Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag déanamh tinnis bothering
" Tuigeann Balor anois nach ollmhéid a tóna a bhí ag déanamh tinnis do Bhanríon Eilís Shasana nuair a bhí sí ag gearán faoin *annus horibilis* a bhí aici.
shaoire tinnis sick leave
" Fuair mé amach go gasta go raibh an fáilteoir a bhíodh ann de ghnáth ar shaoire tinnis mar go raibh taomanna driopáis ag teacht uirthi.
taom tinnis a bout of sickness
" D'fhás a ranganna ceoil ina dhiaidh sin agus bhí sé ag teagasc na fidle do pháistí ó na trí pharóiste in iarthuaisceart Thír Chonaill go dtí gur leag taom tinnis é roinnt míonna ó shin.
go bhfuil an saol ag déanamh tinnis daofa that things are getting on top of them
" " "Is dócha go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar thurasóirí nó b'fhéidir go díreach go bhfuil an saol ag déanamh tinnis daofa," arsa Cathy.
ar shaoire leanúnach tinnis on continuous sick leave
" Bhí cuid de na daoine a bhí oiread fríd a chéile mar gheall ar an mhéid a bhí ag tarlú ann go raibh siad ar shaoire leanúnach tinnis ón obair.
cuid mhór tinnis agus galar a lot of illness and diseases
" Tá baint aige le cuid mhór tinnis agus galar agus le ráta ard timpistí bóthair agus féinmharaithe in Éirinn.
t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh education is what concerned them
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
de dheasca tinnis. as a result of illness.
" D’aimsigh sé triúr nua agus chuir fáilte ar ais roimh imreoir a bhí in easnamh le cúpla bliain roimhe de dheasca tinnis.
ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne getting on top of the Chinese Government, ie creating difficulties
" I dteannta na dTibéadach, tá daoine eile ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne faoi láthair.
de bharr tinnis because of sickness
" Mar shampla, as siocair go mbíodh baill foirne as láthair de bharr tinnis go minic – agus de thairbhe go raibh go leor deacrachtaí ag an ghrúpa ó thaobh cainteoirí Ultaise a earcú – ní raibh a fhios ag aon duine cad iad na cúraimí nó na freagrachtaí a bhí orthu.
ag déanamh tinnis dom bothering me
" An bhfuil aon athrú sa scéal sin?** LÓD: Níorbh shin é ba mhó a bhí ag déanamh tinnis dom ach na teangacha mionlaithe, abair an Bhreatnais, an Bhriotáinis, Gaeilge na hAlban agus iad sin ar fad.
ag déanamh tinnis bothering
" Mar theagmhas stairiúil, níor bhain an croitheadh sé mheandar geit as daoine a bhfuil deacrachtaí airgeadais agus teaghlaigh ag déanamh tinnis dóibh níos mó ná an ghothaíocht seo.
ag déanamh tinnis dóibh bothering them
" (Dlúthchara macánta aige áfach ab ea Jack Kennedy óg - beirt iarshaighdiúirí iad mar aon leis an ocras dochloíte collaí céanna ag déanamh tinnis dóibh).
Och, achón, is mo ghéarghoin tinnis what makes me sick alas
" Och, achón, is mo ghéarghoin tinnis, a chairde Ghaeil.
atá ag déanamh tinnis do dhaoine which are troubling people
" Bíonn muid ag plé le reachtaíocht ó lá go lá, ach is tábhachtaí go dtugann sé ardán duit mar ionadaí poiblí labhairt agus ceisteanna a ardú ar son do phobail, ceisteanna a bhrú le hairí éagsúla agus é a úsáid mar dheis poiblíochta ar na rudaí atá ag déanamh tinnis do dhaoine.
ag déanamh tinnis dom bothering me
" Ach an bhfuil barraíocht comharthaí crochta in airde agus an bhfuil an baol ann go mbainfidh siad ón fhiántas aiceanta atáthar ag iarraidh a chur chun cinn? Comharthaí eile atá ag déanamh tinnis dom le dornán blianta anuas ná na cinn atá á gcrochadh ar bhailte fearainn faoin tuath.