Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toisc nár shamhlaigh because I didn't imagine
" Rinne mé stair toisc nár shamhlaigh mé aon rud eile a mbeadh spéis agam ann agus ansin d'aimsigh mé an iriseoireacht ar an gcaoi chéanna.
toisc gur maslaíodh iad because they were insulted
" Go deimhin, bhí ar an Chevron Corporation i Meiriceá os cionn dhá mhilliún dollar a íoc le ceathrar ban sa chomhlacht toisc gur maslaíodh iad nuair a cuireadh teachtaireacht ríomhphoist thart ag tabhairt cúiseanna go raibh beoir níos fearr ná mná.
ag imeacht lena dtoisc féin going about their own business
" " Ní raibh a fhios ag Aifric cad é le rá agus shuigh siad ansin go díreach, lámh ar lámh, ag amharc ar achan duine eile ag imeacht lena dtoisc féin.
toisc a airde is atá an chathair because of how high the city is
" An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ar mo bhealach go La Paz ag tús mhí Mheán Fómhair ná an *sorocche *- tinneas a thig ar dhaoine toisc a airde is atá an chathair os cionn na mara agus an easpa ocsaigine atá san aer dá bharr.
Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile because we all got on so well together
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
toisc nár cháiligh siad because they didn't qualify
" ), agus trí fhoireann míshona (toisc nár cháiligh siad do na babhtaí ceannais) agus trí cinn faoi bhrú (mar go raibh an baol ann go dtitfidís go Roinn a Dó).
toisc gur thréig siad an páirtí because they abandoned the party
" Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís.
toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad because they are shown so often
" Ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar an dá chúl a scóráil sé i gcoinne Shasana toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad ar an teilifís.
toisc tuairimí láidre bheith agat because you had strong opinions
" Ní annamh a d’éirigh eadrainn mar gheall ar <!-- D(("mb","scéalta ach ní bheadh olc aige duit i ndiaidh na n-argóintí, isamhlaidh go mbeadh meas aige ort toisc tuairimí láidre bheith agat margheall ar an obair&quot;.
díreach toisc just because
" Roghnaigh muid amhráin agus liricí a bhí ar ardchaighdeán, seachas amhráin a chur ar an albam díreach toisc go raibh siad i nGaeilge.
toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; because Britain had a big impact on both countries;
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
toisc gur léirigh siad because they showed
" Deirim sin toisc gur léirigh siad ina gcuid cluichí i mbliana go bhfuil bua fíorthábhachtach amháin acu agus is é sin tuiscint ar conas cluiche a bhuachaint agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra.
toisc nach mbraithfidís ar a suaimhneas because they wouldn't feel at ease
" Ach ní bheidís sásta freastal ar “chruicéad pitseámaí” &ndash; fiú ina gcathracha féin &ndash; toisc nach mbraithfidís ar a suaimhneas mar thoradh ar mhí-iompar na ndaoine ólta.
toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall because the service is terribly slow
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag &ndash; ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu because the pressure of exams and study was on them
" Mé i m’aonar mar go raibh na *lads* eile tar éis éirí as na ranganna toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu &ndash; agus easpa spéise ba chúis le hiad a bheith as láthair chomh maith, déarfainn.
tosca eile other reasons
" Agus anailís chuimsitheach á dhéanamh ar fud an domhain ar fheachtas agus ar bhua Obama tá sé luaite, i measc tosca eile, gur dóigh go raibh tionchar ag lucht spóirt an chine ghoirm ar mheon mhuintir Mheiriceá, idir gheal agus ghorm, ar a nglacadh le fear gorm mar eiseamláir.
toisc because
" Ní gá córas ríomhphoist a cheannach agus a chur i bhfeidhm na laethanta seo toisc gur féidir úsáid a bhaint as córais ar nós Gmail ag Google.
ní toisc gur not because
" A leithéid de chonspóid, a deir tú! Ach is cás ar leith í Rachida Dati agus ní toisc gur bean í a raibh páiste aici agus í ina haire rialtais.
toisc because
" Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carr&egrave;re agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
toisc as, because
" Bhraith a mháthair áfach, go raibh meabhar cinn ghéar aige toisc go raibh spleodar agus éirim ag damhsa ina shúile.
toisc braiteoreacht because of wavering
" In Éirinn, toisc braiteoreacht ghnólachtaí léimt amach san uisce fiorúil agus an rud go bhfuil torthaí logánaithe ag Google dó, ach go háirithe, is mó an chontúirt.
toisc an aois due to age
" Nó Carla Bruni ag rá i Madame Figaro ar an 7 Márta ‘gur mhaith léi páiste eile a bheith aici’, agus má tharlaíonn sé nach n-éiríonn sí torrach toisc an aois atá uirthi - tá Carla Bruni-Sarkozy 41 bliain d’aois &ndash; ba bhreá léi páiste a uchtú.
Toisc because
" Níl saoi gan locht Toisc gur daoine daonna iad réiteoirí spóirt, ar nós an chuid eile againn, déanann siad earráidí an t-am ar fad.
toisc because
" Bhí cáil orthu ní hamháin as a gcuid amhránaíochta, ach toisc a gcuid diansaothar oibre.
toisc because
" Is 'ailse' é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta (Féach www.
toisc because
" Sin ráite, rinne seisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fón agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, fágaim, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh.
toisc because
" Maidir le tuairim Bhabs, ní thagaim leis ar fad toisc nach bhfaca mé féin riamh foireann as Cill Chainnigh, foireann scoile ná faoi aois, sinsear na sóisear, nach raibh ar a míle dícheall chun cluiche a bhuachan, bíodh sé ina chluiche sraithe, craoibhe nó eile.
toisc because
" Is léiriú é Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Éirinn faoi rún, nó an ‘The Hidden Ireland’ ag Dónall Ó Corcra, nach dtugann meáin chumarsáide mhóra na tíre aird ar bith uirthi toisc nach bhfuil aon spéis acu inti.
toisc as a result
" Tháinig borradh mór faoi na meáin shóisialta toisc pléascadh bolgáin dot com ag deireadh na nóchaidí.
toisc because
" Ach toisc gur dán dorcha a bhíonn sa chinniúint ag leannáin ar a gcoiméad sa cineama, tá a fhios againn nach mbeidh toradh maith ar seo uile.
toisc because, as
" Bliain chorraithe a bhí ann i measc mac léinn agus lucht ollscoile toisc go ndearna an tAire Ard-Oideachas, Valérie Pécresse, raon leathan leasuithe ar an gcóras ollscolaíochta sa Fhrainc a chur i bhfeidhm, leasuithe ar chuir mic léinn agus múinteoirí araon ina n-aghaidh.
toisc because
" B’ait go rabhas ag breathnú ar theachtaireacht dea-mhéine Ken Loach agus Eric Cantona ar an scáileán i Sydney ag tabhairt le fios nach mbeidís i láthair toisc gur seoladh domhanda tríchosach a gheobhadh an scannán seo i Manchain, Londain agus i mBleá Cliath sa tseachtain chéanna.
toisc because
" Ach fiú dá dtarlódh a leithéid, cé a thógfadh orainn é ar aon chaoi? Chomh minic lena mhalairt, is toisc na tuismitheoirí a bheith síorghnóthach sa saol acu féin go mbíonn an ríomhaire chomh mealltach sin don aos óg ar an gcéad dul síos.
Toisc because
" Toisc go bhfuil iPhone agam freisin, is féidir liom leanúint le Google Maps a úsáid agus muid ar an mbóthar.
Toisc because
" Toisc gur i bhfad róthormánach istigh ina hoifig féin a bhí sé mar gheall ar obair foirgníochta, chuamar isteach i mbialann Theach Laighean 2000.
toisc because
" Déanann Lyons agus O Connor tagairt do chuntas a scríobhadh ag an am a deir nach raibh ‘an bóthar idir St Germain agus Páras sábháilte de dheasca na robálaithe Seacaibíteacha (Éireannacha) seo’ agus go mbíodh ‘drogall ar aon saoránach stuama dul amach tar éis titim na hoíche’ toisc go raibh an pobal faoi bhagairt ó iarshaighdiúirí Shéamais.
toisc as
" Níorbh iadsan an chéad dream a rinne amhlaidh: rinne Microsoft an rud céanna i leith na Gaeilge mar is eol dom nuair a bhí said ag crúthú an Irish Language Pack do Windows agus is fada atá Google agus an brabhsálaí Opera ar fáil i nGaeilge freisin, toisc ar ndóigh, iarrachtaí an phobail.
toisc as, because
" fr) agus a cuireadh sa phost ar an gceathrú lá déag de Mheán Fómhair, deir sé go raibh sé ar tí lámh a chur ina bhás féin toisc gur mheas sé nár thug an córas dlí cothrom na Féinne dó.
toisc because
" Sna tríochaidí, le linn don Chéinia a bheith faoi riail na Breataine, díshealbhaíodh Ogiek as an bhForaois agus moladh go gcomhshamhlódh treibheanna eile iad toisc a líon bheith chomh beag sin.
toisc because
" org/) Ach toisc go bhfios dom gurb iad glúin na bpáistí seo a lean bodach na saoirse bréagaí le díograis mhíchuí scór bliana tar éis eachtraíocht an scéilín seo, níl aon éaló uaithi mar cheist ar na cliatháin dom.
toisc because
" Ach is dócha an fhadhb is mó le Wave, nach raibh ag na feidhmchláracha gréasáin nua eile ar fad, ná toisc a bhunús mar scriostóir r-phoist, ní féidir le Wave r-phost a chur chugat chun d’aird a tharraingt ar an rud go bhfuil duine de do theagmhálaí ag iarraidh tonn a mharcaíocht leat.
toisc because
" Tá níos lú daoine ag crochadh thart taobh amuigh, ar ndóigh, agus iad níos foighní i leith a chéile, toisc an chaoi ina bhfuil an aimsir, b’fhéidir.
toisc because, as
" Bhí taithí ag mo chara ar an tseirbhís seo toisc go mbíonn sí ag taisteal agus i ngeall ar chairde a bheith aici ar fud na cruinne atá ag úsáid na seirbhíse seo ina gcathracha féin.
toisc because
" Aisteach go leor, ba léir titim shuntasach i líon na dtimpistí bóthair le linn thréimhse na drochaimsire le déanaí toisc gur fhág daoine a gcuid feithiclí sa bhaile.
Toisc because
" Toisc go mbím ag obair sa bhaile don chuid is mó, is minic a théim amach tar éis lóin chun cupán caife a fháil agus an páipéar nuachta a léamh.
toisc because
" Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh *YouTube* ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh *YouTube*, cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar *Beyoncé* nó ataispeáint de radharc as *Return of the Jedi*, fráma ar fráma, déanta le *Lego*.
toisc because
" Ba ghealt agus ba chancrán a bhí sa mhúinteoir tiomána nárbh fhiú aird dháiríre a thabhairt ar a chuid tuairimí áiféise toisc nach raibh siad ag aon duine eile.
toisc because
" Bhí socrú déanta aici go gcuirfeadh sí glaoch orainn an tráthnóna sin toisc go raibh dea-scéala aici dúinn.
thoisc reasons
" Bhí dhá thoisc ann a chuir laincis ar a chuid iarrachtaí (rud atá amhlaidh i gcoitinne) is iad sin luas mear na himeartha agus éiginnteacht na rialacha peile.
toisc because
" I mbeagán focal, aithníonn an Conradh nach tráchtearraí indiúscartha iad imircigh ach daoine daonna a bhfuil cearta acu is a bhfuil soghontacht faoi leith ag baint leo toisc iad bheith lasmuigh dá stáit dhúchais.
Toisc because
" Toisc iltascáil, éiríonn leo beagnach aon uair déag d’ábhar a phulcadh isteach sa tréimhse sin.
toisc because
" Ar an drochuair, níor cuireadh a dhóthain airgid sa phota ann agus theip air toisc easpa taighde agus tuisceana.
toisc because
" Don chéad uair, bhí daoine ag cur ainmneacha ar a gcuid páistí toisc gur thaitin an t-ainm leo.
toisc because
" Le linn na tréimhse sin bhí buachaillí cois fharraige faoi bhrú go mór mar bhí sé i bhfad níos deacra orthusan an sliotar a thiomáint i gcoinne na gaoithe toisc nach raibh cead acu breith air agus é a thiomáint mar ba dhual dóibh i dtreo na sprice.
toisc because
" ‘Ba cheart go mbeadh deis ag na daoine sin dul ar scor in aois seasca toisc nach mbíonn an t-ionchas céanna saoil acu is a bhíonn ag daoine in earnálacha eile,’ a deir na ceardchumannaithe.
toisc because
" Straitéis margaíochta fíorfheidhmiúil atá ann ar ndóigh toisc go dtarraingíonn an Beaujolais Nouveau aird ar na fíonta eile as réigiún an Beaujolais, réigiún atá idir Macon agus Lyon ina dtáirgtear fíonta cáiliúla ar nós Fleurie, Brouilly agus Juliénas, gan ach cuid acu a lua, fíonta a mbíonn díol maith orthu in Éirinn toisc blas éadrom torthaí a bheith orthu.
toisc because
" Tarrtháil nó Pianseirbhís? ========== Deir roinnt daoine nach fiú dúinn an t-airgead seo d’fháil toisc go gceapann siad go bhfuil an ráta úis, 5.
toisc because
" Nó an scéal faoi ghasúr dhá bhliain déag d’aois, Oussmane Cissé, ar tugadh íde béil dó ar scoil toisc go rabhthas in amhras gurb é a scaoil aláram éigeandála na scoile le linn rang corpoideachais.
toisc because
" Ní dóigh liom go ndéanann sé aon chiall an chaint seo a bhíonn ins na meáin anois is arís gur diúltaíodh d’iarrthóir toisc nár éirigh leis nó léi suíochán a bhaint amach.
toisc because
" Chuaigh an bothán sin agus leagan amach an tsráidbhaile féin go mór i bhfeidhm orm toisc go raibh a leithéid feicthe agam sa Pháirc Oidhreachta Náisiúnta i Loch Garman cheana, áit a bhfuil macasamhlacha de na ráthanna agus de na crannóga ina gcónaíodh muintir na hÉireann beagnach dhá mhíle bliain ó shin ann.
toisc because
" “Ní aithním an tsochaí,” a deir sé, “ina ndíbrítear daoine toisc nach bhfuil na páipéir chearta aitheantais acu nó ina mbíonn faitíos ar dhaoine roimh an inimirceach.
toisc because
" Tá an clú sin tuillte aige toisc an chosúlacht idir a sheirbhís agus *“Facebook Questions”*.
toisc because
" Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d'astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a laghdú.
tosca causes
" Cloistear an-chuid cainte faoi athleasú an Oireachtais, faoi líon na dteachtaí agus faoi ról an tSeanaid ach go háirithe, mar is ceisteanna iad a bhfuil tosca éasca dul i ngleic leo.
toisc because
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
Toisc because
" Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais – áitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.
toisc because
" Tá brú ag baint le gach cluiche i ndáiríre, ach ó thaobh Craobh na hÉireann de bíonn brú breise toisc go bhfuil súile mhuintir na tíre uile, idir an mhuintir thar lear, an dream atá i láthair, an mhuintir sa bhaile agus dar ndóigh, súil na teilifíse ort.
toisc because
" Gheall fáilteoir dó nach raibh gá ar bith le teilifís a chur sa seomra toisc nach raibh ach cainéal áitiúil amháin ar fáil! Nuair a théarnaigh seisean ó easpa Sky News, thiteamar isteach go héasca ar an tslí cheart le scíth a ligean.
toisc because
" Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de.
Toisc because
" Toisc go ritheann an tsaoire phacáiste sa Fhrainc ón Satharn go dtí an Aoine dár gcionn, is iondúil go mbíonn na sluaite ar an mbóthar ar an Satharn, iad ag dul ar saoire nó ag filleadh abhaile.
tosca reasons
" Nílim cinnte go bhfuil an mhaoirseacht cheart á déanamh ar na tosca éagsúla timpeall ar na cluichí a bhfuil smacht nó tiarnas ag na húdaráis chuí orthu nó ba chóir a bheith orthu.
dtosca thuasluaite above mentioned reasons
" Dá bhrí sin, is dóigh liom gur mithid do na heagrais spóirt a ndualgas a chomhlíonadh agus dul i bpáirt chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar na dtosca thuasluaite, agus tuilleadh, ar shláinte agus ar leas na rannpháirtithe in imeacht na mblianta, nó sa chás seo, in imirt na mblianta.
toisc because
" Dá ndéanfaí sin san Ollainn, ní bheadh cead gunna a iompar faighte ag Tristan van der Vlis: sa bhliain 2006, chaith seisean deich lá i bhforas dianchúram meabhairshláinte toisc go raibh sé ag bagairt lámh a chur ina bhás féin.
toisc because
" Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.
toisc because
" Cochall an Bhreis Mheácain ============== Sula gcuirfimid rón ar bith ar ais, féachfaimid ar a mheáchan toisc go mbraitheann an scaoileadh ar an meáchan i gcónaí.
toisc a leochailí because of how delicate
" Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
Ní toisc not because
" Ní toisc go raibh air bliain i ndiaidh bliana a dhéanamh arís, ach toisc go mbíonn air a bheith ag obair le linn am scoile le greim a chur ina bhéal, dála oiread bochtán eile sa Bhrasaíl.
toisc because
" Na laochra úd ar chualamar iomrá fúthu ónár n-aithreacha agus ónár sean-aithreacha, ar bhealach áirithe, ba mhó mar laochra iad toisc nach bhfacamar ‘beo, beathach’ iad.
toisc because
" An chéad mhíbhuntáiste a bhaineann leis na turasanna lae ná go gcaitear éirí go han-luath ar maidin, toisc go n-imíonn na busanna thart ar 5:30rn.
buartha toisc worried because
" An té atá roghnaithe mar leath-thaca láir, tá sé buartha toisc nach bhfuil taithí aige ar imirt san ionad sin.
toisc because
" Cumann Gaeilge na hAstráile ================ Ní raibh an Ghaeilge le feiceáil ná le cloisteáil chomh minic sin i Victoria ó thús go lár an fichiú haois, toisc go raibh Béarla ag formhór na n-imirceach Éireannach a bhí teacht i dtír as Éirinn.
Toisc because
" Toisc go raibh an MP3 in úsáid cheana féin ar bhealaigh bhradacha (.
toisc because
" Bhuaileamar grágán mór a bhí idir dhá uisce, toisc go raibh an abhainn chomh beag agus dorcha sin.
toisc because
" Bhí mé ag tnúth go mór leis an turas toisc gurbh é an chéad uair domsa cuairt a thabhairt ar an Nua-Shéalainn.
toisc go mbínn because I used to be
" Deir sé gur bhain sé an-taitneamh as a sheal i gColáiste Eoin agus gur chuidigh “príomhoide na scoile, Seán Ó Leidhin, go mór liom ó thaobh na leadóige mar go raibh cead agam a bheith mall ag teacht isteach ar scoil le linn na hidirbhliana toisc go mbínn ag traenáil in Ollscoil Chathair Átha Cliath gach maidin”.
toisc because
" D’fhág mé Nandos sa phuball toisc go raibh an madra céanna fós thart ag fanacht leis.
toisc because
" Cé go bhfuil sé pléite cheana agam is dóigh liom gur ceart filleadh ar an ábhar toisc é bheith chomh tromchúiseach sin agus go bhféadfadh sé an CLG a athrú ó bhonn ag brath ar an gcinneadh nó ar na cinntí a ghlacann baill na heagraíochta sna míonna agus sna blianta atá le teacht.
toisc because
" Dúradh go raibh scoilt idir mhóruaisle an airgid, lucht rachmais sacair Londain, agus na himreoirí toisc go mba tuaisceartaigh iad – na Scouséirigh, na Geordigh, na Manchanaigh agus mar sin de.
tosca éagsúla various reasons
" (London 1998 Vintage Books) Cíorann sé tosca éagsúla ba chúis le fás agus le forleathadh an chine dhaonna timpeall an domhain sa leabhar seo.
tosca aiceanta, tíreolaíochta natural geographic conditions
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
tosca aeráide atmospheric conditions
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
Toisc because
" Toisc ná raibh na scileanna liteartha seo ag cosmhuintir na gcath, ’sé sin na saighdiúirí íosaicmeacha ach go háirithe, ní fhéadfaí a rá gur chuir siad claonadh liteartha ex post facto ar a gcuid scríbhinní.
toisc due to
" Neart an Chur Le Chéile ============= Tá na Samaritans ag tosú ar chomhoibriú le heagraíochtaí eile anois toisc éileamh níos mó ná riamh ar a gcuid seirbhísí agus níos lú airgead acu chun an chabhair a thabhairt.
toisc because
" Ach toisc go gcríochnaíodh Ros na Rún i lár mí Meithimh ag an am agus gur chríochnaigh an scoilbhliain i mí Bhealtaine, agus caithfidh tú an stáitsíocht a choinneáil suas freisin, agus bhí a fhios agam nach raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh go deo, dúras liom féin má theastaíonn na gasúir a fháil níos sine ag déanamh cairde buana agus rudaí mar sin, go raibh sé chomh maith dom éirí as.
toisc because
" Ghlaoigh na cimí “an Guillotine tirim” ar an nGuáin, toisc gur gheall le breith an bháis a bheith daortha do théarma ann.
toisc because
" Bhí mé sách óg agus chuaigh seo i bhfeidhm go mór orm toisc, ar an gcead dul síos, gur focal Béarla a bhí ann agus bhíomar i scoil lán-Ghaelach.
Ní hámháin toisc not just because
" Ní hámháin toisc cuid den bheartas cánach atá aige ach toisc go ndearna sé a bhua i dtoghchán na huachtaránachta 2007 a cheiliúradh i Fouquet’s, bialann thar a bheith chic ar na Champs Elysées, ag a raibh go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre i láthair.
toisc because
" Ba shaghas cogaíochta aicmí í, toisc go bhfuair an Páirtí Liobrálach, páirtí Howard, tacaíocht láidir ó na haicmí a bhí ar a gcumas íoc as táillí arda na scoileanna saibhre.
Toisc because
" Toisc go mbíodh cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean.
toisc because
" Mar nach rabhadar ag súil leis, nó chun luí leis an bhfaisean, nó toisc nach bhfuil ann ach ‘coiméide Fhrancach éadtrom eile’, ní fhaca scata léirmheastóirí an leathanú cinniúnach a thagann ar raon Tautou an dul seo.