Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caitheann siad leo mar they treat them as
" Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d'fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann.
a gcaitear le mionlaigh that minorities are treated
" Tá an tslí a gcaitear le mionlaigh sa tír seo go mór i mbéal an phobail le déanaí agus mórán Éireann inimirceach idir theifigh, dhídeanaithe agus imircigh eacnamaíocha ag teacht chun na tíre.
go gcaithfí léi that it be treated
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Theastódh fiche eagrán de *Beo!* uaim féin chun an cheist seo a fhreagairt! Teanga is ea an Ghaeilge, díreach glan ar nós aon teanga eile, agus ba mhaith liom go gcaithfí léi dá réir.
ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána treating the hurling people fairly
" Fadhb eile a fheiceann sé i mBaile Átha Cliath ná nach bhfuil cuid de na clubanna ag cur na hiomána chun cinn nó fiú ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána acu féin ach a mhalairt, is é sin bíonn siad ag iarraidh iománaithe maithe a iompó ar an bpeil agus in aghaidh na hiomána.
gur cóir caitheamh go cothrom leo that they should be fairly treated
" Ceapann sé go bhfuil pointí láidre argóna ag an Gaelic Players Association agus aontaíonn sé gur chóir níos mó a dhéanamh ar son imreoirí agus gur cóir caitheamh go cothrom leo ó thaobh costaisí taistil agus araile.
caitear sa tslí chéanna leo they are treated the same way
" Ó thaobh pá is tuarastail de, caitear sa tslí chéanna leo is a chaitear leis na comhlachtaí ollmhóra a bhfuil na billiúin euro acu.
a chaith go dona lena thionóntaí who treated his tenants badly
" Ba thiarna brúidiúil é a chaith go dona lena thionóntaí.
ní chaithfidh cuid acu go deas le chéile some of them won't treat each other well
" Má chuireann tú 150 cailín in áit mar seo ní chaithfidh cuid acu go deas le chéile agus chonaic mé féin é sin ag tarlú.
bail mhadaidh a thabhairt air to treat him like a dog
" Ach chonaic sí Dónall eile inniu, fear nach ligfeadh don mháistir Ó Duibhir bail mhadaidh a thabhairt air.
fé mar a chaitheadh Tríona liomsa as Tríona used to treat me
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
ach gur caitheadh go han-chruálach leis but that he was cruelly treated
" "Creidim gur dhuine iontach maith é Íosa, ach gur caitheadh go han-chruálach leis agus é ar an domhan.
tugann sé drochíde di he treats her badly
" Téann sí le fear a bhfuil cuma chaoin air, ach tugann sé drochíde di.
ar caitheadh go héagórach leo who were unjustly treated
" Ní fios, fiú anois, cé mhéad a chaithfidh an Stát a aisíoc le teaghlaigh na ndaoine seo ar caitheadh go héagórach leo.
Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne the poor man was badly treated from the sidelines
" Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne agus lucht tacaíochta Átha Cliath a bhí i gceist! Is daoine ar leith iad na bainisteoirí i gcúrsaí spóirt.
sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre in the way the aboriginals of the country were treated
" Ar ndóigh, tá sé le feiceáil le fada sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre ar chuile bhealach agus níl deireadh tagtha leis sin go fóill.
caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe to treat his slaves better
" In alt ar *An Phoblacht*, maítear go ndeachaigh Naomh Pádraig ar stailc ocrais le brú a chur ar rí darbh ainm Trian caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe.
an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin how the hurlers of Tyrone and Cavan were treated
" Cáineann an GPA an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin.
le cóireáil a chur ar dhaoine to treat people
" Tá sé á úsáid mar leigheas le fada sa tSín agus anois úsáidtear é go forleathan le cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil réimse leathan easláintí orthu.
gur caitheadh go mífhéaráilte leo that they were unfairly treated
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
níor caitheadh go rómhaith lena deartháireacha her brothers weren't very well treated
" ” Cé gur thaitin an mheánscoil le Natasha, níor caitheadh go rómhaith lena deartháireacha le linn dóibh bheith ansin.
mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic how the prisoners of Abu Ghraib in Iraq were treated
" Is cosúil gur céasadh an-chuid de na príosúnaigh sna príosúin thar lear cheana féin (is eol don domhan anois mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic, mar shampla), agus rialtas Mheiriceá den tuairim nach raibh stádas saighdiúra tuillte ag na hamhrasaigh, agus dá réir sin, nach raibh cearta ar bith acu de réir Choinbhinsiún na Ginéive.
ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath they won't be treated any better if they're caught in battle
" A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
ní go rómhaith a caitheadh le Justine Justine wasn't very well treated
" ” Ach seachas míshuaimhneas leis an athrú seo, ní go rómhaith a caitheadh le Justine mí na Samhna seo caite agus colún scríofa aici mar gheall ar shaint chorparáideach i gcomhthéacs aighneas Irish Ferries.
caitheamh go maith le mo mháthair. to treat my mother well.
" "Ba mhaith liom caitheamh go maith le mo mháthair.
faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre about how the native communities of the country were treated
" Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm.
fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine about the way he was treated as a person
" Tá sé binbeach fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine agus fán treo ina bhfuil Sinn Féin ag dul.
chaith sé le daoine go míthrócaireach he treated people pitilessly
" D’éirigh leis é féin a athchruthú as an nua arís agus arís eile agus chaith sé le daoine go míthrócaireach lena spriocanna saibhris a bhaint amach.
chaith a muintir liom their people treated me
" Bhí mé an-ghar do na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu sa Pholainn agus chaith a muintir liom mar dhuine den teaghlach.
tugadh drochbhail orm I was badly treated
" Braithim gur cuireadh cuid mhór brú orm agus gur tugadh drochbhail orm agus go mbítí ag tabhairt le fios gur bhain lochtanna an chláir liomsa.
agus an dóigh a gcaitear leis inniu. and the way it is treated today.
" Feictear dom go mbítear ag léiriú measa ar an bpobal aerach san Astráil den chuid is mó sa lá atá inniu, go háirithe má dhéanann tú comparáid idir an dóigh ar caitheadh leis sa bhliain 1978 agus an dóigh a gcaitear leis inniu.
a chaith le mná who treated women
" Sa leabhar seo, thug an t-údar le fios gur bhaill de chumann rúnda agus gur dhúnmharfóirí iad na Mormannaigh a chaith le mná mar a bheadh spórt iontu.
nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, that RTÉ didn't treat her properly at the time,
" Nuair a bhuail mé léi i mbruachbhaile na Carraige Duibhe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le gairid d’fhiafraigh mé di ar cheap sí nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, gur bhrúigh siad chun cinn barraíocht í.
caitheamh go cóir le daoine eile to treat other people well
" Tá mé ag iarraidh caitheamh go cóir le daoine eile sa saol seo.
an chaoi ar chaith na póilíní leo the way the police treated them
" Mar threibh uaibhreach mhaorga, goilleann sé ar na *Tūhoe* an chaoi ar chaith na póilíní leo.
a gcaitear le daoine aeracha. gay people are treated
" Is i bhfad ó Nua-Eabhrac na bliana 1969 atá muid in Éirinn anois maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine aeracha.
táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí teachers are being badly treated
" Dar ndóigh, ní hé gurb iad na daltaí an t-aon dream atá thíos leis an bhfadhb seo ach an oiread; táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí ar shuíomhanna mar (www.
an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla the way in which various people were treated
" Cé gur éirigh leis na Sínigh cuid mhór a dhéanamh le linn na gCluichí lena n-íomhá a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta, rinne siad an-dochar dá gcáil féin chomh maith mar gheall ar an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla ar theastaigh uathu agóid shiocánta a dhéanamh i gcoinne polasaithe áirithe de chuid na tíre.
Caithfear go cothrom (they) shall be treated fairly
"Caithfear go cothrom leis na hoibrithe atá le teacht as na hoileáin faoin scéim, de réir gach cosúlachta.
leasaithe treated
" I measc na samplaí coirp, tá suthanna ó thréimhse iompair 9- 32 seachtain le feiceáil ann agus iad ar fad leasaithe nó caomhnaithe, chomh maith le gach rud eile, trí chóiriú ar a dtugtar ‘leasú polaiméireach - polymer preservation’ nó ‘plaistiniú - plastination’.
gcaithfí leis it should be treated
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
caitheadh leis he was treated
" Fearadh fáilte is fiche roimh an dochtúir nuair a bhain sé a fhód dúchais amach, agus cáineadh go géar an drochdhóigh a caitheadh leis san Astráil sna meáin thall.
íde na muc is na madraí badly treated
" Is amhlaidh gurb é íde na muc is na madraí a thugtar dóibh i sochaithe na bpobal socraithe.
ar caitheadh go dona leis was he badly treated
" SMM: Meas tú ar caitheadh go dona leis? DÓS: Caitheadh go han-dona leis, is dóigh liom.
Íde na Muc is na Madraí treated like dogs
" Íde na Muc is na Madraí Anuas air sin, imrítear an foréigean is measa amuigh ar an mionlach beag seo.
Ní chuireann sé t-idir éinne he treats all the same
" Ní chuireann sé t-idir éinne.
caitheadh leo they were treated
" Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
caitheadh le was treated
" Léiriú eile ar éagumas Maradona ina chuid scileanna idirphearsanta is ea an chaoi ar caitheadh le Cambiasso.
mugadh magadh (treats as) ridiculous
" Cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státsheirbhísigh chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon! Déanann breithiúnas Laffoy mugadh magadh fosta den tuairim choitianta gur pobal faoi phribhléid iad lucht labhartha na Gaeilge a fhaigheann gach buntáiste i margadh an tsaothair.
bhagairt do a treat to
" Anó Scéalta na Liarlóg ============ Maíonn go leor iriseoirí gur bhagairt do shaoirse cainte na meán iad na ‘sárurghairí.
ar caitheadh le bundúchasaigh aboriginals were treated
" Tugtar le fios freisin go ndéanann na húdair seo ionannú idir cruachás an chultúir Ghaelaigh agus an chaoi ar caitheadh le bundúchasaigh na hAstráile go stairiúil.
ag caitheamh leo treating them
" Shocraigh thart ar 50 léachtóir sóisearach i COG (OÉG anois) ag an am, dul isteach i gceardchumann, de bharr míshástacht ginearálta leis an mbealach a raibh an Coláiste Ollscoile ag caitheamh leo.
nár tugadh cothrom na Féinne do wasn’t treated fairly
" Mhothaigh daoine go leor eile nár tugadh cothrom na Féinne do Rudd, an chéad phríomh-aire i stair na tíre a fuair a thópar le linn a chéad téarma.
ag caitheamh linn i gceart treating us properly
" (Eoin, 1-1) Tagann cigirí ón Domhan ó am go a chéile díreach le deimhniú go bhfuiltear ag caitheamh linn i gceart.
ar caitheadh léi she was treated
" Níl an tAontas Eorpach (AE) sona sásta leis an mbealach ar caitheadh léi, ná baol air, agus bhíothas ag bagairt go ndéanfadh 27 coimisinéir an AE baghcat ar an gcomórtas dá dheasca.
caitear le seanbhean as an old woman is treated
" Ach ar ábhar éigin caitear le seanbhean as iarthar Ciarraí mar údar gach oilc.
tugadh íde na muc is na madraí dóibh they were treated less than human
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
caitheamh mar is cuí leis to treat properly
" Agus tugadh chun solais le fiche bliain anuas nó mar sin an dóigh ar theip ar an stát caitheamh mar is cuí leis na páistí a bhí faoina gcúram.
ag amharc go hamhrasach orm treating me with suspicion
" Beidh siad ag amharc go hamhrasach orm, dá mba mise a chuir na hurchair ann agus é ag tiomáint chun a chuid oibre.
an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre how the native people were treated
" Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis who didn’t ‘go on about’ how he was treated
" Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo.
nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu they’re not being treated equally
" Tchítear do dhaoine nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu agus nach bhfuil an córas pleanála seasmhach, ionraic, ciallmhar.
caitheadh leis was treated
" Caoinfhulaingt go díreach! B’shin a bhí i gceist ag an Ríordánach nuair a dúirt sé gur caitheadh leis an nGaeilge in RTÉ mar a chaitear le lóistéir.
nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma that black immigrants aren’t treated so well
" Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.
Caithfimid a bheith cothrom le cách we must treat all fairly
" Caithfimid a bheith cothrom le cách agus tuiscint a léiriú dár gcomhpháirtithe san Eoraip.
an íde a tugadh di how she was treated
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
bhí caite le was treated
" An chúis ghearáin a bhí acu ná an bealach náireach a bhí caite le Gaeltacht Chonamara ag Fianna Fáil.
chaith seisean go cothrom leis he treated him fairly
" Bhí an t-ádh dearg ar an Rianach go raibh iardhaoránach darb ainm James Meehan ina stiúrthóir aige mar gur chaith seisean go cothrom leis agus gur chuir sé comhairle a leasa air.
Ba chóir caitheamh níos fearr leo they ought to be treated better
" Ba chóir caitheamh níos fearr leo.
a chaith le bunreacht fé mar who treated the constitution as though
" Droim láimhe, fiú i ngan fhios dó féin, a thugann sé go minic do rabhadh cáiliúil Edmund Burke, an fealsamh polaitiúil a cháin na dlíodóirí a chaith le bunreacht fé mar *“the Penates of an Englishman”* ab ea é.
pléitear leis mar a bheadh saoi ann he's treated as a sage
" Is cumann sceimhlitheoireachta é an CLG i súile Jamie agus tá Banc Uladh agus Vodafone agus O Neill’s páirteach sa chomhcheilg dar le Bryson agus pléitear leis mar a bheadh saoi ann.
ndearna sí tagairt don bhealach ina gcaitear léi she mentioned how she's treated
" Is cuimhin liom agallamh cúpla bliain ó shin leis an láithreoir cáiliúil teilifíse, Bláthnaid Ní Chofaigh, ina ndearna sí tagairt don bhealach ina gcaitear léi de bharr na teanga, “Bíonn sé ciníoch scaití.
gcaitear linn in amanta we’re sometimes treated
" Bíonn muid den tuairim i dtólamh go mbíonn an domhan mór ag faire ar achan eachtra fánach a tharlaíonn in Éirinn agus go gcaitear linn in amanta mar cheap magaidh na hEorpa.
caitheadh ní ba mheasa leo they were more harshly treated
" I gcás an Lucht Oibre is féidir a rá gur caitheadh ní ba mheasa leo ná mar a caitheadh le Fianna Fáil an t-am sin.
an dóigh ar caitheadh le daoine tinne how sick people were treated
" Bhí scéal na n-ionad um chúram príomhúil, agus, le tamall anuas, an dóigh ar caitheadh le daoine tinne a raibh cárta leighis acu.
le caitheamh leis mar ábhar práinne to treat it as a matter of urgency
" Ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann le caitheamh leis mar ábhar práinne agus is doiligh gan ghéilleadh don tuairim go bhfuil a thuilleadh imeallú déanta ar an Ghaeilge sa státchóras.
ag caitheamh le treating
" Feiceann Tony Birtill cosúlacht mhór idir an dóigh a bhfuiltear ag caitheamh le Moslamaigh i Sasana le cúpla seachtain anuas agus an tslí ar caitheadh leis na hÉireannaigh sa tír le linn na dTrioblóidí.
ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh treating the Aboriginals badly
" Tá na rialtais stáit san Astráil fós ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine that old people were being badly treated
" Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.
go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr leis an phobal Caitliceach that the Catholic community is being treated better
" Tá go leor de Phrotastúnaigh na Sé Chontae den tuairim go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr leis an phobal Caitliceach ná mar atá lena bpobal féin, ach mar a mhíníonn Robert McMillen, léiríonn an taighde nach bhfuil bunús ar bith leis an tuairim seo.
caitheadh le were treated
" Tá roinnt daoine san Astráil ag dearcadh siar le brón ar an drochdhóigh a caitheadh le muintir Thíomór Thoir le glúin anuas.
saol ag caitheamh léi life treating her
" Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach ina hionad oibre le fiafraí di cén chaoi a bhfuil an saol ag caitheamh léi anois.
caitheadh leo they were treated
" Ní go maith a caitheadh leo leis na cianta cairbreacha.
roinntear an chóir le are treated justly
" Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.
leis an gcóir a íoc le to treat properly
" Is é tuairim Roseanne Smith go bhfuil stiúir agus tuiscint de dhíth ar aos oibre na ríomhchláraitheoireachta leis an gcóir a íoc le lucht na cruthaitheachta.
ag imirt na córach leis an phobal treating the people justly
" Síleann Balor nach bhfuil na bainc ag imirt na córach leis an phobal, ach bíonn barúil sách aisteach aigesean ó am go chéile ar aon nós.