Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtuairisceoireacht éigrinn inaccurate reporting
" Chuir na meáin go mór leis an sceon lena dtuairisceoireacht éigrinn.
tuairisceoireacht mheáite measured reporting
" Deir Al-Jazeera go bhfuil tuairisceoireacht mheáite ar bun acu, agus go mbíonn dhá thaobh an scéil á inseacht acu.
Laoch na Tuairisceoireachta the Hero of Reportage
" “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.
tuairisceoireacht reporting
" Rinne Fisk tuairisceoireacht ar an réabhlóid san Iaráin, an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, agus an choimhlint san Ailgéir.
an-chuid tuairisceoireachta a lot of reporting
" ” Agus í ag obair leis an *Independent*, rinne Justine an-chuid tuairisceoireachta ó Thuaisceart na hÉireann.
tuairisceoireacht reporting
" Agus í ag obair leis an Indo rinne Justine an-chuidtuairisceoireachta ó Thuaisceart na hÉireann.
caighdeán ard tuairisceoireachta, a high standard of reporting,
" Bíonn lucht léite *Beo Ar Éigean* ag súil le caighdeán ard tuairisceoireachta, go háirid i dtaca le cúrsaí polaitíochta náisiúnta, gan trácht ar an pholaitíocht idirnáisiúnta agus dhomhanda.
tuairisceoireachta of reporting
" Chleacht INNIU caighdeán maith tuairisceoireachta agus iriseoireachta.
tuairisceoireacht reporting
" Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.
thuairisceoireacht reporting
" Díríonn an meitheal smaointe seo ar an gcoimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh, beartas SAM sa Mheánoirthear, agus ar thuairisceoireacht na meán ar an gceist.
tuairisceoireacht bhreise extra reporting
" Ba ag obair san *Irish Times* a bhí mé, ag déanamh tuairisceoireacht bhreise d'eagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Uinsionn Mac Dubhghaill.
an tuairisceoireacht a dhéanamh fána gcoinne to do the job for them
" B'fhéidir go raibh siad ag fanacht le John Ware ón chlár Panorama theacht anall agus an tuairisceoireacht a dhéanamh fána gcoinne.