Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íomhá íon, thrédhearcach pure/clean transparent image
" In ainneoin go gcothaíonn sé íomhá íon, thrédhearcach de féin, is minic roimhe seo a raibh deacrachtaí aige leis an dlí mar gheall ar scannail éagsúla.
ar shlí thrédhearcach, shimplí in a transparent and simple way
" Míbhuntáistí ======= Tá míbhuntáistí áirithe ag baint leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair - ach tá buntáiste mór amháin aige: is féidir na páipéir bhallóide a fheiceáil agus a chomhaireamh ar shlí thrédhearcach, shimplí.
trédhearcach transparent
" Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce "trédhearcach" agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.
bealaí trédhearcacha éifeachtacha fiúntacha transparent, effective and worthwhile ways
" Is é ár ngnó anois bealaí trédhearcacha éifeachtacha fiúntacha a chur ar bun le go dtig le deontóir nó le daonchara deonachán a thabhairt agus fios a bheith aige go ndéanfaidh an t-airgead sin difir.
trédhearcach transparent
" Cibé treo a rachfar, caithfidh polasaí daingean trédhearcach a bheith ann.
trédhearcach transparent
" Mheas mé fosta gur bocht an scéal é nár tugadh ach 15 cáipéis dom as 72 taifead, ó tharla go bhfuil an próiseas seo in ainm is a bheith trédhearcach.
trédhearcach transparent
" D'admhaigh an tAire Ó Cuív in agallamh le Nuacht TG4 nach raibh an próiseas chomh trédhearcach agus a ba cheart dó a bheith.
trédhearcach transparency
" Méadófar an t-ioncam ola agus gáis agus bunaíodh An Ciste Peitriliam leis na hioncaim seo a riar ar bonn trédhearcach agus inbhuanaithe.
trédhearcach transparent
" “Gan amhras, is gá go mbeadh meicníocht láidir, neamhspleách agus trédhearcach ann le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise,” a dúirt Tomás Mac Ruairí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
trédhearcach transparent
" Ba cheart mar sin go mbeadh an próiseas uilig go huile agus go hiomlán oscailte agus trédhearcach ón tús agus go mbeadh muinín ag éinne a chuireann aighneacht le chéile faoin leasú go gcaithfear go dáiríre lena bhfuil molta aige.
ionad oibre trédhearcach a transparent workplace
" Mar shampla, tá an gnó nua SumAll ag cruthú ionad oibre trédhearcach ina roinntear, go hinmheánach, eolas faoi phacáistí gach uile dhuine ar an bhfoireann.
trédhearcach transparent
" Deir an tAire Ó Cuív nach raibh próiseas maoinithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh trédhearcach agus ba cheart dó a bheith.
Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, Robert McMillen feels that a lot of composed identity is transparent and shallow
" Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.