Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tuiseal gairmeach the vocative case
" Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne, Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach, Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine: Sin é do dhoras, Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna, Buail is osclófar D'intinn is do chló ceart.
tuisil cases
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
an tuiseal tabharthach the dative case
" Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile).
an tuiseal tabharthach the dative case
" Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile).
an tuiseal tabharthach he dative case
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
agus an tuiseal ginideach and the genetive case
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach a very good understanding of the genitive case
" Tá stór focal thar a bheith leathan ag Des cheana féin agus tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach agus ar ghnéithe casta eile de chuid ghramadach na teanga.
nuair a dhiúltaínn an tuiseal ginideach a úsáid san uimhir iolra. when I would refuse to use the genetive case in the plural
" ” Ach chaillidís an bloc ar fad nuair a dhiúltaínn an tuiseal ginideach a úsáid san uimhir iolra.
Tuiseal Ginideach, genetive case
" Nuair a chuireann tú ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach, meabhraítear duit go bhfuair an Ginideach bás sa Mhanainnis i bhfad ó shin agus nach gá é a thuilleadh (ní mhaireann sé ach sna logainmneacha).
tuisil tabharthaigh dative case
" Is acusan atá an ceart, dar liom, óir níor tháinig as an mhír dheireanach den athchaighdeánú, imeacht cúig fhocal deiridh an tuisil tabharthaigh sna 1990aidí, cuirim i gcás, ach simpliú.
thuisil (nominal) case
" Ní bhaineann an deacracht sin le séimhiú, le hurú, le claonadh uimhreach, le claochchlú foircinn faoi réir thuisil, ná lena dhath mar iad.
tuiseal ginideach genitive case
" I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann tá an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopail ‘is’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.
Tuiseal Gairmeach vocative case
" Agus ba cheart dúinn Tuiseal Gairmeach na Banríona Eiblíse a chur ar théip chuig chuile polaiteoir, mac léinn agus saoránach sa tír seo ar son glaine a cuid gramadaí.
tuiseal ginideach genitive case
" Má bhí ormsa an tuiseal ginideach agus an modh coinníollach a fhoghlaim i gceart, beidh ar gach duine iad a fhoghlaim.
tuiseal ginideach genitive case
" Ach oiread le Ros Comáin nó Eamhain Macha áfach, ní bhíonn séimhiú ar an ainm dílis ‘Mantán’ sa tuiseal ginideach i measc cainteoirí dúchais Chonnacht.
tá an tuiseal ginideach ag géilleadh the genitive is yielding
" Cinnte, tá an ghramadach ag athrú – tá an tuiseal ginideach ag géilleadh don tuiseal tabharthach, mar shampla – ach ta na hathruithe seo ag tarlú taobh istigh den teanga agus ní de bharr thionchar an Bhéarla.
don tuiseal tabharthach to the dative
" Cinnte, tá an ghramadach ag athrú – tá an tuiseal ginideach ag géilleadh don tuiseal tabharthach, mar shampla – ach ta na hathruithe seo ag tarlú taobh istigh den teanga agus ní de bharr thionchar an Bhéarla.
tuiseal ginideach uimhir iolra genitive case plural number
" *” Shíl muintir bhocht na Breataine gur tancanna míleata a bhí i gceist aige, go dtí gur mhínigh duine de thráchtairí *Sky Sports* dóibh gur mar sin a ghabhtar buíochas i mBéarla na hÉireann, ach gur minic a luaitear Mac Dé san abairt: “*Ah! Jazus, tanks!*” Thiontaigh Michael Dee ar an tuiseal ginideach uimhir iolra agus é ag tagairt do mhuintir na Breataine i nGaeilge sa Royal Albert Hall.
ag bladar faoin tuiseal ginideach talking bs. about the genitive case
" Ansin gach lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh mé i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil mé ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe.
an tuiseal gairmeach the vocative case
" A Bhaloir: sin an tuiseal gairmeach.
an tuiseal ginideach the genitive case
" Gramadaí: sin an tuiseal ginideach.