Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thiomsú to collect
" Agus gléasanna scanála againn anois a léifidh téacsanna dúinn, níl leithscéal ar bith ann gan foclóir cuimsitheach a thiomsú ón ábhar atá againn cheana féin, é a fhoilsiú, agus é seo uilig a dhéanamh go fíorluath ar bheagán airgid.
Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid Director of Fundraising
" Ag éirí aníos i gConamara Tá Natasha tar éis roinnt mhaith blianta a chaitheamh ag plé le cuid de na polaiteoirí is cumhachtaí in Éirinn, le linn di bheith ag obair i gcúrsaí caidrimh phoiblí agus mar Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid le Fianna Fáil.
d'fheachtas nua tiomsaithe airgid. of a new fund raising campaign.
" Tá dhá mhilliún euro cruinnithe ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta sa chéad sé mhí d'fheachtas nua tiomsaithe airgid.
thiomsú to gather
" Sa chlár Fáilte Towers bhí ar 13 duine cáiliúil óstán a rith chun airgead a thiomsú ar son eagraíocht charthanachta.
rialtas a thiomsú to form a government
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
rialtas a thiomsú to form a government
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
thiomsaigh gathered
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
thiomsaíodh sise greimeanna beaga bia she’d save little bits of food
" D’oibrigh an bheirt acu i gceardlann fuála agus ba ghnách le Luigi rudaí deasa cosúil le hataí agus éadaí a fhuáil do Mokryna nuair a bhíodh an deis aige, agus thiomsaíodh sise greimeanna beaga bia dósan.
cumhacht an phobail tiomsaithe public power garnered
" D’éirigh leis an bhfeachtas sin mar go raibh de hÍde agus Mac Néill straitéiseach agus seiftiúl agus bhí cumhacht an phobail tiomsaithe ag Conradh na Gaeilge, rud a léiríodh nuair d’éirigh leis an gConradh suas le 100,000 duine a thabhairt amach ar shráideanna na hardchathrach Dé Domhnaigh, 19 Meán Fómhair 1909.
Saibhreas Tiomsaithe a collected wealth
" Saibhreas Tiomsaithe ======== Is iad na nótaí a théann leis na hamhráin seo, agus atá tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta ar an sean-nós - ar amhránaithe cuid mhór díobh - (Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, Lillis Ó Laoire, Ann Mulqueen, Treasa Ní Mhiolláin agus Róisín Nic Dhonncha i measc daoine eile) cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo.
tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta gathered by well known experts
" Saibhreas Tiomsaithe ======== Is iad na nótaí a théann leis na hamhráin seo, agus atá tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta ar an sean-nós - ar amhránaithe cuid mhór díobh - (Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, Lillis Ó Laoire, Ann Mulqueen, Treasa Ní Mhiolláin agus Róisín Nic Dhonncha i measc daoine eile) cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo.
thiomsú airgid do charthanais éagsúla gathering money for various charities
" “Déanann an bheirt acu go leor ar son an phobail, idir an cumann áitiúil CLG, an comhar creidmheasa, thiomsú airgid do charthanais éagsúla agus neart eile.
Thiomsaítí iad go rialta they were regularly rounded up
" Thiomsaítí iad go rialta mar go raibh ardluach orthu mar chapaill ghraifne agus mar eich oibre araon, ach ba é an dóigh ar léiríodh iad sa litríocht a ba chionsiocair le han-dúil na nAstrálach i gcapaill fhiáine na hard-dúiche.
Thiomsaigh muid we gathered
" Thiomsaigh muid €7,000 dóibh anuraidh as dhá iarracht maoinithe.
córas éifeachtach tiomsaithe airgid an effective funding raising system
" Tá lúcháir ar Iontaobhas na Gaescolaíochta go bhfuil Bob Corcoran, ar Gael-Mheiriceánach é, ag cuidiú leo córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt.
thiomsú to gather
" I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.
ag tiomsú gathering
" Bhí Tomás Ó hAodha ag faire ar na balscóidí bruscair atá ag tiomsú i lár na teiscinne moiré le glúin anuas, mórán i ngan fhios dúinn a chruthaigh iad.
nár tiomsaíodh a leithéid riamh cheana the like of which was never before gathered
" Scuainí fada atá ag taispeántas de shaothar Leonardo da Vinci, taispeántas nár tiomsaíodh a leithéid riamh cheana de réir tuairisc Chiara Nic Gabhann.
nuair a tiomsaíodh leaganacha eile when other versions were formed
" Tá Fidelma Ní Ghallchobhair ag áiteamh san alt seo gur cruthaíodh Caighdeán Oifigiúil 2012 gan ‘an chomhairle chúntach’ a fháil ó réimsí leathana de shaol na Gaeilge mar a rinneadh nuair a tiomsaíodh leaganacha eile den Chaighdeán Oifigiúil na blianta siar.