Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toirtiúil bulky
" Rialacha an tí á léamh againn, leabhar toirtiúil, stíl lom ag an té a scríobh.
is toirtiúla the most bulky
" Sin an leabhar Gaeilge is toirtiúla agus is údarásaí dá bhfuil ann i láthair na huaire agus an ceann is minice a ndéantar tagairt dó mar fhoinse iontaofa ó thaobh na gramadaí de ag duine ar bith ar cás leis ceart gramadaí.
toirtiúil productive
" Ó thaobh na scríbhneoireachta de, ní hamháin gur duine toirtiúil é Ó Muirí, ach is scríbhneoir é atá ar a shuaimhneas ag saothrú i *genres *difriúla fosta.
Saothair thoirtiúla bulky works
" Saothair thoirtiúla ina raibh moltaí fiúntacha a bhí ina bhformhór.
na Tóna Toirtiúla expansively arsed
" Tá sé deacair a chreidbheáil, ach tá sé fíor, a léitheoirí dílse: tá Balor an Bhéil Bhinn agus na Tóna Toirtiúla aon chéad alt d’aois an mhí seo.
Tóna Toirtiúla massive arse
" Níl iontas ar bith go mbeidh gá le hardú mór ar an deontas a fhaigheann Seosamh ó Fhoraois na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn, nó ní thiocfadh le duine ar bith tréanas ná troscadh ná féinsmacht féin a chur i leith Laoch na Súile Nimhe agus na Tóna Toirtiúla i dtaca le feoil agus ól.
toirtiúla thick, substantial
" Ba cheart don Chomhrialtas leasú a dhéanamh ar Alt 11 den Acht faoina bhfuil dualgas reachtúil ar os cionn 600 eagras stáit go leor doiciméidí toirtiúla teicniciúla, ar nós tuarascálacha bliantúla agus cuntais airgeadais, a fhoilsiú ‘go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’.
toirtiúla teicniúla bulky technical
" Is stádas bréagach é agus dá bharr, tá os cionn 30 duine fostaithe ag an Aontas Eorpach ag cur áiseanna aistriúcháin ar fáil sa bParlaimint agus ag aistriú doiciméidí toirtiúla teicniúla go Gaeilge.
toirtiúil very large
" 1: 1968-1978* Ruan O Donnell, Irish Academic Press (2012) Leabhar thar a bheith tábhachtach is ea Special Category, leabhar toirtiúil úrnua a scrúdaíonn cad a tharla nuair a cuireadh os cionn 200 príosúnach Poblachtach faoi ghlas i gcarcracha Shasana le linn chéad chéim na dTrioblóidí.
Cartlann Thoirtiúil Ábhair a substantial archive of material
" Cartlann Thoirtiúil Ábhair ======== Tá todhchaí na meán Gaeilge idir dhá cheann na meá agus an t-alt seo á scríobh agam.
ag blaiseadh de leabhar mór toirtiúil aistí dipping into a large tome of articles
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag blaiseadh de leabhar mór toirtiúil aistí le deireanas, leabhar a léiríonn gnéithe de shaol is d’ionramháil saíocht na hÉireann.