Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tosca eile other reasons
" Agus anailís chuimsitheach á dhéanamh ar fud an domhain ar fheachtas agus ar bhua Obama tá sé luaite, i measc tosca eile, gur dóigh go raibh tionchar ag lucht spóirt an chine ghoirm ar mheon mhuintir Mheiriceá, idir gheal agus ghorm, ar a nglacadh le fear gorm mar eiseamláir.
tosca causes
" Cloistear an-chuid cainte faoi athleasú an Oireachtais, faoi líon na dteachtaí agus faoi ról an tSeanaid ach go háirithe, mar is ceisteanna iad a bhfuil tosca éasca dul i ngleic leo.
tosca reasons
" Nílim cinnte go bhfuil an mhaoirseacht cheart á déanamh ar na tosca éagsúla timpeall ar na cluichí a bhfuil smacht nó tiarnas ag na húdaráis chuí orthu nó ba chóir a bheith orthu.
tosca éagsúla various reasons
" (London 1998 Vintage Books) Cíorann sé tosca éagsúla ba chúis le fás agus le forleathadh an chine dhaonna timpeall an domhain sa leabhar seo.
tosca aiceanta, tíreolaíochta natural geographic conditions
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
tosca aeráide atmospheric conditions
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
i ngeall ar roinnt tosca for some reasons
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
bhí na tosca sin ag brath those conditions were dependant
" Ar sheasamh na dtíortha eachtrannacha sin a bhfuil spéis faoi leith acu sa cheantar sin a bhí na tosca sin ag brath – ar shlí amháin nó ar shlí eile.
tosca áirithe certain conditions
" Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna ======================= Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach.
tosca éagsúla various circumstances, reasons
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.