Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thoiligh an RUC the RUC agreed
" Bhí an oifig i Sráid Duibhise, ceantar lán-náisiúnaíoch, ach thoiligh an RUC an bhratach a thógáil, rud a chuir tús le tréimhse fhada de racán fíochmhar.
thoiligh sí bualadh leo she agreed to meet them
" Ghéill Moratti sa deireadh agus thoiligh sí bualadh leo.
thoiligh Hain casadh leis Hain agreed to meet him
" I 1987, i bhfad sula raibh Rialtas na hÉireann sásta casadh le Gerry Adams, thoiligh Hain casadh leis i Londain.
fátha ar thoiligh sé reasons he agreed
" Deir sé freisin gur chreid an Rinneach féin nach raibh aon duine níos fearr ná é agus nach raibh eolas níos fearr ag aon duine eile faoin gcluiche ná mar a bhí aige féin – fátha ar thoiligh sé an scannán a dhéanamh is dóigh.
thoiligh permitted, allowed
" Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.
Thoiligh allowed
"Thoiligh John O Donoghue, an Ceann Comhairle, seomra na Dála a oscailt lá amháin i mí na Nollag anuraidh agus thug mé cuireadh do gach iarbhall den Oireachtas a bhí ina bean agus fós beo filleadh ar Theach Laighean in éineacht le gach bean a bhfuil suíochán Oireachtais aici faoi láthair.
Thoiligh allowed
" Thoiligh Seanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de hÍde a shocraigh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón bhliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bliain roimhe sin.
Thoiligh agreed
" Thoiligh seisean agus anois bhí údarás acu.
aois an toilithe age of consent
" É i mbun na claonoibre céanna le ban turasóirí mála droma, os cionn aois an toilithe, ar ndóigh.
Thoiligh agreed
" Thoiligh an Caisideach rud a dhéanamh ar an mbainisteoir nua.
nár thoiligh éinne againn none of us agreed
" Deoraithe a thugtar orainn ach tá a fhios ag an saol nár thoiligh éinne againn teacht anseo.
thoiligh na Daoine leis the people consented
" Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
thoiligh mé dul ar when I accepted going on
" Ait an Mac an Saol ======== "Nuair a thoiligh mé dul ar an Bhord, shíl mé gur cailís nimhe a bhí ann ach chuaigh mé féin agus Martina Anderson isteach chuig an chéad chruinniú agus malairt eile cultúir a bhí ann.