Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhínn an-tugtha don tobac draíochta I used to be very addicted to magic cigarettes
" Bhínn an-tugtha don tobac draíochta le linn laethanta na hollscoile.
fógraí tobac tobacco advertisements
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
nach ndéanfá gnaithe gan an tobac couldn't you do without the tobacco?
" "A Dhaidí, nach ndéanfá gnaithe gan an tobac, go dtí go mbeidh an dinnéar thart féin?" arsa Áine.
ina bhfuil cosc ar thobac in which smoking is prohibited
" D'aimsigh mé an áit ar an idirlíon - tá ceol ar shuíomh gréasáin s'acu agus fógraítear an lóistín mar áit ina bhfuil cosc ar thobac.
lucht caite tobac smokers
" Tá na tábhairneoirí agus a gcomhghuaillithe ag moladh go gcuirfí ar fáil seomra ar leith i ngach tábhairne agus bialann do lucht caite tobac, ach dealraíonn sé nach bhfuil an t-aire sásta le comhghéilleadh mar seo, fiú.
lucht caite tobac smokers
" Cé gur chaill sé roinnt custaiméirí, bíonn cuid eile den lucht caite tobac ag ól agus ag ithe sa Ring O' Bells go fóill, ach caitheann siad taobh amuigh den doras.
bholadh lofa an tobac the rotten smell of tobacco
" " Leanann ár laoch leis an tseanmóireacht: "Níor tharla círéib ná troid riamh, buíochas le Dia, cionn is gur ól duine bosca scór Carrolls, dar fia!" "Ach cad é faoi bholadh lofa an tobac ar ár gcuid éadaí?" a fhiafraíonn an léitheoir cliste cunaí.
lucht caite tobac smokers
" Bhí sé go hiontach cúpla pionta a ól sa phub in atmaisféar deas glan, agus ba chuma leis an lucht caite tobac faoi na toitíní.
cosc ar thobac ban on smoking
" Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.
chosc ar chaitheamh tobac ban of smoking
" Tá na tábhairneoirí ag maíomh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcuairteoirí agus á chur seo síos don chosc ar chaitheamh tobac san áit oibre a cuireadh i bhfeidhm i mí an Mhárta i mbliana.
Déanann an caitheamh tobac dall thú smoking makes you blind
" D'iarr an Dr Kelly ar Rialtas Shasana an fógra “Déanann an caitheamh tobac dall thú” a chur ar bhoscaí toitíní, ach mhaígh siad nach dtiocfadh leo é sin a dhéanamh gan comhaontú a bheith ann leis na rialtais eile sa Chomhphobal Eorpach.
fheachtas frith-thobac anti-tobacco campaign
" Chuir an Páipeár Bán, *Choosing Health*, a d'fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna anuraidh, díomá ar an fheachtas frith-thobac, mar mhol sé cosc ar thobac i mbialanna agus i dtithe tábhairne a dhíolann bia te, ní i ngach teach tábhairne mar atá in Éirinn.
cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac why smoking wouldn't be banned
" An bhliain seo caite cuireadh ceist cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus bialanna na Gearmáine.
na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac) the Public Health Acts (Tobacco)
" D'éirigh mé féin as na toitíní achar beag sular cuireadh Alt 47 de na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac) i bhfeidhm in Éirinn.
gal tobac. tobacco smoke.
" Tá teach tábhairne Éireannach i München ina bhfuil seomra curtha ar leataobh do dhaoine nach maith leo gal tobac.
saor ó ghal tobac free from tobacco smoke
" Is éard a bhí le léamh ar fhógra sa teach tábhairne céanna ná "Ós rud é gur iarr cuid mhaith dár gcustaiméirí orainn é, beidh an seomra seo saor ó ghal tobac ón 20 Samhain amach".
ó thionchar díobhálach an tobac from the harmful effect of tobacco
" Ina leaba sin, tá díospóireacht sheafóideach ar siúl faoin gcaoi arbh fhearr na daoine a chosaint ó thionchar díobhálach an tobac gan cosc iomlán a chur ar chaitheamh tobac.
an cosc ar chaitheamh tobac the ban on smoking
" Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am.
an cosc ar chaitheamh tobac, the smoking ban,
" Tá an iliomad cúiseanna leis seo, an costas mór a bhaineann le feighlithe leanaí agus an cosc ar chaitheamh tobac, ina measc.
caitheann muid tobac, we smoke tobacco
" ’ * ‘Arú a mhama,’ ar seisean ‘Siúr caitheann muid tobac, Is caitheann muintir na hÉireann an snaoisín.
chorparáid tobac tobacco corporation
" Aisteach go leor, chuir an chorparáid tobac, ar leis an Afracach Theas Anton Rupert é, airgead agus foireann ar fáil chun CFD a reáchtáil.
lucht tionscail an tobac the tobacconists
" An Cur i gCoinne ======== Níor tharla fiú ceann amháin de na srianta thuasluaite gan agóid ina gcoinne ag lucht tionscail an tobac.
cosc ar thobac ban on smoking
" In ainneoin go bhfuiltear ag maíomh go gcaillfear na mílte post má chuirtear an cosc ar thobac sna tithe tábhairne agus sna bialanana i bhfeidhm i gceann ceithre mhí, tá sé tábhachtach go dtarlódh sé seo, ar mhaithe le sláinte na phobail.
lucht caite tobac smokers
" Tá Balor den tuairim go bhfuil sé míchothrom a bheith ag díriú ar lucht caite tobac agus nithe i bhfad níos measa á gcaitheamh i dtithe tábhairne na tíre - na saigheada damanta, cuir i gcás.
lucht thionscal an tobac those in the tobacco industry
"lucht thionscal an tobac ag cur go láidir i gcoinne moltaí sa nGearmáin cosc a chur ar an tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, mar a mhíníonn Christoph Wendler.
cosc a chur ar an tobac to ban smoking
" Tá lucht thionscal an tobac ag cur go láidir i gcoinne moltaí sa nGearmáin cosc a chur ar an tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, mar a mhíníonn Christoph Wendler.