Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach mór ullamh nearly ready
" Le cúig bliana anuas, tá cúig cinn de theidil foilsithe againn, agus tá an séú ceann nach mór ullamh.
chomh hullamh don saol as prepared for life
" Measaim nach mbíonn siad chomh forbartha mar dhaoine agus chomh hullamh don saol is a bhíonn mic léinn tar éis dóibh oideachas tríú leibhéal a fháil in Éirinn.
ullamh finished
" Chomh luath agus a bheidh tuarascáil an Bhreithimh Barron ullamh, bronnfaidh sé í ar an rialtas, a bhronnfaidh í ar an gComchoiste Dlí, Cirt, Comhionannais agus Cearta na mBan.
ullamh prepared
" Bíonn sé ullamh ansan le bualadh le daoine.
ullamh ready
" Níl de dhíth anois ach féachaint chuige go mbeimid i gcónaí ullamh don iomaíocht sin agus go roinnfear an toradh go cothrom ar mhaithe le bochtanas agus easpaí eile a laghdú.
ullamh prepared
" Cé nach raibh na húdaráis i Learpholl ullamh do shlua mar seo, ní bhfuair ach dhá dhuine is fiche acu bás le hocras, de réir an chláir oifigiúil.
ullamh leis an deis a thapú ready to seize the opportunity
" Ach an bhfuil Rialtas Ghiobráltar ullamh leis an deis a thapú agus socrú buan a fháil a mbeidh gach duine sásta leis? Sin ceist eile.
go mbeidís ullamh that they would be ready
" Ón bhliain sin ar aghaidh gheall náisiúnaithe na Sé Chontae go mbeidís ullamh an chéad uair eile a d’ionsófaí iad.
ullamh prepared
" B’fhéidir go bhféadfadh imreoir é féin a ullmhú níos fearr roimh chluiche uaireanta, ach mura bhfuil an fhoireann ullamh nó réitithe i gceart, nó traenáilte nó aclaí go leor, tá cuid mhór den locht ar an mbainisteoir.
ullamh prepared
" Ní raibh mé ullamh don fhreagra.
ullamh prepared
ullamh agus in áit ready and in place
" Dixon in airde ina ndiaidh, gach rud ullamh agus in áit dó.
chomh hullamh as ready
" “Bhí muid chomh hullamh is a d’fhéadfadh muid a bheith.
ullamh ready
" Go raibh sí ullamh dom, go raibh mé ullamh di.
ullamh ready
" Tar éis trí nó ceithre seachtaine, nuair a chailleann siad an fionnadh a bhí acu, scoithfear den chíoch iad agus bíonn siad ullamh chun dul amach san fharraige.
ullamh chuige ready to do so
" Nuair a bhí sé féin ullamh chuige, rinne Mc Queen an scannán a bhí sa chinniúint dó.
ullamh (to be) prepared
" Is ceart a bheith ullamh, ach is fearr a bheith ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.