Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh they all had a pleasant evening
" Chuir sé amach gloine beorach do féin, fíon dona chuid tuismitheoirí agus do na cuairteoirí agus *Coke* d'Eilís agus d'Aoife agus chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh.
an-tráthnóna great evening
" Tá duais €600 ag gabháil le chuile cheann acu! I gcás na píbe uilleann tá turas freisin chuig Féile Lorient! Ach i gcás chomórtas an veidhlín i mbliana níl ach trí iarratas ann! Níl ach trí iarratas ann do chomórtas na cláirsí! Tá an phíob uilleann agus ceol beirte thar barr agus beidh an-tráthnóna ceoil ann! Tá an caighdeán ann ceart go leor, ach níl an líon.
tráthnónta fómhair autumn evenings
" Ach nach minic a bhíonn tráthnónta fómhair níos fearr ná aon lá i lár an tsamhraidh.
in imeacht dhá thráthnóna during the course of two evenings
" Taifeadta in imeacht dhá thráthnóna.
na tráthnónta geala the bright evenings
" Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theas – báisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom.
in imeacht aon tráthnóna amháin in the course of one evening
" Titeann an scéal seo amach in imeacht aon tráthnóna amháin agus rang Gaeilge faoi sholas ag an údar.
an tráthnóna sin. that afternoon.
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
um thráthnóna. in the afternoon.
" Ba mhinic ina dhiaidh a d’imrínn cluiche iomána nó peile maidin dé Domhnaigh, agus cluiche rugbaí um thráthnóna.
ar feadh an tráthnóna. for the evening
" Dhá bhliain ó shin agus an obair taifeadta ar m’albam féin ag teacht chun deiridh, bhuaileas le Fiachna agus roinneamar cupáin tae, muid beirt ag cabaireacht lena chéile ar feadh an tráthnóna.
tráthnóna, in the evening
" Dúisíonn sé tráthnóna, fiú má tá sé tar éis a bheith i mbun oibre ar feadh roinnt mhaith uaireanta an chloig.
tráthnóna gréine sunny evening
" Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite.
um thráthnóna this evening
" Is breá liom an bealach a léann sí an nuacht, an bealach ina ndeir sí “Conas atá agat um thráthnóna?” sula dtosaí sí ar na scéalta nuachta a roinnt.
tráthnóna evening
" Sin an leagan scéil a mhothaím tráthnóna ag na meáin agus ní thugann sé soilbhreas ar bith dom éisteacht leis.
tráthnóna evening
" Dá mbeinnse saor, muna mbeinnse ag obair, thabharfainn an tráthnóna ag cócaireacht dom féin mar go mbím ar an mbóthar chomh minic agus ní bhíonn deis agam cócaireacht aige baile, seachas a bheith ag ithe amuigh an t-am ar fad.
Siosarnach i Síoda an Tráthnóna an evening silk whispering
"Siosarnach i Síoda an Tráthnóna’ ============ Téann an fhuaim as sin trí thollán gairid, fithis na céarach, chuig an tiompán – is é sin, druma na cluaise.
tráthnóna evening
" An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán.
Tráthnóna evening
" Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O'Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
tráthnóna samhraidh on a summer evening
" Deirtear gur féidir cloig séipéil Ys a aireachtáil ag bualadh ó am go chéile le fuineadh gréine tráthnóna samhraidh.
tráthnóna evening
" Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin, is cosúil gur chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon.
tráthnóna evening
" Agus bhí an ceart ar fad aige! An tráthnóna céanna agus an chéad lá caite againn, tugadh deis dúinn bualadh le cuid eile den lucht saoire ag teacht le cheile beag a eagraíodh i halla an bhaile.
Tráthnóna evening
" Tráthnóna Dé hAoine, fad is a bhí cuid mhór daoine ag déanamh réidh chun filleadh ar an mbaile an lá arna mhárach, bhí fhios againn go raibh lá breise romhainn ar na fánaí sciála.
Tráthnóna Siamsaíochta an evening
" ie/) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: **Cén lá i mí Bealtaine 2011 a mbeidh Tráthnóna Siamsaíochta ag Gael-Linn in Amharclann Bewley’s?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
Tráthnóna evening
" Slí na Rosann ====== Tráthnóna inné, lean mé comhartha soir le cósta ón gcéibh a d'fhógair Slí na Rosann.
thráthnóna seolta in Éirinn the evening of the Irish premier
" ==== Agus mé sa scuaine ar thráthnóna seolta in Éirinn d’obair Terrence Malick, *‘The Tree of Life’,* siúd chugainn ón bpictiúrlann amach lucht féachana na hiarnóna.
Tráthnóna eventing
" Tráthnóna atá ann agus tá scoláirí an choláiste ag imirt leadóige boird, spórt náisiúnta neamhoifigiúil na Síne.
nuachtán tráthnóna evening newspaper
" Chonaic mé fógra coicís ina dhiaidh sin ar an nuachtán tráthnóna, ag lorg príomhoide do Ghaelscoil Míde.
driopás an tráthnóna the evening rush hour
" 
 An Fhearg Nuair a Oireann Sí ============= Ar na sráideanna, bhí lár na cathrach ina chiolar ciot le driopás an tráthnóna agus daoine - mná agus páistí cuid mhór acu - ag cur bac ar dhaoine dul chun an bhaile.
tráthnóna Sathairn ghruama le brádán báistí ag titim a dreary Saturday evening with showers of rain falling
" Tá an t-alt seo á scríobh agam tráthnóna Sathairn ghruama le brádán báistí ag titim.
faoi theas ghrian an tráthnóna under the heat of an evening sun
" Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna.
Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna people perked their ears in the afternoon
" Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna nuair a labhair cainteoirí ó Údarás na Gaeltachta, ó COGG, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Chaith mé tráthnóna aoibhinn I spent a very pleasant evening
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
ar sodar tráthnóna jogging in the evening
" Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.