brú ar aghaidh anois, rud nach bhfuil fíor i gcás na ndílseoirí.
trína n-iarrachtaí féin through their own attempts
" Creidim go bhfuil morán imreoirí i spóirt éagsúla mar sin, imreoirí amaitéaracha Chumann Lúthchleas Gael san áireamh (is sampla amháin é Seán Óg Ó hAilpín), agus cé go bhfuil caighdeán ard bainte amach acu trína n-iarrachtaí féin, ní bhíonn siad de ghnáth ag cáineadh comhimreoirí, bainisteoirí agus ar uile, go poiblí ar aon nós.
tríd an chlós feirme through the farmyard
" De réir an leabhráin eolais, chuaigh an tslí díreach tríd an chlós feirme ach bhí an geata faoi ghlas.
trí mheán na Gaeilge through the medium of Irish
" Is beag atá déanta againn ó thaobh na hamhránaíochta traidisiúnta de go dtí seo ach beidh deis againn an scéal sin a athrú sa bhliain atá romhainn! Bíonn ranganna Gaeilge againn gach Céadaoin agus déanann muid aon ghnó gur féidir linn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" An ndéanfar cinneadh ar deireadh rogha a thabhairt do thuismitheoirí Gaeltachta a bpáistí a chur chuig scoil amháin sa cheantar atá ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge? An gcuirfear taisteal ar fáil do na páistí sin agus an bhféachfar le córas scolaíochta ar nós na Gaelscolaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht? Mary Harney ======= Tá Harney faoi bhrú mar go bhfuil daoine i scuainí i ngach cearn den tír ag fanacht le seirbhísí ospidéil.
fríd an scaifte through the crowd
" “Ní fíor ar chor ar bith, a Bhaloir a thaisce! Tá mise breá sásta áit a bhfuil mé, nó bheinn dá dtiocfadh liom dul go barr na scuaine seo,” a d’fhreagair bean a bhí ag iarraidh brú thairis fríd an scaifte a bhí cruinnithe thart ar an chuntar i siopa Ann Summers.
Shiortaigh sé fríd moll mór ceirtigh he rummaged through a big pile of clothes
" Shiortaigh sé fríd moll mór ceirtigh a bhí ina luí ar a leaba go dtí go dtáinig sé ar léine nach raibh róshalach agus sháith sé síos ina mhála fosta í.
trí Bhéarla through the medium of English
" Cén dochar mura bhfuil tuiscint dá laghad acu ar a bhfuil á scríobh acu a fhad is go mbíonn cóipleabhar snasta le taispeáint don chigire ag deireadh na bliana! Ag múineadh trí Bhéarla ======= Bunriail foghlama é nár cheart go mbeadh páiste ag léamh focal nach dtuigeann sé ach i gcás na Gaeilge is iondúil gur ag léamh agus ag scríobh a bhíonn na daltaí agus gan mórán de chur amach acu ar an teanga labhartha.
trína gruaig mhín bhán through her soft white hair
" * Gluais &#149; Glossary glúin nuaa new generation brívigour ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise cnuasach gearrscéaltacollection of short stories cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person saint an ghoilethe greed of his stomach a chomhairle a athrúto change his mind ar fheabhas uiligabsolutely excellent osnasigh ar chúl an mhuinílbehind the neck muisiriúnmushroom ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don&#148;t agree with me at all snaghiccups gráinnínpinch cainéalcinnamon síoltaseeds a sháith biaenough food ag cruthú rud úrcreating something new má thuigeann tú leat méif you know what I mean a sheachaintto avoid muiníntrust blastatasty ordóg coisetoe an iarraidh sinthis time cnapheap á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it babhlabowl scilléadskillet shamhlaigh séhe imagined go díbhirceacheagerly subhachascheerfulness ag leathadhspreading geirfat bréanfoul doilighdifficult a chreidbheáilto believe ar leithseparately mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available i mo ghlacin my hand ag diúlsucking bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky dea-chumthashapely láchfriendly fialgenerous níor bhlais mé riamhI never tasted faic na ngrástnot a thing ag cuimilt a béilrubbing her mouth a mháshis thigh seanmóireachtpreaching greimbite iomrámention deisopportunity luachmharvaluable seanchaslore as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought doilíssorrow, difficulty i leathchogarin a half-whisper iad a chur i ngníomhto put them in action seal beag gearra short period sa Nua-Shéalainnin New Zealand ina ghabhalcrotch ag sápressing críonmhíoltawood-worms corrachprojecting lorgashin damanta nimhneachdamn sore scoilteadh a chraiceannhis skin was split crá gan mhaolútorment without alleviation chun an tí bhigto the toilet ina gcuideachtain their company báisteach mhillteanachterrible rain foscadhshelter a bhaint amachto reach ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly scaiftecrowd ag casachtachcoughing breallánfool millteanach dóighiúilextremely pretty as miosúrextraordinary gan choinneunexpected blas searbha sour taste breis agus a sáithmore than her fill strambánachlong-winded smut féin den fhírinneeven a small bit of truth é a thionlacanto accompany him a bhéarfadh íthat would take her críochend gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment gnóthachbusy straois léanmharwoeful grimace trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode ag cogaint a spúnóigechewing the spoon déaraimislet us say drochnósannabad habits tuairimíopinions cogaíwars slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life a mhealladhto coax a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her ag cur tharstutalking away go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently d&#146;fholmhaigh séhe emptied sásarsaucer doirtealsink thriomaigh éhe dried it slachtmhartidy á thionlacan féinaccompying himself sultmharenjoyable spídslander gan mhuirnwithout tenderness magairlítesticles nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump <t
Ba trína allas it was through his sweat
" &#147;Och, cad é atá déanta agat, a Artair?&#148; Ba trína allas, agus é ar crith, a chonaic sé a colainn dhea-chumtha.
fríd mo chuid féitheog through my veins
" * **Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile? **CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d&#146;fhoghlaim muid a leithéid is &#147;Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.
a mhéaradradh fríd an iris leafing through the magazine
" Thosaigh Màiri a mhéaradradh fríd an iris ach bhí sí dubhthinn ag amharc orthu agus, cibé, b&#146;fhearr léi i bhfad a bheith ina suí ag cúléisteacht leis na gruagairí.
trí mheán na Gaeilge through the medium of Irish
" Is trí mheán na Gaeilge a dhéanfaidh sciar beag acu an scrúdú agus gheobhaidh siad méid áirithe marcanna breise mar chúiteamh.
trí fhíseán maith a chruthú through creating a good video
" Slí mhaith chun daoine a chur ag caint faoi rud éigin ná trí fhíseán maith a chruthú agus é a chur ar fáil saor in aisce.
trí tháillí na mball through the members' fees
" Chomh maith leis sin, comhlánaítear roinnt dár gcostais trí tháillí na mball.
trí shaoire thar lear through foreign holidays
" Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí through public private partnership
" Beidh os cionn 1,200 d’fhoireann na Roinne Oideachais féin mar aon leis an Roinn Talmhaíochta agus an Roinn Fiontar Poiblí lonnaithe sna hoifigí seo, a thógfar trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (public private partnership).
ag tógáil clainne le Gaeilge raising children through Irish
" Chuir mé ceist ar Ó hAoláin an dúshlán mór é bheith ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht na laethanta seo.
chun sinn a threorú tríd to guide us through it
" Shocraíomar an blár a thiomáint mar sin agus cheannaíomar dlúthdhiosca chun sinn a threorú tríd.
trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú through fostering a separate Irish identity
" Thuigeadar, trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú, go músclófaí mórtas cine.
piléar trína chloigeann a bullet through his head
" Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí.
trí choillte arda fionnuara through tall cool woods
" Siúlóid dheas atá i gceist, trí choillte arda fionnuara.
trí chur chun cinn na gaelscolaíochta through the promotion of Irish-medium schooling
" Ach is díograiseoirí iad an fhoireann agus iad tiomanta d’fhís CnaG athbheochan na Gaeilge a chothú trí chur chun cinn na gaelscolaíochta.
atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró who are able to teach through Irish without difficulty
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairim is 1,500 múinteoir de dhíth sa chóras Gaelscolaíochta faoi láthair atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
á reáchtáil trí Ghaeilge being run through Irish
" Ní féidir, sílim, luach a chur ar an ardú misnigh sin, nuair a fheiceann pobal mar phobal na Rinne go bhfuil fear áitiúil ábalta gnó a bhunú a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus an t-iomlán á reáchtáil trí Ghaeilge agus cláracha á gcur ar fáil do chainéil eile chomh maith le TG4.
trí thollán Mhuir nIocht through the English Channel tunnel
" Cé go bhfuil líne dhíreach traenach ó Learpholl go Torino, trí thollán Mhuir nIocht, is le haghaidh lasta ó na dugaí amháin é, seachas paisinéirí, agus mar sin b’éigean dom féin, mo dheartháir is sine John agus a mhac Ciaran eitleán de chuid Ryanair a fháil go Treviso, atá ó thuaidh ón Veinéis.
trí chlár ilghnéitheach sóisialta through a varied social programme
" Cothaítear teagmháil leanúnach leis an lucht gnó trí chlár ilghnéitheach sóisialta agus nasctha, lena n-áirítear nuachtlitir mhíosúil, lónta gnó agus ócáidí sóisialta.
trí bhailiúcháin sráide agus a leithéid. through street collections and the like.
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?*Tá obair Chumann na bhFiann urraithe ag Foras na Gaeilge, agus bailíonn muid neart airgid eile trí bhailiúcháin sráide agus a leithéid.
trí na liostaí ríomhphoist through the email lists
" Bím féin ábalta scríobh chuig foghlaimeoirí eile ar fud an domhain trí na liostaí ríomhphoist agus ríomhchláracha mar Messenger agus ICQ.
tríd an Ghréasán. through the Web.
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
trí mheán na Gaeilge. through the medium of Irish.
" As an 10,000 iarratas a cuireadh faoi bhráid an 15 Roinn rialtais éagsúla ó 1997 i leith, ní dhearnadh ach 42 acu trí mheán na Gaeilge.
fite fuaite trí go leor acu. mixed through a lot of them.
" Tá trí amhrán déag ar an albam agus tá dánta de chuid de Paor fite fuaite trí go leor acu.
trí reachtaíocht inmheánach. through internal legislation.
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
dul tríothu to go through them
" Is éard is gá dó siúd a dhéanamh ná dul tríothu agus ord éigin a chur orthu agus an t-eolas a bhreacadh síos i gcomhad éigin ar an ríomhaire.
trí gach poillín is scoilt through every small hole and crack
" Na hurláir ag sciorradh le fána is fios an bhealaigh ag an ngaoth is an fuacht trí gach poillín is scoilt sa tigh.
trí na callairí through the loudspeakers
" “F&agrave;ilte air b&ograve;rd,” a dúirt an captaen trí na callairí i nG&agrave;idhlig na hAlban.
trí thírdhreach creagach crannach, through a rocky wooded landscape,
" Thaistil muid trí thírdhreach creagach crannach, ansin tháinig muid ar chnoic loma agus loch fada, Loch Sgr&igrave;odain.
trí imirt dhíbeartha, through knockout,
" Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
a mháirseáil trína shaol i gcónaí, who always marched through his life,
" Pádraig a mháirseáil trína shaol i gcónaí, fiú más i gcoinne easa a bhí an mháirseáil chéanna.
cuardach trínár mbróga, to search through our shoes,
" Ní rabhas róchinnte faoi seo, ach i ndeireadh báire ní raibh ann ach go raibh orainn gach rud inár bpócaí a fhágáil sa bhforhalla, cead a thabhairt do na bairdéirí cuardach trínár mbróga, agus cinntiú nach raibh gléas leictreonach farainn ar ár mbealach tríd an bpríosún.
trí dhoras leictreonach through an electronic door.
" B’éigean dúinn siúl trí dhoras leictreonach agus isteach linn.