Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar eagla gur thit sé thart in case he nodded off
" "Ní dhéanfaidh mé mórán trup ar eagla gur thit sé thart.
an lug tite ar an lag cheana féin courage already lost
" Cé a chreidfeadh é, gan ach roinnt seachtainí imithe thart ó glacadh le Conradh Nice agus an lug tite ar an lag cheana féin.
titim ar a chlaíomh fall on his sword
" Ainneoin na líomhaintí i gcoinne an Chairdinéil Connell a bheith ar a laghad chomh holc lena bhfuil á chur i leith an Chairdinéil Law i mBostún, ní léir go fóill go mothaíonn an Cairdinéal Connell go bhfuil dualgas air sampla fhear Bhostúin a leanúint agus titim ar a chlaíomh.
ar tí titim as a chéile about to collapse
ar ar thit amach all that happened
" Is beo fós dóibhsean a mhair trí fhormhór an 20ú haois agus a bhfuil cuimhne ghrinn acu ar ar thit amach sa Pholainn sa 20ú haois, rud a fhágann gur ceist bheo go fóill í stair dhéanach na tíre.
ar eagla go dtitfeadh duine againn in case one of us fell
" Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann.
ar eagla go dtitfeadh cogadh amach in case a war happened
" Anois, agus é cinnte ina chogadh cathartha san Iaráic, is léir nach bhfuil go leor trúpaí Meiriceánacha ar fáil ann agus saighdiúirí ag teastáil go géar san Afganastáin ag an am céanna, agus go bhfuil géarghá le fórsaí cúltaca a choinneáil in áiteanna eile ar eagla go dtitfeadh cogadh amach i dtír eile a bhfuil suim ag Meiriceá inti, mar an Phalaistín nó Cúba.
ainneoin ar thit amach despite all that occurred
" Mura bhfuil an choimhlint ann, níl *raison d’être* ag na fir chrua seo agus ainneoin ar thit amach ag deireadh mhí Eanáir, beidh siad i gcónaí ann.
i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe after they had fallen ten points behind
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
beag beann ar a bhfuil ag titim amach regardless of what is happening
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
ag titim amach ar fud an Tuaiscirt happening all over the North
" Bíonn go leor rudaí eile den chineál seo ag titim amach ar fud an Tuaiscirt agus tá oscailteacht le brath nach n-aithníonn cuid de na tráchtairí sóisialta polaitíochta.
nár thit an lug ar an lag acu riamh that they never lost courage
" Is maith an rud é, mar sin, nár thit an lug ar an lag acu riamh in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí acu thar na blianta le comhlachtaí ceirníní, moilleanna agus rudaí eile a bhí ina gcúis díomá dóibh.
thit an lug ar an lag orm I lost courage
" Cinnte, thit an lug ar an lag orm ar feadh cúpla lá, ach ansin, rinne mé athmhachnamh ar chúrsaí agus tháinig mé ar an tuiscint gur pribhléid iontach a bhí ann gur tugadh an deis sin dom mo chuid cúiseanna a chur chun cinn agus aird a tharraingt orthu ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
dtiteann an lug ar an lag going into the doldrums
" Cuireann coillte sceoin uirthi, agus isteach iontu a théid chun na deamhain a cheannsú, áit ina dtiteann an lug ar an lag ar fad orthu.
tite ar a thóin gone to the dogs
" Bhí páirteanna ann agus cheapas go raibh an rud tite ar a thóin ar fad.
titfidh an t-aer ar an talamh the sky shall fall down
" , 17/2/10) go ndéanfaí gach iarracht – agus go nglanfaí gach costas breise, tá a fhios againn – an Béarla a thabhairt do na hÉireannaigh nua i mbailte móra na hÉireann, nó táimid le cailleadh is le bás a fháil ar áit na mbonn, is cosúil, agus titfidh an t-aer ar an talamh.
Thit an lug ar an lag ar gave up hope
" Thit an lug ar an lag ar Rudd nuair a mheas sé go gcuirfeadh Abbott bearta scanraithe corraithe in éadan na scéime i bhfeidhm le linn an fheachtais olltoghchánaíochta i mbliana.
thit an lug ar an lag orthu the bottom fell out of them
" Ach go tobann thit an lug ar an lag orthu agus ar a lucht leanúna glórach.
Thit an crú ar an tairne push came to shove
" Thit an crú ar an tairne agus an lug ar an lag faoi dheireadh.
thiteann tinneas clainne ar becomes pregnant
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
thit sé ar do chrann it fell to your lot
" An gcronaíonn tú saol an tsuaimhnis a bheadh agat fá Thír Chonaill anois ach a’b é gur thit sé ar do chrann arís seasamh san olltoghchan ar son Fhine Gael?** DMFh: Is cinnte go dtearn mé cinneadh i 2006 go raibh mé ag gabháil a éirí as an pholaitíocht, ach tháinig casadh gan mhoill ar an scéal ina dhiaidh sin agus bhí mé páirteach ins an toghchán in 2007.
thit sé ar mo chrannsa it fell to my lot
" Tá roinnt mhaith machnaimh déanta agam ar rotha mór an tsaoil le déanaí ó thit sé ar mo chrannsa teach mo mháthar baiste a fholmhú, tharla go bhfuair sí bás, an bhean bhocht, faoi Shamhain seo caite.
ar tí titim about to fall
" Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta 'ar an Údarás' seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe.
Ba bheag nár thit mo bhéal ar oscailt I couldn’t believe my ears
"Ba bheag nár thit mo bhéal ar oscailt.
gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh they ought to fall on their sword
" Ba bheag aontachtach a bhí in iarthar Dhún na nGall nó i ndeisceart Mhuineacháin ach ba bheag trioblóid a bheadh ag leithéid Sir James Craig cur ina luí ar mhuintir na dtrí chontae "caillte" gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh.
Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas a loss of affection through ignorance
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
titim shuntasach ar líon na ndaoine a remarkable fall in the number of people
"titim shuntasach ar líon na ndaoine a théann ar Aifreann gach Domhnach le fiche bliain anuas, sa phobal iargúlta sin.
a thit an lug ar an lag the bottom fell out of
" Is ina dhiaidh sin, áfach, a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil.
titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála a marked fall in living (peoples’) standards
" Tháinig titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála na ndaoine.
Thit an lug ar an lag matters deteriorated
" Thit an lug ar an lag i ranna go leor den fheachtas maidir le Comhthionól an Chéid Náisiúin agus maidir leis an treo ina raibh siad ag dul.
an foirgneamh mór a thit ar a chéile the large building which fell asunder
" Ba é Rana Plaza an foirgneamh mór a thit ar a chéile sa Bhanglaidéis i mí Aibreáin.
Anuas ar a bhfuil ag titim amach as well as what’s happening
" Anuas ar a bhfuil ag titim amach sna nuachtáin, ag Stormont, i Westminster, tá pobail ag bogadh ar aghaidh lena saol in éagmais chórais aibí polaitíochta.
dtáinig titim ar líon na ndúnmharuithe a fall happened in the number of murders
" Léiríonn figiúirí sa tír seo ón Gharda Síochána go dtáinig titim ar líon na ndúnmharuithe, ar líon na n-ionsaithe ar réadmhaoin, agus ar líon na n-ionsaithe foréigneach idir 2007 agus 2011.
Titim Staidrimh ar Fud an Bhaill a statistic falloff everywhere
" Titim Staidrimh ar Fud an Bhaill =============== Tríd is tríd léiríonn na staidrimh go bhfuil feabhas ag teacht ar na rátaí coiriúlachta ó thosaigh an cúlú geilleagair.
titim bheag ar luach a small fall in price
" Ní bhíonn mórán difir eatarthu sa luach, ach tagann titim bheag ar luach carranna athláimhe a mbíonn cláruimhir 131D orthu.
thit an cúram ar the responsibility fell to
" Thóg an tochailt blianta fada, agus thit an cúram ar Phápaí chomh maith le seandálaithe éagsúla.
ag titim níos faide ar gcúl ar falling further behind
" Is é a mhalairt atá fíor san Astráil, ar an drochuair, agus earnáil na déantúsaíochta ag titim níos faide ar gcúl ar thíortha forbartha agus ar thíortha i mbéal forbartha araon le blianta anuas.
nach dtiteann an saol óna chéile ar fad that life doesn’t come apart at the seams
" Ar bhealach, nuair a chuirtear gach rud a deir sé san áireamh, is iontach nach dtiteann an saol óna chéile ar fad.
dtiteann ualach na faidhbe ar the brunt of the problem falls on
" Is cosúil go dtiteann ualach na faidhbe ar mhná agus sa bhliain 2013, ba mhná iad 55% de na cliaint nua.
An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi the fall (from power) and slipping away quietly
" An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi =============== Tá dearcadh Mhontréal fíordhifriúil ó Québec ar go leor bhealaí - le héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh, níor aontaigh an chathair go mór leis an gCairt um Luachanna Cultúir a raibh sé i gceist aici cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh agus ní raibh tacaíocht Marois láidir ann dá bharr.
níor thit an spéir ar an talamh the world didn’t end
" Thug Lizzie Windsor ceacht Gaeilge do mhuintir Bhéarla na hÉireann, cuid acu a déarfas “a Cathairleach” (sic) sa Dáil féin agus níor thit an spéir ar an talamh ina dhiaidh sin a deir Pat Butler.
dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha important reforms shall fail to proceed
" Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.
ar thit smaoineamh úr aisteach éigin isteach ina gcloigne who had a brainwave
" Scoláirí sclártha agus daoine ar thit smaoineamh úr aisteach éigin isteach ina gcloigne atá faoi thrácht ag Roseanne Smith.
ar a bhfuil ag titim amach laistigh at what’s happening inside
" Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.
ag faire ar a bhfuil ag titim amach watching what's happening
" Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar a bhfuil ag titim amach ann.