Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
threisigh siad a chéile they strengthened each other
" Is amhlaidh a threisigh siad a chéile in ionad a bheith in iomaíocht lena chéile.
treisiú reinforcing
" Bíonn daoine gan scrupall ina dtír féin a fhéachann le treisiú a dhéanamh ar an íomhá bhréagach seo; ligeann siad seo orthu féin go bhfuil teagmhálacha maithe acu san Iodáil, gur féidir leo lóistín agus post maith a eagrú don té ar mian leis dul ansin, agus baineann siad formhór an airgid a bhí sábháilte acu don turas dá n-íospartaigh.
threisigh a gcaradas their friendship strengthened
" Chaitheas dhá uair an chloig ann ag breathnú ar an tionchar a bhí ag an mbeirt ealaíontóirí sármhaithe seo ar a chéile, thar na blianta fada inar threisigh a gcaradas go dtí an pointe gur mheas Picasso nach dtuigfeadh aon duine eile ceachtar acu mar a thuigeadar a chéile.
ag treisiú getting stronger
" Tá foinsí slándála ag rá go bhfuil an LVF, atá gníomhach i dtuaisceart na cathrach, ag treisiú i rith an ama agus tá caint ann go bhfuil na léirsithe le toiseacht in athuair.
treisiú reinforcing
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
leis an bhagairt a threisiú to make the threat stronger
" Bhí siad chomh corraithe agus chomh dáiríre sin is gur thiontaigh siad ar an Bhéarla leis an bhagairt a threisiú.
treisiú reinforcing
" " Creideann Bewick go bhfuil nasc idir daoine, agus go bhfuil reiligiúin an domhain in ainm is treisiú a dhéanamh ar an nasc sin, cé nach n-éiríonn leo i gcónaí é sin a dhéanamh.
treisiú reinforcing
" Rinneadh treisiú ar ár gcreideamh sa chóras toghchánach ar scoil; cé nach mbeadh cead againn a bheith páirteach sa chóras sin go mbeadh muid ocht mbliana déag, thosaigh muid ag dul i dtaithí air trí bheith rannpháirteach i "dtoghcháin" scoile gach ceithre bliana.
Treisiú reinforcement
" ‘Treisiú’ a thugann lucht na síceolaíochta air sin.
a threisiú to strengthen
" Scríobhadh iad sa cheathrú haois le cumhacht impire Rómhánach na linne, Constantine, a threisiú.
a threisiú to strengthen
" “Theastaigh uaimse teacht ag obair anseo, theastaigh uaim féin mo chuid féin a dhéanamh leis an teanga seo a threisiú agus a neartú agus, lena chois sin, mo shaol féin a chaitheamh ar an mbealach seo mar tá saol an-sásúil gairmiúil agam chomh maith.
treisithe strengthened
" Baineadh tuisle as iarrachtaí Clinton plean sláinte uilíoch a bhunú sa tír, agus, treisithe ag seo, dhírigh an grúpa ar phleananna chun cumhacht iomlán a fháil i Meiriceá agus, i bhfad na haimsire, b'fhéidir ar an domhan féin.
a threisiú. to strengthen.
" Theastaigh ó Ghaillimh le Gaeilge freisin dúthracht agus díograis lucht gnó na cathrach a thréaslú leo agus é seo a threisiú.
a threisiú to stengthen
" Rinne sé branda na féile a threisiú go mór agus é ag obair uirthi, agus i mo thuairimse, is é an rud is suntasaí a d’éirigh leis a dhéanamh ná albam na féile a thionscain.
Rinne sé branda na féile a threisiú go mór he greatly strengthened the festival's brand
" Rinne sé branda na féile a threisiú go mór agus é ag obair uirthi, agus i mo thuairimse, is é an rud is suntasaí a d’éirigh leis a dhéanamh ná albam na féile a thionscain.
treisithe intensified
" Sula raibh an chéad leathghloine seirise taosctha agam bhí ráite acu gur fíon treisithe í an tseiris, is é sin go gcuirtear branda leis agus an próiseas coipthe thart.
threisiú strengthened
" Má tá an nasc sin scaoilte ar chóir an nascadh sin a dhéanamh arís agus a threisiú? Níl mé a rá go bhfuil ré na déantúsaíochta thart.
threisigh increased
" Thuig mé fosta gur threisigh mé féin agus daoine eile an gortú millteanach nuair nár chreid mé an scéal uafáis an chéad iarraidh.
threisiú to strengthen
" Chomh maith leis sin, rinneadh naisc geilleagair idir Xinjiang is an chuid eile den tSín a threisiú.
threisiú emphasis
" Nuair a bhuaileann Gael le Gael eile, níl amaidí ar bith leis, bíonn an nasc sin ann láithreach (baineann Rónán smeachanna ordóige mar threisiú anseo), tá sé sa bhád chéanna leat, go bhfuil muid iontach bródúil, ag iarraidh rud maith a dhéanamh ó thaobh na teangan.
threisiú to strengthen
" An Mórtas Féiniúlachta agus Múineadh na dTeangacha ==== Beidh dhá sprioc ag croílár an chur chuige nua seo: mórtas as féiniúlacht chultúir a threisiú i measc an mhuintir dhúchais agus múineadh na dteangacha bundúchais sna scoileanna a spreagadh.
treisíonn strengthens
" Ar ndóigh, treisíonn seoltáin shóisialta i réimse na polaitíochta, an creidimh, na hinscne, agus i réimsí nach iad, béasa agus luachanna cultúrtha a bhíonn i gcúrsaíocht timpeall an domhain de bharr na teilifíse agus an idirlín.
threisiú increase
" Níl aon dá phinneog dhaonna mar a gcéanna, ach tá an fheidhm cheannann chéanna acu - minicíochtaí áirithe a threisiú agus minicíochtaí eile a mhaolú.
dtreiseodh sé ought to strengthen
" Is iomaire fada faoi uisce é a shíneann ó thuaidh ó chósta na Rúise faoin Mol Thuaidh féin, agus má chruthaíonn na Rúisigh go bhfuil an droim seo agus scairbh ilchríche na Rúise déanta as an ábhar geolaíoch céanna, beidh siad ag súil go dtreiseodh sé cás a dteideal sealúchais.
treisítear ar an tuairim strengthens the opinion
" Anois agus Craobhacha na hÉireann buaite ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh san iomáint agus sa pheil faoi seach, treisítear ar an tuairim nach i mí na Bealtaine a bhuaitear na cluichí tábhachtacha ach i míonna an Fhómhair.
treisíonn an fhollasacht nua the new transparency strengthens
" Táthar ann a mhaíonn gurb iontach an rud é go bhfuil an cluiche nochta mar sin os ár gcomhair, agus de réir na hargóinte seo, treisíonn an fhollasacht nua an córas daonlathach a bhfuilimid in ainm is a bheith inár gcónaí.
threisiú strengthening
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
ag treisiú strengthening
" Go mbeadh sé ag treisiú sa nGaeltacht ach gur rud coitianta a bheadh sa nGaeilge in áit ar bith sa tír.
treisithe strengthened
" Tá an cheannasaíocht i Libia treisithe ó thosaigh ionsaithe na dtíortha NATO Earrach na bliana seo.
threisigh an faoiseamh increased the relief
" Mhúscail sé mo chorp agus líonadh mo chuisle le fuinneamh, a threisigh an faoiseamh agus an t-athás a bhí orm an treibh a bhaint amach faoi dheireadh.
maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre regarding team spirit in the work place
" Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre.
treisíonn sé d’fhuinneamh strengthens your energy
" Ar an mbonn sláinte, is léir go neartaíonn an gáire do chóras imdhíonachta, treisíonn sé d’fhuinneamh agus laghdaíonn sé an phian a ghoilleann orainn go laethúil.
dtreiseodh teaghlaigh a naisc families would strengthen the link
" An chúis a thug GTRA leis an diúltú ná go gcuirfeadh an cur chuige a mholann an Chigireacht moill ar an bpróiseas aistrithe is go dtreiseodh teaghlaigh a naisc leis an mBreatain de dheasca na moille seo.
daoine ag treisiú as cuimse people increasing greatly in strength
" Chonaic mé daoine ag treisiú as cuimse i n-éis dóibh a gcéad chuairt a thabhairt ar Oireachtas na Gaeilge.
a threisiú to stengthen
" Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-01 agus d’éirigh leis branda Sheachtain na Gaeilge a threisiú go mór le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar an bhféile.