Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gafa go hiomlán totally tied up
" Bhí sé ar saoire lena chlann agus gafa go hiomlán ó thaobh ama de.
de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal because Ahern is very tied up with the scandal
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
ceangailte suas tied up
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
fite fuaite tied up with
" Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
fite fuaite tied up, connected
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
stroimpithe tied up
" Nílim fós in ann na heasanna úd a mhíniú, ach bhraitheas go rabhadar ag creimeadh ní éigin ionam a bhí stroimpithe leis na blianta.
fite fuaite tied up with
" Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna! Ní hé an Geilleagar a Amadáin! I ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin.
fite fuaite tied up
" Faoi láthair, tá na breoslaí iontaise seo chomh fite fuaite leis na geilleagair mhóra is gur mór agus gur iontach an t-athrú é foinsí nua a chur ina n-áit.