Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tionscail industries
" Oibríonn suas le cúpla céad, mná a bhformhór, i dtionscail a mheall Údarás na Gaeltachta chun an cheantair, an tionscal traidisiúnta Cniotáil Ghaeltarra, chomh maith le tionscadail nua-aoiseacha, Caidéil Teo nó MP pumps.
thionscal na tógála the construction industry
" Ansin i 1962, ag am a raibh borradh faoi thionscal na tógála, bhunaigh sé comhlacht darbh ainm Edilnor.
dtionscal an ghnéis sex industry
" Cuireann an dúshaothrú a dhéantar ar mhná, ar fhir agus ar pháistí i dtionscal an ghnéis ioncam rialta ar fáil dóibh.
thionscal industry
" Chaith mé blianta m'óige in Varkaus, cathair bheag atá ag brath ar thionscal an pháipéir, is é sin, ar thorthaí na foraoise, ar nós na Fionlainne go léir.
tionscail industries
" Téann roinnt mhaith daoine ag obair sna bailte móra atá thart orainn agus tá go leor daoine eile ag obair i dtionscail atá lonnaithe sa gceantar.
thionscail teallaigh cottage industries
" Bhí an lámhcheardaíocht go láidir sa cheantar, go háirithe ag na cailiní, agus ba thionscail teallaigh iad an chniotáil agus an spruigeáil.
tionscal industry
" Ní féidir leis an gcomhlacht gníomhú ina aonar maidir leis na cúrsaí seo agus go dtí go gcuirfidh Foras na Gaeilge breis acmhainní ar fáil do ÁIS, na dáilitheoirí leabhar, ní thiocfaidh aon fhorbairt ar an tionscal.
tionscal iarainn iron industry
" Bhíos ar bís le tamall de bhlianta le cuairt a thabhairt ar an gcathair seo a bhíodh ina seoid den tionscal iarainn.
mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú because he wanted to nationalize the oil industry
" Ní raibh rialtais na Stát Aontaithe ná na Breataine sásta leis an phríomhaire a bhí ann, Mohammed Mossadegh, mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú.
an tionscal a neartú aríst to strengthen the industry again
" Táthar ag iarraidh an tionscal a neartú aríst agus tá plean ann d'fhorbairt na monarchan atá i gCill Chiaráin ag Arramara Teo.
thionscail industries
" Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
an tionscal iascaireachta the fishing industry
" Agus ní bheadh muid sa riocht ina bhfuil muid anois, an tionscal iascaireachta ag dul go tóin poill agus diabhal tada gur féidir linn a dhéanamh faoi an fhad is atá muid san Aontas Eorpach.
ionadaithe an tionscail the representatives of the industry
" ) Agus ní ceart go bhfágfaí dréachtú an chomhpholasaí nua i lámha ionadaithe an tionscail, státseirbhísigh sa mBruiséil agus polaiteoirí a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí má cheapann siad go bhfuil vótaí ann.
tionscail industries
" Dá bharr sin, níl mórán airgid fágtha ag na saoránaigh agus níl siad in ann an oiread earraí a cheannach agus is gá chun na tionscail agus an tráchtáil a choinneáil ag fás.
d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór certain industries in this country could suffer greatly
" Ach má thagann siad féin ar an tuairim go bhfuil Éire ag cabhrú leis na comhghuaillithe i ndúnmharú mhuintir na hIaráice, d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór dá bharr.
tionscal mairteola beef industry
" Creideann urlabhraí IBEC ar bhia, Ciaran Fitzgerald, go bhfuil féidearthacht iontach sa Mheánoirthear agus i dtuaisceart na hAfraice don tionscal mairteola.
tionscal industry
" An casadh is deireanaí agus is barrúla i dtionscal Anne ná an cúiseamh faoin leispiachas.
thionscal na mairteola the beef industry
" Idir an dá linn, is é an rud is lú a theastaíonn ó thionscal na mairteola ná scanradh mór eile faoi chaighdeán an bhia.
i dtionscail éagsúla in various industries
" Chuaigh sé timpeall ar chomhlachtaí móra san Eoraip ag féachaint an mbeadh spéis acu infheistíocht a dhéanamh i dtionscail éagsúla in oirthear na hEorpa.
tionscal iascaireachta fishing industry
" Bhí cuid den chlann a rinne iarrachtaí saol na ndaoine a dhéanamh níos fearr sna bliantaí ina dhiaidh sin, mar shampla Burton Conyngham a chuir dúthracht air féin ag iarraidh tionscal iascaireachta a chur ar bhun sa cheantar.
tionscal na turasóireachta the tourism industry
" Go dtí le gairid, bhí tionscal na turasóireachta ag treabhadh leis go tréan san Astráil, agus méadú rialta ag teacht ar an líon daoine a bhí ag triall ar an tír as tíortha eile.
mheánphá tionscail na linne the average industrial wage of the time
" De réir tuarascála de chuid an Choimisiúin, i 1996/97 bhí iascairí na hÉireann ag tuilleamh thart ar £13,890 sa bhliain, sin go mór faoi bhun mheánphá tionscail na linne, £17,000.
ag tréigean an tionscail leaving the industry
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
tionscal ollmhór major industry
" Is tionscal ollmhór iad na haistí bia seo agus na táirgí a bhaineann leo sna Stáit Aontaithe agus, fiú sa bhliain 1990, bhí ioncam de os cionn $30 billiún dollar ag baint leis.
tionscal industry
" Is beag nach bhféadfaí a rá go bhfuil tionscal nua bunaithe le blianta beaga anuas - ar an long an Catalpa.
tionscal na foilsitheoireachta the publishing industry
" Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann The Irish Hospitality Industry Alliance
" Tá eagraíocht nua, Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann, bunaithe acu.
tionscal na turasóireachta the tourist industry
" Tá an tóin tite ar fad as tionscal na turasóireachta le cúpla bliain anuas.
Is geall le tionscal é it's nearly an industry
" Is geall le tionscal é a bheith ag aistriú fhilíocht na Gaeilge go Béarla.
tionscal dúchasach indigenous industry
" Tá post as gach 12 in Éirinn anois ag brath ar an turasóireacht, agus is í an tionscal dúchasach is mó dá bhfuil ann.
tionscal teicneolaíochta technology industry
" Ceann de na míbhuntáistí a bhíonn ag baint le bheith ag obair sa tionscal teicneolaíochta ná go mbíonn do sheoladh ríomhphoist ar shuímh ghréasáin - áit ar féidir le daoine a sheolann turscar teacht air.
an tionscal tógála the building industry
" Chaith mé seachtain mhaith i gcomhlacht a bhain leis an tionscal tógála.
aitheantas a gcomhghleacaithe sa tionscal the recognition of their colleagues in the industry
" Ach má bhain an tsraith *Tutenstein *(féach an painéal thíos) an criostal dóibh, bhí duais i bhfad níos mó agus níos luachmhaire acu freisin, agus b'in é aitheantas a gcomhghleacaithe sa tionscal, ainmneacha móra Hollywood ar nós Disney agus Warner Brothers ina measc.
sa tionscal closamhairc in the audio-visual industry
" Nuair a rinne an tÚdarás cinneadh straitéiseach infheistíocht a dhéanamh sa tionscal closamhairc, thapaigh Pól Ó Cuimín a dheis.
tionscal industry
" "Bíonn sé deacair postanna fadtéarmacha a fháil sa tionscal seo, go háirithe nuair atá tú ag tosú," a adhmaíonn O'Hara.
de dheasca na dtionscal mór because of the big industries
" Bhíodh traidisiún láidir aicme oibre i mBéal Feirste de dheasca na dtionscal mór - tógáil long, innealtóireacht throm, agus dá réir, ar a tógadh clú Bhéal Feirste ag tús an 20ú céad - agus roimh na Trioblóidí, fuair an Northern Ireland Labour Party ceithre shuíochán i bparlaimint Stormont idir 1958 and 1962, ach b'in an buaicphointe.
Tionscal industry
" Tionscal ann féin na laethanta seo é cuid mhór den obair seandálaíochta a dhéantar sa Stát seo.
tionscal ollmhór massive industry
" Tá go leor leor oibre déanta ar theagasc an Bhéarla mar theanga iasachta mar gur tionscal ollmhór é.
bealach isteach sa tionscal a way into the industry
" Ba é Gael Linn an t-aon eagras a bhí mbun scannánaíochta agus bhí an t-ádh orm bealach isteach sa tionscal a fháil leo.
an tionscal tógála the building industry
" Beidh mé ag obair in eagraíocht a bhaineann leis an tionscal tógála.
Tionscal industry
" Tionscal atá ann agus, dá bhrí sin, caithfidh Man United PLC airgead a dhéanamh bealach ar bith gur féidir.
Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann Irish Tourist Industry Confederation
" Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim that the biggest industry in the country would recover from the crisis
" Buille an bháis ======= Rinne pobal na tíre seo gnaithe maith aimsir an ghalair crúibe is béile nuair a tharraing muid le chéile lena chinntiú go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim.
tionscal industry
" Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
tionscal industry
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin ach chomh beag go bhfuil brú ar an rialtas dul i ngleic leis an cheist seo mar nach bhfuil aon chóras féinmhaoirseachta ag an tionscal féin.
thionscal na craoltóireachta the broadcast industry
" Tá modúil sa chúrsa a dhíríonn ar theanga do thionscal na craoltóireachta idir chraoladh, fhotheidealóireacht agus nuacht.
tionscal industry
" Admhaítear an méid seo ann: "*Farm incomes may not be as healthy as the ICMSA would like …*" Ach an cúis é sin le hionsaí a dhéanamh ar chuid eile de gheilleagar na tuaithe? Gan amhras, tá Pat O'Rourke agus a leithéid ag déanamh damáiste as cuimse don dara tionscal is mó sa tír agus tá postanna caillte faoin tuath dá bharr.
lucht an tionscail núicléach those involved in the nuclear industry
" Beidh lucht an tionscail núicléach sásta! Drochsmaoineamh? ======= An drochsmaoineamh é an gluaisteán hidrigine, mar gheall ar an ngá le cumhacht núicleach a bhaineann leis? B’fhéidir narb ea, agus fad is a bheidh an ola ag laghdú éireoidh an hidrigin níos tabhachtaí mar bhealach eile.
thionscal na craoltóireachta the broadcast industry
" Tá modúil sa chúrsa a dhíríonn ar theanga do thionscal na craoltóireachta idir chraoladh, fhotheidealóireacht agus nuacht.
tionscal na heitlíochta the aviation industry
" Chomh maith leis sin, éireoidh an turas laethúil i ngluaisteán ó Phort Laoise nó ón Mhuileann gCearr nó ó Chill Mhantáin go dtí an oifig i mBaile Átha Cliath ródhaor, agus lena chois sin, ní beidh tionscal na heitlíochta (agus Ryanair san áireamh) ábalta feidhmiú mar atá faoi láthair.
tionscal an tsiúcra the sugar industry
" Ní hé go bhfuil an mhilseacht sin uilig de dhíobháil ar an Aire nó tá sí sách milis cheana féin, ach cuideoidh an bronntanas le tionscal an tsiúcra in Éirinn níos mó ná mar a chuidigh cuid cainteanna an Aire san Eoraip an mhí seo a chuaigh thart.
i dtionscal na teilifíse in the television industry
" ” Is léir go bhfuil go leor daoine ag obair i dtionscal na teilifíse nach bhfuil Aoife róthógtha leo.
tionscail industry
" Tuigeann siad go bhfuil tábhacht ag baint leis seo d’iarthar na hÉireann, go bhfuil easpa infreastruchtúir ag cur as go mór don réigiún, go bhfuil an píosa seo ann agus gur féidir, ar airgead atá beag go maith, caoi a chur air; go dtabharfaidh sé an Straitéis Náisiúnta Spáis i bhfeidhm thar oíche má cheanglaítear Sligeach, Gaillimh, Luimneach agus Corcaigh; go dtabharfaidh sé spreagadh mór do phobal an iarthair i gcoitinne; go ndéanfaidh sé an áit níos mealltaí do na státseirbhísigh seo atá le bogadh as Baile Átha Cliath; go meallfaidh sé tionscail agus forbairt isteach agus go dtabharfaidh sé iarthar na hÉireann isteach san aois ina maireann muid.
tionscal industry
" Agus d’fhéadfadh an tionscal seo deiseanna maithe a chur ar fáil don tír seo.
i dtionscal na turasóireachta in the tourist industry
" Tionscal na turasóireachta ======= 2,500 a bhí ina gcónaí in Gettysburg aimsir an chatha, agus 7,500 atá ann anois, a bhformhór ag obair i dtionscal na turasóireachta.
tionscail industries
" Mealladh tionscail thar farraige anall le deontais agus pacáistí fabhracha cánach.
de thionscal turasóireachta na tíre seo of the tourism industry of this country
" Tá lóistíní Leaba agus Bricfeasta mar chuid lárnach de thionscal turasóireachta na tíre seo le fada an lá anois.
faoi thionscal seo na comhairleoireachta saoil about this life coaching industry
" Nuair a bhuail mé léi go gairid ina dhiaidh sin le hagallamh a chur uirthi don alt seo, caithfidh mé a admháil go raibh mé rud beag in amhras faoi thionscal seo na comhairleoireachta saoil.
de thionscal teangalárnaithe of a language-based industry
" Is sampla iontach sinn de thionscal teangalárnaithe - tionscal gur mhaith le hAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go gcuirfí tuilleadh béime air.
i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse. in light of the changes in the television industry.
" Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
sa tionscal turasóireachta in the tourist industry
" Cé go bhfuil roinnt caorach i measc na nAlp, tá an chuid is mó de na háitritheoirí ag obair sa tionscal turasóireachta, sna *rifugi*, óstáin, bialanna agus siopaí.
an tionscal is mó the biggest industry
" Is í an turasóireacht an tionscal is mó i nDún na nGall fosta.
tionscal na dtithe leanna the pub industry
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
i dtionscal traidisiúnta na dteicstílí in the traditional textiles industry
" Ní poist i dtionscal traidisiúnta na dteicstílí iad seo, ach poist sa gheilleagar eolasbhunaithe (nó “knowledge economy”).
tionscal an-srianta a very restricted industry
" Ach cad is brí leis an “Open Skies” seo atá go mór sa nuacht le déanaí? Ós rud é gur fhás sé sa ré roimh an “saormhargadh”, is tionscal an-srianta é an t-aeriompar idirnáisiúnta.
tionscal na ngunnaí the gun industry
" Dhá rud is cúis leis seo, is dócha – ar an gcéad dul síos, bunreacht Mheiriceá, agus sa dara háit, tionscal na ngunnaí i Meiriceá, a chaitheann airgead mór ar stocaireacht i Washington, ar fheachtais na n-iarrthóirí polaitiúla atá ar son gunnaí, agus in aghaidh na n-iarrthóirí gur beag orthu gunnaí.
an tionscal fáilteachais, the hospitality industry,
" Deirtear go minic gurb é Peter aghaidh phoiblí na ndeartháireacha Quinn – is é Seán Quinn (atá i bhfad níos príobháidí mar dhuine) an dara duine is saibhre in Éirinn, agus baint aige le táirgí cairéalaithe, árachas agus an tionscal fáilteachais, i measc rudaí eile.
na tionscail mhóra. the big industries
" Ar an drochuair, b’fhéidir go bhfuil smaoineamh maith seo na mbithbhreoslaí fuadaithe ag na tionscail mhóra.
tionscal industry
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
i dtionscal na heitlíochta in the aviation industry
" Níl tharlaíonn aon fhorbairt i dtionscal na heitlíochta gan impleacht a bheith aici don chomhshaol.
roinnt mhaith tionscal, a good number of industries,
" Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.
ón tionscal fógraíochta from the advertising industry
" “Tagann a lán VIPeanna go Renards agus tríd an obair chuir mé aithne ar dhaoine ón tionscal fógraíochta agus ó na meáin chumarsáide agus tháinig muinín chugam agus mé ag labhairt le daoine den saghas sin.
an tionscal, the industry,
" Níl aon smacht ag an tionscal, ná ag foinsí seachtracha, ar a nochtar iontu.
tionscal an cheoil dúchais the native music industry
" Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc: Eagarthóir ar an iris *Comhar* (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.
tionscal déiríochta dairy industry
" Cuireadh tús le tionscal déiríochta ar an talamh méith a bhí glanta ag na foraoiseoirí.
a lán tionscal a lot of industries
" Ag tús an fichiú haois, bhí a lán tionscal i Lìte - tógáil bád, déantús rópaí, trádáil fíona agus adhmaid ina measc.
sa tionscal scannánaíochta? in the film industry
" Ach cad é mar a thosaigh an fear óg seo as Taobh an Bhogaigh i nDoire Cholmcille ag obair sa tionscal scannánaíochta? “Bhuel, bhí suim riamh agam sa ghrianghrafadóireacht.
sa tionscal. in the industry.
" Tá an tuairim ann go forleathan go bhfuil Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeilge is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach, agus moltar go minic an obair cheannródaíoch atá déanta ag Mac Murchú sa tionscal.
riachtanais an tionscail needs of the industry
" “Tá Béarla líofa ag na rannpháirtithe seo chomh maith, tuigtear dom! Tá na cúrsaí seo ag freastalar riachtanais an tionscail i gcoitinne.
i dtionscal an cheoil. in the music industry
" In oifig Tom Sherlock, bainisteoir an bhanna ceoil Altan, a bhíos nuair a dúirt sé liom gur cheap sé go raibh athrú suntasach i ndiaidh teacht ar gach ní i dtionscal an cheoil.
tionscal brabúsach tinteáin profitable cottage industry
" D'éirigh le George Greenhalgh, a bhean Olive agus a mac Shaun – atá 84, 83 agus 47 bliana d’aois faoi seach – tionscal brabúsach tinteáin inar chóipeáil siad seandachtaí a reáchtáil óna dteach beag sraithe in Bolton, Sasana.
mar chroílár thionscal na mbréagán Nollag as the heart of the Christmas toy industry
" Tá clú air mar chroílár thionscal na mbréagán Nollag agus as déantús an *Elisenlebkuchen*, arán sinséir.
tionscal industry
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
Tar éis gur theip ar thionscal na cruaiche, after the steel industry failed,
" Tar éis gur theip ar thionscal na cruaiche, ní raibh sé chomh héasca dóibh bogadh amach ó na cathracha.
tionscal eitlíochta aviation industry
" Mar sin, ardóidh an eachtra seo, cosúil le gach timpiste eile a tháinig roimpi, caighdeán na sábháilteachta sa tionscal eitlíochta.
ag brath cuid mhór ar thionscal na tógála. depending a lot on the building industry.
" Ní raibh baol ar bith ann go dtarlódh sé sin in Éirinn, áfach, go háirithe agus an geilleagar ag brath cuid mhór ar thionscal na tógála.
thionscal na scannán the film industry
" ************************************************************** Bhí súile an domhain dírithe ar mhaithe agus ar mhóruaisle thionscal na scannán ar an 24 Feabhra agus iad ag déanamh a mbealach go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre in Hollywood le freastal ar an searmanas bronnta is mó cáil ar domhan.
i mbéarlagair an tionscail teilifíse in TV jargon
" Trí bliana ó shin a tharla sé, le linn dom a bheith ag obair mar fhísiriseoir – nó VJ, mar a thugtar ar ár leithéidne i mbéarlagair an tionscail teilifíse – leis an gclár “Seachtain”.
tionscal industry
" Tá an ghné seo den spórt – an ghné shíceolaíoch, mar thugtar uirthi – ina tionscal ann féin anois.
i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise. in the IT industry
" Is fir shingile den chuid is mó iad a chuid custaiméirí, atá idir fiche bliain d’aois agus aois an phinsin, agus tá leath acu ag obair mar innealtóirí nó i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise.
tionscail a mhealladh isteach sa tír to attract industries into the country
" Chuirfeadh sé seo as go mór do chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus don straitéis atá ag an rialtas le tamall anuas tionscail a mhealladh isteach sa tír le rátaí ísle cánach.
ón tionscal siamsaíochta from the entertainment industry
" Bhí ionadaithe na meán cumarsáide i láthair, chomh maith le hAstrálaigh atá chun tosaigh i réimsí éagsúla, mar shampla daoine aitheanta ón tionscal siamsaíochta nó ó shaol na litríochta.
go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta. especially as the tourist industry intensified
" Thosaigh an Mhanainnis ag meath go tubaisteach sa naoú haois déag, go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta.
sa tionscal fuinnimh in the energy industry
" Mura bhfuil stíl mhaireachtála na meánaicme saibhre inbhuanaithe, is cinnte nach bhfuil stíl mhaireachtála leithéidí Maurice Strong amhlaidh! Ach cá bhfuair Strong a chuid airgid leis na tithe uile agus an rainse ollmhór a cheannach? **Tionscal fuinnimh**Rugadh Strong i gCeanada sa bhliain 1929 agus thosaigh sé ag obair sa tionscal fuinnimh agus é fós ina dhéagóir.
an tionscail chaomhnaithe the conservation industry
" Ag trácht ar an Afraic fho-Shahárach, mhaígh an t-iriseoir Kevin Dowling go ndearnadh idir 30 agus 50 milliún duine a dhíshealbhú ansin go dtí seo de dheasca an tionscail chaomhnaithe.
lucht na dtionscal mór. those involved in the big industries
" Is deacair a oibriú amach an í soineantacht nó féinmhealladh atá ar siúl acu, ach is léir nach bhfuil ag teastáil uathu ach teachtaireachtaí simplí a thugann réitigh ar fhadhbanna, mar dhea, agus is é seo atá ar siúl ag lucht na dtionscal mór.
tionscal ola oil industry
" Ach seachas a rá leis an bpobal go mb’fhearr dóibh carranna níos lú a thiomáint agus níos mó airgid a chaitheamh ar thaisteal poiblí, deir an tionscal ola gur cheart deireadh a chur le srianta ar dhruileáil ola sa tír, is cuma más in áiteanna fíorleochaileacha mar The Arctic National Wildlife Refuge a ndéanfaí an druileáil.
tionscal industry
" Agus iad ag tiontú ar na Mazdanna agus na Hyundaianna cosúil linne, thit an tóin as tionscal na gcarranna i Meiriceá.
tionscail industry
" com, Sasanach, atá lán de smaointe faoi 'theip' an tionscail cheoil agus 'fás' an tionscail chéanna, ag an am céanna.
tionscal tógála building industry
" 3% den daonra in aois fostaíochta, méadú 3,100 duine ón mhí roimhe agus cailleadh na postanna i ngach earnáil den gheilleagar, ach is measa an scéal sa tionscal tógála na i dtionscal ar bith eile.