Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
a bhfuil cearr beag air who is a little touched
" Tá mé dubhthinn duit, idir a bheith ag priollaireacht thart agus ag geabaireacht bomaite amháin, agus an chéad rud eile tá tú i do shuí suas áit inteacht agus aoibh an gháire ort mar a bheadh dundarlán ann a bhfuil cearr beag air.
gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige that they almost touched his chin
" Shuigh Rufus ar an tolg agus bhí an tolg chomh híseal sin agus cuid cos Rufus chomh fada sin gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige.
gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca until it touched a CD
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
níor leagas lámh uirthi ó shin. I haven't touched her since.
" Chuireas an chláirnéid ar ais ina bosca an oíche úd agus níor leagas lámh uirthi ó shin.
theagmhaigh le touched on
" Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
an té a rinne teagmháil leo anyone who touched them
" Chreidtí sa mheánaois go raibh tréithe diaga ag baint le hiarsmaí naomh agus mairtíreach agus go bhfuair an té a rinne teagmháil leo sochar ó Dhia.
theagmhaigh touched
" Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
theagmhaigh mo chos leis my foot touched it
" An uair eile bhí mé ag léimt thar bhinse meáchain agus theagmhaigh mo chos leis, thit mé ar an urlár agus briseadh mo shrón.
níor bhain duine ar bith leis no one touched it
" Glacadh leis an tsuíomh mar áit dhiaganta, bheannaithe de bharr seo agus níor bhain duine ar bith leis ar feadh na gcéadta.
Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain touched the edge of his coracle on beach of the bay
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
leag put, left, touched
" Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.