Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina gcíor thuathail upside down
" D'éirigh idir Flatley agus léiritheoirí an tseó, áfach, agus bhailigh sé leis go tobann, rud a d'fhág cúrsaí ina gcíor thuathail.
chíor thuathail pholaitiúil political unrest
" As Cali, Columbia ó dhúchas, tháinig Gomez ar imirce go DC nuair a bhí sí dhá bhliain déag chun éalú ón chíor thuathail pholaitiúil ina tír féin.
ina cíor thuathail in confusion
" Tá an pholaitíocht aontachtach ina cíor thuathail faoi láthair, gan fhios acu cé hiad a gcairde, nó cén dóigh is féidir an *infidel*, dar leo, a chur ó dhoras.
tá cúrsaí ina gcíor thuathail things are in a confused state
" Dá bharr sin uilig tá cúrsaí ina gcíor thuathail i MUPLC toisc gur infheisteoirí móra iad na fir ghnó sa chlub sin agus d'fhéadfadh siad an club a cheannach agus an bainisteoir a chaitheamh amach ar fhleasc a dhroma dá mba mhian leo.
Cuireann sé sin tuathal mé. That drives me mad.
ina chíor thuathail in turmoil
" "Agus é ag obair mar thuairisceoir, thug sé cuairt ar go leor íospartach a ndearna sagairt ainteagmháil ghnéasach leo agus chonaic sé daoine a raibh a saol ina chíor thuathail.
ina chíor thuathail in chaos
" Agus an córas ina chíor thuathail sula ndéantar vóta ar bith a chomhaireamh, tá sé ag éirí níos soiléire gur miotas eile de chuid na luath-óige an smaoineamh gur daonlathas den scoth é Meiriceá.
an chíor thuathail seo a thuigbheáil to understand this confusion
" “Ní mé,” arsa seisean, “ach ghlacfadh sé Íosa Mac Dé féin chun an chíor thuathail seo a thuigbheáil, gan trácht ar é a mhíniú!” As go brách leis an tseirbhís dúrúnda arís gur tháinig siad ’fhad le scaifte millteanach mór a bhí bailithe thart ar Leamh Ó Cuinneagáin.
chíor thuathail faoi smacht controlled chaos
" Bhí tús á chur agam le lá eile de chíor thuathail faoi smacht.
cíor thuathail confusion
" Má bhí fuacht san aer ar feadh tamaillín eatarthu, ní raibh ann ach réamhaisnéis ar an gcíor thuathail a bhí le teacht.
an chíor thuathail seo uilig: all this confusion:
" *(Come on Oireland!) *Ach tá buntáistí ag baint leis an chíor thuathail seo uilig: thig le Bertie a mhaíomh gur tionchar Pháirc Bhóthar Lansdún is ciontaí lena chuid Bertiisms i dtaca le méid na hÉireann, achar na hÉireann, tír na hÉireann agus teorainneacha na hÉireann, leithéidí ‘Tá daonra na hÉireann anois os cionn ceithre mhilliún den chéad uair ó aimsir an Ghorta’ agus ‘Easpórtáiltear go leor dár gcuid earraí anois go háiteanna ar nós Bhéal Feirste.
deiseal nó tuathal. clockwise or anti-clockwise.
" Tá an George Washington Bridge ag teacht isteach ar thaobh thiar thuaidh an oileáin, agus tá do rogha agat an Greenway a thriall deiseal nó tuathal.
ina gcíor thuathail in a mess
" Sea, tá cúrsaí infrastruchtúir agus tráchta ina gcíor thuathail i Nua-Eabhrac, agus ní léir go bhfuil an fuinneamh polaitiúil ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna.
ina chíor thuathail in a state of confusion
" Ach ní raibh ádh ar bith air sin ach an oiread, agus an boggart fós ann, agus bhí an halla ina chíor thuathail nuair a díoladh é le Bardas Learphoill i 1900.
bhí cúrsaí ina gcíor thuathail things were in confusion
" Faoi dheireadh na seascaidí bhí cúrsaí ina gcíor thuathail ar fud na tíre.
ina gcíor thuathail all mixed up
" Níl sa cháinaisnéis go dtí seo ach dréachtcháipéis, ach cheana féin tá na polaiteoirí ina gcíor thuathail faoi.
gcíor thuathail upside down
" Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
ina chíor thuathail upside down
" An bheirt mhac cliamhain sa bhaile imithe as smacht, an teach féin ina chíor thuathail.
ina chíor thuathail topsy turvy
" Beidh sé ina chíor thuathail i Washington anois go oíche Nollag (tá an t-alt seo ag dul chun preasa ar an 21ú Nollag).
ina chíor thuathail topsy-turvy
" Níor thuig sé an rachlas ar fad a bhain le hathrú go cathair eile, boscaí pacála i ngach uile áit agus an teach ina chíor thuathail.
ina chíor thuathail befuddled
" Bhí an freasúra ina chíor thuathail ag an am agus measadh go forleathan go mbeadh bua ollmhór ag Rudd sa chéad olltoghchán eile.
ina chíor thuathail upside down
" Bhí an Ailgéir ina chíor thuathail an tráth sin agus thuig na manaigh go raibh a mbeatha i mbaol.
ina chíor thuathail in a mess
" Mura mbíodh cúrsaí polaitíochta ina chíor thuathail faoi láthair, is deacair a thomhas cé chomh mór is a bheadh tionchar na n-eagraíochtaí feirmeoireachta ar chinneadh an rialtais.
rachfas tuathal goes anticlockwise
" Is córas iompair ar leith atá ar fáil ar oileán Rarotonga – bus amháin a théann deiseal ar an oileán agus bus eile a rachfas tuathal.
an chíor thuathail confusion
" Ar chúiseanna éagsúla, a dúradh linn: an chíor thuathail pholaitíochta sna tíortha Arabacha, an Éigipt agus an Túinéis go háirithe, agus an ghéarchéim i ngeilleagar na hEorpa na fáthanna ar shocraigh daoine an tsaoire a chaitheamh sa bhaile.
An Taobh Tuathail the wrong side
" An Taobh Tuathail ======== Tá lucht éisteacht eile ansin chomh maith ag an raidió ó thaobh an cheoil de agus tá siad scaipthe ar fud na tíre agus ar fud na cruinne agus níl focal Gaeilge acu, nó níl aon bhaint acu leis an tír seo, b’fhéidir, agus ’siad sin lucht leanúna An Taobh Tuathail, an clár ceol domhanda agus techno.
gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail a pair of tits would turn the world on its head
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
ina chíor thuathail in a mess
" Bhí cás an fhoireann ionchúisimh ina chíor thuathail tar éis a fhianaise agus chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann a scríobh Stokes as Gaeilge sa tréimhse roimh an dúnmharú agus ina dhiaidh.
ag casadh tuathal turning anticlockwise
" Bhí an stoirm seo ag casadh tuathal, agus ó bhí croí na stoirme ag teacht i dtír i gceantar Atlantic City, bhí taobh thuaidh na stoirme ag brú uisce na farraige isteach i gCuan Nua-Eabhrac.
faoin chíor thuathail seo about this crazy mess
" Mífhonn Comhrá na Múinteoirí ============= Bhí Balor ag iarraidh agallamh a chur ar phríomhoide scoile faoin chíor thuathail seo, ach i ndiaidh alt na míosa seo caite inar chuir ár dtuairisceoir tuisceanach agallamh ar Dháithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, ní raibh príomhoide ar bith sásta dul i mbun cainte leis.
tuathal catagóire the errant category
" Is Ceist Pholaitiúil Ceist Pholaitiúil =============== An ealaín mhímhorálta í an pholaitíocht, más ea? Ní dóigh liom é agus braithim gur ceist mhearathlach is ea an cheist réamhluaite toisc go bhfuil an nóisean a dtugann na fealsúna ‘tuathal catagóire’ air i gceist anseo.
Tá sé ina chíor thuathail things are a mess
" Tá sé ina chíor thuathail sa Mheán-Oirthear arís.
ina chíor thuathail cheart really mixed up
" Níl aon dul as ach go bhfuil lucht na tíre seo ina chíor thuathail cheart faoi Ghaeilge.
ina chíor thuathail in a quandary, all through other
" “Níl ann ach go bhfuil an domhan ar fad ina chíor thuathail agat agus tú i ndiaidh An Chrimé a tharraingt isteach sa Rúis.