Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Roinn Timpistí agus Éigeandála the Accidents and Emergency Department
" Má bhíonn táille le híoc leis an dochtúir clainne, b'fhéidir go rachaidh tú chuig an Roinn Timpistí agus Éigeandála, agus beidh tú sásta suí ansin i scuaine ar feadh cúpla uair an chloig le cóir leighis a fháil saor in aisce.
Dá mba thimpiste é had it been an accident
" Dá mba thimpiste é b'fhéidir go bhféadfaimis ciall de shórt éigin a bhaint as, ach níorbh ea.
trí thimpiste by accident
"trí thimpiste a bhí foireann na hIarmhí chomh maith agus chomh sciliúil in aghaidh na Mí faoi thrí i mbliana.
thimpistí accidents
" De réir dealraimh, níl tada foghlamtha ag Rialtas Galicia nó ag Rialtas na Spáinne ó thimpistí eile a bhí an-chosúil leis an gceann seo.
trí thimpiste by accident
" I ndiaidh cúpla lá troda bhí líon mór de ghnáthmhuintir na tíre sin marbh agus bhí saighdiúirí de chuid na Breataine agus Mheiriceá tar éis a chéile a mharú trí thimpiste.
láthair na timpiste the site of the accident
" "Cén fáth nach dtógtar amach as an gcarr an créatúr bocht ar aon nós go bhfeicfidh muid cé hé féin," a d'fhiafraigh sé ansin agus díomá air faoina laghad rírá agus rúille búille a bhí timpeall láthair na timpiste.
ar tharla timpiste dóibh who had an accident
" Louis Bagot institiúid i Roscoff sa Bhriotáin a bhain úsáid as uisce te mara agus feamainn le feabhas a chur ar dhaoine a raibh dathacha orthu nó ar tharla timpiste dóibh.
timpiste accident
" Tharla timpiste don chréatúr, ach beidh áthas oraibh a chloisteáil go bhfuil sé ag bisiú leis san ospidéal.
timpiste accident
" Nuair nach bhfuil sé d'iallach ar aon duine páirt a ghlacadh i spórt, an bhfuil sé ceart go mbeadh club nó cumann amaitéarach freagrach as gach timpiste agus eachtra a tharlaíonn ar pháirc imeartha? Fad agus nach ndéanann cumann nó eagraíocht faillí agus go ndéanann sé gach iarracht réasúnta chun aire a thabhairt do na himreoirí faoina chúram agus iad a bheith clúdaithe maidir le costaisí leighis, cén fáth a mbeadh ar an gcumann níos mó ná sin a dhéanamh? Tá scéimeanna éigeantacha árachais ag cur go mór le costais reatha na gcumann spóirt.
trí thimpiste by accident
" B'fhéidir gurb é an rud is measa faoin scéal i Queensland gur trí thimpiste a tháinig cuid mhaith den scéal chun solais - mar gur roghnaigh scoláire amháin an cheist mar ábhar tráchtais.
dtimpiste bóthair road accident
" Ní féidir a shamhlú an phian agus an briseadh croí a bhraitheann daoine nuair a mharaítear cara leo nó duine den teaghlach i dtimpiste bóthair.
tré thimpiste by mistake
" Bhí ócáidí ann freisin nuair a fágadh imreoirí ar lár "tré thimpiste".
a d’eascródh as timpiste which would arise from an accident
" Ar dtús báire, ba cheart don Stát dul in urrús ar na húinéirí talún in aghaidh aon chúiseamh dlí a d’eascródh as timpiste ar a gcuid talún.
trí thimpiste by accident
" Bhog mo thuismitheoirí siar agus, i ndáiríre, ní d’aon turas a rinne siad sin, ach trí thimpiste.
ard timpistí bóthair agus féinmharaithe a high rate of road accidents and suicides
" Tá baint aige le cuid mhór tinnis agus galar agus le ráta ard timpistí bóthair agus féinmharaithe in Éirinn.
ráta an-ard timpistí a very high rate of accidents
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
i dtimpiste in an accident
" Fuair sé bás i dtimpiste nuair nach raibh ach 38 mbliana slánaithe aige.
i dtimpiste bóthair, in a road accident,
" Chas sé lena bhás i dtimpiste bóthair, go moch ar maidin agus an ghrian ag déanamh réidh leis an dtuirse a chur dá súile.
mar bhall dubh timpiste as an accident black spot
" Tá droch-chlú ar láthair an dúnmharaithe i Cherry Lane mar bhall dubh timpiste ó shin i leith.
neart timpistí lots of accidents
" Níl caighdeán ár mbóithre sách maith, agus d’fhéadfadh linntreoga – nach mbaineann ach croitheadh as gluaisteáin bheaga agus iad ag dul tharstu – a bheith an-chontúirteach do rothaithe agus tarlaíonn neart timpistí mar thoradh orthu.
láthair an timpiste. the scene of the accident
" Rith mé trasna an bhóthair go dtí Regina Road, láthair an timpiste.
Chuir an timpiste iontas orm the accident surprised me
" Chuir an timpiste iontas orm – cén dóigh nach bhfaca an bhean leoraí mór mar sin ag teacht ina treo? Agus cén dóigh nach bhfaca an tiománaí an bhean? CaochspotaD'inis mé an scéal do chara de mo chuid, Dave, a bhí ina thiománaí leoraí ar feadh na mblianta.
mar thoradh ar na timpistí seo, as a result of these accidents
" Ní hamháin go ngortaítear daoine agus go scriostar feithiclí mar thoradh ar na timpistí seo, ach cuireann siad moill ar an trácht agus méadaíonn siad plódú ar na bóithre.
timpistí marfacha fatal accidents
" An Chontúirt Os rud é nach raibh aimsir mar seo sa tír le fada, ní raibh an trealamh geimhridh ceart nó an taithí cuí ag a lán siúlóirí agus thosaigh na timpistí marfacha.
trí thimpiste accidently
"trí thimpiste a roghnaíodh an áit áirithe seo chun a leithéid de chuimhneachán a thógáil.
timpiste accident
" San otharlann tar éis na timpiste, deir sé, idir codladh is dúiseacht, ‘*Lily, I’m so sorry*’.
timpiste accident
" Faoin am gur shroich an t-otharcharr láthair na timpiste, bhí mé in ann suí.
thimpistí accidents
" ‘Das Weisse Band’ - ‘An Ribín Bán’, le Michael Haneke Briseann sraith de ‘thimpistí’ agus de dhrochtharlúintí suaimhneas tuaithe an phobail.
timpistí accidents
" com/watch?v=3ZBW5MoMpPU) I ndiaidh an chluiche, agus go ceann roinnt laethanta ina dhiaidh, ní raibh ach scéal amháin ar domhan a bhí níos tábhachtaí ná an cúlú airgeadais, NAMA, bainc bhriste, fuarlaigh, timpistí, drochaimsir agus Jedward, agus ba é sin go ndearnadh éagóir ar Éirinn agus gur falcaire cruthanta é Mac Annraoi.
dtimpiste oibre work accident
" ) Fuair Lula post in aois a sheacht mbliana déag i monarcha stáin, áit ar chaill sé lúidín a láimhe clé i dtimpiste oibre.
timpistí accidents
" Sin an fáth go mbíonn tubaistí agus timpistí againn.
timpistí accidents
" Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige.
gur thimpiste a bhí ann that it was an accident
" Mhaígh PC Harwood don choiste gur thimpiste a bhí ann, ach níor chreid siad é agus rialaigh siad: *"he acted illegally, recklessly and dangerously in shoving Mr Tomlinson to the ground.
thimpiste accident
" Níor thimpiste a bhás, ná dúnmharú ach oiread, cé gur cuireadh chun báis é d'aon ghnó.
timpistí traenacha teilifíse telly train crashes
" **‘Django Unchained’ - le Quentin Tarantino** **‘Lincoln’ – le Stephen Spielberg** **‘Django Unchained’** Más suim libh timpistí traenacha teilifíse is fiú breathnú ar an agallamh le Quentin Tarantino ar Channel 4 News ar an 11ú Eanair seo d’imigh.
Ní Leithne an tAer ná an Timpiste accidents happen
" Ní Leithne an tAer ná an Timpiste ============= Sin an fhadhb i dtimpistí mar seo - tagann siad aniar aduaidh ort i gcónaí agus ón chéad mheandar a thitfeas tú, beidh an luas ag teacht faoi do shiúl an t-am uilig.
meastar go bhfuil sé ar an timpiste is measa it’s thought to be the worst accident
" Maraíodh níos mó na míle duine agus meastar go bhfuil sé ar an timpiste is measa i réimse na déantúsaíochta éadaí.
le faitíos na timpiste fearing an accident
" Shíl mé go raibh cuma ar an siúlóir go raibh pian nó anó uafásach air nó go mba gheall le duine a raibh deifir air a bheith in áit éigin (an leithreas mar shampla!) ach nach bhféadfadh sé tosú ag rith le faitíos na timpiste.
de thimpiste accidently
" Scaoil Aerfhórsa na Stát Aontaithe dhá bhuama hidrigine de thimpiste nuair a bhain fadhb don eitleán B-52 a bhí á n-iompar.
na timpistí tionsclaíocha is measa the worst industrial accidents
" Cén caighdeán sábháilteachta atá ag na tíortha eile seo? Is tíortha iad seo ina mbíonn na timpistí tionsclaíocha is measa – sna mianaigh agus sna monarchana go háirithe.
dtimpiste cairr a car accident
" B'é a dheartháir Bassel oidhre beannaithe an athar go dtí a bhás tobann i dtimpiste cairr i 1994.
bíonn timpistí air go rialta accidents happen regularly
" Droim sléibhe ard, cúng atá i Striding Edge, agus os rud é go dtéann na mílte de lucht siúl sléibhe an treo sin, bíonn timpistí air go rialta.
trí thimpiste accidently
" Deir sé trí thimpiste go mbeidh air filleadh abhaile maidin Dé Domhnaigh.
timpiste an accident
" Agus cé go gceapann roinnt daoine gur seift mhargaíochta a bhí ann go príomha, deir sé go neamhchas gur 'timpiste' a bhí ann agus nár theastaigh an phoiblíocht ar an ábhar go mbíodh na cúrsaí lán i gcónaí ar aon nós.
dtimpiste bóthar a road accident
" I 2007 is beag nár maraíodh é i dtimpiste bóthar nuair a chuaigh a charr, a bhí ag taisteal níos tapúla ná 90 m.
de bharr na timpiste seo due to this accident
" Níl ann ach sos áfach, nó táim cinnte go gcuirfear le cumas leanta eitleáin de bharr na timpiste seo – cibé ba chionsiocair léi.
trí thimpiste by accident
" Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
timpiste bóthair road accident
" Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.
timpiste accident
" Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste.
Na timpistí a gealladh nach dtarlódh the accidents which were promised not to happen
" Na timpistí a gealladh nach dtarlódh, ach a tharla, agus na timpistí uafásacha a tharlóidh amach anseo a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa.