Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuairisceoir reporter
" Agus cad é a bhí ag dul fríd intinn Bhrains nuair a bhí na tuairisceoirí ag caint ar dhiúracáin Cruise ag taisteal aniar? Ní dhéanfadh sé gearán riamh arís nach bhfuair sé seans taisteal thar lear.
dtuairisceoirí reporters
" Is iondúil gur ar na cluichí móra peile agus iománaíochta idir-chontae a bhíonn aird an phobail agus na dtuairisceoirí dírithe.
tuairisceoir tréitheach tricky/competent reporter
" Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.
tuairisceoirí reporters
" An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
tuairisceoir reporter
" D'imir Mícheál é féin gan chead le hÉire Óg i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ráite aige le bainisteoir na foirne gan a ainm ceart a scríobh ar liosta nó a thabhairt d'aon tuairisceoir.
tuairisceoir reporter
" Thug tuairisceoir amháin an choir ba mheasa ó d'ionsaigh na Stáit Aontaithe Hiroshima agus Nagasaki ar an ionsaí i Halabja.
tuairisceoir raidió radio reporter
" Bhí an nath ag gach tuairisceoir raidió, teilifíse agus nuachtáin - seachas Foinse - agus iad ag trácht ar lucht an léirsithe: "The People of Middle Ireland" a bhí ann! Bhí Balor náirithe.
tuairisceoirí na mórchainéal satailíte the reporters of the satellite channels
" Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
tuairisceoir reporter
" Ní cuimhin leis an tuairisceoir seo agallamh mar é a fheiscint, a chloisint nó a léamh in aon cheann de na meáin eile sa tír.
tuairisceoirí na cruinne reports from around the world
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
thuairisceoir reporter
" "Tá muid ag cuartú an húirín sin Coimín mallaithe," a mhínigh siad do thuairisceoir *Beo Ar Éigean*, "Agus nuair a thiocfaidh muid air beidh sé ag ceol go cuachach go deireadh a ré.
na tuairisceoirí eile spóirt the other sports reporters
" Bhíodh na tuairiscí sin iomlán difriúil ó na tuairiscí a scríobhadh na tuairisceoirí eile spóirt.
tuairisceoir reporter
" Mar a scríobh tuairisceoir amháin sna meáin Bhéarla, fir óga a bhfuil a n-óige go dtí aois 22 nó 23 bliana caite acu ag imirt peile nó/agus iomána le scoil, coláiste, club agus contae, agus a bhíonn ag traenáil etc.
thuairisceoir reporter
" "Agus é ag obair mar thuairisceoir, thug sé cuairt ar go leor íospartach a ndearna sagairt ainteagmháil ghnéasach leo agus chonaic sé daoine a raibh a saol ina chíor thuathail.
tuairisceoir reporter
" D'eascair deiseanna eile as sin, agus i 1985 d'oibrigh sí mar láithreoir agus tuairisceoir ar "Iris".
Tuairisceoirí reporters
" Tuairisceoirí ar chluichí Gaelacha ag an am a chuir an smaoineamh chun cinn (bhí gradaim an-chosúil leis na Réaltaí ag an *Irish Gaelic Weekly *sna l960í).
thuairisceoirí reporters
" D’inis Mark Felt do thuairisceoirí go raibh a fhios aige faoi na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh eolas mar gheall ar an bhriseadh isteach in Óstán an Watergate a choinneáil faoi cheilt.
thuairisceoir reporter
" ” Ag obair le TG4 ======= Sular ceapadh í mar Cheannaire Chiste Craoltóireachta na Gaeilge, bhí seacht mbliana caite ag Killoran ag obair mar thuairisceoir le Nuacht TG4 i mBéal Feirste, agus roimhe sin bhí sí ag obair sa seomra nuachta i gceanncheathrú an stáisiúin i mBaile na hAbhann i gConamara.
thuairisceoir chéadleathanaigh front-page reporter
" Is féidir le haon úinéir ceamara digitigh a bheith ina thuairisceoir chéadleathanaigh ach é a bheith san áit cheart ag an am ceart.
thuairisceoir chéadleathanaigh front-page reporter
" Is féidir le haon úinéir ceamara digitigh a bheith ina thuairisceoir chéadleathanaigh ach é a bheith san áit cheart ag an am ceart.
tuairisceoir reporter
" Ar “Morning Ireland” an lá céanna bhí tuairisceoir ag labhairt le mangairí torthaí agus glasraí ar Shráid an Mhúraigh faoin mhéid turasóirí a thugann cuairt ar an tsráid le hamharc ar an leac cuimhneacháin ar an bhalla ag uimhir 16.
thuairisceoir reporter
" Mar sin, tá seantaithí aige ar Éirinn ón seal sin sa choláiste agus, ar ndóigh, bhí sé ina thuairisceoir don *Times* sna Sé Chontae ó 1972-1975.
tuairisceoirí reporters
" Seo go díreach an rud atá go leor tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach.
mar thuairisceoir as a reporter
" Bhí mé ag obair dhá bhliain mar thaighdeoir leis an gclár agus ansin dhá bhliain mar thuairisceoir.
tuairisceoirí reporters
" Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach the Understanding Attractive Reporter
" Agus olltoghchán ar na bacáin is cúrsaí polaitíochta, níos mó ná rud ar bith eile, a bhí ag teacht idir Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach agus codladh na hoíche le mí anuas.
mar thuairisceoir as a reporter
" D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach the Understanding Attractive Reporter
" An mhí seo a chuaigh thart thug Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine.
ar thuairisceoirí teilifíse on television reporters
" Thug mé faoi deara ar thuairisceoirí teilifíse iad i dtús báire, iad ag labhairt taobh amuigh d’áit éigin, micreafón ina lámh acu agus lipéad The North Face ar a gcóta, os comhair an tsaoil.
tuairisceoir reporter
" Go deimhin is iomaí tuairisceoir a mheasann go bhfuil blagadóirí ag iarraidh bunaíocht na hiriseoireachta a bhaint dá boinn.
le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse. with the mobility of the television reporter.
" Cuidíonn ceamaraí níos lú agus trealamh níos éadroime le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse.
a cháil mar thuairisceoir tuisceanach his reputation as an understanding reporter
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
mar thuairisceoir. as a reporter.
" Dá mbeinn ag obair ar ‘Cúrsaí Ealaíne’ bheinn ag obair mar thuairisceoir.
tuairisceoirí reporters
" B’ábhar inspéise na staitisticí seo do na meáin chló agus chraolta sa Fhrainc agus chaith tráchtairí agus tuairisceoirí roinnt mhaith ama ag staidéar na bhfigiúirí agus á meas.
tuairisceoirí reporters
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
tuairisceoirí reporters
" ” Ag labhairt le tuairisceoirí le deanaí, agus é siúráilte nach féidir an fhírinne a cheilt go deo faoina chás, dúirt Abdel Baset al Megrahi: “The truth never dies.
Tuairisceoir reporter
" Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
tuairisceoir reporter
" Ach is cosúil go bhfuil Fine Gael ag glacadh leis, gan aon cheist a chur faoi! Cén fáth Cliara, thar áit ar bith eile? ============== Chuaigh an tuairisceoir Áine Ryan níos faide leis an scéal san Irish Times, Dé Sathairn 21 Lúnasa.
tuairisceoir a reporter
" Más nuacht é, ámh, ní léir dom é, nó tá an léitheoir nuachta ag screadaíl ar thráchtaire éigin ar cheamara eile, agus tá duine eile (tuairisceoir, is cosúil), ag screadaíl ar an mbeirt acu.
tuairisceoir reporter
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
dtuairisceoir cróga brave reporter
" Cé nach raibh siad sásta dul ar an taifead mar dhaoine aonair lenár dtuairisceoir cróga, bhí siad sásta a bheith oscailte go leor mar dhrong faoina a síleann siad den tír seo agus dá muintir, agus faoi na pleananna atá chun an dlúthcheangal atá acu leis an tír seo a choinneáil agus a chothú.
nach í an tuairisceoir that it wasn’t the reporter
" Thuig mé go maith nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh.
Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith no reporter was permitted
"Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith ceist ar bith a chur seachas “An bhfuil na piontaí ag dul síos go maith?” nó “An bhfuil tú sásta leis an aimsir?” Ach d’éirigh le Balor cúpla cruacheist a chur: **Balor: John, nach fíor gur tharraing tú d’ainm siar nuair a bhí tú le ceapadh mar cheannaire ar an CIA ceithre bliana ó shin mar go raibh ceisteanna á gcur faoi do dhearcadh i leith rácáil cimí, is é sin go ndúirt tú go raibh tú i bhfabhar a leithéid? Nach fíor sin?** Brennan: Ní thuigim an cheist.
ag obair mar thuairisceoir working as a reporter
" 
Le 17 mbliana, tá Róisín ag obair mar thuairisceoir agus mar láithreoir nuachta do RTÉ agus do TG4.
tuairisceoirí tábhachtacha important reporters
" Níl ann ach gur mhaith leis go gcaithfeadh an Slua Muirí leis mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí tábhachtacha a dhéanann iarracht mhacánta; is é atá i gceist ag Balor, i mbeagán focal: an sméideadh beag; an ‘Maith thú hey!’ …agus an t-ardú tuarastail chomh maith, dar ndóigh.
tuairisceoirí spóirt fireanna san áireamh male sports reporters included
" Tá fhios ag chuile dhuine, tuairisceoirí spóirt fireanna san áireamh shílfeá, gurb í Katie an Táilliúra an chéad Éireannach a rinne an gaisce úd.
chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal all of its reporters missed the story
" An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.
thuairisceoir a reporter
" An lá ar fógraíodh go raibh duine gan mhórán de theanga na Gaeltachta ceaptha ina Aire Gaeltachta, fuaireas glaoch gutháin ó thuairisceoir le RTÉ.
tuairisceoir reporter
" Sa tuairisc speisialta seo ó mhí na Nollag, 2015, féachann ár dtuairisceoir iompair, Pádraig Mac Éamoinn, siar ar chur i bhfeidhm an phlean le deich mbliana anuas.