Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a dtuarastal amháin on their salary alone
" Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).
tuarastal salary
" Is é sin, dá mhéad oideachas a bhíonn ag duine, is airde a bheidh tuarastal an duine sin thar a s(h)aol.
tuarastal salary
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
tuarastail salaries
" Bíonn caint go minic na laethanta seo faoi na tuarastail arda a fhaigheann na dochtúirí comhairleacha, go háirithe nuair a bhíonn am saor acu le freastal ar chliaint phríobháideacha agus na cliaint phoiblí fágtha i scuainí, gan cóir leighis ar feadh na míonna nó na mblianta.
tuarastal rialta regular salary
" In ainneoin go raibh sé deas tuarastal rialta a bheith aici bhí an glao róláidir agus b'éigean di pilleadh ar ais ar shaol na healaíne.
tuarastal salaries
" Ciallaíonn sé sin go mbímid ag íoc tuarastal le múinteoirí i scoileanna, nó b'fhéidir ag aimsiú suímh do scoil nó ag tabhairt deontas do dhreamanna atá ag cabhrú le Gaelscoileanna.
tuarastal salaries
" Ciallaíonn sé sin go mbímid ag íoc tuarastal le múinteoirí i scoileanna, nó b'fhéidir ag aimsiú suímh do scoil nó ag tabhairt deontas do dhreamanna atá ag cabhrú le Gaelscoileanna.
tuarastal salary
" Tugadh teach i dtuaisceart Bhéal Feirste dó, ach ní raibh tuarastal ar bith aige.
tuarastail salary
" Ó thaobh pá is tuarastail de, caitear sa tslí chéanna leo is a chaitear leis na comhlachtaí ollmhóra a bhfuil na billiúin euro acu.
thuarastal salary
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir).
ardú tuarastail salary increase
" Ní hea! Ní bhfuair sé ardú tuarastail! Is ar éigean a fhaigheann sé tuarastal ar bith ón eagarthóir, Ó Doornail, gan trácht ar ardú.
deontas tuarastal salaries grant
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
tuarastal salary
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
tuarastal salary
" Ní íoctar tuarastal leo agus an dream atá an-dáiríre faoi imirt dá gcontae, níl sa ghnáthsheachtain acu ach obair nó staidéar, traenáil, scíth, ithe (biachlár speisialta acu) agus imirt.
íoctar tuarastal an-mhaith leis he is paid a very good salary
" Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é.
tuarastal salary
" Chuir feisirí s'acu a dtuarastal isteach sa pháirtí agus tugadh liúntais mhaireachtála ar ais dóibh.
thuarastal salary
" Ciallaíonn sin go rachadh sé deacair fiú ar fhear nó ar bhean óg ar thuarastal €60,000 morgáiste cuí d'fháil dá leithéid.
tuarastal bainisteora a manager's salary
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CBT? An leor iad? Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht fhial dúinn chun cíos na hoifige agus tuarastal bainisteora a íoc ar bhonn bliantúil, móide méid áirithe i dtreo costaisí reatha.
tuarastail salaries
" Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
thuarastal salary
" DENIS: An bhfuil cúpla punt le spáráil agat? MÁNAS: A Dhia! DENIS: Arú, *sub *beag roimh mo thuarastal.
tuarastal salary
" Chlúdaigh an t-airgead seo tuarastal an fheidhmeannaigh ach ní raibh mórán fágtha le costais a ghlanadh.
tuarastal salary
" Dáiríre is mionlach iad na himreoirí i gclub mór ar nós Man United ach, dar ndóigh, tá tuarastal mór acu.
tuarastal salary
" Sna seascaidí, fuair mé an méid creidmheasa a bhí de dhíth chun post múinteoireachta a fháil ach bhí an tuarastal ró-íseal i gcomparáid leis an tuarastal a bhí agam sa bhanc.
cé is móite don tuarastal apart from the salary
" Ach, go bunúsach, ciallaíonn sé go bhfuil an dá mhilliún déag go leith punt ag dul ar chláir agus ar thraenáil, cé is móite don tuarastal don bheirt againne atá ag obair don Chiste.
tuarastail salaries
" Tá costaisí arda againn ar ndóigh, tuarastail ach go háirithe.
thuarastail ísle low salaries
" Beidh na mílte Polannach ag teacht go hÉirinn chun buntáiste a ghlacadh as na jabanna ar thuarastail ísle, agus na mílte Éireannach ag tarraingt ar an Pholainn chun buntáiste a ghlacadh as na hearraí ar phraghsanna ísle.
tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin to award themselves a massive salary
" Mar sin, bhí siad ábalta tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin ach bhí orainne, na múinteoirí, conradh nua a shíníú agus glacadh le laghdú inár bpá agus inár laethanta saoire agus méadú ar ár gcuid uaireanta teagaisc.
tuarastal ollmhór huge salary
" I gcás an triúir sin, mothaíonn tú go bhfuil siad ag spreagadh an chuid eile den fhoireann a míle dícheall a dhéanamh i gcónaí agus go bhfuil siad ag imirt sacair ar son a muintire féin, seachas don tuarastal ollmhór a fhaigheann imreoirí sacair sa lá atá inniu ann.
thuarastal salary
" Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí.
tuarastal salary
" Maidir le tuarastal an stiúrthóra nua, deir Pádraig Ó Dálaigh ó Pháirc an Chrócaigh nach mbeidh sé leath chomh hard is atá na ráflaí a thuar.
thuarastal salary
" Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí.
tuarastal salary
" Beidh tuarastal de bhreis is $20,000 (€12,500) sa mí acu agus costais bhreise i gcomhair taistil ar fud an toghlaigh.
tuarastal salary
" D’íoc bunadh na háite tuarastal Mhíchíl Uí Dhubhshláine go dtí Aibreán na bliana 1973, go dtí gur chinn an comhrialtas nua a tháinig i gcumhacht ar chinneadh na Roinne Oideachais a mhalartú.
do thuarastail, do shuímh, do bhotháin for salaries, for sites, for pre-fabs
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
tuarastal salary
" Bhí sraithchomórtas náisiúnta ag feidhmiú ó 1876 amach agus fuair gach imreoir tuarastal.
tuarastal salary
" ” Post le Raidió na Gaeltachta Bhí fonn ar Ó Ciardha leanúint leis an obair acadúil ach deir sé nach raibh an tuarastal go maith, go háirithe don té a bhí ar tí pósadh agus clann a bheith aige.
tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí. the salary of workers in the public sector.
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
costais tuarastail a spáráil to spare salary costs
" Ní féidir le haerlíne iad a chur ag obair chun costais tuarastail a spáráil a thuilleadh.
seacht n-oiread tuarastail seven times as much salary
" Deir siad fosta go mbeidh siad ag súil lena seacht n-oiread tuarastail as bheith ar dualgas seacht lá na seachtaine, Lá Nollag san áireamh, ag cinntiú nach mbíonn barraíocht brú ar an cheoltóir cáiliúil balalaika, Johnnyeski Connolleski, a bheas ag tionlacan na ndamhsóirí.
tuarastal taighdeora a researcher's salary
" Fuarthas amach go raibh Paisley *père* ag íoc tuarastal taighdeora lena mhac, anuas ar an phá a bhí sé a fháil mar MLA agus mar Aire Rialtais.
an tuarastal the salary
" Sea, i bhfad uainn aithreacha Éireannacha na seanghnásanna, na laethanta sin nuair nach raibh le déanamh ag athair ach an tuarastal a chur ar an tábla gach Aoine agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf ag an deireadh seachtaine.
saighdiúirí tuarastail mercenaries
" Oibríocht rúnda Ag deireadh na n-ochtóidí, ghlac CFD páirt in oibríocht rúnda – Operation Lock – inar earcaigh an t-eagras saighdiúirí tuarastail de chuid KAS Enterprises.
dream an tuarastail áiféisigh the crazily salaried people
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
thuarastail salaries
" Is iomaí cáineadh atá déanta go dtí seo ar thuarastail arda ár bpolaiteoirí ach tá sciar beag dóibh le moladh as ciorrú 10% a ghlacadh ina dteacht isteach bliantúil.
tuarastal suarach piteous wage
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
tuarastal wage
" In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.
tuarastal salary
" Ní raibh aon bhitseachas go fóill, pé scéal é!” Ní bheadh aon chur ina choinne ag Étaoin tuarastal breá mór a thuilleamh as mainicíneacht a dhéanamh, ach rud amháin a ndéanfaidh sí deimhin de sula dtógfar aon chinneadh faoi thodhchaí den saghas sin ná a cuid oideachais a chríochnú.
thuarastal salary
" Iad siúd a chuireann an brú ar an chuid eile den chomh-aireacht chun cinneadh a dhéanamh deontas mór bliantúil a thabhairt dúinn chun Beo! a choinneáil ag gabháil agus chun do thuarastal a íoc, a Bhaloir an bhéil bhinn.
tuarastail wage, salary
" Níl aon chiall leis an ardleibhéal tuarastail atá á fháil ag na daoine a bhí i gceannas na mbanc agus na n-institiúidí airgeadais.
Tuarastal salary
" --------------------Fógra:Cainteoirí céad teanga Gaeilge ag teastáil le deifir!Buntáistí: Tuarastal níos mó agus gach caidreamh dá fheabhas!Le haghaidh tuilleadh eolais:Ná glaoigh ar aon uimhir ach cuir ceist nó dhó ort féin.
beagán tuarastail small wage
" Daoine neamhthairiseacha a fheicfeas muid ar na sráideanna don chuid is mó ar an 15ú Aibreán, iad dífhostaithe nó ar beagán tuarastail.
thuarastail wages
" Caitheadh corradh le leath den mhéid sin ar thuarastail na n-oibrithe atá fostaithe ag na heagrais sin.
thuarastal salary
" Tá Stiúrthóir ceaptha ar an Rannán ó shin ar thuarastal de idir €97,000 agus €120,000 mar aon le liúntas de €13,000.
thuarastal a wage
" Ní foláir nó go bhfuil scéalta cloiste ag gach Éireannach faoi inimircigh a oibríonn i mbialanna, abair, nó sa tionscal tógála ar thuarastal nach nglacfadh Éireannach leis.
tuarastail wages
" Cuireann stát na Síne saotharlanna den scoth ar fáil agus meallann siad taighdeoirí Síneacha a oileadh san Iarthar chun baile le tuarastail arda.
tuarastal income
" Carthanas Mháthair na bPiarsach =============== Tar éis bás Michael Mallin, bhí an teaghlach fágtha gan aon tuarastal.
tuarastal wage(s)
" Seans go mbeadh a fhios aige chomh maith cé mhéad a chosain siad agus cén tuarastal seachtainiúil ar a mbíonn siad dá bhfiafróinn de é.
tuarastal salary
" ” An tSeirbhís Phoiblí Díblithe ========== **Balor: “Cén sórt athruithe atá i gceist agat, a Thaoisigh?”** Enda: “Bhuel, diomaite de na teachtaí Dála, tá tuarastal i bhfad ró-ard ag lucht na seirbhíse poiblí.
thuarastal salaries
" Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d'fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann.
tuarastail agus deolaí salaries and perks
" Is leamh le haithris gurb é an chéad rud a rinne an rialtas úr tuarastail agus deolaí agus na n-airí a chiorrú.
tuarastal á íoc being paid a salary
" Roinnt á nÍoc agus Roinnt nach bhFuil ================== Cad iad na pointí argóna atá ar son íocaíochtaí a thabhairt do bhainisteoirí? Luaiteoir go minic go bhfuil go leor daoine fostaithe agus tuarastal á íoc le fada ag an gCumann Lúthchleas Gael chun na cluichí a chur chun cinn.
thuarastail wages
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
idir thuarastal agus chostais taistil salaries and travel costs included
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
tuarastal salary
" Caithfear a rá leo chomh maith go bhfuil coinníollacha oibre an-mhaith ag meánmhúinteoirí na hÉireann i gcomórtas lena gcomhleacaithe i dtíortha eile na hEorpa - laethe saoire fada, tuarastal agus pinsean maith agus córas cigireachta fíorbhog lena gcois.
tuarastail salaries
" Ní thiocfadh leis an eagras é féin a scor mar bhí tuarastail mhóra agus tábhacht nach beag bainte amach ag bainistíocht an mhaorlathais.
saighdiúirí tuarastail mercenaries
" Ar fhaitíos go gceapfadh muintir na Libia go raibh Iosrael ag tacú leis na ceannaircigh, cuireadh amach scéal bréagaisnéise i nuachtán Eabhraise ag tabhairt le fios go raibh Tel Aviv ag seoladh saighdiúirí tuarastail chun cabhrú le deachtóir na Libia an t-éirí amach a chur faoi chois.
na tuarastail a dhíol pay the salaries
" Mar a dúirt mé, tá ár lámh i mbéal an mhadaidh mar go bhfuilimid ag brath ar an Eoraip agus ar an CAI ó mhí go mí an t-airgead a thabhairt dúinn na seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag dul, na tuarastail a dhíol do na haltraí, do mhúinteoirí, do ghardaí, do shaighdiúirí, do sheirbhísí poiblí agus, ach amháin go bhfuilimid ag fáil an airgid sin, b’fhéidir go mbeas muid cosúil leis an Ghréig.
ar tuarastal on the pay
" Mheasfá go gcaithfeadh duine amháin acu ar a laghad a bheith ar tuarastal go cúlráideach ag lucht faisnéise i dtíortha eile le huascáin na tíre seo a choinneáil dall agus chomh bómánta leis féin.
tuarastail thar cuimse enormous salaries
" Cloistear chuile lá faoi na tuarastail thar cuimse atá á bhfáil ag na daoine ar bharr an státchórais: na stáitseirbhísí is airde, na polaiteoirí, na breithimh, na comhairleoirí leighis sna hotharlanna, lucht ceannais na n-eagraíochtaí stáit, na habhcóidí a bhí agus atá ag obair ar na binsí fiosraithe éagsúla.
thuarastal salary
" Fógróidh Pat Kenny go bhfuil sé chun cuid dá thuarastal mór a chaitheamh ar cheachtanna Gaeilge agus ar thrí mhí sa Ghaeltacht.
tuarastal salary
" Is féidir leis na himreoirí is fearr ar domhan tuarastal maith a shaothrú ó imirt cluichí ag an léibhéal seo, idir dhuaiseanna agus urraíocht.
tuarastal wage
" Míle dhá chéad zloty - €250 - an tuarastal a shaothraíonn sé in aghaidh na míosa.
tuarastal an mhúinteora a teacher’s wage
" Fiafraíonn Peter díom cén fáth ar tháinig mé mar shaorálaí chun na Síne agus cad chuige nach mbainim amach tuarastal an mhúinteora sa choláiste.
tuarastal a íoc pay a wage
" ) Ní dhéanfaí tuarastal a íoc leis na Seanadóirí saoil seo ach dhéanfaí a gcuid costais a chúiteamh leo as freastal ar sheisiúin.
tuarastal na foirne the staff’s wages
" De réir na tuairisce ar Nuacht TG4, níor deineadh an t-iarratas seo in am i mí Eanáir agus b'éigean don Fhoras iarratas a dhéanamh ar íocaíocht eatramhach le go n-íocfaí tuarastal na foirne agus deontais éagsúla do na heagrais Ghaeilge.
thuarastail nár íocadh unpaid salaries
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
laghduithe ar thuarastail cuts in salaries
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
tuarastail an dreama seo these people’s wages
" Ach sna hochtóidí thosaigh tuarastail an dreama seo ag méadú go mór, agus leanadh leis an bhorradh sin go dtí an lá inniu.
fás na dtuarastal seo the growth of these wages
" Meastar go bhfuil fás na dtuarastal seo ar cheann de na cúiseanna leis an mhéadú a tháinig ar an bhearna idir an saibhir agus an daibhir le linn na tréimhse seo.
mar shaighdiúir tuarastail ag troid fighting as a mercenary
" Baile Átha Cliathach a rugadh i 1708, ach de thoradh saibhris agus cáile, bhain sé an Bhrasaíl amach thart ar 1739 mar shaighdiúir tuarastail ag troid i gcoinne treibheanna na háite.
ag brath ar shaighdiúirí tuarastail depending on mercenaries
" Drogall an Oirthir ======= Tá al-Assad ag brath ar shaighdiúirí tuarastail agus ar fhórsaí neamhrialta chun an réabhlóid a chosc freisin.
caidé an tuarastal what salary
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
tuarastal suarach petty wage
" Is ar éigean atá muid in ann cúpla teach a choinneáil ag dul ar an tuarastal suarach a fhaigheann muid.
i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe toward the costs, the employees’ wages
" De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin.
ar tuarastal íseal on low pay
" Maidir leis an cheangail idir ioncam agus an t-eolas ar an dlí tugadh le fios gur mhó an méid eolais a bhí acu siúd ar tuarastal íseal.
bhfuil tuarastal níos airde tuillte ag is deserving of a higher wage
" Tá Balor iontach buíoch fosta de na mílte léitheoir dile dílse a rinne gearán mar gheall ar nár cuireadh alt na míosa seo a chuaigh thart i gcló ar leathanach tosaigh Beo Ar Éigean, agus a mhaígh go bhfuil tuarastal níos airde tuillte ag Laoch na Litríochta.
tuarastail mhaithe good salaries
" Bhí an-tóir orthu nuair a bhí mé ag obair in earcaíocht mhéarach agus tuarastail mhaithe ag gabháil leis na postanna, sinsear agus sóisear.
tuarastail na státseirbhíseach a ghearradh to cut the civil servants wages
" Ní raibh sé i gceist tuarastail na státseirbhíseach a ghearradh arís ach an oiread.
ar gearradh siar ar a dtuarastal whose wages were cut
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
laghduithe tuarastail a chur i bhfeidhm bringing in pay cuts
" An rogha a bhí aige ná laghduithe tuarastail a chur i bhfeidhm tré reachtaíocht nó tré iarracht eile a dhéanamh tíocht ar shocruithe leis na ceardchumainn, ceann ar cheann tré úsáid cliste a bhaint as an LRC.
tuarastal bliantúil an annual salary
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
caite ar thuarastal daoine spent on peoples’ wages
" “Tá 18, 19 billiún euro caite ar thuarastal daoine a bhíonn ag múineadh na Gaeilge chuile bhliain.
ar thuarastail na bhfostaithe on the employees’ wages
" (Is cosúil go raibh €6 de gach €10 ón bhForas á chaitheamh ag na heagraíochtaí ar thuarastail na bhfostaithe!) Ach faoin Múnla Nua Maoinithe an mbeidh sé aon dath níos fearr? Sin an cheist.
na tuarastail arda sin those high salaries
" Ní féidir leo éalú ó thaibhse anróiteach Jimmy Saville, agus fiú dá bhféadfaidís, seasann na tuarastail arda sin don bhainistíocht os a gcomhair amach freisin.
chun tuarastal a íoc to pay the wages
" Is dóigh go bhfuil deiseanna áirithe ann le cúrsaí idirlín ach cé tá chun tuarastal a íoc? **CMacS: Tá Gael Linn le blianta fada, mura bhfuil dul amú orm, ag spreagadh spéise sa Ghaeilge i measc na nAontachtach ó thuaidh.
na heagraíochtaí a íocann a gcuid tuarastail the organizations which pay their wages
" Níl aon dabht ach go mbeidh siadsan ábalta ábhar a chur ar fáil ach is chuig na heagraíochtaí a íocann a gcuid tuarastail a bheas a gcéad dílseacht i dtólamh.
i riocht pá agus tuarastal in the form of (the teachers’) pay and wages
" Ó 1921 ar aghaidh thug an Stát na mílte punt dos na scoileanna Caitliceacha sa Stát i riocht pá agus tuarastal na múinteoirí a bhí fé smacht ag na bainisteoirí Caitliceacha.
tuarastal na n-oibrithe workers’ wages
" Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois.
bplé maidir le tuarastail discussion about wages
" Cinnte, cabhróidh an t-údarás nua seo le dlisteanacht na hearnála a chaomhnú ach meastar go leanfar leis an bplé maidir le tuarastail.
tuarastail iomaíoch a competitive wage
" De réir taighde Fundraising Ireland, creideann 35% dóibh siúd a ceistíodh nár cheart tuarastail iomaíoch a thabhairt d'fhostaithe.