Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuma na hainnise the appearance of being tight
" Cibé, mar a dúirt Cian, "Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.
cuma na hainnise the appearance of being tight
" Cibé, mar a dúirt Cian, "Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.
rópa teann tight-rope
" Tá Páirtí Aontachtach Uladh scoilte ina dhá chuid, dream amháin ag iarraidh bogadh chun tosaigh agus muinín a chur i náisiúnaithe, dream eile ag cur gach bac ar féidir leo sa bhealach, agus David Trimble ag luascadh anonn is anall ar an rópa teann.
greim daingean tight grip
" Brú ar na contaetha eile ======= Diaidh ar ndiaidh b'éigean do na contaetha eile sampla Átha Cliath agus Chiarraí a leanúint ach thóg sé tamall maith orthu an caighdeán a bhaint amach, ach faoi dheireadh na n-ochtóidí d'éirigh le Contae na Mí agus le Corcaigh an greim daingean a bhí ag Ciarraí ar Chorn Mhic Ghuidhir a scaoileadh.
teorainn ama measartha teann a fairly tight time limit
" "Bhí teorainn ama measartha teann againn ach, in ainneoin seo, beidh na binsí réidh le cur isteach sa pháirc in am don oscailt oifigiúil leis An Taoiseach Bertie Ahern an mhí seo.
níos daingne tighter
" Tá infheidhmiú na n-acmhainní nádúrtha ag dul ar aghaidh go han-ghasta, agus tá greim an airm ar an tír tar éis éirí níos daingne.
éadaí tanaí dlútha tight flimsy clothes
" Tá na múrphictiúir gháifeacha sa dá áit; tá fir ann a chaitheann bríste géine agus a bhfuil a gceann bearrtha; tá cailíní óga ann a chaitheann éadaí tanaí dlútha agus a mbíonn a leanaí leo i bpramanna.
na gCriosanna Teanna of the Tight Belts
" In ainneoin a neamhthola agus a chúthaileachta a fhoilsíonn muid anseo é - dán molta Charlie na gCriosanna Teanna.
teann tight
" Dúirt an pobal an méid seo go soiléir: má tá do phócaí teann, is cuma faoi cheisteanna prionsabail agus moráltachta.
teann tight
" FX: Doirteann Mánas tae isteach i gcupán.
fáscadh teann tight squeeze
" Fiú agus iad ag gabháil go tapaidh thar bhráid a chéile ar shráid phlódaithe, síneann siad amach a lámha i dtreo a chéile le fáscadh teann a bhaint as a chéile.
buiséad an-teann very tight budget
" Ach bhí buiséad an-teann i gceist ag an am agus ní raibh an rogha againn an taifeadadh a chur ar athló.
chomh teann le gad as tight as a bellyband ie miserly
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh dallamullóg a chur ar eagarthóir *Beo Ar Éigean!* Agus ós ag caint dúinn ar eagarthóirí: an bhfuair Balor cáca milis deas le coinnle air in onóir na hócáide ón eagarthóir? Beag an baol! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a bhí Éamonn Ó Doornail i mbun na hirise; bhí sé chomh teann le gad agus chomh crua le cloch i dtaca le híocaíocht, lena thrí Euro in aghaidh an ailt, ach ar a laghad bhí sé furasta dallamullóg a chur air, nó bhí sé daonna, nó cineál daonna.
srian iomlán a tight rein
" Is féidir costas ticéid nó dhó a chaitheamh ar fhógra thar thréimhse ama agus srian iomlán a choinneáil ar an mbuiséad.
an bhróg ag teannadh ar times are tight
" Thuigfeá cad tuige nach mbeadh tógáil na macasamhla ar an chloch is mó ar a bpaidrín ag am nuair atá pinginí gann agus an bhróg ag teannadh ar gach aon eagraíocht.
greim fáiscithe a tight grip
" Pingneacha Gann ========= Ag deireadh thiar thall, is ceist ghnó atá ann do na comhlachtaí a bhfuil greim fáiscithe acu ar an gcluiche sacair i Sasana.
i gcruachás in a tight fix
" Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil an tír seo i gcruachás, ach an aon leithscéal é sin le Coimisinéir Fiacla a cheapadh? Agus é ag iarraidh go mbeidh tuiscint níos fearr aige féin agus ag an phobal ar ról an Choimisinéara Fiacla, samhlaíodh do Bhalor nárbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná agallamh eisiach a chur ar an duine seo nach bhfuil mórán cainte faoi, ná faoina oifig, i measc Ghaeil na hÉireann, ach go mbeidh an-chaint faoi go luath.
ró-righinbhéalach too tight-lipped
" B’í *‘Penelope Longstreet’* an té ba fheargaí díobh uile, ach mar gur thosaigh sí amach ar leibhéal rótheann, ró-ard, ró-righinbhéalach, ní raibh aon ealó aici ó dul thar fóir sa taispeántas, corr nach rabhas ag súil leis ó aisteoir chomh greanta, de ghnáth, le Jodie Foster.