Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tumadh plunging
" Ní hiad na gnáthfhuaimeanna a chloisfeá i mbaile cois farraige áit ar bith ar an domhan atá i gceist agam, macasamhail na mbád iascaireachta agus na bhfaoileán ag faoileáil thart ar na hiascairí, nó na peileacáin ag tumadh sna tonnta ar thóir bidh.
ag tumadh san uisce dipping into the water
" " Bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce.
ag tumadh sinking
" Agus Bush ag tumadh sna pobalmheasanna, áfach, is é an cheist atá ann ná an ndéanfaidh sé aon bheart díchéillí an samhradh seo agus é ag iarraidh an taoide a chasadh arís.
ag tumadh go tobann diving suddenly
" Tá sé an-taitneamhach bheith ag amharc orthu agus iad ag tumadh go tobann isteach san fharraige.
le tumadh isteach ann to dip into it
" Arán agus slisíní ispíní le picilí againn le tumadh isteach ann - an-bhlasta ar fad, ach, mo léan, bhí sé chomh méith sin nach rabhamar in ann é a chríochnú.
tumadh plunging
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
páirt-tumadh partial-immersion
" Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe.
tumadh dive
" Ach mar bharr ar sin, tá *Quora* oscailte do chuardach *Google*; muna bhfuil spéis agat mar sin, tumadh isteach i *Quora* féin, gheobhaidh tú freagra ar do cheist ar *Google* ar aon nós.
tumadh immersion
" Is tábhachtaí a bheith ábalta tú féin a chur in iúl ach arís is é an tumadh atá de dhíobháil mar thiocfadh na structúir agus an líofacht leat diaidh ar ndiaidh.
ag tumadh ar diving
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
Tar éis tumadh having dived
" Tar éis tumadh sa tSionainn uair nó dhó, bhí sé in am agam dul suas chun na foinse, go Log na Sionainne sa Chabhán.