Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tiomnaithe dedicated
" Tá an té a bhfuil an Amharclann nua tiomnaithe dó, an file áitiúil Cathal Ó Searcaigh, ag tabhairt treorach agus comhairle dóibh.
a thiomnú d'athair Chiain associate with Cian's father
" Ní "foighid" focal a d'fhéadfá a thiomnú d'athair Chiain.
Tiomnaithe do dedicated to
" Ag an deireadh, tagann na focail seo ar an scáileán: "Tiomnaithe do na páistí uilig atá ina n-íospartaigh chogaidh".
tiomnaithe go hiomlán totally dedicated
" Má bhí an rilleán thuas riamh ag déanamh tinnis duit, nó má bhí tú riamh fiosrach faoi fhir na léinte dubha (nó dearga nó buí) tá deis iontach anois agat freagra agus tuiscint níos fearr a fháil ar mar scéal mar tá leabhar nua ar an margadh atá tiomnaithe go hiomlán do réiteoirí an Chumainn Lúthchleas Gael.
tiomnaithe do dedicated to
" Cé go bhfuil an leabhar seo faoi agus tiomnaithe do Sheán Boylan is féidir a rá go bhfuil oiread céanna bainte ag an leabhar leis na himreoirí go léir a labhrann ann agus na cluichí móra a d'imir siad, agus na foirne éagsúla a chuir Seán Boylan chun páirce.
Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil they dedicated their annual report
" Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil do Johnny Delaney, buachaill den lucht taistil, 15 bliana d'aois, a mharaigh beirt déagóirí in ionsaí ciníoch anuraidh.
a thiomnú to bequeath
" Beidh le feiceáil an éireoidh lena iarracht a shuíochán a thiomnú dá iníon.
tiomnaithe di dedicated to her
" Tá iarsmaí séipéil bhig tiomnaithe di ar láithreán álainn ar cheann tíre in aice leis an fharraige, nach bhfuil i bhfad ó bhaile Naomh Daithí.
ag tiomnú an phóstaera dedicating the poster
" Cad é an bronntanas atá Balor ag gabháil a thabhairt d’fhear Chorcaí, más ea? Seanphoóstaer d’fhear óg i ngeansaí sacair na Sé Chontae, gealgháire ar a ghnúis agus loinnir ina shúile; scrábáil mhór faoi bhun an phictiúir ag tiomnú an phóstaera dá chara Roy Ó Keanó, sínithe ag *Seoirse Is Fearr*.
tiomnaithe dá chuimhne dedicated to his memory
" Bhí gach onóir peile buaite aige faoin am gur bhásaigh sé agus tá an Corn a bhronntar ar bhuaiteoirí na gcluichí peile faoi na rialacha idirnáisiúnta tiomnaithe dá chuimhne anois.
a thiomnú to dedicate
" Chuaigh sé ansin i mí na Samhna na bliana céanna chun cill na saighdiúirí a thiomnú, agus thug óráid ghairid os comhair 15,000 duine.
tiomnaithe dedicated
" Tá an t-eagrán aige den *An tOileánach* tiomnaithe do Kelleher, rud a léiríonn an meas atá ag an gCoileánach air.
tiomnaithe bequeathed
" Bhí an iliomad fadhbanna le cúrsaí tráchta agus le Tollán Chaladh Átha Cliath tiomnaithe mar oidhreacht air ach is beag atá déanta aige le fuascailt a aimsiú ar na deacrachtaí sin.
a thiomnaigh sé do which he dedicated to
" Bhunaigh sé séipéal anseo, a thiomnaigh sé do Naomh Martan as Tours.
tiomnaithe do dedicated to
" Túr an-ardRoimhe seo, bhí ardeaglais eile ann, tiomnaithe do Naomh Rule nó Regulus.
tiomnaithe dedicated
" Fiú im’ ollscoil féin, tá seastán anois ann sa leabharlann - agus muid ag díriú ar Lá Fhéile Phádraig – atá iomlán tiomnaithe do scannáin Éireannacha, nó ar a laghad, le hÉirinn mar ábhar staidéir acu.
á thiomnú being presented
" É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu.
tiomnaithe dedicated
" Faoi láthair tá Clár Máistrí agus Printíseach acu atá tiomnaithe do thaifeadadh agus do dhoiciméadú na teanga.
Tiomnaithe of dedication
" Hanukkah ==== Sa traidisiún Giúdach, ceiliúrtar Hanukkah nó Féile an Tiomnaithe ag an tráth seo bliana freisin.
tiomnaithe don assigned to
" Tá sparánacht fhlaithiúil tiomnaithe don roinn seo, d’ainneoin an bhróg a bheith ag teannadh orainn.
thiomnaigh sé he dedicated
" Is ón tréimhse seo a fuair Flanagan an spreagadh dá shaothar ‘Boglands’ agus thiomnaigh sé dá chara Seamus Heaney é.
tiomnú seo this dedication
" Dhá bhliain ina dhiaidh sin, mar fhreagra ar an tiomnú seo, scríobh Heaney an dán ceannródaíoch Boglands.
tiomnaithe dedicated
" Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige *“to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.
thiomnaigh siad they determined
" Nuair a ghlac an rialtas le cabhair ón CAI, thiomnaigh siad go gcuirfí bearta i bhfeidhm a chinnteodh go bhfaighfí luach maith i gceannach seirbhísí dlí.
cumhachtaí á dtiomnú ar powers being given to
" Thiocfadh dá réir go gcuirfí easpa daonlathais ina leith dá mbeadh cumhachtaí á dtiomnú ar fhoras nach bhfuil tofa ag mórgóir an phobail.
tiomnaithe do dedicated to
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis in a testimony to him in his autobiography
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe special television stations devoted
"bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe do chúrsaí grinn fiú amháin, bealaí a oibríonn 24/7 anois! Cé a shíl go dtarlódh a leithéid? Ar ndóigh bhí áilteoirí riamh in Éirinn agus abhac ag Fionn Mac Cumhail féin, Cnú Dearóil, chun ceol agus gáire a sholáthar dó.
tiomnaím I offer
" ‘Il Divo’ le Paola Sorrentino (An Iodáil 2008) Artificial Eye ART436DVD ==================== Mar bhuile scoir tiomnaím ‘Il Divo’, scéal Guilio Andreotti, Príomh-Aire na hIodáile (seacht n-uaire!) do chleas polaitiúil na hÉireann.
tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo he dedicates this lively song
" Roghnaíonn sé “*My Indian Red*” ó Danny Barker, agus tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo do gach aon saoránach nach raibh in ann iad féin a ghléasadh i gceart i gcóir ceiliúradh *St Joseph’s Night* de dheascaibh chur isteach tubaisteach Katrina.
tiomnú an leabhair seo the dedication of this book
" Tráthúil atá tiomnú an leabhair seo – do na fonnadóirí agus do na filí a bhí ann ach a d’imigh, a mhair ar an mbeagán, ach a d’fhág mórán.
tiomnaíodh dedicated to
" Fuair Ken Ó Donnchú ábhar domhain machnaimh ar shuíomh idirlín a tiomnaíodh do Jan Palach, an féiníobartach a losc é féin i gCathair Phrág sa bhliain 1969.