Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Teannaigí tighten
" Is é an chomhairle a chuireann Balor ar Chathal ná an chomhairle chéanna a chuir Cathal ar mhuintir na hÉireann, agus é ina ArdRí: "Teannaigí bhur gcriosannaí agus Teannaigí iad go docht.
an bhróg ag teannadh the shoe is tightening
" Le cúpla bliain anuas, tá an bhróg ag teannadh ar na comhlachtaí seo, agus b'éigean daofa oibrithe a ligint chun bealaigh nó iad a chur ar uaireanta laghdaithe.
a mhatáin teannta his muscles tightened
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
ag fáisceadh bindealáin air tightening a bandage on him
" Is beag nár sheas ceann de na dochtúirí mallaithe ar rúitín uirthi le linn dó casadh timpeall agus é ag fáisceadh bindealáin air.
Teannaigí bhur gcriosanna tighten your belts
" Ní raibh stad liom riamh den ragairne, den chaiteachas gan bhrí Go dtí gur chuala mise Charlie is é ag caint ar RTÉ: Curfá: ======= Teannaigí bhur gcriosanna agus teannaigí iad go docht.
a gcuid criosanna a theannadh to tighten their belts
" Ba é an chaint a rinne sé ar RTÉ sa bhliain 1982 ba chúis le mo shaoradh, nuair a d’iarr sé ar mhuintir na hÉireann a gcuid criosanna a theannadh.
teannadh creasa tightening the belt
" In aitheasc a mhair 52 nóiméad agus ar fhéach 60 milliún duine air, leag an t-Uachtarán Obama clár oibre amach ina raibh sé soiléir go mbeadh teannadh creasa i gceist.
criosannaí tárrthála teannta go docht lifebelts tightened firmly
" Beidh an Rialtas de leataobh agus na criosannaí tárrthála teannta go docht timpeall orthu.
bhróg ag teannadh everything tightening up
" Tabhair do Chaesar an mhéid atá ag dul do Chaesar agus tabhair do Dhia an mhéid atá ag dul do Dhia! Grád: C - Éamon Ó Cuív (An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) Éirithe leis na heagrais Ghaeilge a shábháil a bheag nó a mhór ón doineann agus an bhróg ag teannadh orainn.
theann tightened
" Lá dá raibh an t-aineolas seo ag teacht go tromchúiseach idir é féin agus a shuaimhneas, tharraing sé anáil mhór fhada, scaoil broim mór cumhachtach, theann dhá mhás a thóna le chéile agus chuir sé ceist ar a athair: “A dhaidí, cad é is brí le polaitiócht?” Anois, mar a mhínigh mé thuas, tharla an eachtra seo sna seanlaethanta dorcha in Éirinn, san am nach raibh cúrsaí polaitíochta chomh casta is atá sa lá atá inniu ann.
an bhróg a bheith ag teannadh orainn our tightening purse strings
" Tá sparánacht fhlaithiúil tiomnaithe don roinn seo, d’ainneoin an bhróg a bheith ag teannadh orainn.
In ainneoin dhaingniú na rialacha despite the tightening of rules
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
athdhréachtadh agus teannadh a dhéanamh ar redrafting and tightening
" ”* Ba cheart Airteagal a 29 a athdhréachtadh agus teannadh a dhéanamh ar an fhoclaíocht sa chaoi is go mbeidh Bunreacht na hÉireann solúbtha a dhóthain le leasuithe in oibríocht an AE a chuimsiú.
ag fáisceadh an chreasa are tightening the belt
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
ag fáscadh a ngreama ar fhorais tightening their grip on the institutions
" Ach go gasta tar éis imeacht Mandela, agus b’fhéidir lena linn féin, bhí muintir an ANC ag fáscadh a ngreama ar fhorais agus ar acmhainní geilleagair an stáit.
ag iarraidh i a theannadh níos fearr trying to tighten it better
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.