Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá sé tuartha it is predicted
" Tharla na babhtaí is measa de El Niño go dtí seo i 1982-83 agus i 1997-98 agus tá sé tuartha ag lucht taighde go bhféadfadh babhta nua a bheith faoi lán seoil i mbliana.
tuartha predicted
" Bhí an teilea-obair ar cheann de na hathruithe is mó a raibh daoine ag súil leis, ach níl an saol oibre claochlaithe faoi mar a bhí tuartha.
sreang tuartha clothes-line
" Tá an teach dubh sin ann go fóill, toit ag éirí tríd an cheann tuí, agus éadach nite ag séideadh ar an sreang tuartha.
tuartha predicted
" Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit.
tuartha omens
" ” Maidir leis an todhchaí, is cinnte go bhfuil na tuartha go maith agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo.
tuartha predicted
" Ó dheas i gcontae na reibiliúnaithe, táthar ag tógáil na líne idir Cathair Chorcaí agus Mainistir na Corann, agus is é mí Iúil 2008 an dáta oscailte atá tuartha di anois (moill eile: dhá bhliain ó shin, ghealladh 2007).
Tuartha forecast
tuartha (had been) forecast
" Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.
tuartha promised
" Chomh maith le sin, is minic an aimsir uafásach sa taobh sin agus is féidir leat turas in aisce a dhéanamh, le ceo tiubh, báisteach throm agus gaoth láidir ag cur stad le do shiúl sléibhe, agus sin sa samhradh ! Mar sin, caithfidh ‘Munro Baggers’ an deis a thapú nuair a bhíonn an aimsir tuartha go maith agus aghaidh a thabhairt ar Albain.
searbhasach agus tuartha den sour and cynical of
" Is deacair gan a bheith searbhasach agus tuartha den fhear agus den bhealach ar labhair sé leis na meáin, gan ceisteanna a cheadú ná a fhreagairt.
tuartha foretold
" Bhí sé tuartha chomh fada siar le 1988 go mbeadh áiteanna in aigéin an domhain ina mbaileofaí smionagar dramhaíola, de bharr na bhfeachtaí móra a ritheann trí fharraigí an domhain.
tuartha forecast
" Tá sé tuartha go gcaillfidh na Daonlathaigh 9 suíochán seanaid sa toghchán seo, agus go bpiocfaidh an ‘Tea Party’ suas iad.
Ba mhinic é tuartha it was often foretold
" Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh.
tá sé tuartha it is promised
" Am cinniúnach atá ann don tír, mar tá sé tuartha go rithfidh na Stáit Aontaithe as airgead idir an 3ú agus an 10ú Lúnasa, agus caithfidh rialtas Mheiriceá airgead a fháil faoi na dátaí sin nó loicfidh siad ina bhfiacha reatha agus ina n-íocaíochtaí idirnáisiúnta.
Titim Tuartha a collapse predicted
" Titim Tuartha agus Geall Gnóthaithe =================== Leanfaidh agus leathfaidh géarchéim an euro go dtí go dteipfidh air am éigin san earrach, b’fhéidir.
ar shlí aisteach nach raibh tuartha againn in a way we didn’t expect
" Ag iarraidh stangadh a bhaint asainn, an lucht féachana, atá Haneke agus na deartháireacha Dardenne agus cé a déarfadh nach n-éiríonn go maith leo a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích? Téann na scannáin seo i bhfeidhm orainn ar shlí aisteach nach raibh tuartha againn.
Nach mise a bhí tuartha de wasn’t I very cynical
" Nach mise a bhí tuartha de agus, go pointe, mícheart is mé ag caitheamh anuas orthu im’ intinn? Tá ré na clódóireachta 3D linn.